den Aire Oideachais an ndearna sé breithniú maidir le scannáin oideachais a chur ar fáil i nGaeilge agus an abróidh sé an bhfuil beartaithe aige aon ní a dhéanamh chun cabhrú lena leithéid a chur ar fáil.
Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Scannáin Oideachais.
Tá úsáid na scannán mar chóir oideachais sna scoileanna á bhreithniú agam le tamall anuas. Tá taighde an scéil gan críochnú fós.
An mbeidh an tAire in ann aon chuntas a thabhairt sar i bhfad faoin cheist seo?
Tá súil agam go mbead in ann cuntas éigin a thabhairt uair éigin. I dtaobh an "sar i bhfad", níor mhaith liom aon tuairim a thabhairt faoi sin faoi láthair.
D'fhiafraigh
den Aire Oideachais an feasach dó go bhfuiltear chun an t-aonad táirgthe scannán agus an tsaotharlann i mBaile Mhac Fheorais a dhúnadh agus, ó tharla scannáin oideachais a bheadh oiriúnach don aos scoile a bheith gann, an mbreithneoidh sé an scéal féachaint an bhféadfaí pé bearta a dhéanamh is gá chun a áirithiú nach ndéanfar an t-aonad agus an fhoireann a scaipeadh.
An t-aonad scannán a bhí i mBaile Mhac Fheorais tuigtear dom gur éirigh sé as gnó i mí Iúil seo caite.
Ní heol dom gur thug an t-aonad úd faoi aon scannán oideachais a dhéanamh le linn dó bheith ar siúl.
Nach bhfuil fhios ag an Aire go ndearnadh scannáin le Gaeilge iontu agus go bhféadfaí feidhm a bhaint as an uirlis sin chun scannáin a bhaineann le oideachas do dhéanamh dá mbeadh foireann agus daoine teicniúla le fáil chun dul i mbun na hoibre? Ba mhaith liom fháil amach ón Aire an bhfuil sé sásta gur rud maith é an fhoireann sin a luaitear sa cheist a scaipeadh agus ansin bheith ag iarraidh rud éigin mar é do chur ar bun arís agus iad a thabhairt abhaile ó Shasana nó tír ar bith eile?
Níl aon tuairim agam ar na daoine a bhí i mbun na hoibre le h-aghaidh an aonaid scannán. Do réir an eolais atá agam ar an obair a bhí ar siúl acu, níor dheineadar aon obair den tsaghas seo agus d'éiríodar as an ghnó roinnt mí ó shoin.
Do chonnaic mé fhéin pictiúirí, tréimhseacháin nuachta agus cuid den chainnt as Gaeilge iontu.