Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 9 Jun 1948

Vol. 111 No. 5

Committee on Finance. - Vote 54—Gaeltacht Services.

I move:—

That a sum not exceeding £37,970 be granted to complete the sum necessary to defray the Charge which will come in course of payment during the year ending the 31st day of March, 1949, for salaries and expenses in connection with Gaeltacht Services, including housing grants and the purchase and sale of homespuns.

There is required under this Estimate a sum of £127,970. This amount is less by £3,390 than the aggregate provision last year. This is due to the fact that the Appropriations-in-Aid estimated to be collected are greater by £65,595 while the estimated expenditure is increased only by £62,205. If payments out of Appropriations-in-Aid are taken into account it will be seen that a total expenditure of £512,135 is provided for and that gross receipts amounting to £384,165 are hoped for apart from the possible receipt of an extra £30,000 to be accounted for as Exchequer Extra Receipts.

There is an increase of £932 in the provision under sub-head D (1) due to provision for additional technical staff for the rural industries. The provision under sub-head D (4) for the travelling expenses of the rural industries staff has been increased by £900 as it is anticipated that visits of inspection will be more frequent than last year. There is an increase of £2,250 in the provision under sub-head D (5) for machines and plant. The provision includes over £14,000 in respect of equipment for the spinning mill at Kilcar. The balance relates mainly to machines for the knitting industry.

A total provision of £199,500 is made for manufacturing materials under the sub-heads D (6), D (8), D (10) and D (11) as compared with £151,160 provided for last year. The provision for the year is based on the trading which it is hoped to do during the year in the textile and toy industries. Of the total increase of approximately £48,000, increased purchases of knitting yarns and materials for the toy industry (including materials for the manufacture of dolls heads) account for £21,000. A further £25,000 is accounted for by increased purchases of wool to be spun in the factory at Kilcar where two spinning units have now been installed. The remaining £2,000 represents provision for increased purchases of homespuns should the state of the market justify such expenditure.

There is provided under sub-head D (8) £4,040 for the machinery which would be required for the manufacture of dolls heads for the toy industry. There is a decrease of £4,575 in the provision under sub-head D (12) for the leaden model industry established in Connemara early in 1947. Reserves of manufacturing and packing materials having been built up last year, it is necessary this year to provide only for a normal year's requirements.

There is an increase of approximately £12,000 in the provision under sub-head E (3) for kelp and seaweeds. This increase represents seaweed and sea-rods which it is hoped to purchase this year in excess of the amount purchased last year. It is not anticipated that kelp will be purchased, as efforts to find a market have so far failed. A token provision has however been made in case conditions should alter. The provision of £620 under sub-head E (4) relates only to the carrageen which the Department puts on the market in packages for food purposes. It is left to private firms to purchase the ordinary commercial carrageen from the gatherers and to sell it here and overseas.

There is an increase of £650 in the provision under sub-head F (2) as it is proposed to carry out more advertising this year than was deemed necessary hitherto. There is an increase of £1,220 in the provision under sub-head F (3), General Expenses, due mainly to the increased cost of packing materials and transport.

There is an increase of £15 in the provision under sub-head G, Miscellaneous Services. All the sub-divisions show token provisions as previously with the exception of sub-division (5) which provides for payment towards certain expense in connection with the transport service between Cape Clear Island and Baltimore, County Cork.

There is a decrease of £2,000 in the amount being provided under Sub-head H (3) for grants under the Housing (Gaeltacht) Acts. The amendment of these Acts is under consideration at present with a view to bringing the assistance thereunder into line with the assistance authorised under the Housing (Amendment) Act, 1948. A Supplementary Estimate will have to be introduced to provide for the cost of increased grants consequent on amendment of the Acts.

Gross receipts of about £375,000 are hoped for from the Rural Industries, an increase of £87,000 on the final amount estimated for last year, while receipts of £37,600 are hoped for from the sale of marine products, being an increase of £13,880 on the final figure for last year. It is estimated that £104,500 will be paid out in workers' wages in the coming year, being an increase of £20,000 on the amount paid out last year.

The year just finished has been one of extreme difficulty for the industries carried on by the Department and the amount of the present Estimate is an indication of the uncertainty of present-day markets. While full provision has been made for possible expenditure the amount estimated for receipts from sales has been put down at a conservative figure so as to avoid, if possible, the necessity of approaching the Dáil for further funds pending improvement in the markets and the collection of credit sale accounts. It will be realised, therefore, that this Estimate cannot be taken as representing the financial state of the industries.

Last year our sales of homespuns and knitwear were far below the figures originally estimated for them and through a too optimistic estimate of the rate of progress in the leaden model industry the figures for sales in this case were also far below what was provided for. The purchase of homespuns was continued for a large portion of the year in the hope that the home and foreign markets for them would improve as time went on. Such was not the case, however, with the result that the Department has now large stocks which it will be necessary to get moving before purchases can be resumed. The toy and handwoven tweed industries are the only ones which came up to expectations but, apart from sales of homespuns, the sales of the other industries remained in the aggregate at the level reached in 1946-47.

It is hoped that the coming year will be a better trading one and that it will not be hampered to such an extent as last year by the import restrictions and economic difficulties of countries with which trade was formerly done. The present Estimate has been framed so as to provide for the purchase of materials on a scale necessary to cater for a revival in trade. Expenditure will, however, be related as far as possible to trading prospects.

Chím ó ráiteas an Aire go bhfuil laghdú ar an Meastachán i mbliana i gcóir Seirbhísí na Gaeltachta ach is dócha gur deacair é sin a thógaint air mar bhí an Meastachán ullamh nuair a tháinig sé isteach. Sé an tsuim ar fad atá i gceist anseo ná £128,000 agus go deimhin, nuair a chuimhneodh duine ar an méid atá le déanamh ar son na Gaeltachta ní mór an méid airgid é sin mar im thuairimse tá deacrachtaí faoi leith ag baint leis an nGaeltacht nach misde iad a réiteach. Agus rud eile, tá rudaí áirithe lasmuigh den Mheastachán seo a bhaineas leis an nGaeltacht nach bhfuil sé de chead agam cur síos a dhéanamh orthu ar an Meastachán seo gí go bhfuil dlúth-bhaint acu le cúrsaí na Gaeltachta. Ceann acu is ea an iascaireacht sa Ghaeltacht agus ceann eile ceist na móna sa Ghaeltacht mar dhá thionscal is ea iad sin a bhí anathairbheach do mhuintir na Gaeltachta agus a bhfuil níos mó ag teacht isteach uathu ná ó aon tionscal eile a cuireadh ar bun sna háiteacha sin.

Tamall ó shoin, nuair bhí baint agamsa le Seirbhísí na Gaeltachta is minic a bhí comh-fhreagarthas againn idir na ranna Rialtais a raibh baint acu le ceist na Gaeltachta agus do bhíodh cruinnithe againn go minic agus do cuirtí daoine as na ranna eile go dtí na cruinnithe a cuirtí ar bun faoi stiúrú Sheirbhísí na Gaeltachta chun a dhéanamh amach cad ba cheart a dhéanamh chun cúrsaí na Gaeltachta a chur chun cinn. Ní fheadar an ndein-tear a leithéid fós mar is dóigh liom gur ceart é a dhéanamh agus gur maith an chuspóir é.

Maidir le ceist na dtithe sa Ghaeltacht, is maith liom a chloisint ón Aire go bhfuil an scéal sin á chíoradh ag an Roinn faoi láthair ach do réir mar a thuigeas uaidh, is é atá i gceist ná Achtanna na Gaeltachta a chur ar aon dul leis na hAchtanna a cuireadh i bhfeidhm don tir ar fad. Ní dóigh liom go mbeadh sé sin sásúil go leor mar, nuair cuireadh an tAct sin ar bun, Acht na dTighte sa Ghaeltacht, 1929, do deineadh foráil go dtabharfaí níos mó airgid sa deontas ná mar a tugtaí faoi na hAchtanna eile agus, mar gheall ar sin, ní dóigh liom gur cheart don Aire bheith sásta Acht na dTithe sa Ghaeltacht a chur ar aon dul leis na hAchtanna eile. Ba cheart, ar a laghad, timpeall ceathrú eile a chur leis an méid de dheontas a bheadh le fáil ag muintir na Gaeltachta agus is é an chiall atá leis sin agus an bunús atá leis ná go bhfuil muintir na Gaeltachta bocht agus nach furasta dóibh na tithe a thógaint in aon chor. Is mar gheall air sin d'iarrfhainnse ar an Aire níos mó airgid a chur ar fáil do lucht na Gaeltachta chun tithe a thógaint sna háiteanna sin nuair atá an t-airgead chómh gann ionnta.

Má támuid i ndáiríre i dtaobh na Gaeilge, ba cheart é bheith mar chuspóir againn tithe maithe a sholáthar do mhuintir na n-áiteanna sin. Is chuige sin a cuireadh an tAcht i bhfeidhm i 1929 agus tá difríocht idir an tAcht sin agus na gnáth-hAchtanna a cuireadh i bhfeidhm anseo do mhuintir na tíre ar fad. Tá súil agam, mar sin, go gcuimhneoidh an tAire air sin agus nach mbeidh sé sásta Acht na dTithe sa Ghaeltacht a chur ar aon dul leis na hAchtanna eile ach go bhféachfaidh sé chuige, má bhíonn níos mó deontais ar fáil do mhuintir na tíre, go mbeidh 40 faoin gcéad sa bhreis air sin ar fáil ag muintir na Gaeltachta.

Do dhein an tAire tagairt do bhád atá ag obair idir chósta Chorcaíghe agus oileán na Cléire ach ní fheadar ar chuimhnigh sé in aon chor ar sheirbhís den tsórt sin a chur ar bun idir chosta Chiarraíghe agus an Blascaod. Fé mar is eol don Aire, tá trí mhile farraige ansin agus farraige andainséareach leis. Is dóigh liomsa gur cheart seirbhís ar aon dul leis an tseirbhís atá luaite aige a chur ar fáil do mhuintir an Bhlascaoid mar is minic a thagann sé cruaidh orthu teacht amach ón oileán sin go dtí Aifreann nó chun aon ghnó eile a dhéanamh agus is dóigh liom go bhfuil sé tuillte ag na daoine sin seirbhís den tsórt sin a chur ar fáil doibh, mar, sí an Blascaod an pointe is sia amach ón chósta agus an pointe ina bhfuil an Ghaeluinn ar fáil faoi láthair go cruinn agus go nádúrtha.

Maidir leis na tionscail eile, ní mór an bhaint atá ag muintir Chiarraighe in aon chor leis na tionscail atá i gceist sa Mheastachán, is é sin, tionscail na mbréagán, tionscail an bhréidín agus mar sin de, ach mar sin féin, ní dóigh liom gur cheart dearmad a dhéanamh ar fad de Ghaeltacht Chiarraighe maidir leis na tionscail sin agus b'fhéidir go bhfuil an t-am tagaithe nuair is ceart machnamh a dhéanamh ar cad ba cheart a dhéanamh chun Gaeltacht Chiarraighe a chur ar aon dul leis na nGaeltachtaí eile maidir le tionscail.

Níor chuala ón Aire, nuair bhí sé ag cainnt, cad é an margadh a bheidh le fáil don bháinín san aimsir atá le teacht nó an bhfuil aon soláthar déanta maidir leis sin. Le déanaí, do cuireadh conradh tráchtála ar bun idir an tír seo agus tír na Fraince. Ní fheadar an ndéanfaidh an conradh sin aon mhaitheas do thionscal sa tír seo, tionscal an bhréidín i dTír Chonaill, cuir i gcás. Tá súil agam go ndéanfaidh mar mura ndéantar iarracht mhór chun an tionscal sin a chur chun cinn béidh thiar ar lucht saothruithe an tionnscail sin.

Maidir le saothrú na ceilpe, le linn an chogaidh, do baineadh feidhm mhaith as an gceilp le haghaidh abhar leasuithe talún agus go deimhin bhí margadh ann le linn an chogaidh deireannaigh mar a bhí nuair a bhí an chéad chogadh ar siúl. Ní fheadar conas a bheidh an scéal san aimsir atá le teacht. Ba mhaith liom fhios a bheith agam an mbeidh aon chosaint le fáil ag an dtionscal sin nuair a bheidh soláthairtí le fáil ó na tíortha lasmuigh. Tá súil agam nach ndéanfar aon dearmad ar thionscal na ceilpe. Is cuma cad é an méid soláthairtí a bheidh le fáil ón na tíortha lasmuigh, níor mhaith liom an tionscal sin a fheiscint ag fáil bháis. Thaispeáin an dá chogadh a bhí sa domhan dúinn gur cheart na tionscail a bhí againn da n-oibriú anseo a choimeád ar siúl agus ceann acu ab ea tionscal na ceilpe. Tionscal nádúrtha is ea é sin már tá an cheilp le faíl go flúirseach tímpeall chósta an iarthair.

I dtosach mo chuid cainte, dheineas tagairt don iascaireacht sa Ghaeltacht agus cé nach dtagann sé faoin Meastachán seo agus nach bhfuil aon soláthar airgid ina chóir sa Mheastachán, is ar éigin is ceart scaoileadh leis an Meastachán gan trácht ar iascaireacht. Is dóigh liom gurb í an iascaireacht an tionscal is mó le rá maidir leis an nGaeltacht agus cé nach bhfuil aon airgead le fáil i gcóir na hiascaireachta faoin Meastachán seo, is é mo thuairim gur cheart don Rialtas an oiread agus is féidir a dhéanamh chun na hiascaireachta a chur chun chinn— chun báid iascaigh agus fearaistí bád a sholáthar do mhuintir na Gaeltachta, iad sin a bhfuil taithí acu ar an iascaireacht.

Rud eile, tá áiteanna timpeall an chósta atá contúirteach do na hiascairí ag teacht isteach le lón éisc agus is mór an gá atá le feabhas a chur orthu. Tá áiteanna nach bhfuil iontu ach cé no caladh beag mí-oiriúnach chun an eísc a chur ar talamh. Is dóigh liom gur cheart féachaint chuige sin agus caladh slán a dhéanamh i dtreo nach mbeidh aon chontúirt ann do na hiascairí maidir le ceist na hiascaireachta. Dar ndóigh, caitear airgid ar mhórán rudaí sa tír seo chun saol na ndaoine i gcoitinne d'fheabhsú agus is ceart airgead a chaitheamh chun saol na ndaoine sa Ghaeltacht d'fheabhsú chomh maith.

Tá cuan áirithe im Dháil-cheantarsa a bhfuil géar-ghá le deóntas airgid a thabhairt chun na deacrachtaí atá sa tslí ar na hiascairí a thógaint as. Deinim tagairt anois do chuan an Daingin. Do chuireas ceist ar pháipéar na Dála mar gheall air sin le déanaí chun go ndéanfaí an cuan sin d'fheabhsú agus ba mhaith an rud dá gcuirtí deontas ar fáil chun an cuain sin a leathnú agus a ghlanadh i gceart i dtreo nach mbeadh aon bhac ar na hiascairí maidir lena geuid iascaireachta.

Rud eile, maidir le ceist tionseal, ba mhór ar fad an tionscal a bhí ann go dtí seo, tionscal na móna, agus, faraoir, is baolach go bhfuil teipithe ar an tionscal seo anois. Is mór an trua é mar tá an-chuid móna le fáil i ngach Gaeltacht sa tír seo—Gaeltacht Chiarraighe, Gaeltacht na Gaillimhe, Gaeltacht Dhun na nGall agus, is dócha, Gaeltacht Phortláirge leis—agus is mór an trua nach bhféadfaí rud éigin a dhéanamh chun an tionscal seo a choimeád ar siúl. Nílim chun dul amach ar fad ar an argóint sin mar gheall ar nach bhfuil aon airgead curtha ar fáil sa Mheastachán seo ina chóir, ach is dóigh liom nach cheart dom scaoileadh leis an Meastachán gan tagairt a dhéanamh dó. Ba cheart tionscal na móna a chomeád ar siúl sa Ghaeltacht.

Ar aon chuma, maidir le ceist Seirbhísí na Gaeltachta ar fad, is ceist andeacair í. Bímid ag éisteacht lena lán daoine ag iarraidh a dhéanamh amach gur cheart seo agus siúd a dhéanamh chun muintir na Gaeltachta a chur ar a mbonna agus an Ghaeilge a shábháil mar theanga beo. Is furast caint a dhéanamh ach ní furast an leigheas ceart a chur ar fáil. Ní fheadar an féidir iachall a chur ar lucht gnótha anseo, nuair a bhíonn siad chun tionscal a bhúnú sa tír seo, dul go dtí an Ghaeltacht agus na tionscail a bhunú ansin.

Dá bhféadfaí é sin a dhéanamh, ba mhaith an rud ar fad é, ach tá an deacracht seo sa scéal, go bhfuil na háiteanna sin iargúlta agus i bhfad óna bailte móra agus gur mór an costas a bheadh ag baint leis na hearraí a thiocfadh as na tionscail sin a chur ar fáil do lucht na geathrach agus na mbailte móra, ach b'fhéidir nár mhiste, san am chéanna machnamh ar an scéal féachaint an féidir rud éigin a dhéanamh sa tslí sin.

Mar adúrt i dtosach, ní mór an t-airgead atá ann chun Seirbhísí na Gaeltachta a chur ar a mbonna i gceart. Tá fhios agam go bhfuil obair mhaith á dhéanamh ag na daoine atá ag stiurú Seirbhísí na Gaeltachta ach tá an chuid constaicí sa tslí rómpu, ach mar sin féin, tá súil agam nach mbrisfidh sé sin an misneach orthu.

B'fhéidir nár mhiste dhom tagairt a dhéanamh don tslí ina bhfuil an Ghaeltacht ag brath ar Ranna eile. Tá tagairt bheag déanta agam cheana dó sin, ach ní thuigim conas nach bhféadfai Fo-Roinn na hiascaireachta agus Roinn na Gaeltachta a chur le chéile mar gheall ar go bhfuil dlúth-bhaint ag na tionscail sin le muintir na Gaeltachta ach is dóigh liom gur minic cheana a deineadh tagairt dó sin. Tá a lán daoine sa tír a chreideann gur cheart roinn faoi leith a chur ar bun chun cúrsaí na Gaeltachta a stiúrú i gceart ach is dócha go mbeadh costas ró-mhór ag baint leis sin.

Ach is cuma an roinn iomlán a bheadh ag gabháil don scéal, nó fóroinn, is ceist airgid í sa deireadh. Dá mbeadh an t-airgead le fáil agus an stiúrú ceart ann ar conas mar a caithfi an t-airgead sin, b'shin é an bun rud. Tá súil agam go gcuimhneoidh an tAire ar an méid atá ráite agam ar an scéal sin.

Is é an rud is mó a bhíonn ag déanamh buartha dom agus atá ag déanamh buartha dom anois ná ceist na dtithe sa Ghaeltacht, agus ní ceart go mbeadh an tAire sásta an deontas a bheidh le fáil feasta ag muintir na Gaeltachta chun tithe a chur ar bun bheith ar aon dul leis an deontas a cuirtear ar fáil do dhaoine sa Ghalltacht. Tá súil agam nach mar sin a bheidh an scéal—go mbeidh i bhfad níos mó airgid le fáil ag na daoine a bheidh ag tógáil tithe sa Ghaeltacht ná mar tá le fáil ag daoine sa chuid eile den tír faoin Acht nua. Tá, i gcásanna áirithe, dha oiread le fáil ag muintir na tíre anois chun tithe nua a thogáil ná mar bhí, agus, i gcásanna eile, tá tri oiread le fáil ag daoine a bhíonn ag tógáil tithe faoi láthair ná mar bhí le fáil sar ar cuireadh an tAcht nua i bhfeidhm; ach, ar aon tslí, is cuma cad é an méid a bheadh le fáil ag muintir na tíre uile, ba cheart go mbeadh i bhfad níos mó le fáil ag muintir na Gaeltachta—40 per cent. níos mó, im thuairimse. Is chuige sin a chur ós cóir an Aire, thar aon ní eile, d'éiríos agus tá súil agam, nuair thiocfaidh an Meastachán seo faoin ár mbráid aris, go mbeidh dul chun chinn déanta maidir leis na daoine atá ag maireachtaint ar phaistí loma agus atá ag féachaint chugainn chun leigheas d'fáil ar a scéal.

A Chinn Comhairle, is maith liom go bhfuil an tAire ag cur oiread suime i ndéantuisi na Gaeltachta nó bhéarfaidh sé misneach agus uchtach do na daoine bochta sna ceantair sin. Tá fhios aige mar bhí fhios ag an tAire a chuaigh roimhe nach dtig leis na daoine bochta seo slí bheatha a bhaint amach ar na spleóireáin bheaga talaimh atá acu. Ní chothódh toradh na ngabháltas mbeag seo na daoine ráithe amháin den bhliain—tá orthu seiftiú don chuid eile den bhliain ag iascaireacht ar an fharraige, ag obair ar na bealaigh mhóra, sniomh 's ag cniotáil 's ag fiodóireacht agus ag gabháil de tionscail eile mar sin. Téann cuid acu ar an choigrich gach bliain nuair nach bhfuil sli saothruithe ar bith eile acu sa bhaile.

Is é an cuireadh a gheibh siad ón Rialtas leis na tionscail seo a chur chun cinn brí an mheastacháin atá romhainn anois. Tá dualgas speisialta ar an Rialtas cuideadh fial fíúntach a thabhairt do na daoine seo—an trinse deireannach de fhír—threibh Ghaeil san iarthar a choinnigh beo teanga agus tréithre ar sinsir fríd sciúrsadh agus anró na gcéadta blian. Mar sin dó, ní shílim gur airgead amú an t-airgead seo a caitear ar dhéantúisí na Gaeltachta agus ná bíodh an Rialtas cúng ná ceacharda ag cuideadh leo. Is maith atá fhios agam go bhfuil saothar agus triobhlóid leis na tionscail seo a bhúnú i gceart. Tá fhios agam go bhfuil oifigí na Roinne ar a ndícheall ag freastal orthu agus nach dtig leo míorúiltí a dhéanamh. Tá fhios agam gur corrach an rud an margadh: go mbíonn na tionscail thíos seal agus thuas seal do réir mar tá éileamh an phobail orthu. Anois san am i láthair tá smúid ar mhargadh an bháinín príomh-thionscal na Gaeltachta, ach tá súil agam nach mbeidh sé i bhfad faoi smúid. Tá dochs láidir agam as an Rialtas agus as an socrú atáthar a dhéanamh le Rialtas na Fraince agus Rialtais na Breataine, go rachaidh sé chun sochair do thionscal an bháinín agus do thionscail eile na Gaeltachta.

Is maith liom a rá go bhfuil ag éirí go bréa leis an mhuileann olla a chuir an Roinn ar bun i dTír Chonaill. Tá an muileann seo ag tabhairt obair mhaith seasmhach do mhóran daoine óga san cheantar sin agus sna páráistí ar gach taoibh de. D'fhág an muileann seo na céadta d'fhíodóirí oilte againn agus choinnigh sé iad sa bhaile. Mar bé é bheadh a n-aghaidh ar thíortha i gcéin agus a saothar caillte ar an tír seo. Anois tá aois a bpósta ag móran acu agus mholfainn don Roinn gur chóir scéim tithe a ullmhú daofa. Dá mbeadh na tithe acu agus caoi pósadh bheadh siad feistithe sa cheantar agus bheadh sé mar chúltaca láidir ag an mhuileann na fíodóirí seo a bheith comhgarach. Tá mé cinnte go dtabharfadh aithreacha na bhfíodóir seo leathacra thalaimh do gach duine ar mhaith leis teach a thógáil agus pósadh. Níl a dhíth ach deontas fial ón Rialtas, agus ba mhaith a bfhiú dóibh an t-airgead a chaithfí ar an scéim seo. Neartódh sé líon na ndaoine sa Ghaeltacht agus chuirfeadh sé cúl ar an mheath a thig leis an imirce.

Ba mhaith liom fosta dá mbeadh cumhacht ag an tAire hallaí siamsa a chur ar bun sa Ghaeltacht. Tá siamsa agus pléisiúr a dhíth ar aos óg na Gaeltachta chomh maith le muintir na geathrach. Chuirfeadh siad spéis i léachtaí, drámaí, cluichí, damhsaí dá mbeadh na hallaí acu. Mura mbeidh beidh a n-intinn ar na cathracha móra agus tíortha thar sáile.

Mar an gcéanna ba cheart go mbeadh cumhacht ag an tAire páirceannaí imeartha a chur ar bun sa Ghaeltacht. Níl aon leigheas ar an imirce chomh maith leis na rudaí seo ach bíodh saothrú réasúnta ag na daoine ar dtús.

I thought that the Minister would have taken the opportunity on this Vote of making some statement as to what are the prospects of disposing of the Donegal homespun tweeds now in the hands of the people of the district. The Minister and his Department are aware that there is a good deal of dissatisfaction amongst the people who for the past few years have been engaged in the home-spinning industry. They have now accumulated stocks, some of them manufactured from wool supplied by the Minister's Department. These webbs have not been taken from them. They are still on their hands, and they are being asked, although I must say they are not being pressed, to pay for the wool that has gone into the material that has not been purchased from them. The position in that regard is very far from satisfactory, and it would be interesting to hear from the Minister what are the prospects with regard to the sale of this material that is already manufactured and in the hands of the people. What is the prospect of their getting a market for the disposal of it?

The fear amongst the people of the Gaeltacht is that the Gaeltacht Department will, in any bargain made for outside markets push the sale of the Round Tower tweeds to the detriment of the genuine Donegal homespuns. The Round Tower tweed is helpful for the employment it gives but it could not compete at all, either from the point of view of the employment or in any other way with the homespun industry which is carried on in the people's own homes. I would appeal to the Minister to see that the Donegal homespun, as distinct from the Round Tower tweeds, is kept in mind and is catered for in any export market that may be available in the near future.

For a number of years past we have been agitating with the Department for a stamp for the Donegal homespuns. I wonder what progress has been made in that direction? A couple of years ago, when the matter was discussed at a conference in Dublin between the officials of the Department of Industry and Commerce and the Department of the Gaeltacht Services with representatives of the homespun manufacturers, it was more or less agreed, we understood, that the Department was inclined to provide a stamp for the marketing of the Donegal homespuns. So far nothing has been done about it that I am aware of. I would like to know what is the position in regard to that particular matter.

These are the principal points which I wish to raise on this Vote. They are matters of some concern to south west Donegal. On the question of the homespun industry, during the war the people had to go back to spinning and weaving after being idle for some years, and the hope was that we would be able to keep this industry going. I know that difficulties have set in. The difficulties are not of the Minister's or of the Department's making. No one is blaming them for them, but I would remind them that, when facilities become available again and when, as we hope, markets will reopen in the near future, that they will not sacrifice the homespun manufacturers in the interests of the Round Tower tweeds.

An bádóir is fearr an fear a bhíos ar an talamh, go minic. Ta an Teachta Ó Ciosáin ghá rá gur cheart dúinn a leithide seo agus siúd a dhéanamh; ach, nuair a bhí sé ina lámha féin é a dhéanamh, ní dhearna sé é. D'ardaigh a dhream deontais na dtithe i ngach áit ach d'fhág siad iad mar a bhí siad sa nGaeltacht. D'fhág siad ar deireadh an Ghaeltacht, ach geallaimse nach fágfar ar deireadh anois í. Iarraimse ar an Aire na deontais faoi Achta Tithe na Gaeltachta a ardú níos airde ná na deontais atá sé a thabhairt in áit ar bith eile. Sin iad na chéad Achta a tugadh isteach a rinne maith don Ghaeltacht, d'arduigh seasamh na Gaeltachta; nuair a tógadh tithe nua, tháinig meas chucu orthu fein agus féachfaidh an Teachta Mac Pháidin agus mé féin chuige nach bhfágfar thiar iad.

Maidir leis an bhfheamainn a bhí dhá baint i Rinn an Mhaoile, dhá bhlian ó shoin, fágadh ar lámha lucht a bainte í agus ní bhfuair siad blas aisti. Ba cheart rud eicínt a dhéanamh i dtaobh na feamainne agus na slata mara, agus déanfar rud eicínt freisin. Bhí an Teachta Ó Ciosáin ag labhairt faoin gceilp, ach céard a rinne siad fein dhá bhliain ó shoin faoin gceilp nuair d'fhág siad ar lamha mhuintir Rinn an Mhaoile í, daoine a chuaigh, go minic, go hascallaí i bhfarraige ag tógáil feamainne lena déanamh agus ní bhfuair siad pinginn ariamh ar a sáothar ach fágadh ar a lámha ansin í gur lobh sí. I nDún na nGall tá tionscal na holla acu. Tá olann againn i gConamara chomh maith le olann Dhún na nGall. Tá ceantar ansin in aice leis an Mám agus na mílte caorach ann agus ba cheart rud eicínt a dhéanamh le tionscal fíodóireachta a chur ar bhun ann. Dá ndéantaí é sin coinneofaí na daoine sa mbaile.

Dúirt an Teachta Ó Ciosáin gur cheart Roinn an Iascaigh a cheangailt le Roinn na Gaeltachta in aon roinn amháin. Ach bhí sé féin sa Rialtas le chúig bhliana déag agus ní dhearna sé tada faoi. Bhí beirt fhear as Ciarraidhe agus fear as Corcaigh i Roinn na Gaeltachta ach is maith liom go bhfuil fear as Contae Mhuigheo, as Iar-Chonnachta, ina bun anois agus tá súil agam, cibé rud a dhéanfhas sé nach ndéanfhaidh sé níos measa ná rinne an mhuintir a chuaigh roimhe ach go gcuirfidh sé go leor feabhais air.

Ba mhaith liom moladh a thabhairt don Aire a bhí sa bhFhrainc faoin socrú a rinne sé. Tiubhra sé seo cúnamh do thionscail an bhréidin agus do thionscail na Gaeltachta. Is as an nGaeltacht a fáisceadh muid agus is as an nGaeltacht a faisceadh an Teach seo, agus ba cheart dúinn, ar a laghad, cúnamh a thabhairt don Ghaeltacht. Má cailltear an teanga sa nGaeltacht, beidh sí imithe go brách agus tiocfaidh leámh chúr na habhann uirthi. Má thagann, is é ar náire agus ar scannail sinne é go bráthach.

Is truaighe gur labhair an Teachta Ó Mongáin mar sin anois. Ní raibh easaontas sa díospóireacht seo go dtí gur labhair sé féin. Gach duine, ar gach taobh den Teach—na Teachtaí Ó Ciosáin, Mac Pháidín agus Ó Brádaigh, ní raibh tada mar sin le rá acu. B'fhearr i bhfad don Teachta Ó Mongáin creidiúint a thabhairt don Rialtas deireannach as an méid a rinneadar, agus gan bheith ag rá nach ndearnadar tada.

Níor dhúirt mé nach ndearna siad tada. Dúirt mé nach ndearna siad tada faoi na tithe.

Duirt sé nach ndearna siad tada don Ghaeltacht. Ba é Rialtais Fhianna Fáil d'ardaigh deontas na dtithe dhóibh agus hardaíodh deontas an £2 go dtí £5 faoi Rialtais Fhianna Fáil freisin. Cé mhéad atá le fáil ón Aire atá ann anois? Tá sé toilteanach, ach níl an t-airgead aige. Chuir an Teachta Ó Floinn ceist air agus chuir mé féin ceist air, agus níl ráite anois aige ach go bhfuil an chéist faoi bhreithniú, go bhfuil an cheist dá cíoradh; agus níl aon dheimhniú go n-ardófar deontas na dtithe. Déarfainn féin go bhfuil sé in aimhreas nach n-ardofar an gnáth-dheontas.

Mar adúirt an Teachta Ó Ciosáin, ní leor é mura ndéantar de mhéadú orthu ach a geur ar aon-dul leis na deontais don gcuid eile den tír. Ba cheart go mbeidís i bhfad níos mo. Ba cheart go mbeadh deontas níos mó le fáil ná deontas £235 mar atá ag dul faoi Achta an Rialtais Aitiúil. Ba cheart go mbeadh níos mó ná sin ag dul le haghaidh tithe sa nGaeltacht.

Ní raibh tionscal na mbréagán i gConamara sul a dtáinig an Rialtas deireannach agus ní raibh an t-airgead do na páistí scoile ann, ach an oiread. Sin dhá rud. Bheadh i bhfad níos mó creidiúna ag dul don Teachta dá labhradh sé an fhírinne.

I gceist na slata mara agus na feamuinne, bhí mise ag iarraidh cúiteamh a fháil do na daoine ar chlis an margadh orthu. Níor éirigh liom. Níl a fhios agam ar thug an tAire aon lámh chúnta dhóibh. Fuair mé geallúint béil—ní raibh sé scríofa—ar an nguthán ón Roinn, go mbeadh ceannach ar an gceilp. Is dóigh gur chlis an margadh ar an Roinn agus nach raibh siad i ndon an cheilp a cheannach. Rinne mé féin mo sheacht ndícheall cúiteamh a fháil dóibh ach dhiúltaigh an Roinn cúnamh a thabhairt. Bá cheart é dhéanamh anois más féidir é —níl sé ró-dhéanach fós. Ní dhiúltóidh muintir Rinn an Mhaoile an t-airgead.

Ba mhaith liom a fháil amach ón Aire cén tairbhe a bheas do mhuintir na Gaeltachta as an socrú a rinneadh le déanaí leis an bhFrainnc, cé nach dtagann sé isteach sa Meastachán seo. Chlis orthu a chuid gliomach a dhíol le seachtain anuas, ó tháinig an fógra amach. Béidir go bhfuil na ceannachóirí ag súil le tairbhe níos fearr dóibh féin; tá súil agam gurb shin é a bhfuil d'údar leis. Más é, iarraim ar an Aire dlús a chur go gcuirfear deireadh leis an neamh-chinnteacht agus nach bhfágfar na gliomaigh agus eile ar a lámha acu. Béidir nach leis an Aire go díreach a bhaineas na cúrsaí sin ach san am chéanna tá dlú-bhaint ag an gceist seo leis an nGaeltacht. Sin pointe a ndearna mé cheana, ar an Meastachán seo, gur chóir go dtiocfadh ceist na Gaeltachta faoi bhráid na Ranna Stáit eile. Cuir i geás, an pointe a rinne an Teachta Mac Pháidín i dtaobh hallaí paráiste a chur ar bun le haghaidh siamsaí, tá mé ar aonintinn leis san rud sin. Ba cheart go mbeadh baint éigin idir an Roinn Oideachais agus Ranna eile, agus nuair a bheidh siad ag cur scoileanna nua gairm-oideachais ar bun, ba cheart go dtiocfadh an cheist seo isteach agus go ndéanfaí an scoil ar bhealach go mbeadh cuid de d'fhéadfaí a úsáid mar halla, chun cuidiú le drámaíocht. Tá a fhios agam go bhfuil an-tsuim ag an Teachta Mac Pháidín sa gceist sin.

Ba cheart, freisin, nuair a fheiceas an tAire rud éigin á dhéanamh ag Roinn eile, ag déanamh dochair don Ghaeltacht ba cheart go labhródh sé amach go misniúil dána ina aghaidh. Bhí cúis mhór leis sin nuair a bhí fás trátaí sa nGaeltacht ina chúis spáirne le gairid.

Dá ndéanfadh an Rialtas seo an obair sin chomh maith agus a rinne Rialtas Fhianna Fáil, ní dhéanfadh sé dochar dóibh. Ach, mar adúirt an tAire Talmhaíochta linn cuirfidh sé deireadh ar fad le scéim na dtrátaí ansin. Tá ceist na Gaeltachta andeacair—admhaím gach aon duine an méid sin—agus teastaíonn cabhair uathu ó dhaoine taobh amuigh—ó gach dream sa Teach seo agus sa tír. Ní féidir an cheist sin a réiteach ar aon bhealach amháin. Roimhe seo, bhíodar ag braith ar an imirce go Meiriceá agus seiceanna a chur ar ais, agus ar imirce go hAlbain le linn na fátaí a bheith dhá saothrú, agus ar bheagáinín iascaireachta, ar bheagáinín cniotála, agus mar sin de.

Caithfear na rudaí sin agus rudaí eile a thabhairt isteach sa cheist, má tá caighdeán maireachtála sa Ghaeltacht le n-ardú. Tá sé déanta go rímhaith go nuige seo. Ní fhaca mé aon rud níos fearr ná na monarchana bréagán a cuireadh ar bun i gCois Fhairrge. Tá tairbhe don tír ar fad mar tá toradh na monarchan dá dhíol i Meiriceá agus a saothrú dollaerí don tír seo. Sin rud nach féidir a rá ar chuid de thionscail mhóra na tíre. Níl mórán fonn ormsa labhairt ar an meastachán seo imbliana, ach ba mhaith liom moladh a tabhairt don Roinn, mar a mholas an Roinn gach blian faoin Aire eile. Tá mé ag ceapadh go mbeidh siad ionmholta faoin Aire nua freisin. Níl mise ag fagháil droch-mheasa ar an Roinn toisc Aire nua a bheith ann. Má leanann siad leis an obair a bhí ar siubhal acu, gheobhaidh siad moladh agus árd-mholadh uaimse, is cuma cén taobh den Teach mbeidh mé. Tá moladh thar cuimse ag dul don Roinn agus don Rialtas eile, go raibh siad indan na tionnscail seo do choimeád ar suíl le linn na hÉigeandála. Tá a fhios agam chomh deacair agus a bhí sé aon ádhbhar d'fháil, chun cniotála agus eile. Rinneadar an obair sin go h-an-mhaith agus do bhunaíodar saidhbhreas in áiteanna nach raibh sé ann cheana. I ngheall ar sin, molaim an Roinn as an deagh-obair atá déanta acu. Níl aimhreas ar bith orm, agus tá mé ar aon intinn leis an Teachta Ó Mongáin i dtaobh an Aire nua. Tá mé lán-chinnte go ndeanfaidh sé a chion fhéin agus a dhícheall le tuille feabhais a chur ar an obair seo.

Níl ach an t-aon locht amháin agam air agus sin í nach ndearna sé iarracht an Ghaedhilge a labhairt, ag tabhairt an Mheastacháin isteach dó. Fiú amháin dá mbeadh sí beagáinín bacach aige, ba cheart dó an deagh-shampla a thabhairt mar a thug gach Aire go nuige seo. Ní thógfadh aoinne anseo air dá mbeadh sí bacach aige.

Is léir ón méid adubhairt mé gur thug Rialtas Fhianna Fáil árd-chabhair don Ghaeltacht, agus ba cheart dúinn go léir é sin d'admháil agus ba cheart go mbeadh an fhírinne le chloisint i gcónaí sa Teach so.

Ní theastaíonn uaim ach focal nó dhó a rá ar an meastachán seo. Is é an fáth go bhfuilim ag caint ná go bhfuil sé mar thuairim againne ar an dtaobh seo den Tigh gur ceann des na meastacháin is tábhachtaí dá dtugtar isteach sa Tigh seo an meastachán seo. Má táimid i ndáiríribh faoi shábháilt na teangan, ní foláir dúinn a thuiscint nach féidir linn í do shábháil má cailltear an Ghaeltacht, an áit a bhfuil fíor-thobar na Gaeilge. Ná bhíodh aon amhras ar an Teachta Mac Párthaláin go geloisidh sé aon tsearús ná cúrsaí easaontas uainn-ne. A mhalairt atá im aigne. Mar sin féin, ba mhaith liom an fhírinne do labhairt agus is dócha gurb í fírinne an sgéil í ná go ndearna an chéad Rialtas dar gcuid féin a bhí againn sa tír seo éageóir ar an nGaeltacht. Ní dóigh liom go dtug an Rialtas deireannach a bhí againn sa tír seo Cothrom na Féinne don Ghaeltacht. Tá súil agam go bhfuil breall orm, ach ceapaim ná fuighidh an Ghaeltacht Cothrom na Féinne ó aon Rialtas, an fhaid is atá ná fuil ach a laghad sin ag na Teachtaí ar an gceist tábhactach seo nach fiú leo fiú amháin teacht isteach sa Tigh agus an cheist do phlé.

An cheist mhór seo atá le réiteach ag an Aire, is ceist eacnaimíoch í. Tá an dá rud ann, ach sa gcéad dul síos, is ceist eacnaimíoch í. Tá fadhb amháin le réiteach aige agus is é sin conas slí bheatha réasúnta do thabhairt do mhuintir na Gaeltachta sa Ghaeltacht. Le déanaí, tá an-chuid tráchta ar na ceanntracha cunga agus ar roinnt na talún. Ní dóigh liomsa gur féidir ceist na Gaeltachta do réiteach sa tslí seo amháin. Caithfear a thuille monarchan agus a thuille tionscal a chur ar bun sa nGaeltacht in aice le bailte agus sráid-bhailte, i dtreo is go mbeidh caoi ag muintir na Gaeltachta a slí bheatha a bhaint amach ag a baile. An chaint a dhein an Teachta Mac Pháidín, nuair a dhein sé iarracht ar a chur ina luí ar an Aire chomh tábhachtach is atá sé caoi a thabhairt do mhuintir na Gaeltachta sult, pleisiúir agus caitheamh aimsire a bheith acu ina gceanntair féin, aontaím leis sin go léir. Is é mo thuairim go mbféidir, dá ndéantaí níos mo oibre den tsórt sin, go mbeadh laghdú ar an imirce ón nGaeltacht atá ar siúl le blianta anuas. Ní dóigh liom gur ceart go mbeadh an deontas le haghaidh tithe sa Ghaeltacht ar aon-dul leis an deontas sa Ghalltacht. Is é mo thuairim gur cóir go mbeadh breis le fáil as muintir na Gaeltachta. Tá cúiteamh éigin tuillte acu. Níl an talamh ann go maith, ach do choimeád siad an teanga agus an náisiúntacht beo nuair a thoiligh an chuid eile den tír an méid sin a ligint in éag.

Maithim don Aire é nár dhein sé an meastachán a thabhairt isteach tré Ghaeilge. Maithfidh mise é sin dhó, má thuigim uaidh i ríth na bliana go bhfuil sé toilteannach cion fir a dhéanamh ar son muintir na Gaeltachta. Cuimhnimis ar an oighreacht mhór sin, an Gaeltacht, agus féachaimis chuige ná caillfimid an oighreacht sin.

I would like the Minister to give more details with regard to the provision of housing in the Gaeltacht areas. As the Minister is aware, the grants allocated under the Gaeltacht Housing Act are not sufficient to enable the people concerned to take advantage of housing schemes or to carry out building operations. I have been asked to make representations in regard to this matter with a view to getting something definite from the Department as to what will be done in these areas as far as housing is concerned. The matter is a very urgent one. Ninety pounds were allocated by way of grant. That is not at all adequate under present conditions. The people are faced with the option of relinquishing these grants altogether. I think the Department should take steps to supplement the grant by way of amending legislation, if necessary. I am aware that I cannot suggest amending legislation on an Estimate but the matter is of very urgent public importance.

That does not put it in order. However, it is no harm to refer to it, so long as the Deputy does not discuss it.

I would like the Minister to indicate at least what steps are being taken and at what date we can hope to have the Gaeltacht housing scheme made operative in such a way as to enable these people to get grants equivalent to the grants made available under the 1947 Housing Act. I would like some definite assurance from the Minister at this stage because this is a matter of vital concern in the Gaeltacht districts. The people in these areas have received no consideration whatever under the 1947 Housing Act. I cannot understand why the Gaeltacht section of the Department of Lands did not bring this up to date under that Act. The poorest section of the people and the people who represent the real Ireland were left without any consideration when this 1947 Housing Act was brought into operation. In the atmosphere that prevails at the moment I would appeal strongly to the Minister to expedite this matter and to come to the immediate assistance of these people. When he is replying, I shall be glad if he will elaborate on his opening statement in that connection.

Pádraig Ó Cuinneáin

Is beag eolas atá agamsa ar chúrsaí na Gaeltachta, ach tá aon rud amháin ar eolas agam— is ar an nGaeltacht atáimid ag brath chun ár dteanga a shábháil, agus is é ár ndualgas cabhrú le gach scéim atá ar mhaithe leis an nGaeltacht. Má tá fonn orainn na daoine óga a choimeád sa bhaile, caithfimíd cabhrú leis an nGaeltacht agus mar adúirt an Teachta Mac Fáidín caithfimíd hallaí agus rudaí mar sin a sholáthair dóibh, agus gach rud a choinneodh na daoine óga sa bhaile. Mura sábhálfar muintir na Gaeltachta, ní shábhálfar an teanga. Dá bhrí sin, mholfainn don Aire gach cabhair a thabhairt gur féidir leis a thabhairt.

I regard the Gaeltacht services section of my Department as a very important one. As I stated in my opening speech, over £104,000 were paid out in wages this year. While I cannot forecast at the moment what we will pay for finished work, last year it reached slightly over £49,000. This is a service that caters for areas where employment such as obtains in most other areas throughout the country is not available. The service meets a definite want by providing work of a remunerative kind particularly in the people's homes thereby supplementing the incomes or the earnings in the households. It is a service which all of us would like to see expand. I shall do my utmost to expand it as much as possible and bring earning power into those homes which have not a chance of obtaining employment such as prevails elsewhere.

Most of the Deputies who spoke in this debate spoke about housing. I am aware that there is a big discrepancy between the grants given under the Local Government Housing Acts and the grants given under the Gaeltacht Services. I do not want to anticipate proposed new legislation but I will say that I think the situation will be met in the very near future in a way that will meet the wishes of all those who have spoken on this subject.

Deputy Brady wants to know what the prospects are of a market for homespuns. As regards the sale of homespuns we are going through a very difficult time at the moment. That is entirely due to circumstances outside our control. It is due to the fact that the world market is more or less flooded with piece goods. We are finding it difficult to dispose of our materials. Nevertheless we do not want any hardship imposed on those who have supplies or stocks on hands because of the world situation.

Deputy McFadden wants a special grant for houses for weavers. I will examine into that. I am well aware that the housing accommodation for some of these is quite inadequate. If it is possible to come to the rescue we shall do so.

Deputy Kissane referred to the setting up of an inter-departmental committee for the purpose of co-ordinating Gaeltacht Services with other Government Departments. There is complete co-operation at the moment between this particular service and all other Government Departments. There is no friction; there is nothing left undone through lack of co-operation. I am satisfied with the harmony that exists. If the necessity arises, I shall have to consider the suggestion Deputy Flynn made. I do not think there is any other point that calls for attention.

In my Irish speech I referred to the recent trade agreement between this country and France. Did the question of Irish homespuns come up?

It did, and I am very hopeful about it. I do not like to make a statement on that particular point, because things have not been brought to a head. I have high hopes as the result of the trade agreement with France. It is anxiously awaited, I can assure the Deputy.

Will the Minister say if kelp will be bought this year?

Kelp, I am afraid, is a dead trade.

Have you no favoured place in respect of kelp? Will it be bought in any selected places?

We cannot find a market for it. I am afraid the Deputy must regard kelp as a difficult trade for the present. However, there is a token Vote here and if there is any possibility of the trade improving, we will be ready to take advantage of it.

Will we continue to buy the dry weed and dry rods in increased quantities?

There will be no restriction on the amount to be purchased.

Vote put and agreed to.
Barr
Roinn