Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Thursday, 29 Nov 1951

Vol. 128 No. 1

Written Answers. - Soláthair Leictreachais.

D'fhiafraí Peadar ó Duigneáin den Aire Tionscail agus Tráchtála an bhfuil ar intinn ag Bord Soláthair an Leictreachais aibhléis a chur ar fáil chomh fada leis an gCeathramhain Ruaidh, Contae na Gaillimhe; agus, más rud é go bhfuil, cén uair a tosnófar ar an obair.

Tá curtha in iúl dom ag Bord Soláthair an Leictreachais go ndearna an bord fiafraí, go luath an bhliain seo, ar cheanna tí i gCeantar na Ceathrún Rua faoi scéim leictrithe na tuaithe. Ní raibh ach fíor-bheagán a thoilgh glacadh le leictreachas agus, mar gheall ar sin, níl teideal ag an gceantar chun forbairte faoin scéim.

Theastódh méadú mór an méid a ghlacfadh le leictreachas sara mbeadh teideal ag an gceantar chun forbairte, mar atá cúrsaí faoi lathair. Ní féidir a rá cén uair is dóigh don cheantar forbairt a dhéanamh air.

Barr
Roinn