(1) I dtaobh na céad-choda den cheist, is iad na Cigirí Meánscoile, a bhfuil cheithre duuine dhéag acu ann, a chepas na ceistphípéir do scrúduithe na Meán-Teistiméireachta agus na hArd-Teistiméireachta, lasmuigh de na páipéir j roinnt ábhar ar leith a cheapas ochtar scrúdaitheoirí eile nach Cigirí Meánscoile iad. Ar na scrúdaitheoirí eile sin, tá triúr ollún nó léachtaithe Iolscoile, ollamh as Coláiste Oiliúna, agus ceathrar múinteori ceardscoile. I gcás na bpápéar Ard-Teistiméireachta, bíonn at lucht cheaptha na bpáipéar in ábhair atá coiteann idir an Scrúdú Maithreánach agus an Ard-Tesitiméireacht na pápéir sun a chur i gcomhairle na nOllún cui Iolscoile chun críche seéime comh-eagruithe an dá scrúdu bíonn triúr agus diche de na hOllúna san i gceiest, gach aon duine dhíobh i leith ábhair féin. Le linn a geceptha agus a n-ullmhuithe téann na páipéir freisin, thré lámha Príomh-Oifigh Chúnta agus Ard-Oifigigh Feidhmiú cháin den Roinn i mBrainse an Mheán-Oideachais.
Le linn a gcló-bhuailte, bíonn teagnmháil ag na daoine seo leanas leis na ceist-pháipeir i. na serúdaitheoirí a cheapas iad, an Príomh-Oifigeach cúnta agus an tard-Oifigeach Feidhmiúcháin den Roinn a luas cheanna, agus na fostaithe ar leith in oifigí na comhluchta a chuireas na páipéir i gcló.
Le linn na bpáipéar a chaomhaint sa Roinn agus a roinnt idir na hionaid scrúduithe ní bheadh eolas ar cheisteanna ar na pápéir ach ag an mbeirt oifigeach ar leith den Roinn a luas cheana.
2. I dtaobh na dara coda den cheist, is féidir a rá go hachomair gogceaptar na páipéir scrúduithe timpeall sé mhí roimh na scrúduithe agus go gcuitear chun na gclódóirí iad timpeall cheithre mhí roimh na scrúduithe. As sin is féidir a mheas cad é fad na tréimhse atá luaite sa chuid-sep den cheist.
3. Ó thaobh an chúraim a glactar nach seéthfear eolas i dtaobh na bpáipéar, is fédir an méid seo a rá:—
(i) go gcoimeadtar bun-leagain agus profaí de pháipéir i dtaisceadáin fé ghlas sa Roinn; (ii) nach gcuirtear aon pháipear díobh i lámscríbhinn nó i bprofa chun na Roinne ná ón Roinn amach ach i gclúdach speisialta séalaithe laistigh de chlúdach speisialta eile fé shéala agus é cláraithe i gcás a phostála; (iii) gur fé chonradh clódóireachta rúnda a déantar an chlódóireacht agus fén gconradh san go leagtar síos go gcuirfear foireann at leith a bheidh fé cheangal rúin i mbun obair chlódóireachta na bpáipéar; nach mbeidh aon bhaint ag aon duine eile leis an obair sin ná le láimhsiú na bpáipéar agus go ndéanfar gach socrú is riachtanach chun rúdacht na bpáipéar a shándáil; (iv) gur i mbosca fé ghlas a seachadaitear beartain shéalaithe páipéar sa Roinn ó na clódóirí agus go gcoimeadtar na beartáin shéalaithe sin i seomra daingean sa Roinn sara bpacáiltear na páipéir lena ndáiliú ar na h-ionaid scrúduithe; (v) go gcuirtear séalí speisialta ar na pacáistí páipéar a déantar do gach aon ábhar i gcóir an ionaid scrúduithe; agus nach ceadaithe na séalaí sin a bhriseadh ná an pacáiste d'fjoscailt ach amháin thar éis beirt iarrthóirí a dhearbhú thrina siniú go raibh an pacáiste slán sarar hosclaíodh é ag uair an scrúduithe sa pháipéar a bhíos i gceist; (vi) gur i mbosca fé ghlas speisialta a tugtar pacáistí ceistpháipéar d'fheitheoir gach aon ionaid agus go bhfuil de dhualgas ar an bhfeitheoir an bosca sin a choimead in áit sháháilte go mbí na scrúduithe san jonad thart; (vii) go gcuirtear an bosca sin fé chúram an fheitheora ar a luaithe trí lá roimh an geéad lá den scrúdú nuair bhíos turas fada nó mall le déanamh aige chun a ionaid ach i ngach cá eile—i gcomharsanacht Átha Cliath mar shampla—gut ar an lá roimh an scrúdú a déantar sin.
(4) Maidir leis an bpointe deiridh eolais atá ón Teachta, bhraithfeadh ceist an phionóis ar thoscaí an cháis ar leith.