Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Tuesday, 22 Mar 1949

Vol. 114 No. 9

Written Answers. - Fo-Choiste an Phinsin Sean-Aoise i nGaillimh.

D'fhiafruigh

den Aire Leasa Shóisialaigh an eol dó, maidir ie Fo-Choiste an Phinsin Sean-Aoise, Cloch na Rón, Uimh. 2, go mbítear ag clamhsán faoi (a) nach nglaoitear na comhaltaí chuig na cruinnithe, agus (b) nach bhfaigheann na hiarratasóirí fógra roimh ré i dtaobh a gcuid iarratas a bheith os comhair cruinnithe, agus an dtig leis a rá cé mhéad cruinniú den Fho-Choiste a tionóladh le trí bliana anuas agus meán-tinreamh na gcomhaltaí ag gach cruinniú díobh.

Ní bhfuaireas aon chlamhsáin maidir le Fó-Choiste Pinsin Sean Aoise Cloch na Rón, Uimh 2 ar na h-adhbhair atá luaidhte ag (a) ná ag (b) de'n Ceist. Sé an t-eolas atá agamsa ná go glaodhtar ar ceathrar comhaltaí de'n Coiste bheith i láthair ag na cruinnithe agus de réir na rialacháin go gcuirtear fógraí roimh ré chuigh na h-éiligheoirí, má's éilitheoirí iad nár mhol an t-Oifigeach Leasa Shóisialaigh pinsin iomlán dóibh nó nár moladh aon pinsin dóibh, ag cur i n-iúl dóibh dáta na gcruinniú ag a bhfuiltear chun a éilimh do bhreithniú, chun caoi a thabhairt dóibh bheith i láthair chun éisteacht d'fháil. Tionóladh aon chruinniú déag de'n Fó-Choiste i rith na dtrí mblian 1946-1948 agus do bé meán-tinreamh ag na criunnithe siud ná triúr comhaltaí.

Barr
Roinn