Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 18 Feb 1948

Vol. 110 No. 1

Retirement of Clerk of Dáil.

Mar is eol do na Teachtaí, tá Gearóid Mag Canainn, Cléireach na Dála, tar éis éirí as oifig ó bhí an cruinniú deireanach den Dáil ann, toisc an teora aoise a bheith sroichte aige. Ar an ábhar sin fágadh an Teach in éamais seirbhísí oifigigh a raibh dlúth-bhaint aige ó thus le hobair an Tí agus a bhí ina phríomh-oifigeach ann le hocht mbliana anuas.

Bhí Gearóid Mag Canainn tráth ina oifigeach do shean-Bhord na gCeantar gCúng. Thug sé suas don phost sin sa mbliain 1920 (míle naoi gcéad agus fiche) le dul ar fhoirinn na Céad Dála. Sa mbliain 1922 (míle naoi gcéad fiche dó) ceapadh ina Leas-Chléireach don Dáil é, agus thug sé seirbhís sa bpost sin go dtí gur hardaíodh é chum bheith ina Chléireach.

Is maith is eol do Theachtaí a bhí ina gcomhaltaí den Dáil le linn téarma fada oifige Ghearóid Mhig Canainn feabhas na seirbhíse a thug sé, a chúirtéisi a bhiod sé i gconaí agus a ionraice a chruthaigh sé ag freastal dó ar a dhualgais uile maidir leis an Teach agus gach duine faoi leith ann. Is deimhin liom gurb áil le gach éinne na blianta fada faoi shonas a ghuí dhó i ndiaidh a chuid oibre.

Iarraim ort dá bhrí sin, a Chinn Comhairle, a chur in iúl do Ghearóid Mag Canainn, thar ceann na Dála, an mór-mheas atá againn air mar gheall ar a fheabhas a chomhlíon sé i gcónaí dualgais a phoist thábhachtaigh mar Chléireach na Dála.

Ba mhaith liom bheith páirteach sa rún seo atá á mholadh againn maidir le Gearóid Mag Canainn. Bhí sean-aithne againn air agus duine cneasta láoch uasal ab ea é. Tá cineál uaignis orainn é a bheith imithe ach guidhmíd go léir saol fada dhó.

Barr
Roinn