Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 15 Dec 1954

Vol. 147 No. 11

Written Answers. - Cás Mhuintir Inis Orc.

D'fhiafraigh

den Aire Tailte an eol dó nach bhfuil fágtha in Inis Orc, Contae na Gaillimhe, ach ocht líon tí agus gur ar éigin atá dóthain fear láidre anois ann le freastal ar an bpobal beag seo, go bhfuil talamh agus tithe ar díol faoi láthair ar an gCloigeann a bhféadfaí a n-oiriúnú ina gcomhair, agus nach bhfuil aon áit eile comhgarach ar an mór-thír a d'fheilfeadh dóibh, agus, más eol, an iarrfaidh sé ar Choimisiún na Talún an talamh agus eile a cheannach le go gcuirfidh an pobal seo fúthu air.

Táim tar éis a iarraí ar Choimisiún na Talún an ceist seo a scrudú.

Barr
Roinn