Nuair a bhí mé ag caint ar an Meastachán seo ar an 23ú Bealtaine bhí mé ag tagairt do mholadh a rinneadh ag Teachta ar an dtaobh thall chun dream éigint a chur ar bun ar nós Bord na gCeantar Cumhang. Tá mé ag cuimhneamh ar an deacracht a bheadh ann a leithéid de mholadh a chur ag obair anois. Do lua mé cuid de na sheirbhísí a fhreastalaíonn ar an nGaeltacht—cuid acu atá i bhfad níos tábhtachtaí ná Seirbhísí na Gaeltachta iad fhéin. Tá mé ag ceapadh, má bhreathnaíonn aon duine ar an gceist seo go bhfeicfidh sé go bhfuil sé cosúil le rialtas nua a bheadh ar bun leis an leas atá molta ag na daoine a dhéanamh don nGaeltacht. Dar ndóigh, nílmíd ag iarraidh aon tsaghas eile partition a dhéanamh ins an tír agus níl muintear na Gaeltachta ag iarraidh bheith faoi rialú fé leith. Teastaíonn uathu bheith páirteach comh maith leis an chuid eile san náisiúin Ghaelach agus ní dóigh liom go bhfuil siad ag iarraidh aon rud mar sin agus ní dóigh liom go bhfuil gá le aon saghas rud mar sin chun leas na Gaeltachta do chur chun cinn.
Bhí mé ag caint faoi thagairt a rinneadh anseo ag cainteoir ón dtaobh thall den Tigh go mba í seo an tsuim airgid ba mhó a soláthraiodh go nuige seo don nGaeltacht. Thóg mé féin ceist faoi sin. Do chur duine éigin isteach orm agus d'fhiafraigh sé díom arbh fhéidir liom é do bhreagnú. Ar ndóigh, bíodh is nach bhfuilimíd ag iarraidh coimhlint lena chéile ach amháin le leas na Gaeltachta do chur chun cinn, mar sin féin má tá faillí déanta ar mhuintear na Gaeltachta ní féidir an faobhar a bhaint den fhaillí sin le pointí beaga díospóireachta a déantar faoi méid an tsuim airgid atá á shólathár anois agus a soláthraíodh cheana. Ba chóir na figiúirí do thabhairt le haghaidh an bhliain deireannach a bhí Fianna Fáil i réim. Ó Leabhar Meastachán tá sé le feiceáil ag aon duine a thógann an trioblóid air féin breathnú air, go raibh beagnach £400,000 ins an Meastachán le haghaidh na bliana 1948-49—agus an tiomlán ar fad i Leabhar na Meastachán le haghaidh na bliana sin, dob é £72,000,000 é. I mbliana tá laghdú de £50,000 ar an méid airgead sin sa méid atá á sholáthair, agus tá iomlán an Leabhar ar fad árduithe go £78,000,000. Taispáineann sé sin go raibh an tsuim fén gcéad, nuair a bhí Fianna Fáil i réim, níos aoirde ná an tsuim atá á sholáthar i mbliana. Bíodh sin mar atá, fé mar adúirt mé, níl aon mhaith bheith ag deánamh coimhlint mar seo agus ní maith liom é gur tugadh isteach é. 'Sí an pointe is tábhachtaí sa Mheastachán seo, i gcónaí agus i mbliana, ná go mbreathnaíonn sé go bhfuil i bhfad níos mó ag dul do chostas riaracháin ná mar ba chóir. Mar shompla, tá dá chuid den Mheastachán ag dul do mhuintir na Gaeltachta agus trí chuid de ag dul do chostas riarcháin ar an nGaeltacht. Níl mé ag cur aon mhilleáin ar an Aire faoi sin mar is é an córus oibrithe atá ann atá ciontach leis. Ach má tá daoine ag iarraidh cás a dhéanamh faoin dream a bhí in oifig go dtí dhá bhliain ó shoin tá freagra le tabhairt air agus tá dualgas orainn an freagra sin a thabhairt. Do laghdaíodh ar an tsuim airgid atá ag dul do na daoinibh ó anuraidh. Tóg mar shampla tionscail na tuaithe. Anuraidh, do réir na figiúirí, do soláthraíodh £209,000 agus tá sé sin anuas imbliana go dtí £201,000. Sin laghdú de £8,000 an méid atá ag dul dóibh. Tá tionscail na gcladach gearrtha anuas ó anuraidh freisin. Ón méid sin go léir, chím ón Leabhar nach bhfuil ag dul don oibrí ach £71,000. Nílim, fé mar adúirt mé, ag fáil locht ar Sheirbhísí na Gaeltachta. Tá fhios agam go rí-mhaith chomh deacair is atá sé tionscail do chothabháil sna háiteanna sin. Nuair a bhí an t-Aire ag tabhairt isteach an Meastachán seo sa Dáil ní dúirt sé cé mhéad daoine atá ag obair sna hionaid cniotála, agus eile, agus ba mhaith liom an teolas sin d'fháil uaidh nuair a bheidh sé ag tabhairt freagra ar an ndíospóireacht seo.
Níl ins an Meastachán seo acht dhá rud a scarann airgead ar mhuintear na Gaeltachta—an tionscail tuaithe agus an tionscal cladaigh. Le dhá bhliain anois tá laghdú mór ar an tsuim airgead a scaptar ar fud na Gaeltachta ón dá rud sin. Rinne an tAire beagan gaisce as luach na slata mara a árdú go £4 10s. an tonna. Ní dóigh liom féin gur ábhar gaisce é sin. Más eadh ba mhaith liom a insint don Aire an sciolladh a fuair mé féin riomh an gcogadh nuair a dúirt mé anseo sa Dáil go raibh luach de £3 10s. an tonna réasúnta maith. Scapadh an scéal ar fud Chonamara go raibh mé ag iarraidh luach na feamainne a choinneáil anuas agus go ndúirt mé anseo gur leór sin, agus nach raibh mé ag iarraidh níos mó ná £3 10s. a thabhairt do lucht na feamainne. Cé déarfadh anois go bhfuil £4 10s. chomh maith i mbliana le £3 10s. roimh an gcogadh?
Is maith liom go raibh se le haithri go raibh sé gafa suas rud beag. Níl sé cho maith leis an bpraghas a bhí le fáil roimh an gcogadh. Ar ndóigh, sin comórtas is ceart a dhéanamh freisin, idir an méid a caithtear anois agus an méid a caitheadh roimh an gcogadh. Caithfear luach an airgid a thabhairt isteach sa chuntas.
Tá rudaí a rinne, mar adúirt mé leas-maith don Ghaeltacht agus tá aiféal orm go bhfuil cuid aca i meath nó go bhfuil siad stopaithe. Tá's agamsa nach bhfuil airgead sa Meastachán seo lena n-aghaidh ach tugann an Ceann Comhairle, ar an Meastachán seo, cead do dhaoine tagairt a dhéanamh do na seirbhísí eile atá ag déanamh leas na Gaeltachta agus na seirbhísí atá, nó ba cheart go mbeadh, Seirbhísí na Gaeltachta mar cheangal eatorthú. Bé mo thuairim féin, cuirim i gcás, maidir leis an Act Parlaiminte a bhaineas le iasachtaí a thabhairt do na daoine ins an Ghaeltacht le seomraí breise a thógáil le daoine a choinneáil sa Samhradh, go bhféadfadh an Roinn seo an-chuidiú a thabhairt do mhuintir na Gaeltachta le buntáistí a bhaint as an Acht sin. Ba cheart, freisin, go mbeadh cúnamh na Roinne seo le fáil ag an nGaeltacht le buntáistí a bhaint as an Údarás Forbartha Tionscail a cuireadh ar bun le goirid le tionscail nua a bhunú ins an nGaeltacht. Ba cheart, freisin, go gcuirfeadh an Roinn seo fá bhráid Roinn na Talmhaíochta go bhfuil seirbhísí éigin stopaithe ins an nGaeltacht a rinneadh leas ann, sin é míntíriú na talún. Tá an-chaint faoi scéim mór míntíriú a bhfuil suas le £40,000,000 le caitheadh air. Is é an chuid is aistí den scéal sin go bhfuil an cineál oibre a bhí ar siúl sa Ghaeltacht stopaithe ar fad agus nach bhfuil an deontas beag a bhí le fáil as acra nó dha acra talún a mhíntíriú le fáil anois. Ní fadó ó scríobh mé chuig Roinn na Talmhaíochta agus a dúradh liom gur cuireadh ar ceal é.
Ba cheart, freisin, go mbeadh cúnamh na Roinne seo le fáil ag na coistí áitiúla i ngach paráiste sa Ghaeltacht le deontas nó airgead fháil ar iasacht le hallaí a chur ar bun áit ar bith a bhfuil coiste ann le cúram ceart a thabhairt dá leithéid. Ba cheart, freisin, go mbeadh cúnamh na Roinne seo le fáil nuair atá aon dream eile den Rialtas ag bagairt ar sheirbhís ar bith atá ann agus atá ag iarraidh an leas sin a chosaint agus a choinneáil ar siúl i gcónaí.
Ba cheart, freisin, go mbéadh a fhios ag an Roinn seo an méid dochair a rinneadh do mhuintir na Gaeltachta de bharr tionscail na móna lámhbhainte a stopadh, agus ba cheart go mbeadh a fhios ag an Roinn dá dtugtaí deontas don tionscal sin go bhféadfaí é choinneáil ar bun i gcónaí sna bailtí in aice na bportach. Ar ndóigh, tá margadh na móna le fáil istigh i gcathair na Gaillimhe agus sna bailte móra san Iarthar.