Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Thursday, 21 Jul 1949

Vol. 117 No. 11

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - An Máithreánach agus an Árd-Teistiméireacht.

D'fhiafraigh Tomás Ó Deirg den Aire Oideachais a n-inseoidh sé an fíor go bhfuil sé tar éis a chinneadh deireadh a chur leis an socrú atá ann faoina ligtear saoirse ó Scrúdú Máithreánach Ollscoile na hEireann le mic léinn a n-éiríonn leo sna habhair ordaithe sa scrúdú don Árd-Teistiméireacht.

Roimh an mbliain 1925, do ligtí mic-léinn saor ón Scrúdú Maithreánach do sheasamh i n-ábhar ar bith a mbeadh pas bainte amach acu i Scrúdú an Ghráda Uachtair ach coinníollacha áirithe eile do bheith cóimhlíonta acu san am chéanna.

Nuair a bunuíodh an Scrúdú ÁrdTeistiméireachta san mbliain 1925, rinneadh socrú leis an Ollscoil Náisiúnta go rachadh scrúduitheoirí na hOllscoile agus scrúduitheoirí mo Roinne-se i gcomhar le linn páipéir scrúduithe na hárd-Teistiméireachta do bheith dá gceapadh, chun deimhin a dhéanamh de go mbeadh na páipéir sin ar chaighdeán sáthach árd don Scrúdú Máithreánach. De thoradh an tsocruithe sin do ligtí mic-léinn saor ón Scrúdú Máithreánach san talí chéanna ina ligtí roimhe sin.

San mbliain 1942, rinneadh an dá chúrsa, an cúrsa don Scrúdú Máithreánach agus an cúrsa don Scrúdú Árd-Teistiméireachta do thabhairt níos dlúithe chun a chéile agus bunuíodh comhar níos cruinne géire idir an dá dhream scrúduitheoirí.

Ní fúmsa, dar ndóigh, ach faoi lucht ceannais na hOllscoile atá sé na coinníollacha a shocrú a bhaineas le micléinn do ligint saor ón Scrúdú Máithreánach do sheasamh. Dá bhrí sin nílun tar éis éinní do chinneadh den tsaghas atá luaite ag an Teachta. Dá dtagadh tairiscint ón Ollscoil a' moladh athruithe san tsocrú atá ann faoi láthair agus ag iarraidh athrú dá réir a dhéanamh ar an Scrúdú Árd-Teistiméireachta, bheadh orm annsin an tairiscint do bhreithniú agus glacadh leis nó a mhalairt, ach níl scéal ar bith tagtha chuig mo Roinn-se ó lucht ceannais na hOllscoile ghá rá go bhfuil ar inntinn acu athrú den tsaghas sin a chur faoi mo bhráid.

An bhfuil aon cheist faoi athrú mar sin a dhéanamh ar an socrú atá ann faoi láthair leis an Ollscoil?

Níor cuireadh scéal ná focal ná aon ní eile chugam agus níor chualas aon ráflaí.

Bhí ráflaí ann.

Níor airíos iad.

Barr
Roinn