Nuair a cuireadh isteach a an ndíospóireacht, bhí mé ag tagairt do'n líon mór de dhaoine neamh-oilte, neamh-cháilithe, atá ag teagasc ins na scoileanna náisiúnta.
An tAire Oideachais a bhí ann romham, An Ginearál Ó Maolchatha agus an tAire a bhí ann roimhe sin, Seán Ó Maoláin, beannacht Dé lena anam, chuadar ag coraíocht go calma leis an bhfaidhb sin agus dheineadar réiteach ina chóir sa mhéid gur fhéachadar chuig sciatháin nua do chur leis an dá Choláistí Oiliúna do Chailíní, an ceann sa Charraig Dhuibh agus an ceann i Luimneach. Ina thaobh san ba mhaith liom tagairt go speisialta don chomhar fíal a fuarthas ón a Ghrása An Dr. MacUaid, Ard-Easbog Bhaile Atha Cliath, agus ón a Thiarna, An Dr. Ó Néill, Easbog Luimnighe a bhí, beannacht Dé lena anam san leis, leis an dá sciathán chostasacha san a chur ar fáil. Ós ag trácht air atáim ba mhaith liom na Sitúracha difls ar a bhfuil an t-ualach airgid ag titim go déreach do mholadh go mór, leis. Ins na hiarrachtaí atá acu á ndéanamh ar son cideachas leanaí na tíre tá pobal na hÉireann chomh mór san fé chomaoin acu nach mbeidh sé in ann an comhar san d'íoc leo choíche.
Rud eile a deineadh 'sea gur ligeadh do mhúinteoirí oilte fanúint i seirbhís go ceann trí mblian tar éis na gnáth-aoise scoir. Ar an dhrochuair, ámh, níor éirigh leis na h-iarrachtaí seo ar fad an fadhb a réiteach. Idir an dá linn is ag dul in olcas do réir a chéile atá an scéal Ó thaobh múinteoirí oilte. Fé láthair, cailltear timpeall ochtó is cúigear múinteoirí oilte gach bliain tré mhná a bheith ag imeacht ar phósadh dóibh. Bhéadh an chailliúint san ag méadú in aghaidh na bliana go dtí go sroisfí pointe ina dtárlódh fiú dá gcuirití dhá Choláiste Oiliúna breise ar fáil, go mbéadh glún iomlán imithe sul a bhféadfaí bheith ag súil le leor-fhoireann a bheith ins na scoileanna.
Agus an scéal sin a bheith amhlaidh agus tar éis bheith ag cuimhneamh air gur beag an chaoi i gcóir oideachais leanúna atá ag na páistí ins na ceantair tuaithe is iargcúlta, chíthear dom-sa gurab é an príomh-rud a caithfear a chur san áireamh ná bun-cheart na bpáistí sin don bhun-oideachas is fearr is féidir linn a thabhairt dóibh. Tá beartaithe agam, dá réir sin a chur in iúl go luath dóibh súd ar fad a bhfuil páirt acu sa scéal go bhfuil ar intinn an riail a chuireann iachall ar bhan-mhúinteoirí éirí as an tseirbhís ar phósadh dóibh a chur ar ceal le héifeacht ón gcéad lá de Mhí Iúil seo chugainn.
Ina leith sin, ní mór dom a rá gur breith í sin gurab eol dom go bhféadfaí argóintí a bheith ina choinnibh. Ar eagla, ámh, go gceapfaí nach bhfuil ann ach rud a oireann don ócáid, ba mhaith liom a rá go láidir go bhfuilim sásta, tríd agus tar éis gach aon ní a chur san áireamh, gurab é an toradh faid-théarma atá tagaithe as feidhmiú na rialach ná cailliúnt ó thaobh cúrsaí oideachais agus cúrsaí sóisialta.
Gné amháin den scéal is ea gur ag an am a mbíonn barr éifeachta mar mhúinteoirí á shroisint acu a chuirtear iachall ar na ban-mhúinteoirí úd éirí as an tseirbhís. Gné eile den scéal go mb'fhéidir nár bhfuras a fheiscint láithreach, is ea go mba chóir go mbeadh anathionchar ag cealú na rialach ar imirce agus eisimirce ó na ceantair iargcúlta tré mhúinteoirí oilte a chur ar fáil ins na ceantair sin.
Dá bhrí sin, tar éis dom gach aon ghné den scéal do scrúdú go mon, táim sásta, i gcomhlíonadh mo dhualgais dom i leith leanaí na tíre, nach bhfuil aon bheart réasúnta cile seachas an ceann atá luaite agam go bhféadfainn é do dhéanamh.
B'fhéidir nár mhiste a lua freisin gurab é an chaoi a raibh an scéal le blianta beaga anuas go mb'éigin don Roinn bheith ag ligint do Bhainisteoirí ban-mhúinteoirí pósta d'athfhostú go sealadach. Bhí 235 múinteoirí dá leithéid sa tseirbhís ar an tríochadú lá de Mheitheamh seo caite.
Sé toradh ba chóir a theacht láithreach as cealú na rialach ná go gcuiffí idir ceithre chéad is cúig chéad múinteoir oilete ar fáil le haghaidh seirbhíse i bhfeadhmannas aitheanta agus an dá chéad tríocha is cúigear atá luaite roimhe seo a chur san áireamh. Gach bliain ina dhiaidh sin, beidh timpeall cúigear is ochtó múinteoirí breise ar fáil. Séard a thiocfaidh as sin i dteannta leis an gclár oiliúna leathnaithe atá ann cheana féin, go gcuiffear do réir a chéile múinteoirí oilte ins na scoileanna in áit na múinteoirí neamh-oilte ar fad agus go bhféadfar ar ball an coibhneas idir múinteoiríagus scoláirí d'fheabhsú.
Rud eile a bhí fé bhreaithnuú agam i gcaitheamh na bliana an córas earcaíochta atá ann i leith na GColáistí Oiliúna do Mhúinteoirí Náisiúnta. Nílim sásta gur bh'fhéidir fén gcóras san oiriúnacht na n-iarrthóirí do ghairm na múinteoireachta do mheas mar ba cheart. Dá réir sin, tá socair agam deireadh do chur ón mbliain seo chugainn amach leis na trialacha béil agus na trialacha praicticiúla a bhíonn ann um Cháise; go gcuirfear na h-iarrthóirí in ord feabhais do réir na marcanna a gheobhaidh siad ag Scrúdú na hArd Teistiméireachta agus go nglaofar ina dhiaidh sin orthu súd is airde san ord feabhais, le haghaidh trialacha béil agus le haghaidh agallmha os cómhair Boird ar a mbeidh ionadaithe ón Roinn agus ó na Coláistí Oiliúna. Ní ligfear chun oiliúna ach amháin iarrthóirí go measfaidh an Bord Agallmha go bhfuilid oiriúnach ar gach slí.
Deineadh roint ráiteasaí poiblí i gceaitheamh na bliana mar gheall ar an gcigiríocht ins na scoileanna náisiúnta. A lán de na ráiteasaí, is tura liom a rá, níorbh é an chuid ba troime den bhreithiúnas a bhí ag baint leo. Sé bheadh le tuiscint astu ná go bhfuil saghas éigin daor-thiomáinte ar siúl. Ní fíor san. Tá bun agus fáth agam lena chreidiúnt go bhfuild i gcoitinne dea-thoil idir na cigirí agus na múinteoirí. Ní h-ionann san is a rá go bhfuil an córas cigiríochta atá ann gan locht ná nár bhfhéidir é d'fheabhsú. Tá an gné sin den scéal fé ghéar-bhreithniú.
Do tugadh le tuiscient sa Tigh seo agus in áiteanna eile gur laghdaíodh i mbliana ar an airgead le haghaidh scoileanna náisiúnta a thógáil. Cé nach as aon cheann de na Bhótaí atá fé dhíospóireacht anso anois a thagann an t-airgead san ach as Bhóta na nOibreacha agus na bhFoirgintí Poiblí, baineann an scéal chomh dlúth san liom-sa nach mór dom tagairt dó. Ina leith sin ba mhaith liom a rá arís ná fuil aon laghdú á dhéanamh ar an méid atá i gceist. £1,400,000 atá á sholáthar i mbliana, sé sin, £193,650 níos mó ná an méad a caitheadh anuraidh. An rud amháin atá ag cur teora leis an airgead ná innmhe Oifig na nOibreacha Poiblí len a dtaobh san den chlár tógáil scoileanna a láimhseáil.
Dhealródh sé ó rudaí adeirtear ó am go ham gur fíor-bheag atá á dhéanamh chun saoráidí oideachais do chur ar fáil do na haicmí páistí go bhfuil máchail coirp nó intinne orthu. Ní h-amhlaidh atá. Rud nach eol don phobal i gcoitinne is ea go bhfuil cúig cinn fichead de scoileanna speisialta ann atá ag freastal ar na páistí sin. Fé láthair tá tairiscint ann chun a thuille scoileanna dá leithéid a chur ar fáil. Ar na scoileanna atá ann fé láthair tá cinn j gcóir na ndall, na mbalbh, na bpáistí maill-intinneacha agus ina gcóir san go bhfuil iarsmaí na ngalar so ortha—croithleaghacht, pairilís inchinne, eitinn agus polio. Níor mhaith liom an ócáid seo a ligint tharm gan a chur in iúl cé chomh mór is atá mo mheas ar an obair iontach atá á dhéanamh ag na daoine dílse idir Chléir agus tuath atá ag stiúrú na scoileanna speisialta so.
Sé an meastachán iomlán do Vóta an Mheán-Oideachais ná £2,171,840. Sin £136,860 de laghdú ar Vóta iomlán na bliana 1957-58. An laghdú san, áfach, is fén Mhír-cheann a bhaineann le breisthuarastal thagann sé ar fad agus is dóigh gur cuimhin leis na Teachtaí gur tugadh meastachán breise isteach go luath sa bhliain sin i leith riaráiste agus costas reatha tuarastail mhéadaithe a dáileadh do na Meánmhúinteoirí ó mhí Shamhna, 1955 fé réir Scéim Eadrána na múinteoirí sin.
An Méadú atá ins na Mír-chinn eile den Vóta, sé is cúis leis, den chuid is mó, ná:—
(1) An fás atá ann arís sa líon daltaí atá ag freastal Meán-scoileanna agus deontas caipitíochta iníoctha ina leith.
(2) An Méadú atá ann sa líon daltaí atá ag cur isteach ar na Scrúdaithe Teistiméireachta.
(3) An Fás atá sa líon ranganna a bhfuil deontais Eolaíochta iníoctha ina leith.
(4) An thuille múinteoirí bheith ag tarrac bhreais-thuarastail.
Le 35 bliana anuas, is amhlaidh atá méadú fá thrí, beagnach, tar éis teacht ar an méid daltaí atá ar rollaí na meán-scoileanna. An Seasca sé mhíle dhá chéad agus duine is fiche (66,221) de dhaltaí a bhí ann sa bhliain 1957-58, b'in trí mhíle seacht gcéad nóchta is beirt (3,792) de bhreis ar an mbliain roimhe sin. B'in í leis, an bhreis, ba mhó a tharla in aon bhliain riamh. Tá méadaithe, leis, ar ndó, ar líon na scoileanna. 489 de mheán-scoileanna atá ann anois, sé sin, 176 níos mó ná mar a bhí ann i 1932-33. An 489 san de scoileanna, tá an teagasc ar fad nó cuid den teagasc á dhéanamh tré Ghaeilge i 234 acu, agus 81 ina bhfuil an teagasc ar fad á dhéanamh tré Ghaeilge.
21,143 de dhaltaí a thug fé na scrúdaithe i 1957 agus táthar ag ceapadh gur timpeall 22,000 a bheidh ag dul fé scrúdú i mbliana. Dea-thuar is ea é gur lucht Ard-Teistiméireachta timpeall tríocha is cúig fén gcéad de na hiarrthóirí, oir sé tátal atá le baint as san ná go bhfuil ag méadú go rialta ar an riar de dhaltaí na meán-scoileanna atá ag fanacht ar scoil go dtí deireadh an chúrsa.
An líon ranganna a bhfuil deontas speisialta Eolaíochta iníoctha ina leith, tá san tar éis dul suas ó 2,535 i 1956-57 go dtí 2,659 sa scoil-bhliain ina bhfuilimid. Sé iomlán an deontais lena aghaidh seo ná £62,000. Sé is cuspóir do na deontais sin na cabhrú le meán-scoileanna lena gcuid saotharlanna eolaíochta, cistineacha agus ceardlanna a chothabháil, lena gcuid fearaistí a athnuachaint agus le nithe eile a dhéanamh a bhfuil baint acu leis an teagasc paraicticiúil atá leagtha amach i gCláir na Roinne i leith na n-ábhar eolaíocht thalmhaíochta, tíos agus siúinéireacht. An ráta deontais is airde, sé sin £30 go dtí £45 ar rang Ard-Teistiméieachta, don Eolaíocht Thalmhaíochta atá sé ag dul.
Tá 113 de bhreis ann i mbliana de mhúinteoirí atá ag tarrac bresithuarastail thar an méid a bhí ann anuraidh. Den 2,814 de na múinteoirí sin atá ann, tá timpeall 2,500 a bhfuil Céim Iolscoile agus an tArd Teastas san Oideachas acu; tá 1,592 acu a bhfuil incrimint speisialta acu a fháil, mar gheall ar Chéim le hOnóracha nó a iontasamhail bheith acu, agus tá 830 acu, sé sin 80 nîos mó ná anuraidh, ag fáil incrimint speisialta as bheithe ag múineadh tré Ghaeilge.
Ag iompó dom anois chun an mheán-oideachais i gcoitinne, b'fhéidir gurbh é chéad rud ba cheart dom a lua ná an deich fén gcéad de ghearradh atá i bhfiedhm le bliain i leith na ndeontas caipitíochta. An figiúr atá tugtha i Leabhar an Mheastacháin fén Mhír-cheann as a bhfuil na deontais seo iníoctha, is ar an mbonn go bhfuil an gearradh úd i bhfeidhm fós atá sé ann. Is oth liom ná rabhas i riocht fós, agus an chaoi a bhfuil cúrsaí airgeadais i gcoitinne fé láthair, an gearradh a chur ar ceal. Ach an drochbhail a bhí ar chúrsaí airgeadais, tá feabhas áirithe tagtha air agus sé mo dhóchas go bhfeabhsóidh sé a thuille chun a chur ar mo chumas an bhearana so a líonadh comh luath in Éirinn agus is féidir é.
D'fhógraíos tamall ó shoin go bhfuil beartaithe béaltriail Gaeilge a thabhairt isteach i Scrúdú na hArd-Teistiméireachta i 1960 agus is mór an chúis áthais dom gurb é an tuairim choitianta gur maith is gur mithid sin. An riar ghinearálta a bheidh ann chun an triail a dhéanamh, tá san curtha in iúl cheana féin do bhainisteoirí na meán-scol agus do na scol-chumainn.
Ní miste a rá nárbh annamh don Roinn sna blianta atá caite bheith ag breithniú na ceiste seo ach gur mhór iad na deacrachtaí. Bé deacracht ba mhó acu ná scrúdaitheoirí a fháil a bheadh oiriúnach agus a mbeadh na scoileanna sásta leo. Sé tá beartaithe ina thaobh san ná cigirí ó na scoileanna náisiúnta a chur i mbun na h-oibre comh maith le cigirí meán-scoileanna. Beidh an triail bhéil ina cuid den scrúdú iomlán sa Ghaeilge agus, fé mar atá curtha in iúl agam do lucht ceannais na scoileanna, laghdófar fé mar is gá, i bhfianaise a thuille teagaise béil a bheith ann, an méid eolais ar théacsanna a bheidh á iarraidh sa scrúdú scríofa Gaeilge.
Tá daoine ann, b'fhéidir, agus ní ar lucht na hArd-Teistiméireachta ach ar lucht na Meán-Teistiméireachta ab fhearr leo an bhéal-triail a chur. Tá daoine eile ann, is dócha, agus is ar idir lucht Meán-Teistiméireachta agus lucht Ard-Teistiméireachta ba cheart í a chur, dar leo. Do deineadh machnamh trom ar gach gné den scéal san sar a dtánathas ar bhreith. Na scrúdaithe seo, tá ana-chuid iarrthóirí ag cur isteach orthu, agus tá a bheag nó a mhór den chomórtas ag baint leo i dtreo go gcaithfear na freagraí a mheas níos cúramaí ná dá mba ná béadh ann ach scrúdú cáiliúcháin. Rud nua sa tír seo is ea béal-triail bheith ann ina leithéid sin de scrúdú agus ar an ábhar san amháin do b'éigin ana-bhreithniú ar fad a dhéanamh ar an gceist. Mar sin de, ón uair a bhí i gceist ceann amháin den dá Scrúdú seachas a chéile a thoghadh chun an bhéil-triail bheith ina páirt de, ba léir agus ba lán-léir gurbh é Scrúdú na hArd Teistiméireachta an ceann ceart, óir, cé gur lú an líon iarrthóirí a bhíonn ag tabhairt fé, is é barr agus buaic an Chúrsa é agus téann sé i gcionn dá réir sin ar an gcúrsa meán-oideachais ar fad ón chéad lá. Ní hé atá agam á rá, ar ndó, ná tiocfaidh an lá a mbeidh béal-triail ann i Scrúdú na Meán-Teistiméireachta, leis, ach chíthear dom gurbh fhearr fanacht go fóill ina thaobh san go dtí go bhfeicfimid conas a éireoidh leis an ngnó san Ard-Teistiméireacht.
Táim ag ceapadh go dtiocfaidh anamhaitheas as an mbéal-scrúdú so, agus, ní hamháin don Ghaeilge é ach do na modhanna múinte. Táim lántsásta, leis, go mbeidh dea-thoil lucht údaráis na scoileanna leis mar bheartas agus gur mór and chabhair a bheidh ann don lucht foghlama. Sé tiathneamh is mó, is dócha, atá le baint ag an ngnáthdhuine as teanga nua a fhoghlaim ná é bheith i riocht a thaispeáint go bhfuil cumas cainte aige sa teanga sin.
Do luas figiúirí cheana féin á léiriú go bhfuil cuid mhaith scoileanna ina múintear abhair eile tré Ghaeilge. Ba mhaith liom an saghas san scoile a fheiceál ag dul i líonmhaireacht go mórmhór ó tá téacsleabhair i nGaeilge ag éirí níos flúirsí diaidh ar ndiaidh. Tá soláthar áirithe breise á dhéanamh sa Vóta so chun téacsleabhair mar sin a chur ar fáil. Na scoileanna atá ag múineadh tré Ghaeilge, gheobhaidh siad amach, measaim, gur fusaide an múineadh san treis bheith á cur le labhairt na Gaeilge i gcoitinne, agus ar ndó, is líofa-de agus is cumasaí-de Gaeilge an lucht foghlama iad bheith ag foghlaim trén teanga féin.
Tá suim bheag áirithe á soláthar i mbliana chun athchúrsa gairid sa tíreolaíocht bheith ann do mheánmhúinteoirí i mí Iúil. Do bé mo mhian a thuilleadh den saghas san athchúrsaí a fheiceál ann, iad á dtabhairt ar ábhair éagsúla nó b'fhéidir sreath acu á dtabhairt bliain i ndiaidh bliana ar ábhar áirithe éigin. Ba mhór an leas a thiocfadh as a leithéid agus be mhór an áis é do mhúinteoirí ar mhaith leo bheith ag baint triail as modhanna nua teagaisc.
Tá roinnt gnéithe de chlár na meán-scol go mbeadh fonn orm iad a lua, ach maithfidh Teachtaí dom má fhanaim den chuid is mó i mbun tagairt a dhéanamh do na h-abhair Eolaíochta. Le linn dom é sin a dhéanamh, ní hamhlaidh atáim ag dearmhad go bhfuil and Chomhairle Oideachais ag breithniú chlár na meán-scol fé láthair. Go deimhin, is amhlaidh atá tuairisc na Comhairle á dréachtadh i láthair na h-uaire.
Táthar ag cuimhneamh dúinn de shíor gurb í an aois seo aois na heolaíochta. Cloisimid, leis, ó am go h-am, ó dhaoine ar cheart fhios bheith acu níos fearr, ná fuil tada againn á dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar aois na heolaíochta, ná fuil aon eolaíocht, nó ar aon nós gan ach an fíor-bheagán di á múineadh inár gcuid meánscoileanna, ná fuil aon mhúinteoirí eolaíochta againn nó má tá ná fuil siad cáilithe, agus mar sin de. Ní furas a thuiscint cad ina thaobh a mbíthear ag caint mar sin. Níl éinne á shéanadh gurbh fhéidir an scéal a fheabhsú, ach bheadh duine ag súil go mbeifí ag tabhairt roinnt bheag molta, roinnt bheag uchtaí, anois is arís, do na scoileanna agus na múinteoirí atá ag déanamh a ndualgais go dícheallach dúthrachtach rathúil den taobh san.
Do luas cheana go bhfuil 126 de ranganna abreise ann i mbliana atá ag tuilleamh na ndeontas speisialta a tugtar i leith ranganna eolaíochta. D'fhéaddfainn a chur leis sin gurb amhalaidh atá le deich mbliana anuas go bhfuil 1,000 breise de na ranganna san ann. Ní amháin sin, ach an áit ná raibh ach 292 de scoileanna ann i 1948-49 a bhí ag fáil na ndeontas san, 388 den saghas san scoileanna atá ann anois.
Tugtar na deontais seo i leith múineadh an tís, leis, ach taobh amuigh ar fad den tíos, as an 202 de scoileanna buachaillí, 225 de scoileanna cailíní agus 54 de scoileanna measctha a bhí ann ar fad sa bhliain seo caite, do bhí 159 de scoileanna buachaillí, 160 de scoileanna cailíní agus 18 de scoileanna measctha a bhí ag múineadh ábhar amháin nó níos mó ná abhar amháin eolaíochta. Is ionann san is a rá, go raibh 144 de scoileanna ann ná raibh ag múineadh ábhar eolaíochta, mar adéarfá, gnáth-ábhar colaíochta, ach ina thaobh san ní miste a mhíniú gur ábhar éigeantach an eolaíocht tís ar chlár minimum scoileanna na gcailíní. Ar nós a lán eile de na h-ábhair, ní ábhar éigeantach aon ábhar gnátheolaíochta. Ní furas na gnáth-ábhair eolaíochta a oibriú isteach i gclár na scoileanna beaga, óir is gá saotharlann agus fearaistí ina gcóir, agus tá roinnt áirithe de na scoileanna beaga sin ann. Sin cúiseanna le cuid de na scoileanna gan bheith ag múineadh eolaíochta.
Tá ceithre cláir eolaíochta ann (ceann acu i gcóir cailíní amháin) do chúrsa na Meán-Teistiméireachta, agus clár san eolaíocht thalmhaíochta, lena gcois sin, agus sa scoilbhliain 1956-57 bhí 60% de na buachaillí agus 20% de na cailíní ag déanamh clár éigin acu san. Caithfear a admháil, áfach, ná raibh ach 488 de bhuachaillí na Meán-Teistiméireachta ag déanamh eolaíochta thalmhaíochta i ranganna aithinte lena linn sin.
An cúrsa dhá bhliain i gcóir na hArd-Teistiméireachta, tá seacht gcinn de chláir eolaíochta ann, mar atá, an fhisic, an cheimic, an fhisic-agusceimic, eolaíocht choiteann, luibheolaíocht, corpeolaíocht-agus-sláinteolaíocht, agus eolaíocht thalmhaíochta. Cailíní ar fad beagnach a dheineann an chorpeolaíocht-agus-sláinteolaíochta. Tar éis a chur san áireamh go bhfuil cúpla céad nó níos mó de na buachaillí atá ag déanamh níos mó ná ábhar amháin eolaíochta, dheallródh sé go bhfuil ós cionn 50% de na bhformhór foghlaim eolaíchta, agus a bhformhór san ag déanamh fisice nó ceimice nó an dá ábhar san. Caithfear a admháil, aon uair amháin eile, ná raibh ach 206 de bhuachaillí Ard-Teistiméireachta, agus iad san i 6 de na scoileanna, a bhí ag déanamh staidéir go formálta ar an eolaíocht thalmhaíochta. Ar an taobh eile de, áfach, bhí 40% de chailíní na hArd-Teistiméireachta a bhí ag foghlaim corpeolaíocht-agus-sláinteolaíocht agus 576 de chailíní Ard-Teistiméireachta ag déanamh luibheolaíochta, maraon le líon áirithe is lú ná san de chailíní a bhí ag foghlaim na fisice nó na ceimice agus dá réir sin.
Béifear ag mairgnigh nach mó ná san de scoileanna buachaillí atá ag luí isteach go formálta ar an eolaíocht thalmhaíochta. "Go formálta," adeirim, ar an ábhar go dtuigtear dom go bhfuil roinnt scoileanna ann ina dtugtar roinnt áirithe oiliúna san Tuaitheolaíocht nó sa talmhaíocht ach gan clár na Roinne bheith á leanúint iontu. Ach más teagase formálta na heolaíochta i meánscoil atá i gceist, is mó san deacracht atá le sárú. Is riachtanach, cuir i gcás, feirm talmhan ach go háirithe agus a mbaineann leí, ní furas i gcónaí céimí sa talmhaíocht a mhealladh chun bheith ag múinteoireacht i meánscoil, is achrannach an ní rang san eolaíocht thalmhaíochta a oibriú isteach I gclár-ama laethúil na scoile, agus ansan, fé mar adúras cheana, scoileanna beaga is ea cuid dár meánscoileanna. Ina theanta san uile, ní foláir a admháil go bhfuil idir thuismitheoirí agus aos óg agus gan iad ró-cheanúil ar an eolaíocht thalmhaíochta mar chuid de chlár meánscoile. Sílim go bhfuil an claonadh san i gcoinnibh na heolaíochta talmhaíochta ag ceiliúradh diaidh ar ndiaidh de bharr léargas níos fearr bheith ag teacht don phobal ar cad é a leas féin.
Timpeall 50% díobh súd atá ag múineadh na heolaíochta ins na meán-scoileanna, tá céim iolscoile acu san eolaíocht. An chuid eile, agus na múinteoirí corpeolaíochta-agus-slainteolaíochta agus eolaíochta neamhthrialaí ina mease san, tá freastal déanta acu ar na cursaí samhariadh atá leagtha síos ag an Roinn dóibh ins na cláir éagsúla agus tá cáilíocht bainte amach acu i scrúdú cinn chúrsa na Roinne chun na cláir sin a mhúineadh.
Na figiúir san go léir, agus iad a chur leis an bhfigiúr den líon breise macléinn Iolscoile atá ag déanamh eolaíochta fé láthair, léiríonn siad, measaim, nach olc an bhail atá ar an eolaíocht ins na meánscoileanna. Ba cheart dúinn, leis, gan a dhearmhad nach foghlaim speisialta ar roinnt bheag ábhar fé leith an bonn atá le clár na meánscoileanna. Bonn agus eagras níos leithne ná san atá mar nós againn le fada sa tír seo, agus ná caithimis uainn an bonn leathan sin sul a mbeimid lánchinnte gur maith oiriúnach fónta an rud a chuirfí ina áit. Is furas an rud atá agat, olc maith é, a bhascadh. Tá rud againn i gclár agus in obair ár gcuid meánscoileanna a d'fhóin go maith dúinn go dtí seo. Níor mhaith an comhairle an rud san a chur i leataoibh gan lánbhreithniú, óir ní fios nach é an sop in ionad na scuaibe a gheobhaimís ina áit.
Tá ní amháin eile ba mhaith liom a lua, sé sin na nuatheangacha Eorpacha. Is baol ná fuilimíd fhad chun cinn sa ghné sin den obair is a d'fhéadfaimís a bheith. Maithfear dom é má chuimhním do lucht stiúrtha na meánscoileanna gur gairid uainn, do réir deallraimh, an Limistéar Saorthráchtála úd san Eoraip. Tá ábhar machnamha ansan acu agus níor mhiste dóibh bheith á n-ullmhú féin chuige tré níos mó teann a chur ar mhúineadh na nua-theanagacha san.
£1,246,960 an soláthar glan don Ghairm-oideachas i mbliana. Sín £111,340 ar Vóta na bliana anuraidh. Na deontais bhliantúla do choistí gairm-oideachais a bheith curtha ar ais ar a lán-ráta is mó is cúis leis sin. Mírchinn eile a bhfuil soláthar do chaiteachas breise á dhéanamh ina leith sea oiliúint mhúinteoirí, deontais a híoctar fé Alt 109 d'Acht Gairm-oideachais 1930, íocaíochtaí i leith pinsin agus aiscí, agus íocaíochtaí leis na húdaráis ráthúcháin i leith iasachtaí a tharraingíonn siad chun scoileanna nua a thógáil.
Bhí an-áthas orm gur fhéadas a chur in iúl do na Coistí Gairm-oideachais níos luaithe sa bhliain gur chinn an rialtas an Gearradh 6% a chur ar ceal. Ina leith sin, ní miste é d'athrá arís nach bhfuil deireadh forbairte déanta fós ar an ngairm-oideachas, mar tá sé againn, sa gcéill nach eol ar fad fós don phobal, agus go háirithe don chuid sin de ba mhó a ndéanfadh an cineál seo oideachais leas dóibh, an tairbhe agus na buntáistí d'fhéadfaí a bhaint as. Ar an dtaobh eile dhe, bíonn ar an scoil ghairm-oideachais féin, mar bhárr ar an gcuid sheasta dá clár oideachais leanúina agus ceard, a bheith i geónaí ag triail agus ag féachaint cúrsaí nua nó mallairt chúrsaí de réir riachtanas an cheantair a bhfuil sí ag freastal air. Gheofar le haimsir agus leis an saothar bunúsach atá ag na scoileanna gairm-oideachais á dhéanamh, measaim, an ceann is fearr ar na deacrachta sin ar fad nó a bhfuil fágtha dhíobh.
Sa scoil-bhliain 1956-57, bhí 260 de scoileanna gairm-oideachais lae ag obair, maille le 537 d'ionaid eile inar tugadh cúrsa amháin teagaisc nó níos mó i ngach ceann díobh i rith na bliana. H-osclaíodh chúig cinn de scoileanna nua an bhliain sin agus ó thús na scoilbhliana reatha i leith críochnaíodha tógáil deich gcinn de scoileanna nua eile. Sa tréimhse céanna ó 1956, méadaíodh sé cinn de scoileanna chun cóiríocht a thabhairt do ranganna breise agus dá thuille mach léinn. San am céanna, tógadh seacht gcinn de scoileanna aon-tseomnra nó dhá-sheomra mar chóiríocht do ranganna oíche do dhaoine fásta.
Tá seacht gcinn de scoileanna nua á dtógáil agus cheithre cinn á méadú fé láthair, agus tá súil go dtosnófar, roimh an aonú lá tríocha de Mhárta 1959, ag tógáil dhá cheann déag de scoileanna nua agus ag méadú deich gcinn de scoileanna atá ann cheana. Meastar gur thimpeall £320,000 a catithfea ar thógáil scoileanna gairm-oideachais sa bhliain reatha airgeadais. Ar na scéimeanna atá beartaithe tá méadú a dhéanamh ar an gColáiste Teicneolaíochta, Sráid Bhólton, i mBaile Átha Cliath, a bhfuil cuireadh tugtha chun tairiscintí conartha len aghaidh. Tá gá leis an méadú seo chun cóoiríocht cheart a chur ar fáil le haghaidh ceardaithe innealthóireachta agus tógála d'oiliúint agus le haghaidh ard-chúrsaí áirithe den chineál sin a tugtar sa Choláiste.
Féadaim a lua freisin go bhfuil cead tugtha chun pleaineanna d'ullmhú do Choláiste nua Teicenolaíochta ar Shráid Chaoimhín, Baile Átha Cliath, in áit an fhoirgnimh atá ann fé láthair agus chun freastal ar ghanntanas cóiríochta le haghaidh oiliúna i gcearda agus i dteicneolaíocht leictreachais agus eolaíochta. Níl meastachán baileach ar chostas na scéime seo ar fáil fós, ná ní féidir a rá cá fhaid go dtosnóidh an tógáil, óir braitheann sin go mór ar a fhairsinge and bheidh airgead caipitil sna blianta seo chugainn. Luaim an dá scéim mhóra sin i mBaile Átha Cliath go háirithe de bhrí nach don phríomh-chathair amháin a raghaidh siad chun tairbhe ach don tír fré chéile chomh maith.
Cé go léiríonn na figiúirí atá tugtha agam gur maith atá tógáil scoileanna ag dul chun cinn, is dóigh go bhfuil coistí ann nach leor leo an forás sin. Tá tórainn, áfach, lenar féidir a sholáthar d'airgead caipitil chun scoileanna Gairm-oideachais a thógáil, de bhrí gur riachtanach an méid tóranta caipitil atá againn a dháiliú chomh cothrom, cóir agus is féidir. Féachtar chomh fada agus is féidir, áfach, le tosaíocht éigin a thabhairt do na coistí is mó a bhfuil gá acu le scoileanna nua. I leith tuille leathnú a dhéanamh freisin, níor mhór do choistí cuimhneamh ar staid a gcuid ioncam agus ar a ngustal chun an caiteachas breise a théann le scoileanna nua, i leith foirne agus oibriú, a sheasamh.
Bhí 1,487 de mhúinteoirí lán-aimsire ar fostadh ag na coistí sa scoilbhliain 1956-57, méadú de sheasca ar líon na bliana roimhe sin, ach ba lú de sheachtó is triúr líon na múinteoirí páirt-aimsire, dream a raibh míle, céad is naonúr déag díobh ann.
Le roinnt bhlian, tá an líon daltraí, lán-aimsire agus páirt-aimsire, a fhreastalann scoileanna gairm-oideachais cuíosach seasta thart fé nócha míle. D'ardaigh an líon go hobann go dtí 94,506 sa scoilbhliain 1955-56 ach thit sé arís an scoilbhliain dár gcionn go dtí 88,624. Tharla formhór den titim seo de bharr laghdú sa líon mac léinn ar ranganna oíche, laghdú arbh é an cungú a rinneadh ar ranganna den tsórt sin, go háirithe ag ionaid lasmuigh, ar loirg an ghearradh 6%, ba chúis leis de réir chosúlachta.
Ábhar sásaimh é, áfach, an fás seasta atá ar fhreastal ar chúrsaí lán-aimsire oideachais leanúna agus ceard-oideachais do dhaoine óga agus ar chúrsaí páirt-aimsire agus ar chúrsaí saordhula do phrintísigh. Sa scoilbhliain 1956-57, bhí 21,786 ag freastal ar chúrsaí lán-aimsire oideachais leanúna, nó míle níos móná, mar bhí an bhliain roimhe sin. Ag an am céanna, bhí 705 aga fáil ceard-oideachais lán-aimsire, sé sin 150 thar mar bhí an bhliain roimhe sin.
Ní féidir a rá go cruinn cé mhéad printíseach ar fad a fhreastalann ranganna oíche i scoileanna gairm-oideachais, toise nach gcláraítear astu féin iad, ach meastar gur thimpeall ocht míle é. Bhí 2,600 ag na cúrsaí speisialta saordhula lae do phrintísigh i 1956-57, áfach, agus mar dúras tá a líon ag méadú gach aon bhliain. Bhí cúrsaí lae den chineál seo ar siúl i ndathad ionad i rith na bliana, agus, i mBaile Átha Cliath, do dhein printísigh as fiche ceard éagsúil freastal orthu. Mar fhianaise ar an gcaighdeán ceirde a bhaineann na daoine óga so amach, ní miste a mheabhrú chomh maith is chruthaigh dornán beag d'ionadaithe díobh a bhí ag coimhlint sna comórtais i Madrid in éineacht le printísigh as tíortha eile san Eoraip anuraidh. Gnóthaigh triúr acu duaiseanna agus bhain duine acu an chéad-áit amach ina cheird áirithe féin. Tuigim go bhfuil foireanna iomlán d'iomaitheoirí le cur isteach ar chomhórtais den tsórt céanna i mbliana. Gan trácht ar aon bhun a bhainfid amach, cuideoidh an thaithí agus an mhuinín as a gcumas féin a thabharfaidh na comórtais dóibh, ní hé amháin leis na hiomaitheoirí ach leis na cearda agus leis na scoileanna arb as iad.
Tá iarrachtaí á ndéanamh i mórán gach contae chun cúrsaí tairbheacha, éifeachtúla a chur ar fáil don fheirmeoir agus don bhean tí fén dtuaith. Is samplaí na cúrsaí i dtógáil tithe feirme, in innill feirme agus in ithireolaíocht, de chúrsaí atá á soláthar agus a bhfuil tarraingt chinnte acu ar an bhfeirmeoir agus ar an talmhaí. Maidir leis an mbean tí feirme, is féidir cúrsaí ina dtugtar teagase féna cuid oibre, amuigh is istigh, a lua, ar nós na gcúrsaí a tosnaíodh anuraidh i roinnt ionad i gCo. Liatroma. D'oibrigh múinteoirí gairm-oideachais, teagascóirífé choiste talmhaíochta an chontae, agus dochtúirí fén údarás áitiúil sláinte, as láimh a chéile chun an teagasc a thabhairt ar na cúrsaí seo fén gcoiste gairm-oideachais agus, i dteanta ranganna tís, tugadh ranganna freisin fé chothú éanlaith, déiríocht, garraíodóireacht, banaltracht theaghlaigh agus maisiúchán tí.
Tráchtaim air sin ar fad mar shampla den chomhar agus den ghustal áitiúil ar chóir fáiltiú roimhe agus é a mholadh. Sa gceann eile den tír, i gCo. Chorcaí, tá tóir mhór go fóill ag mnátí agus eile ar scéim "chomhairleachan teallaigh" a tionscnaíodh cúpla bliain óshoin féna dtugann múinteoirí cuairteanna ar na tithe le cois ranganna a thionóil sna scoileanna. Bhí an scéim seo á hoibriú i gcúig cinn déag d'ionaid i rith na scoilbhliana 1956-57. Amach ón dá cheantar sin, i mórán gach aon chontae, tá rud den chineál céanna ar bun, rud ar cinnte gur mór an gar é dóibh seo ar mhaith leo a mbealaigh feirmeoireachta nó riar tí d'fheabhsú.
Tá súil le cúrsaí, in oiliúint oibrithe tithe ósta, den chineál atá ar siúl cheana i gContaethe Dhún na nGall, Chorcaí agus Loch Garman a thosnú an scoilbhliain seo chugainn i gCo. na Gaillimhe, áit a bhfuil foirgneamh tí ósta curtha i gcóir ag an gCoiste lena n-aghaidh. Cuirfear freisin leis na cúrsaí i ndéanamh báid agus na cúrsaí i riar tithe aíochta atá ar siúl sna ceantair iascaigh agus dubhánachta. Sé cuspóir na gcúrsaí seo uile cuidiú leo siúd a bhíonn ag obair i dtionscal na cuartaíochta agus tá an Bord Fáilte ag cabhrúlena gcur chun cinn.
Tugann a bhfuil ráite agam fén Vóta seo réidh-thuairim den obair a déantar sna scoileanna gairm-oideachais. Tá súil agam gur leor échun Teachtíi do shásamh go bhfuil dul chun cinn á dhéanamh agus, cé gur mór an tsuim atá á iarraidh ar an Stát-chiste, gur maithe is fiú ann iad na seirbhísí ar a bhfuil an t-airgead á chaitheamh. Sé an Stát is mó a chaitheann leis na seirbhísí seo, ach bíonn ar an údarás áitiúil freisin scar maith a sholáthar de chostas an ghairm-oideachais fé gach aon choiste. Táim cinnte nach bhfuil ach fonn ar na húdaráis áitiúla, óna gcuid taithí dhlúth ar obair na gcoistí, a gcuid féin den chostas a sheasamh.
Ina leith sin, mheasas gur thráthúil dom le gairid scríobh chuig na coistí gairm-oideachais á chur ina luí orthu cloí le gach beart indéanta a chur i bhfeidhm chun go n-oibreoidís a gcuid scéimeanna chomh barrainneach, tíobhasach agus ab fhéidir ó thaobh caiteachais dhe, ionas go gcoimeadfaí an t-ualach ar lucht díolta rátaí agus ar lucht díolta cánach araon chomh héadrom agus ab fhéidir. Ag an am céanna, do dheineas a that haint orthu gur chosúil go raibh, de réir gach réasúin, cás maith ann chun a n-ioncam ó tháillí mic léinn d'ardú, de bhrí gurbh fhiú, ó cheart, an tseirbhís atá ag an ngnáth-mhac léinn á fháil táille roinnt níos mó a chur air ná mar cuirtear. Tuigim go maith go gcaithfear, chun teacht ar an ardú baileach a déanfar fé gach aon choiste, áird a thabhairt ar staid an cheantair, na cúrsaí a soláthraítear ann agus an scála táillí atá i bbfeidhm ann fé láthair. Bíodh gur fíor, agus an deathoil is móann chuige, nach mbeidh san ioncam ó tháillí ach céatadán beag den chaiteachas iomlán, féadfaí go réidh an céatadán atá ann fé láthair d'ardú.
Cun ceangal a chur ar mo chuid cainte fén Vóta seo, ní miste dhom a rá gur mór is maith liom buíochas a ghabháil go poiblí leis na comhluchta agus leis na heagraíochta a chuidigh an bhliain seo caite le hobair na gcoistí gairm-oideachais, thrí scoláireachtaí agus duaiseanna a thairiscint, thrí fhearais nó innealra a bhronnadh nó a thabhairt ar iasacht in aisce i gcóir chúrsaí áirithe, thrí shaineolaithe nó múinteoirí oilte a sholáthar in ábhair áirithe, agus thrí chúnta teagaisc, cairteanna, scannáin agus a leithéidí a thabhairt lena scaipeadh ar na scoileanna. Spéis den tsórt sin sa nGairm-oideachas agus fonn cabhruithe lena chur chun cinn, léirionn sé cad is fiú é dar leo siúd atá cáilithe go maith chun a thoradh a mheas.
Is fé Vota 41—Eolaíocht agus Ealaíon —a soláthraítear na deontais a thugann an Stát d'institiúidí agus d'eagraíochta cultúra, d'fhoilseacháin i nGaeilge, agus do scoláireachtaí Iolscoile agus do dheontais taighde de chuid an Stáit. An tsuim atá dá hiarraidh chun na gcríocha sin i mbliana, sé sin £186,870, is mó é de £17,280 ná Meastachán na bliana so caite.
Mar tabharfar fé ndeara, tárlaíonn bunáite an mhéadú sin de bhárr breis soláthair de £15,000 a bheith riachtanach fé mhírcheann B.l. ar mhaithe le foilseacháin Ghaeilge. Den tsuim sin, tá £7,000 ceaptha le caitheamh ar chló agus ar cheangal an Fhoclóra nua Béarla-Gaeilge, foclóir a bhfuil géarchall leis. Tá obair na heagarthóireachta i ndáil le bheith réidh agus tá súil leis an saothar a bheith ar fáil roimh dheireadh na bliana. Chun athchló a chur ar an leagan Gaeilge den Leabhar Aifrinn atá £6,000 eile den tsuim in áirithe. Cuireadh cúig mhíle cóip den Leabhar Aifrinn fé chló ar dtús fé Nollaig, 1952, ach tá sé as cló ó 1956 i leith. Tá súil leis an eagrán nua a bheith ar fáil roimh an Nollaig seo chugainn. Tá £2,000 eile dá soláthar chun riar ar mhéadú a bhfuil súil leis sna deontais a íocann Bord na Leabhar Gaeilge, bord comhairlitheach neamhspleách a bunaíodh ar dtús sa bhliain 1952-53 agus a riarann scéim atá beartaithe chun cuidiú le foilsitheoirí príobháideacha i ngnóthaí gnáthlitríocht agus téacs-leabhair Ghaeilge d'fhoilsiú. An méid leabhar ar híocadh deontais ina leith anuraidh, sé sin, sé cinn déag, ba é an uimhir ba mhó é in aon bhliain fós. Ó bunaíodh an Bord, híocadh deontais i leith trí leabhar is caoga ar fad agus orthu san bhí ocht dtéacs-leabhar meánscoile a bhí ag teastáil go géar. Thógh na Clubanna Leabhar Gaeilge dá gcuid comhaltaí roinnt de na leabhair ghnáthlitríochta a foilsíodh sa tslí seo.
Níl, dá réir sin, aon athrú dhá dhéanamh sa soláthar de £10,500 a caitheadh roimhe seo ar ghnáth-fhoilseachán an Ghúm. Níor mhiste dhom a lua gur fhoilsigh an Gúm anuraidh dhá cheann déag de bhun-tsaothair agus seacht geinn d'aistriúcháin de leabhair ghnáth-litríochta, téacs-leabhar Iolscoile amháin—aistriúchán—agus píosa amháin ceoil.
Ó tosnaíodh ar an scéim seo chun litríocht i nGaeilge d'fhoilsiú sa mbliain 1928 go dtí seo, fhoilsíodh ós cionn míle leabhar ar fad, ag áireamh 577 de bhun-leabhair agus 433 d'aistriúcháin. Ina dteanta san, foilsíodh 168 de phíosaí ceoil. Chomh maith leo sin, d'fhoilsigh an Roinn, fé Vóta 39, Mírcheann E, 123 de théacs-leabhair Mheánscoile, idir bhun-tsaothair agus aistriúcháin. De na foilseacháin seo go léir, clóbhuaileadh timpeall 2,100,000 cóip agus tá ós cionn 1,250,000 de na cóipeanna sin díolta. Sin le rá gur díoladh dathad míle leabhar ar an meán in aghaidh na bliana, rud a léiríonn go bhfuil pobal léitheoireacht ann do Ghaeilge. Go fiú na leabhair sina foilsíodh ós cionn chúig bhliana déag ó shoin, is beag ceann díobh atá fós i gcló nach ndíoltar roinnt chóipeanna de gach aon bhliain agus tá ceannach cuíosach briosc ar na leabhair sin a foilsíodh le deich mbliana anuas.
Tá sé le meabhrú, cé gur bunaíodh an Gúm chun leabhair Ghaeilge d'fhoilsiú, nár ceadaíodh dó, ar chúiseanna maithe is dóigh, oibriú mar chomhlucht gnótha sa riocht ina bhféadfadh sé leabhair d'fhoilsiú go mear agus taistealaí a chur amach á ndíol. Thairis sin, is cosúil sna blianta tosaigh gur clóbhuaileadh níos mó cóipeanna, d'aistriúcháin ón mBéarla go háirithe, ná mar bhí de mhargadh ann dóibh. Is annamh anois a glactar le haistriúchán ón mBéarla chun a fhoilsithe, cé go bhfuil roinnt aistriúchán a bhí cheana ag na clódóirí dá bhfoilsiú fós.
Ní hé ab áil liom a rá, mar adeireann daoine, gur díchéillí an rud é roinnt éigin aistriúchán d'fhoilsiú. Más amhlaidh go bhfuil dul nua-aoiseach dhá chur go tréan ar théarmaíocht na Gaeilge agus a foclóir á leathnú, is mór dá choimaoin sin atá orainn ag saothar na n-aistritheoirí. Ní mistre go dtuigfí freisin go gcaitear in amanna leabhair d'fhoilsiú gur beag de na gnáth-léitheoirí a mbeadh spéis acu iontu, agus chomh maith leis sin go dtarlóidh don Ghúm, mar tharlaíonn d'thoilsitheoirí eile, go bhfoilseaoidh siad anois is arís leabhar nach mbeidh éileamh mór air ar chúis nó ar chúis eile.
De bharr na poiblíochta a tugadh le gairid don scéal seo, áfach, tá ceist na leabhar de chuid an Ghúm atá gan díol á scrúdú agam as an nua chun a shocrú cé mar féadfaí an díolachán d'fheabhsú nó cén bealach eile ab fhearr a féadfaí iad a chur chun leas don teanga.
Tá soláthar breise á dhéanamh i mbliana, fé Mhírcheann B.6. den Vóta, le haghaidh na ndeontas i leith tinrimh a híoctar le Coláistí ina dtugtar cúrsaí samhraidh i nGaeilge gach bliain do mhúinteoirí, do dhaoine eile ós cionn ocht mbliana déag d'aois agus do pháistí idir deich mbliana agus ocht mbliana déag d'aois. Sé an méadú atá aga teacht ar an líon mac léinn a bhíonn ag freastal na gColáistí seo, a bhfuil cheithre cinn déag acu ann, iad ar fad beagnach sa Ghaeltacht, is cúis leis an mbreis seo.
Ba mhaith liom tagairt do dhá mhír eile fén Vóta seo, sin Scoláireachtaí Iolscoile, B. 3, agus Léiriúchán Drámaí i nGaeilge, B.2. I dtaobh na scoláireachtaí Iolscoile, féadaim a rá, cé go bhfuil sé beartaithe chúig cinn fhichead de scoláireachtaí, ag áireamh chúig cinn a cuireadh ar athló ó chomórtas 1957, a bhronnadhi i mbliana ar mhic léinn a bhfuil fúthu cúrsaí Iolscoile a dhéanamh thrí Ghaeilge, gur lú an méid scoláireachtaí a bheidh le hathnuachaint sa bhliain acadúil seo rómhainn ná mar bhíothas ag súil leis nuair bhí soláthar á dhéanamh dhóibh don bhliain 1957-58. An chúis atá leis sin ná nár éirigh le roinnt scoláirí coinníollachtai athnuachainte a gcuid scoláireachtaí a chomhlíonadh nó, i roinnt chás, gur scor scoláirí dá geúrsaí staidéir.
I dtaobh na Léiriúcháin Drámaíochta i nGaeilge, tá fé Chumann Drámaíochta na Scol a bhféile bhliantúil drámaíochta don bhliain seo chugainn a chur ar bun thar éis an 31ú Márta, 1959. Dá réir sin ní bheidh aon chaiteachas ó chiste an Stáit fén mír-cheann sin sa bhliain airgeadais seo.
Lasmuigh de na nithe sin a luas, tá an soláthar atá á dhéanamh fégach aon cheann de na mírchinn eile den Vóta d'Eolaíocht agus d'Ealaíon mórán mar bhá le haghaidh na bliana 1957-58.
Fé Vóta 42—Scoileanna Ceartúcháin agus Scoileanna Saothair—táim ag iarraidh ar an Tigh aontú le £243,630 de mheastachán sé sin £59,720 níos mó ná Meastachán na bliana seo caite. An soláthar breise, tá sé go léir ag teacht as rátaí méadaithe atá le bheith ann ón aonú lá d'Aibreán, 1958 sa deontas caipitíochta atá iníochta ón Stát i leith leanaí agus daoine óga a chotabháil i scoileanna teastaithe, méadaithe gurb chúis áthais dom bheith i riocht iad a fhógairt do bhainisteoirí na scoileanna san le déanaí. Ós de réir na ráithe siar a íocthar na deontais seo, ní gá a sholáthar i mbliana ach an bhreis airgid is gá i leith thrí ráithe.
Fé mar is eol do na Teachtaí, tá deontais chaipitíochta cothabhála iníoctha, fé réir Achtanna na Leanbh, ón Stát agus ó na h-údaráis áitiúla. Go dtí seo, siad na deontais seachtainiúla a bhí i bhfeidhm ó 1952 ná:—
Scoileanna Ceartúcháin—17/6 iníoctha ag an Stát agus 15/6 go dtí 16/6 iníoctha ag an údarás áitiúil.
Scoileanna Saothair—15/- iníoctha ag an Stát agus 15/- iníoctha ag an údarás áitiúil.
Siad na rátaí nua seachtainiúla ná:—
Scoileanna Ceartúcháin—25/- iníoctha ag an Stát agus 23/- go dtí 24/- iníoctha ag an údarás áitiúil.
Scoileanna Saothair—22/6 iníoctha ag an Stát agus 22/6 iníoctha ag an údarás áitiúil.
Táim cinnte go mbeidh gach uile Theachta ar aon tuairim gur láidir an cás a bhí ag bainisteoirí na scoileanna seo agus iad ag áiteamh orm nár leor na sean-deontais. Na rátaí nua, tugann siad 15/- de mhéadú iomlán sa tseachtain i leith gach linbh atá i Scoil Saothair, sé sin, timpeall 50 fén gcéad de mhéadú fré chéile. Tá súil agam go mbeidh na Teachtaí go léir ar aon fhocal mar an gcéanna nach míochuíosach an iarracht é sin, agus cúrsaí airgeadais mar atá, ar bheith ag riar ar riachtanais na scoileanna so sa mhéid a bhaineann leis an gcostas breise atá ann chun na páistí seo a chothabháil.
De na trí scoileanna ceartúcháin tá slí do 250 de bhuachaillí i scoil na mbhuachaillí. Sé an líon buachaillí a bhí fé choimeád ansan ar an 31ú lá de mhí na Nollag, 1957, ná 159 sé sin, naonúr níos mó ná cothrom an lae san i 1956. An dá scoil cheartúcháin do chailíní, tá slí iontu lena chéile do 130 de chailíní, agus sé líon cailíní a bhí iontu ar an 31 ú lá de mhí na Nollag, 1957, ná 44, sé sin, seachtar níos mó ná cothrom an lae san i 1956.
Tá fé láthair 49 de scoileanna saothair ann. Do dúnadh scoil shaothair amháin i 1957, agus is amhlaidh a aistríodh na páistí a bhí inti go dtí scoil shaothair eile a bhí féen aon-bhainisteoireacht léi. Tá slé i scoileanna na gcailíní i gcóir 4,310 agus slí i scoileanna na mbuachaillí i gcóir 2,934. B'iad líon na mbhuachaillí agus líon na gcailíní a bhí fé choimeád i scoileanna saothair ar an 31 ú lá de mhí na Nollag, 1957, ná 2,268 agus 1,865 fé seach. Do b'ionann san agus 166 agus 108 fé seach níos lú ná cothrom an lae sin i 1956.
Sé £69,300 an soláthar atá á dhéanamh i gcóir Vóta 43, Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath, sa bhliain airgeadais reatha. Méadú é sin de £5,000 ar an soláthar le haghaidh 1957-58. Le Scoil na Fisice Teoiriciúla a bhaineann na príomh-mhéaduithe— £2,140—agus fós le Scoil na Fisice Cosmaí—£1,830. I geás Scoil na Fisice Teoiriciúla, tá soláthar á dhéanamh chun ollamh sinsearach a cheapadh mar chómharba don Ollamh Schroedinger a d'éirigh as an bpoist cúpla blian ó shoin. Siad na príomhnithe is cúis leis an ardú i gcás Scoil na Fisice Cosmaí ná scoláireachtaí, ollamh cúnta a cheapadh i Roinn na nGae Cosmacha agus costaisí taistil. An £700 breise atá dá lorg do Scoil an Léinn Cheiltigh is le haghaidh caiteachais bhreise ar fhoilseacháin, leabhra agus scoláireachtaí atá sé ag teastáil.
Sé iomlán an mheastacháin i leith Vóta 44, Iolscoileanna agus Coláistí, £670,200.
Is lú de £1,440 é ná meastachán na bliana 1957-58. Ar thaobh amháin, tá laghdú de £1,940 san méid atá dá íoc le Coláiste na hIolscoile, Gaillimh, rud is ionann agus an méid atá caite ag an gColáiste sin agus atá íochta cheana leo as suim de £10,000 a bhí curtha in áirithe le haghaidh cóiríocht bhreise. Ar an taobh eile, tá méadú de £500 ann do na cúrsaí eachtracha oideachais do dhaoine fásta atá ar bun i gColáiste na hIolscoile, Corcaigh. Ó tharla Coimisiún a bheith ag breithniú ceist chóiríochta ioscoile, b'fhearr liom gan níos mó a rá fé láthair fé dheontais ioscoile i gcoitinne. Tá rud nó dhó, áfach, nach mbeadh as alt agam a lua.
Maidir leis an deontas i gcóir Oideachais do Dhaoine Fásta, níor mhiste dhom a mhíniú nuair ghlacas oifig go bhfacas gur £1,500 an soláthar a bhí déanta do na cúrsaí eachtracha seo i gCorcaigh. Ba é sin freisin an méid a soláthraíodh ina gcóir i meastachán na bliana roimhe sin. Nuair a bhí meastacháin na bliana seo á ndéanamh amach, scrúdaíod na scéimeanna a bhí ceaptha do na cúrsaí seo sna Coláistí éagsúla agus bhíos sásta go raibh ceart ag an scéim a bhí beartaithe ag lucht a riartha i gCorcaigh ar ardú áirithe a thabhairt ina leith. Ní cosúil, áfach, gur chuir an t-ardú a deonaíodh aon chose ar é bheith dhá rá go poiblí gur híslíodh an deontas seo i mbliana, cé gurb é tharla dáiríre gur hardaíodh é chúig céad punt. Féadann cúrsaí do dhaoine fásta leas mór a dhéanamh, ach ba chóir gurb é céad-chúram lucht a molta fíricí scéil d'fháil amach sara dté siad ag clamhsán gan údar fé rud nach bhfuil ann.
Cuirtear amanna go scaoilte i gcéill, nach bhfuil chun riar na tíre seo a dhéanamh, tarraingt ar leor-uimhir mac léinn ag na dáimheanna sin ina múintear an Eolaíocht agus a cúrsaí comhghaolmhara agus atá chomh tábhachtach sin ar an saol deiridh seo. Cuirtear i gcéill freisin anois is arís rud nach fíor mar léiríonn staidreamh fén meánscolaíocht, gur easpa tábhacht a bheith leis na hábhair sin sna Meánscoileanna is cúis leis an scéal a bheith amhlaidh. Sé fírinne an scéil go bhfuil an líon mac léinn sna hábhair sin ag méadú go seasta agus, mar léiríonn na figiúir seo leanas den mhéid mac léinn lán-aimsire iolscoile a bhí i nDáimheanna áirithe sna blianta 1954-55 agus 1956-57, tá an méadú sna blianta gairide seo mór go maith.
Líon na Mac Léinn |
||
1954-55 |
1956-57 |
|
Eolaíocht |
606 |
762 |
Bleachteolaíocht |
90 |
112 |
Talmhaíocht & Foraoiseacht |
328 |
446 |
Tréad-liacht |
170 |
227 |
Innealthóireacht |
735 |
785 |
Aon mhíle déag, ceithre chéad is dachad punt atá a sholáthar do Vóta 45, Áiléar Náisiúnta, sé sin, ceithre chéad is dachad punt níos mó ná mar a soláthraíodh i 1957-58. An deontas-i-gcabhair i leith pictiúirí a cheannach agus a dheisiú ar deineadh laghdú de £1,000 air i 1957-58 tá méadú de £500 a dhéanamh air i mbliana. Ag an am chéanna, tá laghdú beag ar an méid i gcóir páighe agus tuarastail. Tá beartaithe leanúint leis na léachtaí poiblí ins an Áiléar arís i mbliana.
Le deireadh a chur leis an gcuntas so ar na seirbhísí éagsúla go bhfuilim-se freagrach iontu, ba mhaith liom athchoimre a dhéanamh de na nithe a deineadh i gcás an Oideachais i gcaitheamh na bliana go measaim tábhacht ar leith a bheith leo. Siad na nithe sin:—
(1) An cealú atá beartaithe a dhéanamh ar an riail a chuireann iachall ar bhan-mhúinteoirí éirí as an tseirbhís ar phósadh dóibh.
(2) An 6% de ghearradh a deineadh ar na deontais do na coistí gairm-oideachais a thabhairt ar ais.
(3) Deontais caipitíochta ardaithe bheith ceapaithe do na scoileanna saothair.
(4) Triail bhéil sa Ghaeilge do bheith á tabhairt isteach mar chuid de Scrúdú na hArd-Teistiméireachta.
(5) An coiste atá socair a chur ar bun chun breithniú a dhéanamh ar na bearta is cóir a dhéanamh chun aithbheochaint na Gaeilge do chur ar aghaidh.
(6) Bunú an choimisiún i dtaobh foirgintí iolscoile.
(7) Agallamh a bheith mar chuid feasta de na trialacha a cuirfear ar iarrthóirí d'áiteanna i gcoláistí oiliúna.
Má tógtar iad so leis na gnáthfhadhbanna go léir a bhíonn le réiteach ag an Roinn Oideachais ó lá go lá, tá súil agam go mbéifear ag aontú nach díomhaoin a bhíomar i rith na bliana. Agus an méid sin a bheith á rá agam, ba mhaith liom a thabhairt le fios don Tigh nach bhfuil aon fhonn orainn suí siar ar ár suaimhneas. Tá, mar adubhart cheana, go leor fadhbanna eile ann. Táimid ag tabhairt fúthu agus, má bhíonn an dea-thoil le fáil againn, níl aon amhras orm ach go réiteofar iad.