Is eol dom nach bhfuil Córas Iompair Éireann i ndon busanna a chur isteach go Leitir Móir ná Garumna toise droichid árithe ar an mbóthar a bheith contúirteach. Tá úsáid na ndroichead sin ag aon fheithicil atá os cionn trí thonna meáchain coiscthe ag Comhairle Chontae na Gaillimhe de bhun na geumhacht atá acu faoin Acht um Thract ar Bhóithre, 1933. Is toime ná sin go mór an bus is lú ag Córas Imopair Éireann, fiú gan aon phaisnéirí ann. Tá curtha in iúl dom ag an mBord go mbeidh áthas orthu busanna a chur isteach go Leitir Móir, Garumna agus Leitir Mealláin arís a luaithe a bheas na droichid deisithe.
The Dáil adjourned at 3.40 p.m. until 3 p.m. on Tuesday, 4th December, 1951.