Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Thursday, 29 Nov 1956

Vol. 160 No. 12

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Bóithre Cuartaíochta.

D'fhiafraigh

den Aire Rialtais Aitiúil an abróidh sé cén uair a tosófar ar leithreasú coda de na deontais le haghaidh feabhsú na mbóthar cuartaíochta sa nGaeltacht ar mhaithe leis na bóithre contae nach príomhbhóithre ná bóithre móra iad.

Sé príomhchuspóir Scéim na mBóthar Cuartaíochta na bóithre is tábhachtaí sa Ghaeltacht agus sna Ceantair Cúnga ó thaobh an tionscail cuartaíochta dhe d'fheabhsú, is cuma cioca príomhbhóithre nó bóithre chontae iad. Ó thosach na Scéime táthar ag obair ar na bóithre seo in órd tábhachta.

B'fhéidir go dtiubhraidh an tAire aire dos na bóithre ar a dtugtar "secondary roads" i mBéarla. Ní'l fhios agam an bhfuil ainm fé leith ortha i nGaeilge.

Sin iad bóithre contae anois.

Tá bóithre contae agus bóithre contae ann ach siad na bóithre contae atá i gceist agam ná na bóithre atá gar don fhairge.

Tuigim an cheist maith go leor. Ní déanfaí doifir ar bith idir bóithre contae nó bóithre ar bith eile. Is féidir airgead a fháil chun iad a dhéanamh níos fearr ná a bhfuil siad.

An ceadóchaidh an tAire cuid den airgid chuig na bóithre beaga?

Ba mhaith liom sin a fheiceáil.

Barr
Roinn