Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 31 Oct 1956

Vol. 160 No. 4

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Seirbhísí na Gaeltachta.

D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta an bhfuil an fhreagracht sa Dáil i leith Seirbhísí na Gaeltachta aistrithe ón Aire Tailte chuige féin.

Aire na Gaeltachta (Pádraig Mac Loingsigh)

Tá. Le hOrdú na Gaeltachta (Riarachán Roinne agus Feidhmeanna Aire d'Aistriú), 1956, a rinne an Rialtas ar an 3ú Deireadh Fómhair, 1956, haistríodh Roinnteán Sheirbhísí na Gaeltachta den Roinn Tailte chuig mo Roinn-se amhail ón 15ú Deireadh Fómhair, 1956. Tíolacadh cóipeanna den Ordú don Dáil ar an 3ú Deireadh Fómhair.

An abróidh an tAire linn go bhfuil athrú polasaí sa cheist seo? An bhfuil fhios ag an Aire gur dhúirt céad Aire na Gaeltachta nach mbaineann a Aireacht le Contae an Chláir? Tá a fhios ag an Aire go dtógann límistéir Acht na dTithe (Gaeltacht) Contae an Chláir isteach. Anois tá Contae an Chláir tógtha isteach faoina sciatháin san Ordú sin. An abróidh an tAire go bhfuil athrú polasaí ann?

Ní dóigh liom go mbaineann an cheist sin leis an gceist atá ar an bPáipéar.

Tá ordú límistéirí Gaeltachta déanta ag an Aire. Tá na toghranna ceantair atá sa bhFíor-Ghaeltacht luaite ann agus, ar ndóigh, is ceantar thar a bheith beag é. Tá Conndae Roscomáin, Conndae an Chláir, Conndae Luimnigh agus Conndae Phortlairge tógtha isteach anois faoina sciatháin ag an Aire i riaracháin Acht na dTithe (Gaeltacht).

Ní bhaineann sé sin leis an gceist atá ar an bPáipéir.

Barr
Roinn