Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Tuesday, 1 May 1956

Vol. 156 No. 9

Coiste Airgeadais. - An Bille Airi agus Rúnaithe (Leasú). 1956—Rún Airgid.

Tairgim:—

Go bhfuil sé oiriúnach pé íocaíochtaí as airgead a shoIáthrós an tOireachtas d'údarú is gá chun éifeacht a thabhairt d'aon Acht a rithfear sa tsiosón seo do dhéanamh socruithe chun Roinn Ghaeltachta a bhunú agus chuige sin do leasú na nAcht Airí agus Rúnaithe, 1924 go 1946, agus do dhéanamh socruithe i dtaobh nithe eile a bhaineas leis na nithe réamhráite.

Tar éis tuairiscí na díospóireachta a léamh tá sé soiléir d'aon duine a léas iad gur fíorbheag an méid eolais a thug an tAire dhúinn faoi na pleananna nó an polasaí, má tá a leithéid ann agus más rud gur cinn nua iad a bhí i gceist ag an Rialtas nó a bhí ina aigne féin. Níl aon rud le fáil againn as an méid cainte a dhein an tAire ar an Dara Céim ach amháin go bhfuiltear chun an Aireacht nua seo do chur ar bun, go bhfuil an tAire Oideachais féin chun é a thógaint agus go mbeidh sé mar chúram ar an Aire Oideachais go ceann tamaill go dtí go mbeidh sé ag obair agus ansin go dtoghfar Aire nua chun cúram na hAireachta nua seo do thógaint air féin.

Cad mar gheall ar an tairiscint i gcóir an Rúin Airgid? Nár mhaith leis an Teachta an cheist a phlé ar an alt oiriúnach?

Tá cúrsaí ginearálta ann. D'féadfainn, ceart go leor, na ceisteanna a phlé faoin alt ach ní dóigh liom go mbeimís pioc níos eolasaí as. Beidh slite eile agus ócáidí eile a bheadh ceart go leor chun an cheist a phlé, ach sara suidhfidh mé síos, ba mhaith liom a rá gur cheap mé gur dhein mé tagairt do cheist suímh na hAireachta nua seo ar an díospóireacht ar an Dara Céim. Ní fheicim aon tagairt, im chuid cainnte, don cheist ach tá fhios agam gur dhein an tAire tagairt dó agus go ndúirt sé gur i mBaile Átha Cliath a bheadh an Aireacht ag obair. Ag colún 686 san Tuairisc Oifigiúil, dúirt an tAire:

"Beidh daoine ag cur ceiste cá mbeidh príomh-oifig na hAireachta nua. Níor cheart agus níorbh fhéidir ag an bpoinnte seo an cheist sin a shocrú go cinnte, ach, go dtí go mbeidh an Roinn ag obair, agus taithí againn ar a cuid oibre, is riachtanach go mbeadh an phríomh-oifig anseo i mBaile Átha Cliath. Ach ó thus tá sé beartaithe againn go mbeadh oifig stiúrtha i ngach aon cheann de na príomh-Ghaeltachtaí chun an obair a riaradh. Ní dóigh liom gur gá a thuille a rá mar gheall air sin."

Má tá breith tugtha ag an Rialtas go gcuirfear ar bun fo-oifig na roinne ins na ceantracha is tábhachtaí den Fhíor-Ghaeltacht, is soiléir gur dhein siad machtnamh maith ar an scéal agus d'féadfaí a thógaint ón méid sin cainte a rinne an tAire gur i mBaile Átha Cliath a bhéas an phríomh-oifig bunaithe.

Agus cad ina thaobh go gcreidfeadh an Teachta an méid sin ón gcaint?

Mar, má tá sé ar intinn ag an Aire fo-oifig a bhunú. Cad ina thaobh go gcuirfeadh sé fo-oifigí ar bun agus go ndeárfadh sé go mbeadh an phríomh-oifig seo i mBaile Átha Cliath? Cad na thaobh, má tá sé ar intinn an phríomh-oifig a chur ar bun in áit éigin eile, go gcuirfeadh sé suim i bhfo-oifigí ar chor ar bith? Sin rud nach dtuigim go ro-mhaith. Is féidir linn an chuid eile de na ceisteanna a phlé ar na haltanna eile.

Ar an Rún Airgid seo caithfimid ceisteanna a chur ar an Aire mar níor thug sé an t-eolas dúinn a rabhamar ag súil leis uaidh ag deireadh na díospóireachta ar an Dara Céim. Bhíomar ag súil ansin go dtabharfadh an tAire níos mó eolais dúinn faoi cad a bhí beartaithe agus go rachadh sé níos miona isteach sa scéal. Ní tharla sin. Maidir le ceist an airgid, sílim go bhfuil ceist an airgid, chómh fada agus a bhaineann sé leis an Aireacht nua, an-tábhachtach. Ní dúirt an tAire cad iad na scéimeanna a cuirfí faoi chúram na hAireachta nua. Ag an am seo, ba cheart dó a bheith deimhnitheach mar gheall ar an gceist sin. Níor thug sé eolas deimhnitheach dúinn mar gheall ar na gnothaí atá ar siúl sna Ranna eile a cuirfí fé chúram na hAireachta nua.

Tá an cheist seo dhá breithniú le breis agus dhá bhliain anuas agus ba cheart go mbeadh ar chumas an Aire a rá anois cad tá beartaithe a dhéanamh ar na línte seo. An dtabharfar, cuir i gcás, cuid den obair atá á déanamh ag Coimisiún na Talún don Aireacht nua?

Is oth liom a rá nach bhfuil mé féin sásta leis an méid eolais a tugadh faoin modh oibre atá beartaithe ag an Roinn nua. Tá a fhios agam go bhfuil deacrachtaí ann ach, fé mar adúirt mé le linn na díospóireachta ar an Dara Léamh ba cheart, nuair atáthar chun tosnú a dhéanamh leis an Roinn nua, gan droch-thoiseacht a dhéanamh. Cé nach maith liom moill am ar bith, b'fhearr liom nach mbeadh ró-dheithneas sa chás seo. Níor cheart dúinn dul isteach sa cheist seo gan pictiúr ceart a bheith ag na daoine faoi cad tá beartaithe a dhéanamh. Ba cheart don Aire féachaint chuige go mbeadh gach rud deimhneach sara gcuirfí tús leis an obair agus sara raghfaí isteach sa scéal. Sara raghfaí isteach sa scéal ba cheart réamh-obair a bheith déanta agus rud éigin deimhneach a bheith beartaithe roimh ré.

Ní féidir le haon duine cur in aghaidh an Rúin Airgeadais. Nílimid ach ag iarraidh ar an Dáil údarás a thabhairt chun an Roinn a chur ar bun. Tá ghlactha againn le prionsabal an Bhille ar an Dara Léamh. Níl sa Rún Airgid seo ach an rud adeir sé:

"Go bhfuil sé oiriúnach pé íocaíochtaí as airgead a sholáthrós an tOireachtas d'údarú is gá chun éifeacht a thabhairt d'aon Acht a rithfear sa tsiosón seo do dhéanamh socruithe chun Roinn Ghaeltachta a bhunú agus chuige sin do leasú na nAcht Airí agus Rúnaithe, 1924 go 1946, agus do dhéanamh socruithe i dtaobh nithe eile a bhaineas leis na nithe réamhráite."

Níl aon treoir ansin le go bhféadfaimid a mheas cad a bhéas ar siúl faoin Roinn seo. Ní theastaíonn uaim ach ceist amháin a chur. Ba mhaith liom dá bhféadfadh an tAire an cheist amháin sin a fhreagairt anois nó, mura bhfuil sé i ndon í a fhreagairt ina hiomláine, go mb'féidir go dtabharfadh sé treoir dúinn cad tá faoi a dhéanamh nó cad tá faoi an Rialtais a dhéanamh i dtaobh límistéirí na fíor-Ghaeltachta.

Tá a fhios aige go bhfuil tuairim ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge—sin dream, ar aon chaoi, a bhfuil roinnt údaráis acu ón Rialtas mar tá cabhair airgid dhá fháil acu ón Rialtas, £8,000 measaim, san mbliain. Is é an tuairim atá ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge nach bhfuil sa bhfíor-Ghaeltacht ach seacht bparáistí.

Is féidir an cheist sin a phlé ar Alt a 2.

Is amhlaidh go bhfuilimid ag vótáil airgid.

Níl aon airgead á vótáil.

Deireann tú linn anois nach bhfuil aon airgead dá vótáil againn. Ní dóigh liom gur cheart bheith ag cur isteach ar an bpobal le cúrsaí polaitíochta. Nach mbaineann Rúin Airgid le hairgead a sholáthar agus deirim féin gur amaideach a mhalairt a rá.

Ba cheart go mbeadh a fhios ag an Teachta cad is Rúin Airgid ann ag féachaint don tréimhse fhada atá sé sa Dáil.

Tá a fhios agam bhfuilimid ag vótáil airgid. Nílimíd ach ag cur treise leis an rún. Nilimid in aghaidh an Rúin Airgid. Ghlacamar le prionsabal an Bhille. Dúirt an tAire anseo agus ag Ard-Fheis Fhine Gael go ndéanfaí an rud seo agus gan baint ag cursaí polaitíochta agus nach mbeadh baint ar bith ag páirti ar bith leis.

Agus níl ach oirid.

An bhfuil idea ar bith ag an Rialtas cad é an limistéir a bhéas sa bhfíor-Ghaeltacht?

Is féidir an cheist sin a phlé ar Alt a 2.

Ba mhaith liom níos mó eolais d'fháil i dtaobh an scéil seo ná mar do thug an tAire dúinn nuair a bhí sé ag tabhairt an Bhille ós cómhair na Dála agus sa díospóireacht a rinne sé ar an Dara Léamh. Deir an Rún: "Go bhfuil sé oiriúnach pé íocaíochtaí as airgead a sholáthrós an tOireachtas is gá chun éifeacht a thabhairt" maidir leis an mBille seo. De gnáth, cuirtear an Rún Airgid i bhfeidhm gan ceist ach is rud nua é seo agus táimid ag bunú Aireachta nua ar fad. Tá spéis faoi leith againne sa cheist seo agus faoi na rudaí atá san mBille seo. Ba cheart eolas cruinn a bheith againn nuair atá tosnú á dhéanamh ag an Dáil agus ag an Rialtas an Aireacht nua a chur ar bun. Ba mhaith linn eolas cruinn a bheith againn, eolas chomh chruinn agus chomh hiomlán agus is féidir leis an Aire a thabhairt dúinn i dtaobh cad chuige a bhéas an t-airgead seo dá lorg. Chuireamar ceisteanna ar an Aire agus ní fhuaireamar mórán eolais dá bharr. B'fhéidir nach bhfuil a fhios aige féin ná ag an Rialtas cad tá beartaithe. Sílim go raibh go leor ama acu chun smaoineamh a dhéanamh ar an rud seo agus ba chóir go mbeadh a n-aigne socair anois acu. Tá gléas ann cheana féin in Oifig na Gaeltachta agus na gCeanntar gCúng. B'fhéidir nach bhfuilid sásta leis an ngléas sin. Ba mhaith linn a fháil amach an bhfuil sé ar intinn ag an Aire an gléas sin a choimeád ag obair agus our leis. Oifig an-bheag a b'ea é nuair a bhí sé ag obair. Níl fhios agam agus ní bheidh a fhios go dtiocfaidh an meastachán, an bhfuil sé ag obair fós. Táim ag iarraidh ar an Aire an méid eolais atá aige a thabhairt dúinn faoin rud seo.

Do theaspáin an Dáil ar an Dara Léamh den mBille seo go rabhadar sásta go gcuirfí an Aireacht seo ar bun agus níl sa rún seo ach rún a rá go bhfuil an tAire sásta an t-airgead do chur suas. I dtaobh an eolais atá ag teastáil óna Teachtaí nílimid ag ceilt aon eolais ar éinne. An méid eolais atá agam táim á thabhairt. Caithfimid taithí a fháil ar an obair atá beartaithe. Caithfimid smaoineamh ar na rudaí a bhí ar siúl sa Ghaeltacht agus na rudaí ba cheart a bheith ar siúl chun tairbhe do na ceantair go léir sa Ghaeltacht. Ní féidir a rá go fóill cé acu is fearr suim na hAireachta a bheith féin dtuaith in aon áit nó mBaile Atha Cliath agus nuair a bhíos ag plé na ceiste an lá faoi dheireadh ní raibh fhios agam an i nGaillimh, i nDún na nGall nó in áit éigin i gCuige Mumhan ba chóir don oifig a bheith suite.

Iarrann an Teachta Ó Cuinneagáin orm deifir a dhéanamh agus eolas a thabhairt dó agus san am chéanna deir sé gur fearr moill a dhéanamh agus gan bheith ag déanamh rudaí ró thapaidh agus scéim nach bhfuil ceapaithe sa cheart do chur ar siúl. Mar a dúras, pé eolas atá agam, déanfaidh mé mo dhicheall é a chur ar fáil ach caithfimid a mheabhrú an sort oibre a bhéas le déanamh i dtosach ag an Aireacht seo. Ar dtúis tá limistéirí na Gaeltachta le deimhniú agus ansin beidh ar na hoifigígh a fháil amach conas is fearr an obair ar fad a bhéas le déanamh sa Ghaeltacht a dhéanamh agus go dtí go mbeidh sin déanta ní ciallmhar an rud é a rá gur féidir dul isteach níos faide sa scéal. Ba cheart don Aireacht seo a bheith cinnte ar dtúis i dtaobh na ndualgaisí atá á gcomhlíonadh ag na Ranna eile agus féachaint an ceart leanúint mar sin agus faire Aireacht na Gaeltachta a bheith orthu.

Cuireadh agus d'aontaíodh an cheist

English version: Money Resolution put and agreed to.

Tuairiscíodh agus d'antaíodh an Rún Airgid.

Money Resolution reported and agreed to.

Barr
Roinn