Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Thursday, 9 Feb 1956

Vol. 154 No. 2

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Scoil Ghairm-Oideachais i gConamara.

D'fhiafraigh

den Aire Oideachais an bhfuil comhairle cinnte fós i dtaobh suíomh na scoile gairm-oideachais atá ceaptha do pharóiste na Fairche, Conamara Thuaidh.

Dúbairt mé i bhfreagra ar cheist a cuireadh orm an 3ú lá de Bhealtaine seo caite, go bhfuil Corr na Móna ainmnithe mar ionad scoile i scéim forbairte Choiste Ghairm-Oideachais Chontae na Gaillimhe. Thairis sin, níl aon ní socair fós faoi Ghairm-Scoil a bhunú i gceantar na Fairche.

An mbeadh an tAire sásta fiosrúcháin a chur ar bun chun go mbeadh suíomh na scoile seo in áit fheiliúnach do trí dhúithche—An Chloch Bhreac, Corr na Móna agus an Fhairche?

Níl sé ar mo dhualgas-sa an fiosrúcháin sin a chur ar siúl. Bhí an rud seo ós comhair Choiste Oideachais Ghairme Beatha Chontae na Gaillimhe an Meitheamh seo caite agus bhí súil acu go bhféadfaí an scoil a chur suas i gCárna. Ag an gcruinniú a bhí acu i Mí Dheireadh Fómhair, 1955, d'ordaigh an coiste go gcuirfear fiosrúcháin ar siúl chun líon na bpáiste i gCorr na Móna a fháil amach. Níl an t-eolas sin ag an gcoiste go fóill ach is i lámha an choiste atá an obair go fóill. Nuair a bheas an t-eolas sin acu beidh siad i ndon é a chur chun na Roinne.

Agus an bhfuil sé ceart a rá go nglacfaidh an tAire le haon rún a chuirfeas an coiste i nGaillimh chuige?

Ní mór dúinn an t-eolas a fháil i dtosach. Ba cheart don Choiste a bheith an chúramach i dtaobh an ruda seo.

Barr
Roinn