Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 25 Jul 1956

Vol. 159 No. 10

Additional Estimates. - Vóta 68—Roinn na Gaeltachta.

Tairgim:—

Go ndeonfar suim nach mó ná £10,000 chun íoctha an mhuirir a thiocfas chun bheith iníoctha i rith na bliana dar críoch an 3lú lá de Mhárta, 1957, chun Tuarastal agus Costas Roinn na Gaeltachta.

Sul a n-aontaímid leis sin, os rud é gur Meastacháin Breise atá fenár mbráid, an féidir linn ráiteas a fháil on Aire, fé mar a rinneadh ar Mheastachán Breise 67? Seeing that this is an Additional Estimate, could we have a short statement from the Minister for the Gaeltacht on it, something similar to what we had from the Minister for Finance on the Estimate before this, No. 67?

D'fhéadfainn é sin a thabhairt. Mar is eol do na Teachtaí, tá údarás reachtúil san Acht Airí agus Rúnaithe (Leasú), 1956, chun Roinn Rialtais faoi leith do bhunú don Ghaeltacht. Leis an Meastachán atá á leagadh faoi bhráid na Dála anois agam, soláthrófar an t-airgead is gá chun an Roinn sin do chur ar a bonnaí. Níl déanta, agus ní déanfar anois, ach foireann bheag a cheapadh chun an Roinn a bhunú. Tá sé sin á dhéanamh. Tá príomh-áras fachta againn agus tá an Roinn ag dul i mbun oibre anois, leis an Meastachán atá leagtha faoi bhráid na Dála.

Tá cúramaí agus dualgaisí na Roinne nua luaite san Acht agus is é a príomhaidhm leas cultúrtha, sóisialach agus géilleagrach na Gaeltachta a chur chun cinn. Dar ndóigh, ní féidir aon rud a dhéanamh chun iad sin a chur i grcích go dtí go mbeidh an Roinn i riocht oibre. Tá leagtha síos san Acht chomh maith go luafar in Ordú a dhéanfaidh an Rialtas na límistéirí a n-aithneofar mar limistéirí Gaeltachta iad. Tá cuntas fachta againn on Móráireamh agus tá sé sin dá scrúdú fé láthair. Táimid ag súil gur gairid go mbeimid i ndon tuairim a thabhairt ar cad iad na limistéirí fé leith a dhéanfaidh an Rialtas a aithint mar limistéirí Gaeltachta, chomh fada is a bhaineann sé leis an Roinn nua.

Cathain a thiocfaidh sé sin?

Dúirt mé, nuair a bhíos anseo cheana, go raibh súil agam go ndéanfaí é taobh istigh de mhí. Tá fiosrúchán á dhéanamh againn agus tá léirscáil á déanamh amach againn chomh maith agus is féidir. Tá sé dá bhreathnú ag an bhfoireann atá ag an Roinn agus déanfad mo dhícheall chun an tOrdú a dhéanamh taobh istigh den mhí sin. Tá a fhios ag an Teachta gur gá scrúdú cruinn agus fiosrúchán géar a dhéanamh sul a bhféadfaí a rá cad iad na limistéirí sin. Tá an cheist sin idir lámha faoi láthair sa Roinn agus tá súil againn go mbeifear in ann an tOrdú a dhéanamh gan mhoill. Tar éis a dhéanta sin, tig leis an Roinn cromadh ar a cuid oibre sna ceantair a bheidh faoina cúram. Tá an tsuim atá sa Mheastachán ag teastáil chun tuarastail, costais taistil agus costais eile d'ioc. Go dtí go mbeidh eolas níos cruinne againn faoi obair na Roinne, ní féidir Meastachán níos iomláine a chur os comhair na Dála. Is gá an Meastachán seo i dtreo is go mbeidh údarás ag an Roinn chun dul faoi chaiteachas agus chun dul ar aghaidh leis an obair atá le déanamh. Má thárlaíonn go mbeidh tuilleadh airgid ag teastáil roimh dheireadh na bliana airgeadais, caithfear Meastachán Breise a chur faoi bhráid an Tí, ach ní dóigh liom go mbeidh orainn Meastachán Breise do chur os comhair na Dála go dtí go mbeidh Meastachán na bliana seo chugainn dá chur os comhair na Dála.

Cuireadh agus baontaíodh an Vóta.

Barr
Roinn