Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Thursday, 11 Dec 1947

Vol. 109 No. 6

Committee on Finance. - Vote 49—Science and Art.

Tairgim:—

Go ndeonfar suim breise nach mó ná £21,650 chun íoctha an Mhuirir a thiocfas chun bheith iníoctha i rith na bliana dar críoch an 31ú Márta, 1948, chun Tuarastal agus Costas na bhForas Eolaíochta agus Ealaíon, chun Seirbhísí Ilghnéitheacha áirithe Oideachas agus Cultúir, chun Cuimhneacháin Céad Blian Thomáis Dáibhis agus Ghluaiseacht na nEireannach Og, agus Ildeontais-i-gCabhair.

That a supplementary sum not exceeding £21,650 be granted to defray the Charge which will come in course of payment during the year ending 31st March, 1948, for the Salaries and Expenses of the Institutions of Science and Art, for certain miscellaneous Educational and Cultural Services, the Centenary Commemoration of Thomas Davis and the Young Ireland Movement, and sundry Grants-in-Aid.

Nuair a bhí an tAire Airgeadais ag tabhairt na Cáin-Fhaisnéise don Dáil faoi Bhealtaine seo caite, mhínigh sé go raibh sé beartaithe luach na Scoláireacht Ollscoile do mhic léinn ón bhFíor-Ghaeltacht d'árdú ó £110 an ceann go dtí £150 sa bhliain. Dúirt sé, freisin, go raibh sé beartaithe suas go dtí caoga scoláireacht breise den luach céanna, £150 a bhronnadh gach bliain ar mhic léinn, as aon cheard den tír, a dhéanfadh a gcúrsaí Ollscoile trí Ghaeilge.

Is chun soláthar a dhéanamh don chaiteachas breise a tharlóidh, sa mbliain reatha airgeadais, de bharr an dá scéim scoláireacht sin, atá gá leis an meastachán breise seo. Tá teideal an Mhír-chinn dá leathnú le soláthar a dhéanamh faoi i leith na scoláireacht nuaidhe.

"The Ormonde Archives". Tá fiche míle punt á iarraidh sa Mheastachán Bhreise seo chun cnuasach de scríbhinní, dá ngairmtear "The Ormonde Archives" a cheannach don Stát. Croinicí staire iad seo, do bhí ar coimeád ag Iarla Urmhumhan, i gCaisleán Chill Choinnigh.

Is é an cnuasach seo an bailiúchán is luachmhaire agus is leitheadaí dá bhfuil anois le fáil in Eirinn d'ábhar a bhaineas le stair na tíre seo ó na meánaoiseanna anall. Tá eolas sna páipéirí nach bhfuil le fáil in áit ar bith eile anois, agus a mbeadh stair na tíre bearnach ina éamais, agus rud tábhachtach é go mbeadh siad ar fáil sa Leabharlainn Náisiúnta do lucht taighde chun go bhfaghfaí léaródh astu ar nithe gur easbach ár gcuid eolais orthu faoi láthair.

Le go dtuigfear a leitheadaí is atá an cnuasach, ní miste dhom a lua go bhfuil na scríbhinní éagsúla faoi cheangal i gcéad, nócha agus ocht gcinn d'imleabhra, agus go bhfuil, ina theannta sin, breis is seachtó boscaí de dhintiúirí, litreacha paiteanta agus doiciméidí den tsórt sin.

Coláistí Gaeilge: Go dtí seo níor íocadh deontaisí stáit leis na Coláistí. Gaeilge ach i leith dhá aicme scoláirí. Siad sin (1) Oidí scoile agus mic-léinn Ollscoile agus (2) daoine os cionn 18 mblian d'aois nach oidí ná mic léinn Ollscoile iad. Díoltaí táille 9d. an uair a chloig i leith lucht an chéad aicme agus táille 4d. an uair a chloig i leith lucht an dara aicme.

Ó thárla gur ar an aos scoile is mó a bhíonn na Coláistí Gaeilge ag brath chun iad a choimeád ar a mbonna ba bheag an chabhair dóibh na deontaisí Stáit seo atá luaite agam mar ná bíodh dóthain de mhic léinn an dá aicme sna Coláistí chun go mbeadh aon deontas gur fiú caint air ag aon Choláiste. Tá socraithe anois na deontaisí a mhéadú.

Vote put and agreed to.
Barr
Roinn