Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Thursday, 24 Feb 1955

Vol. 148 No. 6

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Céibh Inis Thoir.

D'fhiafraigh

den Aire Rialtais Aitiúil an bhfuil comhairle cinnte fós an moladh i dtaobh céibh Inis Thoir d'fheabhsú a chur i gcrích.

Níl aon chinneadh déanta fós maidir leis na muir-oibreacha feabhsúcháin a luaitear sa cheist.

An féidir leis an Aire a rá an bhfuil Oifig na Gaeltachta agus na gCeanntar gCúng ann i gcomhnaí? Bhfuil aon obair dhá déanamh ann?

Tá sé seacht mí ó cinneadh ar an rud seo i dtosach. Cén chúis atá leis an moill seacht mí chun an ceist seo a chinneadh?

Tá a fhios agam go hana-mhaith go bhfuil an ceist seo dhá plé le trí nó ceithre bliana. Tá a fhios ag an Teachta chomh maith agus atá agamsa.

Nach bhfuil fhios ag an Aire go bhfuil tuarascáil ar an gceist seo istigh ins an oifig? Tuige nach dtugann sé fhéin breithiúnas air?

Ní mise amháin.

An admhaiónn an tAire go bhfuil an tuarascáil istigh an oifig?

Cén fáth go bhfuil moill sé nó seacht mí sa cheist mar sin?

Fan go fóill agus chífir.

Barr
Roinn