Táirgím go léifí an Bille seo don dara uair.
Ceapaim nach miste ar dtúis cúntas gairid a thabhairt ar stair na dtionscal tuatha atá á reachtáil ag mo Roinn-se, chun cabhrú le Teachtaí cuspóirí an Bhille seo a thuiscint. Síad na tionscail tuaithe atá, i gceist ná tionscal an bhréidin, an tionscal cniotála agus bróidnéireachta agus tionscal na mbréagáin. Bé Bórd na gCeantar gCúng a bhunaigh na tionscail seo, ach amháin tionscal na mBréagán don chéad uair mar cuid de na hiarrachtaí a bhí á dhéanamh aca chun saol geilleagrach na gceantar gcúng a fheabhsú. Chuir an Bórd rompa tionscail bhaile nó tionscail teaghlaigh a chur chun chinn tré deontais agus iasachtaí a thabhairt agus teagascóirí a chur ar fáil.
D'éirigh go réasúnta maith leis na tionscail seo, go h-áirithe i rith an chéad chogaidh mhóir i gcás an bhréidín. De dheasca na ndeacrachtaí a tháinig ann tar éis na bacanna agus na coscanna a bhí i bhfeidhm ar an tionscal thall i Sasana i rith an chogaidh a bheith scaoilte tháinig meath orra timpeall na bliana 1920. Cuireadh deireadh le Bórd na gCeantar gCúng sa bhliain 1923, agus socraíodh go roinnfí na dualgais a bhí á gcoimhlíonadh aca ar Rannaí éagsúla. Faoí Ordú a rinne an Rialtas i mí Deireadh Fómhair, 1956, do haistríodh na tionscail tuatha go léir ón Roinn Tailte go dtí Roinn na Gaeltachta.
Rinne Coimisiútn na Gaeltachta staid na dtionscal tuatha a scrúdú agus mhol siad go mba, chóir Lár Ionad Margaíochta a chur ar bun chun cúraí díolacháin d'fheabhsú. Mholadar freisin go mba chóir tabhairt faoi athbheochaint tionscail an bhréidín. Ag éirigh as na moltaí sin do cuireadh Lár Ionad Margaíochta ar bun i mBaile Átha, Cliath agus tugadh an t-ainm "Gaeltarra Éireann" air. Níl ins an ainm sin, ár ndóigh, ach ainm trádála agus is faoin ainm sin a díoltar anois na hearraí uilig atá dhá ndéanamh ins na tionscail tuatha.
Tá borradh mór taréis teacht ar na tionscail tuatha ón uair a chéad bunaíodh iad. Do cuireadh tionscail nua ar fad — tionscal na mbréagán — ar bun sa bhliain 1938 agus rinneadh forbairt mhór ar na tionscail eile, go háirithe tionscal an bhréidín. Tugaim anseo cuntas gairid ar gach tionscal ar leith ón uair a cuireadh an Lár Ionad Margaíochta ar bun.
Sa bhliain 1929, bhí an tionscal seo i riocht chomh holc sin go raibh líon na bhfíodóirí ag dul i laigheadh go tapaidh ó bhliain go bliain. Ní raibh eagraíocht ar bith ann chun bunábhar nó cumraí a chur ar fáil nó chun an bhréidín a dhíol. Shocruigh Seirbhísí na Gaeltachta ar mhuileann sníomhacháin a bhunú i gCill Chtártha agus eagraíocht margaíochta a chur ar bun. Cuireadh ranganna ar bun chun tuilleadh fíodóirí d'oiliúint agus cuireadh cumraí nua ar fáil. Mar thoradh ar obair na mblianta ó shoin i leith tá monarchan curtha ar fáil anois i gCill Chártha inar féidir gach gné den obair a dhéanamh idir sciúráil, meascadh, cárdáil, sníomhacháin, físiú, agus críochnú, agus ina mbíonn breis agus céad oibritheóirí fostaithe ó cheann ceann na bliana.
Chomh maith leis na h-oibritheóirí seo bíonn timpeall céad go leith fíodóirí —agus an chuid is mó díobh ag obair ina dtithe féin — ag obair go rialta chun freastail ar ordaithe. Tá díolacháin bréidín méadaithe ó £18,075 sa bhliain 1935-36 go dtí £276,810 sa bhliain 1956-57. Díoltar 50 per cent. den bhréidín seo thar lear.
Tá 26 ionad cniotála agus dhá ionad bróidnéireachta faoí chúram Ghaeltarra Éireann faoí láthair agus cuirtear obair ar fáil do 300 oibrithe lán aimsireach agus 700 oibrithe páirt aimsireach a oibríonn in a dtithe féin. Cé nach ndeacha an tionscal maisín cniotála— munab ionann is an tionscal láimhchniotál — ar aghaidh chomh tréan le tionscal an bhréidín tá earraí maisínchniotála de luach timpeall £100,000 a ndíol go rialta le roinnt blianta anuas. Maidir leis na tionscail lámh-chniotála agus bróidnéireacht bhí díolacháin de luach £46,500 ann sa bhliain airgeadais 1956-57.
Cuireadh an tionscal seo ar bun ag Cuan Éilí Co. Mhuigheó sa bhliain 1938. Osclaíodh monarchan eile ag Croilí sa bhliain 1940 agus sa bhliain 1949 osclaíodh monarchan eile ag an Spidéal chun páirteanna bábóg a dhéanamh. Chomh maith le bréagáin, déantar málaí siopadóireachta ins an tionscal seo. Sé luach na n-earraí a díoltar sa bhliain ná timpeall £70,000. Tá tuairim is 130 oibrithe fostaithe sa tionscal seo.
Is léir mar sin go bhfuil athrú mór tagtha ar chúrsaí na dtionscal ón uair a chéad bunaíodh iad mar thionscail teaghlaigh ag Bórd na gCeantar gCung. Chomh maith leis an obair sa mbaile tá obair ar siúl i monarcain agus ionaid scaipithe ar fuaid na Gaeltachta. Tá an cur-amach méadaithe go maith agus tá na tionscail anois ag braith cuid mhaith ar margaidh thar lear chun obair a choinneál leis na hoibritheóirí go mór-mhór i dtionscal an bhréidín.
Ag féachaint don bhfás mór atá taréis teacht ar na tionscail le roinnt blian anuas agus don bhfíor go gcaithfí bheith in ann seasamh i gcoinne coimhlint, go mór-mhór ins na tíortha thar lear, socraíodh go mba chóir a mheas ar cheart eagraíocht tráchtála a chur ar bun chun na tionscail a stiúriú agus gan iad a fhágáil ag obair go díreach faoi Roinn Stáit. Taréis dul isteach san scéal go mion is go cúramach táim sásta nach bhfuil módh oibre na StátSheirbhíse oiriúnach chun gnó tionsclaíochta den tsaghas seo d'oibriú go héifeachtúil.
Ní chuig obair den tsaghas seo a ceapadh módh oibre agus rialacha na Stát-Sheirbhíse. I dtreo is go mbfhéidir na tionscail a fhorbairt níos fearr fós tá sé fíor riachtanach im thuairim eagraíocht tráchtála i bhfoirm Boird mar a léirítear sa Bhille, a chur ar bun agus na tionscail a chur faoin a chúram.
Ní dóigh liom gur gá dom dul isteach ró mhion i bhforálacha an Bhille féin mar is dóigh liom go bhfuil siad iontuigthe ionnta féin. Tá an soláthar ins an mBille seo ar aon dul go ginearálta leis an soláthar a rinneadh i mBillí a ritheadh cheana féin i leith Boird Reachtúla. Go hathcomair tá beartaithe Bord ar a dtabharfaí Gaeltarra Éireann a chur ar bun agus na tionscail tuatha a chur faoí'n a gcúram. Tá sainmhíniú tugtha sa Bhille ar chomhachtaí agus dualgaisí an Bhoird agus tá sé ráite ann cé'n chaoí a ceapfar baill an Bhoird agus cad iad na coinníollacha a bheas i bhfeidhm maidir leis na ceapacháin. Aistreófar socmhainní agus dliteanais na dtionscail tuaithe chuig an Bord nua. Cuirfear airgead ar fáil don Bhord faoí Alt 25 mar dheontas chun gná-chostais d'íoc agus faoi Alt 26 cuirfear airleacain inaisíoctha ar fáil le h-aghaidh caiteachas caipitil an Bhoird. Faoí mar is gnáthach, cuirfear mar dhualgas ar an mBórd cúntais a choinneál ar a n-ioncam agus ar a gcaiteachas, agus na cúntais a chur faoí bhráid an Aire.
Beidh ar an mBord, freisin, tuarascáil a thabhairt ar a gcuid imtheachtaí gach bliain. Tá soláthar san mBille —Altanna 31 agus 32—go bhfuighidh an Dáil cóipeanna de na cúntas agus de na tuarascála a chuirfidh an Bórd ar fáil agus coinneófar Teachtaí ar an eolas sa dóigh sin, ar conus mar atá obair an Bhoird ag dul ar aghaidh.
Is eol don Teach cé chomh deacair is atá sé cúrsaí geilleagrach na Gaeltachta fheabhsú. Is léir dúinn anois nach mbíonn aon fhonn ar tionscalóirí dul isteach in áiteacha iargúlta d'ainneoin na mbuntáistí atá curtha ar fáil chun pé ceataí a ghabhann le tionsclaíocht sa chuid is fuide siar den tír a mhaolú. Is mór is fiú dúinn mar sin, aon tionscal atá againn cheana sa Ghaeltacht a chaomhnú agus a fhorbairt oiread agus is féidir. Chomh maith leis sin beidh sé de dhualgas ar an mBord nua tionscal oiriúnach ar bith a chur ar bun sa Ghaeltacht. Sé an cuspóir atá ann: go gcuirfear obair Ghaeltarra Éireann idir lámha i slí gnótha, agus go mbeidh an Bord i ndon na tionscail tuaithe a leathnú agus tionscail nua a bhunú chomh luath agus is féidir. Ins na cúrsaí uilig, níl aon amhras orm ach gur ionmholta go maith an togra san mBille seo, ar an ábhar go dtiubharfaidh sé seans ceart do na tionscail seo dulchun-chinn níos fearr fós a dhéanamh.
Molaim an Bille dá réir don Teach.