Má tá am ag an Aire breathnú ar an Acht sin, cuimhneoidh sé go raibh tuairmí ag daoine go mba chóir an aois d'ardú agus má bhí aon bhunús leis an tuairim sin, tá an aois 17 mbliana ró íseal. Ní hé sin le rá go mba chóir gach duine a choiméad tar éis na haoise sin, ach go mbeadh discréid ag an Aire iad a choimeád, dá gceapadh sé gurb é sin an rud ceart le déanamh. Sé an deacracht, is dóigh liom, a bhí ins an scéal, nach raibh aon tslí as ach na cailíní seo a thabhairt ós comhair na cúirte. An bhféadfaí an cheist a láimhseáil gan teacht isteach sa chúirt ar chor ar bith? Chun duine a choimeád caithfear é a choimeád do réir dlí, ach cén nós imeachta is fearr chun greim d'fháil orthu agus iad a choimeád in áit in a dtabharfaí cúram ceart dóibh, agus iad d'oiliúnt agus a chur ar bhealach a leasa. Do réir an Bhille anois, caithfí iad a thabhairt ós comhair na cúirte.
Do réir an Bhille caithfí iad a thabhairt ós comhair na cúirte—Alt 58 ( ) Bille na Leanaí, 1908. Sé sin le rá, má tá cailín in a cónaí nó ar lóistin i dtig, nó i gcuid de thig, atá á úsáid chun críocha mí-mhorálta, nó má déantar in aon tslí eile ar bith coir in a coinne nó má tá sí i gcuntúirt ó thaobh moráltachta, d'fhéadfaí í a thabhairt ós comhair na cúirte. Caithfí fianaise a thabhairt agus sé mo thuairim gurb é an trioblóid is mó a bhaineas leis—ón gcuimhneamh atá agamsa ar an scéal— go bhfuil sé ar an duine a thugann an cailín ós comhair na cúirte fianaise a thabhairt a chruthós don Giúistís go bhfuil an cailín i gcontúirt. Más rud é go bhfuil feall nó coir déanta i gcoinne an chailín is dócha go mbeadh an Giúistís cinnte go leor ansin go bhfuil cúis mhaith aige chun ordú a dhéanamh chun í a chur i scoil cheartúcháin. Tá mé ag caint anois faoi chailín nach ndearnadh coir ach go ndearna duine éigin coir in a coinne. Ní dóigh liom go bhfuil sé soiléir ó Uimh. 4 gur féidir gach cailín a ndéanfaí coir in a coinne, coir mhí-mhorálta, coir ionnsú ins an tslí sin, a chur ann ach bfhéidir go mbeadh an Giúistís sásta. Faoi Alt 58 (e) den Phríomh Acht de Bhille na Leanaí, má dhéanann athair coir i gcoinne cailín, iníon dó féin, caithfí na cailíní eile a thógaint uaidh agus iad a chur i scoil cheartúcháin. Níl mé sásta, i gcás cailín ar bith a ndéanann aon duine ar bith coir in a coinne, go bhfuil sé soiléir gur féidir an cailín sin, gan amhras ar bith, a chur i scoil cheartúcháin. Sin pointe amháin.
An dara pointe, cás cailíní nach bhfuil sé cinte, nó nach féidir fianaise d'fháil, go ndearnadh coir in a gcoinne ach go bhfuil siad i gcuntúirt—sé sin go mbíonn droch-chomhluadar leo, go mbíonn siad ag dul le fir, abair, nach bhfuil cáil mhaith orthu agus go bhfuil tuairim láidir ag na Gardaí—ón eolas atá acu faoin áit in a gcónaíonn na cailíní, na tuistí atá acu—an saghas slí bheatha agus an chaoi ina bhfuil rudaí sa bhaile. Gí go mbeadh an t-eolas sin ar fad ag na Gardaí agus nach bhfuil aon amhras orthu, b'fhearr liomsa nach mbeadh na Gardaí ann in aon chur ach ní féidir liom a fheiscint cé eile a thiubhras na cailíní ós comahir na cúirte. Má thugann na Gardaí an cailín ós comhair na cúirte, bíodh is go bhfuil siad cinnte in a n-aigne féin go bhfuil sí i gcuntúirt, agus nach mbeidh aon deireadh leis an scéal ach an taon deireadh amhain má leanann sí sa tslí sin—gí nach féidir a rá go bhfuil na tuistí go dona amach is amach ó thaobh moráltachta, san am chéanna nach dtugann siad aire cheart do na leanaí agus nach ndéanann siad na leanaí a cheartú agus go ligeann siad amach iad san oíche agus go mbíonn siad i ndroch-chomhluadar agus mar sin de—an mbeadh an Giúistís sásta le fianaise na nGardaí? Ní féidir leis na Gardaí a rá ach: "Támuid cinnte—ón méid eolais atá againn, faoin tslí a mhaireann tuistí an chailín seo—bféidir nach bhfuil tuistí ar bith ag an gcailín—agus ón droch-chomhluadar in a mbíonn sí agus ón tslí a dtéann sí mórthimpeall agus mar sin de—go bhfuil sí i gcuntúirt." B'fhéidir go ndéarfadh an gíúistís: "Tá sé sin ceart go leor ach ar an taobh eile má deireann A. B, nó C gur cailín macánta í agus nach bhfuil aon chuntúirt ann di, níl mé sásta, gí go bhfuil an t-eolas sin ag na Gardaí, an cailín a chur ins an scoil cheartúcháin seo." Má tugtar cailín ós comhair na cúirte agus má cuirtear in a leith gur cailín den toaghas sin í go mba cheart í a chur i scoil mar seo, ní deas an rud é don chailín nó dá gaolta ná d'éinne a mbeadh suim aige inti. Níor mhór do na Gardaí bheith lán-chinnte i dtaobh an scéil. Conas a bheadh an scéal ag na Gardaí, o thaobh an dlí, dá n-abradh an Giúistís nach raibh an ceart acu agus nach raibh an fhianaise a thug siad deimhnitheach a dóthain, nach bhfuil sé sásta breith a thabhairt? Nach mbeadh na Gardaí féin i gcuntúirt ansin? B'féidir go dtiubharfaí ós comhair na cúirte iad faoi dhrochcháil a thabhairt don chailín. Tuigim na deachrachtaí go maith agus nílim ag iarraidh sin a mheabhrú don Aire.
Sa gcéad dul síos, an bhfuil sé soiléir, nó an mbeidh sé soiléir, go ndéanfar aon leasú ar an mBille sar rithfear é sa Dáil? An mbeidh sé de cheart ag an nGiúistís cailín a ndéanfaí aon choir go mí-mhóralta in a coinne a chur sa scoil cheartúcháin gan aon amhras a bheith ina taobh. Sa gcás eile, an féidir an scéal a dhéanamh níos láidre ná seo ionas gur leor go rachaidh na Gardaí ós comhair na cúirte agus go nabróidh siad go bhfuil an tuairim sin acu? Mar, má thagann siad ós comhair na cúirte i gcás mar seo ní thiocfadh siad, is dócha, muna mbeadh siad cinnte faoin eolas a bheadh acu. Dá ndiúltaíodh an Giúistís dóibh ansan is cuma cén chuntúirt a bheadh ann don chailín muna ndéanfaí coir in a coinne, nó rud éigin uafásach mar sin, níorbh fhéidir leis an nGiúistís í a choiméad. Dearfaidh an Giúistís: "Caithfidh sibh fianaise a thabhairt dom nach bhfuil aon amhras ach go bhfuil an cailín seo i gcúntúirt ó thaobh mímhoráltachta." Ach an féidir leis an Dáil an tAlt a dhéanamh níos láidre ionas go mbeadh lán-díscréid ag an nGiúistís i gcás mar seo? Nílim a rá go mba cheart don Ghiúistis é sin a dhéanamh—an cailín a chur sa scoil cheartúcháin—muna mbeadh sé lán-chinnte in a aigne féin faoin scéal. Is féidir liom a thuiscint go mbeadh Gardaí, ar thaobh amháin, agus fianaise á thabhairt acu agus, ar an taobh eile, duine a rá gur cailín macánta í—mar uaireanta bíonn daoine sásta é sin a dhéanamh mar bíonn trua acu do dhaoine óga a bhíos i dtrioblóid.
Ní hé go bhfuil aon mhailís iontu, ná go bhfuil aon droch-rud againn, a bhí ins na tíortha eile buíochas le Dia, ins an tír seo, ach béidir go mbéadh sé simplí, rud beag lag-intinneach. Ar dtús, cheapamar go bhféadfaí an rud a láimhseáil ón taobh sin, go bhféadfaí a rá gur saghas galair intinneach, nó duine ar bith lag in a intinn, agus i gcás daoine mar sin, d'fhéadfadh daoine mí-chearta greim d' fháil orthu agus iad a bhreathnú ar fad. Nilim cinnte go bhféadfaí iad a leigheas ins an tslí sin. Dá bhféadfaí iad a leigheas ó thaobh leighis, do réir nós imeachtaí na ndochtúirí, shábhálfadh sé an cheist ar fad an cailín a thabhairt ós comhair na cúirte agus, cé go mbíonn obair na cúirte príobháideach, d'fhéadfaí gan aon tuairisc a chur ins na páipéir. De gháth ní tugtar ainmneacha na ndaoine óga mar sin. Mar sin fhéin, chím go mbeidh trioblóid orthú.
Ba mhaith liom freisin an cheist a chur ar an Aire an bhfuil sé sásta go bhfuil lán-chumhacht aige—is dócha go bhfuil, mar rinne mé fhéin é—cailín a aistríú ó scoil go scoil eile. Mar gheall ar an gCeist i gcoitinne, cé go mbéidir nach féidir an rud a oibriú faoin Roinn Sláinte, is dóigh liom go bhfuil baint idir an saghas seo coire agus ceisteanna mórálacha maidir le daoine a bhéas lag-intinneach, idir bhuachaillí agus cailíní; níl aon aimhreas ach go bhfuil laige éicint san intinn acu agus tá siad tugtha don rud seo, agus níl aon leigheas air ach iad a chur ar chúram na ndochtúirí. Tá daoine ins gach tír, daoine níos eolgasaí ná mise, agus ceapann siad nach féidir an rud a leigheas ar chor ar bith tré phríosún tacht agus pionós den tsórt sin, ach caithfí é leigheas trí chúram ceart a thabhairt dóibh, agus trí freastal orthu díreach ar nós daoine a mbeadh aon ghalar eile orthu agus cúram ag dul dóibh da bharr.
Nuair a bheas an cheist—daoine lag-intinneacha, daoine óga—á scrúdú, chun a fháil amach anbféadfai scéimeanna níos fearr a chur ar fáil doibh ó thaobh oideachais, béidir go mbeadh slí ag an Aire breathnú isteach ins an taobh sin den scéal. Ba cheart socrú faoi leith a dhéanamh le deontais a thabhairt don scoil. Ní bheidh mórán cailiní ins an scoil ach beidh dothain mar sin féin. Sílim nach ceart go mbeadh na mná rialta i mbun na hoibre—is cuma fiche nó seisear cailín ann, tá an obair chéanna ar mná rialta, tá a gcuid ama ar fad tugtha don obair sin. Caithfidh siad úirlisí d'fháil agus caithfidh siad an teach a choimeád i gceart agus gach rud a bhaineas le cothabháil an tí d'íoc. Is dóigh liom nach bhfuil na gnáth-dheontais sáthach mór, agus caithfidh an tAire—más féidir in aon chor é—íocaíocht a thabhairt ina leith, ní do réir capita ach do réir na gcostas reatha a bhaineas leis an teach agus saghas block grant a thabhairt dóibh ins an tslí sin.