den Aire Oideachais an abróidh sé cad é an líon daltaí lán-aimsire lae do fhreastal scoileanna gairm-oideachais lae (a) i gcontae-bhuirg Baile Átha Cliath; (b) sna ceantair uirbeacha sceidealta, agus (c) faoi na scéimeanna contae, sna blianta 1948-49 agus 1949-50 faoi seach.
Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Daltai Gairm-Oideachais.
D'fhiafraigh
Níl na figiúirí uilig i leith an tsiosóin 1949-50 ar fáil go fóill agus ní féidir an líon daltaí a thabhairt don bhliain sin. Tá na figiúirí don bhliain 1947-48 tugtha ina n-ionad.
An líon daltaí lánaimsire lae do fhreastail Scoileanna Gairm-Oideachais Lae. |
Siosón1947/48 |
Siosón1948/49 |
(a) Cathair Átha Cliath |
2,948 |
3,308 |
(b) Ceantair uirbeacha sceidealta |
2,879 |
3,047 |
(c) Scéimeanna contae |
8,944 |
9,975 |
IOMLÁN |
14,771 |
16,330 |
An féidir leis an Aire a rá cé'n tam a mbeidh na figiúirí i leith an tsiosóin 1949-50 ar fáil?
Níl mé in ann a rá faoi láthair. Cuirfidh mé scéala chuig an Teachta.