Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Thursday, 1 Mar 1956

Vol. 154 No. 8

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Oifig na Gaeltachta—Choiste Eadarrannach.

D'fhiafraí

den Aire Rialtais Aitiúil dé mhéid cruinnithe de choiste eadar-rannach a bhaineann le hOifig na Gaeltachta agus na gCeantar gCúng a tionóladh ón dara lá de Mhí Meithimh, 1954.

Tháinig an Coiste Eadar-Roinne le chéile ocht n-uaire i rith na treimhse a luaitear sa cheist.

Cé mhéid des na cruinnithe a bhí an tAire féin i gceannas orthu, in a chathaoirleach?

Seacht gcinn. Is dóigh liom nach raibh mé im chathaoirleach ag cruinniú amháin. Ag na cruinnithe eile bhí mé ann.

Barr
Roinn