Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Thursday, 18 Nov 1954

Vol. 147 No. 6

Ceisteanna — Questions. Oral Answers. - Na Deontaisí £5.

D'fhiafraí

Seán Mac Eochagáin

den Aire Oideachais an abróidh sé cén fáth nach n-íocfaí deontas £5 le páistí na Gaeltachta roimh Nollaig gach bliain ó tharla gurb shin é an t-am is mó a mbíonn sé ag teastáil uathu le haghaidh bróga agus éadach maith a chur orthu le haghaidh an gheimhridh.

Tá sé ar cheann de na coinníollacha a ghabhann le tuilleamh an deontais £5 go gcaitheann páiste scoil a fhreastal go féiltiúil ar feadh na scoil-bhliana as a n-éilítear an deontas. Críochnaíonn an scoilbhliain an 30 Meitheamh. Dá bhrí sin ní féidir do na cigirí tosnú ar an obair fhiosrúcháin is gá a dhéanamh roimh mhí Iúil agus is beag fiosrúchán a bhíonn ar a gcumas a chríochnú roimh na laetheannta saoire scoile.

Níl san obair fhiosrúcháin a bhaineas leis an ndeontas £5 ach aon ghné amháin de chúram na gcigirí. Toisc fairsinge na gceantar is troime iarratas ar an ndeontas agus toisc an ollmhéid fiosrúcháin is gá do chigirí na gceantar sin a dhéanamh, ní fhéadfaidís deighleáil leis na hiarratais uile roimh an Nollaig fiú dá gcaithidís a gcuid ama ar fad leis an ngné sin dá gcuid oibre. Tuigim go maith amhthach go mb'fhearrde dá mbéadh an deontas íoctha roimh Nollaig agus féachtar i gcónaí lena íoc roimh an am sin leis an oiread teaghlach agus is féidir. Is oth liom nach bhféadaim geallúint a thabhairt go n-íocfaí leo uile é roimh Nollaig in aon bhliain amhain. Geallaimse don Teachta go ndéanfar gach iarracht chun na deontaisí íoc chó luath is féidir.

Barr
Roinn