Sarar cuireadh an díospóireacht ar athló le haghaidh na gceisteanna, bhíos ag tagairt don bhreac-Ghaeltacht. Sé a theastaigh uaim a chur faoi bhráid an Aire ná go bhfuil áiteanna ar fud na tíre a n-áirítear mar breac-Ghaeltacht anois iad agus gur cóir go ndéanfaí iad a scrúdú arís nuair a bhéas an Aireacht nua seo ag obair chun a fháil amach an bhfuil feabhas tagtha orthu, an bhfuil níos mó cainteoirí Gaeilge iontu, níos mó teaghlaigh ina labhartar an Ghaeilge anois ná mar bhí roinnt bhliain ó shoin.
Tá cás im aigne agam i gCorca Dhuibhne agus chuala mé trácht ar chás eile mar gheall ar pharóiste ina bhfuil athrú tagtha ar an scéal, sé sin, feabhas i labhairt na Gaeilge. Is gné den scéal gur cóir an Ghaeltacht d'athscrúdú go mion agus go tuisceanach i dtreo is go mbeadh ar ár gcumas a thuiscint i gceart na faidhbeanna ba chóir a réiteach.
Is dócha go bhfuil roinnt mhaith eolais sna Ranna Stáit faoin gceist seo. Gan aon dabht, tá mé cinnte go bhfuil daoine sna Ranna Stáit a thuigeann an cheist seo agus gur féidir í a scrúdú agus a mheas agus tuarascáil a thabhairt uirthi. Braitheann mórán d'obair na hAireachta nua seo ar dhearcadh an Rialtais fé athbheochaint na Gaeilge agus leas na Gaeltachta. Níl mé ró-shásta fé dheareadh an Rialtais seo maidir le hathbheochaint na Gaeilge. Tá beirt Airí i measc Airí an Rialtais seo go bhfuil togha na Gaeilge acu. Is cainteoir ó dúchas duine acu ach níor chualamar riamh ag labhairt na Gaeilge é agus tá faitíos orm nach bhfuil aon tsuim aige inti.
Bhí athás orm inniu nuair a chuala mé gurb é an tAire Oideachais a bhéas i mbun na Gaeltachta, bíodh agus nach bhfuilim den tuairim gur cóir go mbeadh Aire amháin i mbun dhá Aireacht. Ní dóigh liom go bhfuil sé i ndon an dhá thráigh do fhreastal. Ba chóir ná beadh air ach bheith i mbun cúraim amháin. Nílim ar an aigne chéanna leis an Aire Oideachais faoi mhórán rudaí ach má tá aon Aire sa Rialtas seo a chreidim atá i ndáiríre faoi athbheochaint na Gaeilge sé an tAire Oideachais é agus bhí sé mar sin i rith a shaoil. Im thuairimse do thréig sé cuspóirí eile a bhí againn go léir ach lean sé dílis ar bhóthar athbheochana na Gaeilge. Ní dóibh liom gur féidir fear níos oiriúnaí don obair seo ná é d'fháil. Tá obair an-throm roimhe má éirionn leis rud éigin a dhéanamh don Ghaeltacht gur theip orainn a dhéanamh go dtí an lá atá inniu ann.
Ba chóir ná beadh ach Aireacht amháin faoina chúram gan a bheith ag iarraidh air dhá thráig do fhreastal. Bíodh sin mar atá, braitheann a lán ar léargas agus dearcadh an Rialtais faoi athbheochaint na Gaeilge. Déarfainn go bhfuilimíd go léir ar aon-aigne sa Tigh seo mar gheall air sin ach uaireanta — go háirithe nuair a cuimhním ar óráidí a thugann Teachtaí fé leith sa Tigh seo ó bhliain go bliain nuair a bhíos an Meastachán le haghaidh na Roinne Oideachais á phlé—bíonn dabht agam in aigne. Braitheann mórán freisin ar an méid airgid a bheidh le caitheamh ag an Aire. Níl aon tsoláthar déanta chuige sin i mbliana i Leabhair na Meastachán, chomh fada agus dob fhéidir liom á dhéanamh amach. Níl aon tsoláthar déanta, ach is dócha gur féidir é sin do leigheas trí Meastacháin Fhorlíontacha a thabhairt isteach. Braitheann mórán ar airgead. Níl an sean-fhocal fíor chomh fada is théann an Gaeltacht, an sean-fhocal adeireann: Ní deireadh gach soiscéil an tairgead. Tá spioraid agus náisiúntacht ann freisin ach beidh gá leis an airgead chun an Roinn seo do choimeád ag obair agus chun an beartas a cheapfas an tAire a thabhairt chun críche.
Tá sé riachtanach go mbeidh an tAire Airgeadais báidhiúil agus sásta chun cabhair do thabhairt go fial do pé iarratais a gheobhaidh sé ón Aireacht nua seo agus ón Aire seo. Tá súil agam go bhfuil an tAire Airgeadais go tuisceanach, fábharach agus báidhiúil leis an obair a bhéas á déanamh ag a chomh-Aire san Aireacht nua seo.
Anois, bhíos ag tagairt don bhreac-Ghaeltacht. Tá pócaí áirithe ar fuaid na tíre ina maireann an Ghaeilge fós agus níor mhór cúram fé leith a dhéanamh de na háiteanna sin. B'fhéidir nach bhfuil aon ceist ghéilleagrach ag cur isteach ro-mhór ar na ceantair bheaga iargúlta sin. An pobal atá iontu tá siad chomh maith agus atá siad in aon chuid eile den tír. Sé an rud is mó a bhfuil gá leis, b'fhéidir, go ndíreofaí suim na gCoistí Gairm-Oideachais orthu agus go gcuirfí timire fé leith i bhfeighil na bparóistí i slí is go bhféadfaí suim na ndaoine d'athmhúscailt i gcleachtadh na Gaeilge. Do bheadh sé fuirist go leor é sin a dhéanamh i gcuid mhaith den tír. Ba chóir an cheist sin do scrúdú leis.
Bheadh a lán rudaí eile le rá ag duine ach ba mhaith liom a chloisint ón Aire an bhfuil polasaí nua beartaithe aige féin agus ag an Rialtas maidir leis an nGaeilge agus cathain a bheidh eolas againn cad iad na pleananna nua atá beartaithe ag an Rialtas 's ag an Aireacht nua do chur i ngníomh. Nílimid soiléir i dtaobh an scéil fé láthair. Níl ráiteas an Aire soiléir agus níor dhein an Bille an scéal do shoiléiriú dhúinn ach oiread.
Chomh fada is a théann an Bille agus chomh fada is a théann an méid eolais a thug an tAire dúinn cuirimid fáilte roimhe. Guidhimid rath ó Dhia ar shaothar na hAireachta nua chun leasa na Gaeilge agus leasa na hÉireann agus tá súil agam féin go mbeidh rath ar obair na Roinne. Aon chabhair is féidir linn a thabhairt don Roinn nua seo maidir le feabhas a chur ar scéal na Gaeilge is cúrsaí na Gaeltachta beidh an chabhair sin le fáil uainn go fial.