Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Thursday, 10 Nov 1955

Vol. 153 No. 5

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Ath-Áitiú Muintir Inis Oirc.

D'fhiafraigh

den Aire Rialtais Aitiúil ar dearnadh aithris chúise leis trí Oifig na Gaeltachta agus na gCeantar gCúng i dtaobh muintir Inis Oirc d'ath-áitiú ar an mór-thíré; agus, má rinneadh, an dtig leis a rá an ngéillfear don iarratas.

Tá cás mhuintir Inis Oirc á scrúdú le tamall fada anuas ag an gCoiste Eadar-Roinne atá ag gabháil le hOifig pa Gaeltachta agus na gCeantar gCúng. Scrúdaigh an Coiste le déanaí arís é. Ní fheicim gur féidir mórán a dhéanamh i dtaobh na ceiste i láthair na huaire. Tá deacrachtaí móra ann maidir le talamh d'fháil do na hOileánaigh ar Inis Bó Finne nó ar an mór-thír gairid don Oileán.

An bhfuil fhios ag an Aire—agus mura bhfuil fhios aige, an bhfiafróidh sé den Aire Tailte—go bhfuil feirm mhaith le fáil ar an mór-thír, cómhgarach don oileán? An féidir leis an Aire féachaint chuige go gcuirfear an fheirm sin ar fáil do na daoine atá fágtha ar Inis Oirc?

Caithfidh mé bheith sásta ar dtúis go mbeadh na daoine atá ar an oileán sásta dul go dtí an mór-thír, agus ansin caithfidh mé bheith sásta go bhfuil an talamh seo le fáil ar an mór-thír. Creidim gach rud adeireann an Teachta agus is dócha go mbeadh sé ar a chumas níos mó faisnéise a chur chugam, ach go dtí sin thugas sa fhreagra gach faisnéis atá agam i dtaobh an oileán.

Barr
Roinn