A Cheann Comhairle, B'áil liom cead a chur in iúl, mar eolas don Dáil, (1) go bhfuil an Rialtas tar éis glacadh leis an Teachta Gearóid Mac Pharthaláin d'éirí as oifig Rúnaí Parlaiminte an Aire Tionscail agus Trachtála agus é a cheapadh chun oifig Rúnaí Parlaiminte an Aire Airgeadais agus (2) go bhfuil an Rialtas tar éis an Teachta Mícheál Hilliard a cheapadh chun oifig Rúnaí Parlaiminte an Aire Tionscail agus Trachtála, le héifeacht, i ngach cás, ón 24ú Feabhra, 1958.