Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 31 Oct 1956

Vol. 160 No. 4

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Bóithre Cuartaíochta na Gaeltachta.

D'fhaiafraigh

den Aire Rialtais Aitiúil an bhfuil Coiste Idir-Rannach Oifig na Gaeltachta agus na gCeantar gCúng ann fós; má tá, an bhfuil dualgas orthu i leith bóithre cuartaíochta sa nGaeltacht d'fheabhsú; agus, más amhlaidh don scéal, an abróidh sé cé mhéad airgid atá ceaptha nó molta acu san mbliain reatha don chuspóir seo.

Tá an Coiste Eadar-Roinne a ghabhas le hOifig na Gaeltachta agus na gCeantar gCúng ar bun go fóill. Níl aon dualgas ar an gCoiste sin i leith Scéim na mBóthar Cuartaíochta sa Ghaeltacht.

An féidir leis an Aire a rá go gcuirfidh sé féin airgead ar fáil le haghaidh na seirbhísí seo?

Sin ceist eile. Má chuireann tú an cheist síos, gheobhaidh tú freagra uaim.

An féidir leat "is ea" nó "ní hea" a rá anois?

Níshin í an cheist atá ann inniu.

Tá a fhios ag an Aire an bhfuil nó nach bhfuil airgead ceapaithe le haghaidh na seirbhísí seo.

Barr
Roinn