Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Thursday, 15 Nov 1956

Vol. 160 No. 8

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Limistéiri na Gaeltachta.

D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta an bhfuil beartaithe aige ná téarmaí "Fíor-Ghaeltacht" agus "Breac-Ghaeltacht" a chur ar ceal agus na límistéirí go léir a ghrúpáil faoin teideal "Gaeltacht", agus an fhóirithint chéanna a thabhairt don límistéar nua sin.

Pádraig Mac Loingsigh

Níl tagairt ar bith d'Fhíor-Ghaeltacht nó do Bhreac-Ghaeltacht san Acht Airí agus Rúnaithe (Leasú), 1956, faoinar bunaíodh Roinn na Gaeltachta. Nil tagairt ann ach do Ghaeltacht. Mar sin, ní éiríonn an dara chuid den cheist.

Cé nach bhfuil trácht ar Fhíor-Ghaeltacht nó Breac-Ghaeltacht, caithfear difríocht a dhéanamh eatorra. An bhfuil an tAire chun na scéimeanna chéana a chur ar siúl ar fud na Gaeltachta ar fad, sé sin, ar fud na Fíor-Ghaeltachta agus na Breac-Ghealtachta mar atá luaite aige?

Pádraig Mac Loingsigh

Tá sé soileír nár léigh an Teachta an Bille nuair a bhí sé ag dul tríd an Dáil.

Ní freagra é sin ar mo cheist. D'fhiafraigh me de'n Aire an mbeidh na scéimeanna céana ar síul ar fud an limistéir ar fad go dtugtar Gaeltacht uirthi faoin Acht.

Pádraig Mac Loingsigh

Níl ann acht aon Ghaeltacht anois.

Má tá an tAire chun na scéimeanna céana do chur ar siúl, an bhfuil fhios aige go bhfuil sé sin i gcoinne gach comhairle de gach ball de Comhdháil Náisiúnta na Gaelige, de gach ball de Comhalta Uladh, agus mar sin, agus go bhfuil sé i gcoinne gach polasaí atá acu?

Níl sé sin sa cheist atá ar an bPáipéar.

An abróidh an tAire gur thóg sé air féin cúramaí i leith limistéiri atá níos leithne ná na limistéiri atá luiate ins an Ordú a rinne sé le deannaí?

Pádraig Mac Loingsigh

Sin ceist eile.

Ní bhaineann sé sin leis an gceist atá ar an bPáipéar.

It is also after 4 o'clock.

Más mar seo a riarfar cúrsaí na hAireachta nua seo——

Is furast ceist mar sin do chur síos ar an bPáipéar.

Even though the subject matters of Questions Nos. 21 and 22 may be relatively unimportant, nevertheless, in view of the principle involved in these questions, that an outside——

Will the Deputy say what he wants?

He cannot.

I want to raise the subject matter of these two questions on the Adjournment.

I shall communicate with the Deputy.

Barr
Roinn