Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Tuesday, 5 Apr 1949

Vol. 114 No. 15

Written Answers. - Reiteach Bothair i gConndae na Gaillimhe.

D'fhiafraigh

den Aire Rialtais Aitiúil an féidir leis a rá cén uair a réiteofar an bóthar isteach go Leitir Móir, Garumna, agus Leitir Mealláin ionas go mbeidh seirbhísí Chóras Iompair Éireann ar fáil arís ag an líon mór daoine atá ina gcónaí sna háteacha sin.

Tadgh Ó Murchadha

Ba mhaith liom aire an Teachta do dhíriú faoi na freagraí a tugadh dó ar an 19ú Bealtaine, 1948, agus ar an 26ú Márta, 1946, maidir leis an gceist seo. Ní raibh an Chomhairle Chontae i ndon an tochar a chriochnú anuraidh. Níl a thuilleadh le rá agam faoi'n scéal faoi láthair.

Droichead Contúirteach i nGaillimh.

D'fhiafraigh

den Aire Rialtais Aitiúil an bhfuil a fhios aige go bhfuil droichead i dToghroinn Abhainn Ghabhla a dtugtar Droichead Flannery air atá rochúng agus contúirteach do bhusanna; agus an dtig leis a rá cén uair a tosófar ar dhroichead nua a dhéanamh ina áit.

Tadgh Ó Murchadha

Ba mhaith liom aire an teachta a dhiriú fen freagra a tugadh dó ar an 19ú Bealtaine, 1948. Tá deacrachtaí teicniciúla ag baint le ceist atogála an droichid seo, agus niorbh fholáir tairscintí an údaráis áitiúla a infhiuchadh go géar. Táthar chun na tairscintí sin a chur thar nais chuig an údaráis áitiúla le roinnt moladh maidir le taobh teichiciúil na ceiste.

Barr
Roinn