Tairgim:—
Go ndeonfar suim nach mó ná £216,390 chun slánuithe na suime is gá chun íoctha an mhuirir a thiocfas chun bheith iníoctha i rith na bliana dar críoch an 31ú de Mhárta, 1953, chun Tuarastal agus Costas Oifig an Aire Oideachais agus chun Costas a bhaineas leis an gComhairle Oideachais.
An t-airgead atá á iarraidh sna hocht vótaí i gcóir na seirbhísí a bhfuil a riaradh mar chúram ar an Roinn seo agamsa is é is suim iomlán dó ná £10,252,000. Sin méadú iomlán de £193,810, agus is ionann sin agus méadú de 1.9 faoin gcéad ar mheastachán na bliana anuraidh.
Is é an méid iomlán atá dá iarraidh i mbliana ná £324,390. Is é an méid a soláthraíodh an bhliain seo caite, 51/52, náa £329,580. San tsuim sin bhí £39,490 ar son árduithe tuarastail. Ós rud é, ámh, gur bhain an tsuim sin £39,490 leis an tréimhse ón 5ú lá d'Eanáir, 1951, is é sin an lá a tosnaíodh ar fheidhmiú na n-arduithe sin i gcóir na Stát-Sheirbhíse go coitianta, go dtí an 31ú lá de Mhárta, 1952, is é an méid den tsuim sin a bhain leis an mbliain 1951/52 ná timpeall £32,500.
Seacht nduine is cúig céad an hoireann atá sa Roinn i mbliana— sin ceathrar níos lú ná foireann na bliana anuraidh. Bé faoi ndeara an laghdú sin ná an Scéim Eagair is Modh. Tá súil againn go mbeidh ar ár gcumas an fhoireann a laghdú a thuilleadh do réir mar is féidir tairiscintí eile faoin scéim sin a chur i bhfeidhm.
Os rud é gur faoin Vóta seo a thagann na costaisí a bhaineann leis an gComhairle Oideachais, sílim gur cheart tagairt choitianta a dhéanamh anseo don obair atá dá dhéanamh ag an gComhairle go dtí seo. Tá an Chomhairle ag gabhail fós do na ceisteanna a cuireadh faoina mbráid ag an Aire a bhí ann nuair a cuireadh an Chomhairle ar bun, is é sin
(1) Feidhm na Bunscoile, agus
(2) An clár ba cheart a leanúint ó bheith ina naíonáín do na daltaí go haois dhá bhliain déag dóibh.
Le linn tuairimí agus moltaí i dtaobh na goeisteanna sin a chóiriú, niorbh fholáir leis an gComhairle féachaint isteach go mion sna socraithe atá ann faoi láthair i dtaobh an bhun-oideachais agus an iar-bhunoideachais, agus go mór-mhór, i gceist na haoise inar cheart do na daltí éirí as an scoil, agus féachaint cad é an treo ba cheart, dar leis an gComhairle, a chur ar an oideachas suas go dtí an aois sin, agus ina dhiaidh. Tá an chuid sin d'obair na Comhairle geall le bheith críochnaithe. Níor mhiste, mar sin, bheith ag súil leis go mbeidh cnámha na tuairisce, an méid a bhaineann le feidhm na Bunscoile an chuid is lú dhe, i gcóir gan ró-mhoill.
De thoradh fógra nuachtáin agus cuireadh do chuallachtaí agus do chumainn áirithe, fuair an Chomhairle 69 ráiteas inar tugadh tuairimí agus moltaí i dtaobh na gceisteanna atá dá bplé acu. Ach toisc go raibh ar an gComhairle bheith ag fanacht le ráitis a gealladh dóibh, ní raibh ar a gcumas teacht le chéile uair sa mhí mar a bhí ar aigne acu a dhéanamh ar dtúis. Do tionóladh acu, ámh, ocht seiseon lae i rith na bliana.
Ba mhaith liom mo mhór-mheas agus mo mhór-bhuíochas a chur in iúl annso ar fheabhas na seirbhíse a thug an Cathaoirleach a fuaír bás le déanaí, An Canónach Ró-Oirmhidneach Donn cha Ó Caoimh. Is mór an t-aithreachas atá orm a leithéid d'fhear léinn agus oideachais a bheith caillte orainn. Ar dheis Dé go raibh a anam.
VÓTA 40—BUNOIDEACHAS.
Is é an méid iomlán atá dá iarraidh i gcóir na bliana seo, £7,333,160, sin luíodú de £9,790. Tá cuid de ranna an Vóta a bhfuil méadú beag gnáthdhálach tagtha orthu.
Tá méadú de 1,500 tagtha ar an meán-uimhir ar rollaí na scol náisiúnta thar uimhir na bliana anuraidh. 83.3 an meán-tinreamh laethúil ina chéadchodán den mheán-uimhir ar an Rolla. Níl sé sin chomh maith leis an gcéadchodán don bhliain 1949/50, is é sin, 85.1. Ach bhí galar tógálach go foirleathan sa tír in earrach na bliana 1951 agus do chuir sé sin isteach go mór ar an meán-tinreamh agus a bheag nó a mhór ar an meán-uimhir ar an Rolla.
Tá de rogha anois sna scoileanna an mheán-uimhir tinrimh nó an meán-uimhir ar an Rolla d'áireamh i gcúrsaí foirinne, agus fágann sin post an oide níos sabháltá, agus toradh eile gur fearr na foirne atá ins na scoileanna dá bharr.
Cé go bhfuil na Coláistí Oiliúna lán, níl dóthain oidí oilte ar fáil fós, agus is fíor é sin go mór-mhór i dtaobh na mban-oidí. Is féidir liom a insint don Dáil go bhfuil slithe dá n-iniúchadh agus dá meas im Roinn faoi láthair chun líon níos mó oidí oilte a chur ar fáil. Is do réir an ghná-nóis a thabharfar isteach iad. i. timpal 33? faoin gcéad gach bliain ó na Coláistí Ullmhucháin; lucht saor-iomaíochta, céimnithe ollscoile agus lucht Ord Rialta an chuid eile.
Sa bhliain 1951 bhí 32,209 ar an Teastas Bunscoile—an líon is mó ón mbliain 1944 anuas, agus d'éirigh sa scrúdú le timpeal 24,000 iarrathóir.
Tá trí nithe sa Vóta seo a bhaineann le hathbheochaint na Gaeilge .i. deontaisí do Choláistí ina mbíonn cúrsaí léinn doidi bonasai do thuisti agus do chaomhnóirí daltaí áirithe sa Ghaeltacht agus sa Bhreac-Ghaeltacht, agus deontas-i-gcabhair le haghaidh scoláireachtaí saoire sa Ghaeltacht. Ní móide go bhfuil gá feasta ag oidí na mbunscol le cúrsaí samhraidh sa Ghaeilge agus tá an costas faoin cinn-teideal seo imithe i luíod go mór. Ní foláir do na hiarrathóirí ar dhul isteach sna Coláistí Oiliúna labhairt agus scríobhadh na Gaeilge a bheith an-mhaith acu, agus is i nGaeilge a tugtar an teagasc sna Coláistí Ullmhucháin agus sna Coláístí Oiliúna. Ina theannta sin, is féídir an teastas dá-theangach a ghnóthú ag scrúduithe cínn-chúrsa na gColáistí Oiliúna. An bónas a tugtar do thuistí agus do chaomhnóirí ís do réir deontais cúig phunt an dalta oibrítear é. Tá méadú beag ar an mbónas i mbliana. Sa scoil-bhliain 1950/51 tugadh an bónas i leith 700 páisde agus daltaí bunscoile a bhfurmhór mór. Is le comh-oibriú Coistí na bPáistí a riartar an chion-íocaíocht le haghaidh scoláireachtaí samhraidh. Sa bhliaín 1951/52, bhí trí coistí páirteach sa scéim agus cuireadh 340 páiste chun na Gaeltachta.
Ba mhaith liom, i leith an Vóta so, tagairt don mhéid atá dá dhéanamh ar son an chinéil páistí a dtugtar de ghnáth páistí éislinneacha orthu. Is maith liom é bheith ar mo chumas a rá i dtaobh na scoileanna i gcóir na ndall, gur fusa anois níos mó den teagasc aonair, rud atá fíor-riachtanach, a thabhairt dóibh de bharr líon na n-oidí a mhéadú. Tá dóchas agam leis go mbeidh ar mo chumas an cineál céanna feabhais maidir le foirinn agus fearas a chur ar scoileanna na mbodhar is balbh. I dtaobh páistí a bhfuil éislinn aigne orthu, deirim anseo go poiblí gur mór é mo mheas ar an obair atá dá dhéanamh ag Bráithre, Mná Rialta agus tuath-oidí do na páistí seo i scoileanna na nOrd Rialta. Tá an scéal céanna le rá agam i dtaobh na scoileanna eile. Tá Bille faoi chomhairle an Aire Sláinte faoi láthair le haghaidh lucht éislinne, idir óg agus aosta, agus nuair a bheidh an Bille sin achtaithe ag an Oireachtas beidh ar mo chumas a chinneadh cad a bheidh riachtanach chun oideachas oiriúnach a thabhairt do na páistí éislinneacha seo. Má soláthraítear scoileanna oiriúnacha agus foirne dea-oilte is féidir páistí lag-intleachta d'oiriúint, is é sin, an méid díobh is inoilte, chun go mbeidh ar a gcumas iad féin a chothú, a bheag nó a mhór, agus dá bharr sin saol níos iomláine agus níos sona a chaitheamh.
Cé ná fuil mírcheann ar bith sa Vóta seo do thógáil na mBunscol is ar Roinn an Oideachais atá sé mar chúram na deontaisí atá le fáil chuige sin a dháileadh. I rith na bliana seo ghabh tharainn do roinneadh deontaisí de naoi gcéad míle punt. Níor deonadh riamh suim níos mó ná sin i mbliain amháin. Dá ainneoin sin féin nílim sásta leis an dul ar aghaidh atáimid a dhéanamh ar an mbóthar chun deireadh a chur leis na sean-tithe mí-fholláine, agus tithe oiriúnacha a chur ina n-ionad, tithe ina mbeidh gach áis agus fearas atá riachtanach. Táim chun mo dhícheall a dhéanamh chun an obair seo a bhrostú. Ní mór ina theannta sin féachaint chuige go gcoimeádfar na tithe scoile mar ba chóir, teas oiriúnach a bheith iontu sa droch-shíon, agus iad a choimeád glan folláin. Is é mo thuairim go bhfuil an córas seo againne—agus níl a leithéid eile ar domhan—anoiriúnach don tír seo, agus ag cuimhneamh ar an gcóras sin dom creidim gur cheart go mbeadh an mhuintir áitiúil, agus iad faoi stiúradh na mBainisteoirí, freagarthach i gcónaí, ar shlí chinnte dearfa, sna scoileanna, an méid a bhaineann lena dtógáil, a gcoimeád, a ndeisiú, a dtéamh agus a nglanadh. Ní leor an freagra atá dá fháil ón bpobal sna blianta deireannacha seo agus is iomó cúis atá leis sinCé go raibh an chion-íocaíocht áitiúil le haghaidh tógáil na scol sa bhliain atá díreach caite seacht 17.3 faoin gcéad den iomlán i gcomparáid le 13 faoin gcéad sa bhliain roímis sin, ní mór a thuiscint dá mbeadh na coiníollacha ar fheabhas gur chóir go bhfaghfaí trian den iomlán mar chion-íocaíocht.
Samhlófaí, dá bhrí sin, gur mhithid réiteach nua a dhéanamh a laghdódh a bheag nó a mhór na deacrachtaí a bhaineann leis an socrú atá ann faoí láthair. Is mór le rá agus is deacair ar fad mar fhadhb le réiteach conas is féidir scoileanna a sholáthar sna cathracha agus go mór-mhór i gCathair Bhaile Atha Cliath. An t-aistriú teaghlach go dtí ceanntracha nua cónaithe, cuireann sé go mór leis na deacrachtaí. Tá coiste comhorduithe ar bun sa chathair seo le tamall ar a bhfuil teachtaí ón Eaglais, ó na Ranna Stáit agus ó Bhárdas Bhaile Atha Cliath, agus tá mo Roinnse, le cúnamh an Choiste sin, ag féachaint chuige ná beidh feasta oiread moille agus a bhíodh idír aistriú na dteaghlach agus tógáil na scol sa limistéar nua. Tá dóchas againn ná beidh ar ball moill ar bith eatarthu.
Bhí ceisteanna tuarastail agus sochair oifige le haghaidh oidí na mBunscol dá bhféachaint agus dá bplé í rith na bliana faoín scéim idir-réitigh agus eadrána a cuireadh ar bun chun molta a thabhairt i dtaobh na gceisteanna sin. Is mór an sásamh aigne dhom é gur thárla socruithe tábhachtacha idir teachtaí ó Chumann na Múinteoirí Náisiúnta ar thaobh amháin agus teachtaí ó na Ranna Stáit ar an dtaobh eile. Tá glactha ag an Rialtas leis na socruithe sin agus tá na dualgaisi a thagann mar thoradh astu dá gcomhlíonadh. Ba léir an dea-mhéin agus an muintearas idir an dá thaobh le linn na ndiospóireachtaí agus na gcúrsaí gnótha uile, agus is maith an comhartha é ar an gcaidreamh a bheidh feasta idir an Roinn seo agus na hoidí gurbh fhéidir na socruithe sin do thabhairt chun críche gan dul thar an idirréiteach.
VÓTA 41—MEÁN-OIDEACHAS.
Is é méid airgid atá ag teastáil ná £1,268,970 nó £56,850 níos mó ná an méid do hiarradh anuraidh.
Sa bhliain airgeadais seo chuaigh thart bhí 10 meán-scoileanna aithinte sa bhreis ann, 434 in ionad 424, agus 1,500 scoláire sa bhreis, 50,179 in ionad 48,559. Tá an méadú leantach sin ar líon na scoláirí ar cheann de na tréithe is mó tábhacht ar fhorbairt an mheán-oideachais sa tír seo. Ní leor bliain amháin do chur is gcóimheas leis an mbliain roimpi chun an méadú mór sin d'fheiscint, ach má cuirtear 30,966 sa bhliain 1930 i gcoimheas le 50,179 sa bhliain 1952, chífear láithreach chomh mór is tá an méadú.
Tá mórán dá dhéanamh ag lucht ceannais na meán-scol le páirt-scoláireachtaí agus le hísliú táillí chun freastal ar an síor-mhéadú seo ar éileamh meán-oideachais. Déanann an Stát agus na Comhairlí Contae agus na Comhairlí Cathrach a gcion féin. Tairgeann an Stát 72 scoláireacht gach bliain do bhuachaillí, agus 40 scoláireacht do chailíní agus bronntar na scoláireachtaí sin de thoradh scrúdúcháin na meán-teistiméireachta. Seasníonn na scoláireachtaí seo ar feadh téarma dhá bhliain í meán-scoileanna aitheanta. Ina theannta sin, tugann an Stát 18 scoláireachtaí gach bliain de thoradh scrúdúcháin iontrála na gColáistí Ullmhúcháin. Gheibheann lucht buaite na scoláireachtaí seo oideachas saor ó chostas i meán-scoileanna maille le deontas le haghaidh fearaistí agus taistil. Ritheann téarma na scoláireachtaí seo cúig bhliana i scoileanna aitheanta de Cineál A. Tairgeann gach Comhairle Contae agus gach Comhairle Cathrach nach mór scoláireachtaí do mhicléinn ar mian leo cúrsaí léinn a leanúint i meán-scoileanna nó i gceardscoileanna. Sa bhliain 1951 tugadh 515 de na scoláireachtaí sin agus meán-scoileanna a thogh a bhfurmhór mór sin.
Sa bhliain 1950/51, bhí scoláireachtaí ó Chomhairlí Contae agus ó Chomhairlí Cathrach ag 1,813 dhuine de scoláirí meán-scoileanna. De bhreis air sin tairgtear gach bliain naoi gcinn déag de scoláireachtaí meán-scol faoi iomaíocht teoranta do réir rialacha bronntanais Erasmus Smith.
Sa scoil-bhliain 1950/51 glacadh el céad is a ceathair de scoileanna mar scoileanna de Chineal A, is é sin le rá gur i nGaeílge a tugadh teagasc na n-ábhar go léir ach amháin teagasc an Bhéarla agus na dTeangan Eorpach.
Ina theannta sin bhí 110 de scoileanna ina ndéantar cuid den teagasc i nGaeilge. Fágann sin 214 scoileanna as iomlán de 224 de scoileanna ina bhfuil Gaeilge ar barr nó ar an slí chun bheith mar sin. Bíonn toradh fónta fós le scéim na ndeontas speisialta a tugtar de bharr feabhais faoi leith i labhairt na Gaeilge.
Is chuige a cuireadh an scéim ar bun chun cabhrú le húsáid na Gaeilge mar ghná-theangain chaidrimh ag na daltaí lasmuich de sheomra na scoile agus chun cabhrú leo sa tslí sin chun an cruinneas agus an líofacht a ghnóthú a chuirfeadh ar a gcumas an Ghaeilge d'úsáid mar ghná-theangain labhartha tar éis éirí as an scoil dóibh. Seo mar oibrítear an scéim: tugtar deontaisí speisialta do scoileanna ina bhfuil caighdeán ard sroichte ag na daltaí i gcoitinne i labhaírt na Gaeilge. Tá cead ag gach scoil bheith páirteach sa scéim agus socraítear roinnt na ndeontas ar na limistéir cigireachta ar slí ná bíonn comórtas idir scoileanna a mbíonn difríocht so-fheicse eatarthu, maidir le caighdeán. Is amhlaidh a déantar suas liosta an aird feabhais go dtugtar na deontaísí dá réir: tógtar i ngach scoil atá páirteach sa scéim uimhir áirithe de dhaltaí a bheadh samphlach den scoil uile agus cuirtear faoi bhéil-triaileacha iad agus sna béil-triaileacha sin cuirtear suim faoi leith san méid a usáidtear an Ghaeilg lasmuich den seomra scoile. Nuair a cuirtear san áireamh a dheacara a bheadh sé scrúdú labhartha d'fheidhmiú do dhaltaí na meán-scol i gcoitinne meastar go dtugann an scéim seo toradh an-mhaith.
Is minic a castar leis an gcóras Meán-Oideachais seo againn-ne ná deantar cúram oiriúnach d'ábhair léinn atá fíor-chultúrach ar nós Ealaíon agus Ceol. Is fíor nach ábhair riachtanacha sa Chlár na hábhaír sin ach tugtar caoi oiriúnach do na scoileanna chun iad a chleachtadh agus leagtar amach cláir oiriúnacha sa dhá ábhar. An méid a saothraítear an Ceol pé scéal é sna scoileanna ní ceart é áireamh do réir an líon a thoghann an ceol mar ábhar ins na scrúduithe scríofa. Ina éagmais sin ar fad tairgeann an Roinn bónas le haghaídh cór agus ceolfhoireann agus déantar an bronnadh de thoradh scrúdúcháin a dhéanann painéal de cheoltóiri oilte ar son na Roinne.
Is é meán-uimhir na gCór a bhíonn páirteach gach bhliain le hocht mbliana anuas ná 195 de chóir agus 53 de cheolfhoirne. Sa scoil-bhliaín 1951/52, do chuir 230 de chóir agus 53 decheolfhoirne isteach ar na scrúduithe.
Do bhí an scéim idirréitigh agus eadrána i leith na meán-mhúinteoirí i bhfeidhm san bhliain atá caite agus an socrú a tháinig as an idirréiteach mí na Samhna seo a ghabh tharainn is mór mar a chuaigh sé chun tairbhe do na múinteoirí. Dála scéil na n-oidí bun-oideachais, ba mhór an sásamh aigne dhom an dea-mhéin agus an muintearas a taispeánadh ag díospóireachtaí na Comhairle Idirréitigh. Is beag an t-atharú a théann ar an obair ná ar an ngníomhacht coitianta a cleachtar sna meán-scoileanna maidir lena gcineál agus ní bítear ag braith ar athruithe réabhlóideacha ó bhliain go bliain. Níl gach aon duine sásta gur folláin ar fad an rud é an síorshodar seo i ndiaidh an mheánoideachais ná gurb é an cineál sin oideachais is fearr d'oirfeadh d'eacnamaíocht an náisiúin ach maidir le lucht ceannais agus teagaisc na meán-scol, níl amhras ar bith ná go bhfuilid ábalta agus éifeachtach.
VÓTA 42—CEARD-OIDEACHAIS.
Tá méadú de £69,950 ar an Vóta i gcóir Gairm-Oideachais. Ní hionadh méadú áirithe bliantúil í geás seirbhíse atá ag fás ar nós an Ghairm-Oideachais.
Tá 200 scoil Gairm-Oideachais ann anois, agus ina theannta sin b'éigin a lán dena scoileanna sna cathracha agus sna bailte móra a dhéanamh níos mó sna blíanta deireannacha seo. Sa bhliain atá caite, tugadh udarás chun ocht scoileanna nua a thógaint agus chun cur go mór le deich scoileanna eile. Cosnóidh sé sin £244,200. 85,573 sin é an líon mac léinn a bhí inrollaithe sna hilchineála ranganna a bhí ar siúl faoi Choistí Gairm-Oideachais san tseiseon 1950/51 i gcomparáid 85,948 sa tseiseon roimis sin, agus níor sáraíodh an t-iomlán sín riamh. D'fhás an uimhir a bhí inrollaithe sna cúrsaí lán-aimsire lae ó 17,885 go 9,230, agus sin uimhir nár sáraíodh fós.
Bé an t-iomlán a bhí inrollaithe ins na ranga tr thnóna agus sna ranga seiseanta ná 59,268 i gcomparáid le 61,082 sa bhliain 1949/50. I dtaobh 8,738 díobh sin micléinn do b'ea iad a bhí ag lorg teagaisc in ábhair áirithe a bhain lena gcearda nó le na slithe bheatha féin agus an chuid eile— 50,530 is amhlaidh a bhí suim acu sna hábhair éagsúla ar chúiseanna áirithe a bhain le cultúr, nó le teaghlachas, nó ar chúiseanna pearsanta eile.
Tá oiliúint na bprintíseach tagtha chun cínn go mór agus i roinnt mhaith ceard scaoiltear anois le hoibrithe óga ar feadh tréimhsí oiriúnacha gach seachtain nó ar feadh tréimhse iomlán de chúpla mí gach bliain dá bprintíseacht chun tinnreamh ar ranga lae i scoileanna Gairm-Oideachais. Sa tseiseon atá caite bé an líon printíseach do scaoileadh saor amhlaidh sin chun tinnreamh ar chúrsaí páirt-aimsire lae ná 2,027 agus diobh sin do bhain 1,211 le cathair Bhaile Átha Cliath.
Ní foláir d'urmhór na bprintíseach agus na n-oibrithe óga bheith ag brath fós ar ranga tráthnóna chun ceardoideachais foirmiúil d'fháil. Is trua sin mar an aigne a bhíonn tuirseach tar éis obair agus buaireamh an lae ní bhíonn sí ar bharr a maitheasa chun teagasc teicniceach a ghlacadh isteach agus ní hannamh tarrac na n-ilchineál caiteamh-aimsire a bhíonn le fáil go flúirseach sa tráthnóna ró-láidir don duine óg. Tá súil againn dá bhrí sin go dtiocfaidh de thuiscint chun tuilleadh fostóirí gur cheart agus gur chiallmhar an rud é printísigh agus oibrithe óga eile a scaoileadh saor ón obair cupla leath-lá sa tseachtain chun tinnreamh ar ranga lae osna Ceárd-Scoileanna.
Is mór tábhachtach mar chéim ar aghaidh é bunú na gcúrsaí ar eolaíocht sóisialta atá dá dtabhairt ag na trí. Coláistí den Ollscoil i dteannta na gCoisdí Gairm-Oideachais. I gCoreaigh a soláthraíodh na cúrsaí léinn seo ar dtúis i gcóir fostóirí, lucht na gceardchumann, agus oibrithe óga ach anois tá cead ag cách tinnreamh orthu. Níorbh fhada gur leathnaíodar amach ó Chorcaigh go cathracha eile ar fud na tíre agus ina dhiaidh sin go dtí na bailte beaga agus ceantracha tuaithe. Tá trí déag d'ionaid i gCúige Mumhan fé láthair, sé hionaid i gCúige Laighean agus tá cúrsa neamhspleách dá thabhairt ag Coláiste na hOllscoile i nGaillimh.
Dul ar aghaidh taithneamhach eile i gcúrsaí oideachais i gcoir na ndaoine fásta is ea bunú na rang cór-cheoil. Do cuireadh ar bun i gContae Chorcaighe sa tseiseon 1948/49 scéim na rang cór-cheoil agus do cheap an Coisde duine a bhí mar oide Gaeilge agus cór-cheoilina thimire speisialta i gcóir an chór-cheoil. Tá an scéim sin bunaithe go daingean anois agus ba mhór an bhail ar an oideachas a leithéid de scéim a bhunú i limisteírí na gCoistí eile.
Cúrsaí eile atá an-tábhachtach is ea na cúrsaí i gCeárdúlacht tuaithe a tugtar fé stiúradh na gCoisdí Gairm-Oideachais. Nuair a cuimhnítear ar an méid atá an meaisín ag gabháil ceannais ar an saol agus ar an méid atá leictrichiú na tuaithe ag dul ar aghaidh is fuirist a tuiscínt gur riachtanaí ná riamh ardchaighdeán ceardúlachta agus deaslámhachta. Tá ceaptha cúrsaí tuathghaibhneachta do chur ar siúl an samhradh seo sna bailte seo: Muimhneachán, Roscomáin agus an tInbhear Mór agus tá ceaptha cúrsaí ar fhoirgníocht tuaithe a chur ar siúl in ocht gcinn d'ionaid, is é sin Muileann Cearr, Acaill, Cill Rois, Cill Chathlaigh, Móin Chuinn, An Obair, Co. na Midhe, Baile na Míle, Co. Phortláirge agus Ospidéal, Co. Luimnigh. Do cheardaithe óga nó do phrintísigh sna cearda atá luaite na cúrsaí sin. Cuirfear scrúdú ar na mic léinn ag deireadh na gcúrsaí gaibhneachta agus tabharfar teastaisí de thoradh an scrúdúcháin sin. Sna cúrsaí foirgníochta déanfar teagasc ar na hoibriúcháin go léir a bhaineann le tógáil an bheagfhoirgnimh, cuir i gcás tógáil tí dhá úrlár. Mar sin tabharfar don cheardaí óg teagasc luachmhar nach fuirist a fháil sa tuaith.
Do tugadh cúrsaí ar fhoirgníocht feirme ina lán ionad ó am go ham chun a chur ar chumas na bhfeirmeoirí feidhm a bhaint as an deontas a thugann An Roinn Talmhaíochta i gcóir tithe, agus chun oiliúint speisialta a thabhairt dóibh ar obair choitianta deisiúcháin. An cúrsa ba mhó le rá dár tugadh an seiseon seo ghabh tharainn is ar an Ráithín i gCo. Chiarraighe a bhí sé. Is amhlaidh ba mhian le muintir na háite cóir slí do sholáthar chun ranga lámh-oibre a chur ar siúl do dhaoine fásta. Laistigh de dhá mhí bhí foirgneamh tógtha ina raibh seomra mór amháin i gcóir lámh-oibre agus seomra beag ranga. Faoi stiúradh dhá theagascóir lámh-oibre, duine acu a bhí na ard-mháistir, a deineadh an tógáil. Tá an foirgneamh ar fáil anois mar scoil Ghairm-Oideachais agus níor chosain sé ach £800 ar Choiste Gairm-Oideachais Chontae Chiarraighe.
Is mór an tógáil chroí dhúinn an iarracht áitiúil seo, agus tá súil agam go leanfaidh a lán áit eile sampla na Ráithíneach.
Tosnófar an Deireadh Fómhair seo chugainn ar chúrsa dhá bhliain chun fiche teagascóir obair adhmaid d'oiliúint. Tosnaíodh ar dhá chúrsa eile an Deireadh Fómhair seo caite, ceann le haghaidh sé dhuine dhéag de theagascóirí obair miotail, agus an ceann eile le haghaidh fiche teagascóir obair adhmaid. Críochnófar an dá chúrsa sin mí an Mheithimh na bliana seo chugainn. An Cúrsa i gcóir seacht nduine dhéag de theagascóirí tuaith-eolaíochta ar ar tosnaíodh an Deireadh Fómhair seo caite críochnófar é sin leis mí an Mheithimh na bliana seo chugainn. Tosnófar ar cúrsa eile arís an Meán Fómhair seo chugainn—is é sin cúrsa i gcóir chúig dhuine fichead de theagascóirí Ghacilge agus Abhar Leantach, agus críochnófar é ar an Meitheamh, 1953. Glacaim an chaoi seo chun mo bhuíochas a ghabháil le lucht ceannais na hOllscoile i gCorcaigh agus leis na Coisdí Gairm-Oideachais i gCathair Bhaile Átha Cliath agus i gCathair Chorcaighe de bharr an chúnaimh a thugadar don Roinn i dtaobh na gCúrsaí seo. Thugadar an cúnamh sin go fial, flaithiúil.
Ina theannta sin uile tionólfar, mí Iúil seo chugainn, cúrsaí gairide samhraidh ar modha múinte tuaith-eolaíochta agus Gaeilge faoi scéimeanna gairm-oideachais. Is chuige atá na cúrsaí seo dá gcur ar bun chun a chur ar chumas céimnithe ollscoíle agus fochéimnithe na teastaisí faoi leith a thugann an Roinn a ghnóthú san Tuaith-Eolaíocht agus sa Ghaeilge leith ar leith. Cáilíochtaí riachtanacha na teastaisí sin a bheith ag an té a dheineann teagasc na n-abhar sin i scoileanna gairm-oideachais.
Tionólfar cúrsa ar Tuath-Fhoirgníocht i mBéal Átha na Sluagh, Co. na Gaillimhe, chun teagascóirí Obair Adhmaid a toghfar d'oiliúint ar oibriúcháin éagsúla na Foirgníochta, ionas go mbeidh ar a gcumas sin arís cúrsaí ar Tuath-Fhoirgníocht a thabhairt do phríntísigh ina gcontaethe féin.
Tionólfar cúrsa i gCathair Chorcaighe ar láimhseáil meaisíní talmhaíochta chun teagascóirí an obair mhiotail d'oiliúint ar úsáid agus ar dheisiú na meaisíní sin ionas go mbeidh ar a gcumas mic léinn na scoileanna gairm-oideachais agus feirmeoirí a bhaineann le Macra na Feirme a chomhairliú agus a theagasc ar úsáid agus ar choimeád na meaisíní sin. Tionólfar cúrsa eile i gCathair Chorcaighe ar tuaith-eolaíocht agus is é a chuspóir sin ná eolas praicticeach a thabhairt do theagascóirí an ábhair sin ar an gClár nua tuaith-eolaíochta i gcóir cúrsaí gairm-oideachais lae .i. an Clár a cuireadh timpeall chun na gCoistí gairm-oideachais le déanaí.
Tá ar intinn ag Coistí gairm-oideachais dhá chúrsa athnuachainte i gcóir teagascóirí a thionóladh. Cúrsa ar Cheirdne Tí ceann díobh seo, agus is i gcóir teagascóirí tís é agus faoi stiúradh Coiste Ghairm-Oideachais Chathair Phortláirge a bheidh sé. Cúrsa CeardTeastais Gaeilge an ceann eile agus tionólfar é sin sa Cheathrú Rua faoi stiúradh Choíste Ghairm-Oideachais Cho. na Gaillimhe.
I dtaobh an Chúrsa ar tuaith-eolaíocht i gCorcaigh, ba mhaith liom tagairt faoi leith a dhéanamh do thriail nua a tosnaíodh an tEarrach so caite. Is é atá i gceist agam ná an scéim tionscaintí le haghaidh daoine óga a cuireadh ar bun le déanaí ag Móin Chuinn i gContae Chill Coinnigh. Do bhí comhdhála ag an Roinn le teagascóirí tuaith-eolaíochta de chuid na gCoistí gairm-oideachais agus de thoradh na díospóireachta a tharla do cheap an Roinn nár mhór an tuaith-eolaíocht a láimhseáil ar slí níos praicticiúla agus do bheartaigh scéim obair tionscnaimh do na mic léinn. Is é brí an scéil nár mhór do na mic léinn obaír speisialta praicticeach éigin a dhéanamh sa bhaile, cuir i gcás, gamhain nó banbh a chothú, coirceog bheach a choimeád, éanlaithe tí a thógaint, bog-thoraí nó blátha nó eile a chur ag fás.
Do tharla go raibh Macra na Feirme timpeall an ama chéanna ag cuimhneamh ar conas fhéadfaidís suim a mhúscailt ag a ndritháireacha agus a ndriféaracha óga sa bhFeirmeoireacht agus i saol na tuaithe. Tharla go raibh ceaptha acu cumainn sóisear a chur ar bun. Do thuig Macra na Feirme ná féadfaidís beartú fónta a dhéanamh mura bhfaghaidís cúnamh a n-eolais agus a dtaithí óna teagascóirí tuaith-eolaíochta atá ag obair faoi na coisdí gairm-oideachais, agus d'iarr an Mhacra orm cabhair na Roinne a sholáthar dóibh. Tar éis diospóireacht an-cháirdiúil, ba léir go raibh an Macra agus an Roinn ar aon-aigne go bhféadfadh an scéim seo an-mhaitheas a dhéanamh, agus do socraíodh triail a bhaint aisti i ndosaen ionad nó mar sin i mbliana. Tá na triaileacha faoi stiúradh na dteagascóirí tuaith-eolaíochta sna háiteanna éagsúla, ach toisc gur sa bhaile a déantar iad ní foláir comhoibriú na dtuistí a bheith le fáil. Do gheall Macra na Feirme go ndéanfaidís gach dícheall sna cumainn áitiúla ar an gcomhoibriú sin do chur ar fáil agus do ghabhadar mar dhualgas orthu féin gach ullmhú a dhéanamh sna hionaíd ina mbeadh scéim na mbeart tionscnaimh le cur ar bun.
Glactar go forleathan anois, mar fhianaise cáilíochta i gcóir cinéala áirithe fostaíochta, leis na Teastais do Ghairm-chúrsaí Lae, go mór-mhór iad so a bhaineann le lámh-obair agus le tráchtáil.
I dtaobh na mac léinn a dhein freastal ar na cúrsaí leantacha lán-aimsire lae agus a chuaigh faoi scrúdú teastaisí, bhí méadú ar líon na n-iarrathóirí ó 2,954 sa bhliain 1950 go 3,243 sa bhliain 1951 agus d'éirigh céadchodán na bpás ó 61 go 66.
Bíonn scéim scrudúcháin in ábhair single le haghaidh mic léinn na ranganna tráthnóna ar siúl faoi stiúradh na Roinne gach bliain. Ceaptar cuid de na scrúduithe seo ar shlí go n-oirfidís go speisialta do riachtanaisí na macléinn a bhíonn ag iarraidh cáilíochtaí teicniciúla sna ranga ceárd agus teicníochta idir ranga lae agus ranga tráthnóna. Sna scrúduithe sin déantar triaileacha béil, triaileacha praicticiúla agus triaileacha scríofa d'oirfeadh do chaighdeáin éagsúla na mac léinn. 20,575 a chuaigh faoi na scrúduithe sin anuraidh, is é sin timpeall an líon céanna is chuaigh an bhliain roimis sin.
VÓTA 43—EOLAÍOCHT AGUS EALAÍON.
Tugtar faoi ndeara go bhfuil méadaithe ina lán de na fó-mhírchinn a thagann faoi'n vóta seo. Baineann a bhfurmhór le gníomhachtaí náisiúnta agus cultúrtha. An £3,500 a soláthraítí go dtí seo chun leabhair, láimhscríbhinní agus aroile a cheannach don Leabharlainn Náisiúnta ní leór é. B'éigin, sa bhliain 1951/52 meastachán breise de £1,250 a thabhairt isteach chun a chur ar chumas na leabharlainne a lom-riachtanais a shású agus dá bhrí sin, tá £1,000 eile dá thabhairt mbliana.
Tá £1,000 dá chur leis an £5,000 a ceadaíodh cheana chun análacha de chuid na hÉireann atá i dtíortha iasachta do bhreithniú agus cóipeanna a dhéanamh díobh. Tá breithniú iomlán déanta ag an Leabharlainn Náisiúnta ar a bhfuil de na hanálacha seo cláraithe i Leabharlanna iasachta, agus le cabhair an deontais bhliantúil faoin vóta seo, is ró-dhócha go mbeidh cóipeanna de na hanálacha atá i gceist le fáil san Leabharlainn Náisiúnta ar ball.
Tá an soláthar don Chomhar Dramaíochta árdaithe ó £2,500 go dtí £3,100. Is é cúis is mó atá leis an méadú so ná an t-aistriú ó Amharclann na Mainistreach go hAmharclainn na Banríona.
Tá an deontas do Chumann Drámaíochta na Scol dhá ardú ó £340 go £590 chun go bhféadfar an obair thábhachtach atá dá dhéanamh aige a leathnú amach.
D'éirigh chomh maith sin anuraidh leis an Scéim deontais do chumainn drámaíochta sa Ghaeltacht gur beartaíodh £250 d'iarraidh mar mhéadú ar an £500 a tugadh anuraidh.
Tá ar intinn agam £3,000 a chur leis an £6,000 a soláthraíodh cheana le haghaidh Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge. D'fhéadfadh an chuallacht seo obair ana-thábhachtach agus anríachtanach a dhéanamh le comhcheangal agus comhordú a dhéanamh ar ghníomhachtaí na gcuallachtaí éagsúla atá ag obair ar son na teangan. Agus é seo go speisialta, gurab í an Chomhdháil is mó faoi ndeara an fás mór atá tagtha ar cheannach na leabhar Gaeilge ar fud na tíre. Tá ar intinn ag an gComhdháil raint oiriúnach den mhéadú deontais a chur le leathnú na h-oibre sin.
Tá ar aigne agam an chioníocaíocht leis an Oireachtas d'ardú go £1,250. Is mór é tábhacht na féile seo. Samhlaíonn sé dhúinn an dul ar aghaidh atá déanta i dtaobh na Gaeilge agus an caighdeán atá bainte amach go coitianta, ach ina theannta sin tugann sé le chéile furmhór na ndaoine atá gníomhach in aithbheochaint na Gaeilge ionas go mbíonn ar a gcumas a smaointe, a dtuairmí agus a dtaithí do chur i gcóimheas in atmosphiar taithneamhach.
Tá an chioníocaíocht i gcomhair na dtréimhseachán Gaeilge dá árdú ó £9,600 go £10,360—sin árdú de £760. An t-árdú atá tagtha ar chostaisí cló agus páipéir faoi ndeara sin.
Iarrtar árdú de £500 i gcóir Institiúid Náisiúnta na Scannán. Is é cuspóir choitianta an deontais a tugtar don chuallacht seo ná a chur ar a gcumas leabharlann de scannáin oiriúnacha oideachais a chur le chéile agus chun na scannáin Ghaeilge a chur dá n-úsáid níos coitianta. Anuraidh do chuir an Institiúd leagan cainte Gaeilge le sé cinn de scannáin oideachais, agus táthar ag beartú chun dul ar aghaidh i mbliana le húsáid scannán agus stiallscannán sna scoileanna.
Táthar chun £1,000 sa bhreis do thabhairt don Choiste um StairEaladhna. Is é tuairim an Choiste go bhfoillseofar i mbliana an staidéar a tosnaíodh sa bhliain 1947 ar an nGorta Mhór.
Níor tugadh aon deontas faoin mír-cheann deontaisí do Choláistí Gaeilge sa Ghaeltacht sa bhliain 1951/52 ná in aon bhliain roimhe sin, ach cuíreadh £12,000 ar fáil do Chomhaltas Uladh i meastachán breise sa bhliaín 1951/52. Níor híocadh aon airgead leis an gComhaltas, toisc ná raibh an Dintiúir Iontaobhais ullamh acu.
Is é méid atá dá chur ar fáil faoin mírcheann seo i meastacháin na bliana 1952/53 ná £7,500.
Ceann de na coiníollacha ar a n-íocfar na deontaisí seo is ea go ndéanfaidh sealbhóirí nó iontaobhuithe na gcoláistí connradh trí Dhintiúr Iontaobhais gur mar mhaithe le forbairt na Gaeilge amháin a úsáidfear na tithe, agus má bristear téarmaí na Dintiúire go mbeidh suim an deontais mar fhiacha ar an tseilbh i bhfoirm morgáiste.
Tá £100 dá chur ar fáil le haghaidh mion-chostaisí a bhaineann le taispeántaisí de phictiúirí a dhein daltaí anseo is annsiud ar fud na tíre. Taispeánfar Líníocht agus Deannaireacht a chuireann na daltaí isteach ar chomortaisí trí Radio Éireann. Bíonn samplaí breagha d'obair ealaíonta na bpáistí sna taispeántaisí seo, agus meastar gur chóir go bhfeicfeadh an pobal iad, go speisialta, páistí, tuistí agus múinteoirí. Is é Radio Éireann agus an té a chuir tús leis an gcomórtas a dhéanfaidh socrú chun na taispeántaisí do chur ar bun agus díolfaidh an Roinn Oideachais na costaisí as an deontas seo.
VÓTA 44—SCOILEANNA CEARTÚCHÁIN AGUS SCOILEANNA SAOTHAIR.
£236,700 an méid airgid a meastar don bhliain seo nó £50,490 níos mó ná an méid glan a tugadh le haghaidh na bliana atá caite, 1951/52. Taobh amuigh den £200 sa bhreis a caithfear ar thuarastail, is é rud is cúis don mhéadú ar an meastachán ná méadú ar na Deontaisí Caipitíochta. Ar an gcéad lá d'Eanáir sa bhliain 1951, méadaíodh Deontaisí Caipitíochta ón Stát le haghaidh cothú cionntóirí óga agus daltaí ar a gcoimeád i Scoileanna Ceartúcháin agus i Scoileanna Saothair: méadaíodh na deontaisí ó 12/-go dtí 14/6d. sa tseachtain i gcás na Scoileanna Ceartúcháin agus ó 9/6d. go dtí 12/- i gcás na Scoileanna Saothair. Cuíreadh 3/- sa tseachtain leis na deontaisí sin ar an gcéad lá d'Eanáir i mbliana. Siad na rátaí íocaíochta ón Stát atá i bhfeidhm anois na 17/6d. sa tseachtain do na Scoileanna Ceartúcháin agus 15/- do na Scoileanna Saothair. Méadaíodh cioníocaíocht na nUdarás Aitiúla do réir na méaduithe sin.
Is é méid airgid a hiarrtar le haghaidh na Scoileanna Ceartúcháin i mbliana ná £11,700 nó £1,850 níos mó ná mar hiarradh anuraidh. Is é méid an mheastacháin le haghaidh cothú sna Scoileanna Saothair ná £230,410 nó £42,510 níos mó ná meastachán na bliana seo caite.
Tá tuilleadh slí dá chur ar fáil san Scoil Ceartúcháin sa Daingean, is é sin le rá, dhá sciathán nua ina mbeidh seomraí ranga, seomraí codlata, seomraí glantacháin, agus ceardlanna. Críochnaíodh sciathán amháin san Samhradh sa bhliain 1949 agus is dóigh go mbeidh an dara sciathán réidh roimh deireadh na féil-bhliana seo.
Bíonn deichniúr ar an meán-mhéid ar a gcoimeád san Scoil Ceartúcháin i gCill mo Choda, ach níorbh fhéidir costaisí reatha do ghlanadh dá mbunuítí deontaisí an Stáit ar an líon atá dá gcoimeád ann uair áirithe. Dá bhrí sin, tugtar íocaíocht do bhainisteoirí na scoile sin le haghaidh ceathracha, gidh ná fuil san uimhir sin ach buille faoi thuairim.
Ar an 31 ú lá de Mhí na Nollag 1952, bhí 227 páistí sna Scoileanna Ceartúcháin, agus 6,195 sna Scoileanna Saothair. I gcoitinne, taispeánann na huímhreacha sin laghdú beag i gcoimheas le na huimhreacha ar an dáta céanna sa bhliain 1950. Is é Teach Maol Bhríde, Glas Naoidhean, an t-aon áit choimeádta amháin atá faoi chumhacht mo Roinnese. Tá slí ann do 50 buachaill. Aon duine dhéag sa ló an meánlíon a bhí ann sa bhliain darbh chríoch an 28ú Mí Feabhra, 1952 agus 28 an líon ba mhó a bhí ann lá ar bith. Ordaítear buachaillí isteach ann ar feadh tréimhsí nach faide ná mí nó cuirtear ann iad go sealadach go dtí go dtugtar breith na Cúirte orthu. Glacann cuid de na Scoileanna Saothair le daoine óga a hordaítear isteach mar sin nó a coimeádtar go sealadach go dtrialtar iad agus dá bhárr san bíonn a thuilleadh slí le fáil do chásanna den tsaghas san.
Tá an scéim faoi shaoire sa bhaile do thabhairt do dhaltaí na Scoileanna Saothair dá oibriú go sásúil. Tugadh saoire sa bhaile do thimpeall is 2,300 dalta sa bhliain 1951. Creideann mo Roinnse go ligeann na bainisteoirí dahaí abhaile ar saoire i gcónaí nuair is féidir é sin do dhéanamh gan díobháil a dhéanamh do na daltaí féin. Aon lá déag is fiche an tréimhse saoire is faide a tugtar. Nuair nach féidir nó nach cuí daltaí a ligean taobh amuigh den scoil ligtear ar shealga nó ar thurasanna iad. Soláthraíonn líon beag de na scoileanna campaí cois fairrge do na daltaí nach féidir a ligean abhaile ar saoire.
VÓTA 45—INSTITIÚD ÁRD-LÉINN BAILE ÁTHA CLIATH.
Tá £6,700 de mhéadú ar an meastachán don Vóta seo. Is éard faoi ndear an méadú sin ná méadú ar thuarastail na Foirne Acadúla agus na Foirne Feidhmiucháin, tuarastal don triú hollamh sinsearach i Scoil na Fisice Teoraicí, agus costas Miocrofotoméadair Pláta le haghaidh na Réadlainne nDún Sionca.
Ghabh Scoil an Léinn Cheiltigh uirthi féin atlas de chanúintí na Gaeilge do dhéanamh agus tá an obair sin ag dul chun cinn go rialta. Tá an chuardach déanta cheana féin ins an gcuid is mó de na ceanntair inarbh éigin é dhéan, amh gan mhoill i dtreo gur féidir a rá go bhfuil an chuid is cruaidhe den obair déanta.
Rinne ionadaí de chuid na Fisice Cosmaí cúrsa faire i mBloomfontein leis an gciandarcán Armagh-Dunsink-Harvard, agus cuireadh toscaireacht go Khartoum le faireadh ar an urú gréine i mí Feabhra i mbliana.
Leanadh den taighde ar ilchineál ábhar i Scoil na Fisice Teoiricí.
VÓTA 46—AN GAILEIRÍ NÁISIÚNTA.
Tá £250 dá chur le meastachán an Ghaileirí Náisiúnta (mírcheann D) le haghaidh léachta poiblí i dtaoibh na bpictiúirí sa Ghaileirí. Táthar ag súil go dtabharfar dhá léacht sa tseachtain ar na pictiúirí, ceann ar an nDomhnach agus ceann ar lá eile den tseachtain: uair amháin sa mhí tabharfar léacht an Domhnaigh i nGaeilge. In éincacht leis sin b'fhéidir go bhféadfaí léachta sa bhreis do sholáthar dá mbeadh scoileanna nó lucht oideachais eile ghá n-éileamh, nó léachtaí ón iasacht d'fhostú corr-uair nuair bheadh duine den tsaghas san i mBaile Átha Cliath ar cuaird. Tuigfear, áfach, ná fuil ins an socrú seo ach triail gur féidir a athrú am ar bith más gá sin do réir mar innseoidh an taithí dúinn é.
Tá £1,250 i Mír-cheann D de Vóta 46 chun cóipeanna daite de mhéid cárta poist do dhéanamh de chuid de na pictiúirí is mó tábhacht sa Ghaileirí le húsáid i gcúrsaí oideachaís. Táthar ag súil gur féidir fiche cóip do dhéanamh sa bhliain airgeadais seo.
Sin agaibh anois cuntas, cuntas gur gá do bheith gairid, ar obair mo Roinnse sa bhliain seo chuaigh thart. Ní raibh aon rud íontach agam le haíthris agus measaim nár b'fhearr riamh é. Is fada ó bhí an córas oideachais seo againnne dá thástáil ar triail: do mhúnlaigh an aimsear, agus an taithí agus riachtanaisí an phobuil é gur dheineadar córas de ná tagann ach mion-phointí d'athrú air ó bhliain go bliain. Tá cuid mhaith de thréithe an chórais oideachais gur chóir dúinn bheith buíoch mar gheall orthu, agus ní hé tréith is lú tábhacht díobh sin an tslí a dtagann an Eaglais agus an Stát le chéile. Áirím an tréith sin ar na buadha is mó dá bhfuil againn. Bíodh is go bhfuil lochta beaga air annseo is ansiúd, fé mar bhíonn ar rudaí a cheapann an cine daonna, téim i dtreise a ráite go bhfuil an córas oideachais seo againne inchurtha ina iomlán le córas oideachais tíre ar bith eile gur féidir dúinn an dá chóras do chur i gcómheas le chéile.