Ins na naoi Vótaí go bhfuilim-se freagrach iontu tá £15,578,870 sé sin, £1,078,230 níos mó ná mar a soláthraíodh sa bhliain airgeadais seo caite. Ina theannta san tá £1,600,000 fé Vóta 9, Oibreacha Poiblí agus Foirgintí, chun tithe scoile náisiúnta a thógáil, a mhéadú is a dheisiú. Dá bhrí sin, sa bhliain airgeadais reatha, tá £17,178,870 san iomlán dá sholáthar le haghaidh oideachais. Tá an méid sin ag tarraingt ar 15 per cent. den iomlán atá dá chur ar fáil le haghaidh na Seirbhísí Soláthair ar fad.
OIFIG AN AIRE OIDEACHAIS.
Siad costaisí riaracháin na Roinne atá sa Vóta so, £386,520 an méid atá i gceist, agus is £7,850 de mhéadú é sin ar an tsuim don bhliain roimhe seo. Séard atá sa mhéadú sin den chuid is mó ná an t-airgead breise a b'éigean a chur ar fáil chun íoc as costaisí breisithe tuarastail d'oifigigh nach bhfuil barr a scálaí sroiste acu go fóill.
Sé méid glan atá sa Vóta so ná £9,819,600, sé sin, £378,070 de mhéadú. Mórán ar fad, séard atá sa mhéadú san ná soláthar breise i gcóir tuarastal agus aoisliúntas múinteoirí agus i gcóir glanadh agus téamh na scoileanna Náisiúnta. Is as dhá rud go príomhdha a shíolraionn an méadú le haghaidh tuarastal-toradh na h-eadrána ar an éileamh ar bhonn an chostais mhaireachtála agus an fás atá ann i gcónaí ar líon na múinteoirí. Maidir leis na deontais i leith glanadh agus téamh na scoileanna, tá ionadaithe na mbainisteoirí agus na múinteoirí le tamall anois ag áiteamh orainn nár leor iad in aon chor na deontais a bhí á n-íoc go dtí seo. Is cúis áthais dom bheith in ann a rá go bhfuil socair 25 per cent. de mhéadú a dhéanamh ar na rátaí deontais a bhí iníoctha roimhe seo.
Tá méadú fós ar líon na scoláirí atá ag freastal ar na scoileanna náisiúnta. Bhí 504,401 ar na rollaí ar an 30ú Meitheamh, 1958, i gcomparáid le 503,381 ar an 30ú Meitheamh, 1957. Sa scoil-bhliain 1957-58, bhí 13,554 múinteoirí fostaithe i scoileanna náisiúnta i gcomparáid le 13,402 sa scoil-bhlian, 1956-57.
Sa bhliain darbh críoch an 31ú Márta, 1959, ceadaíodh deontais darbh méid £1,250,000 chun 81 de scoileanna nua do thógáil, chun 21 de scoileanna d'fhairsingiú, chun mór-ath-dhéanamh nó mór-athchóiriú a dhéanamh ar 64 de scoileanna agus chun mionoibreacha a dhéanamh in a lán eile scoileanna.
Nuair a cuirtear an chion-íocaíocht áitiúil de £215,818 leis an tsuim sin, faightear meastachán de £1,465,818 ar chostas na n-oibreacha ar fad atá i gceist. Chaith Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí timpeall £1,500,000 ar thógáil scoileanna i gcaitheamh na bliana. Tógadh 86 de scoileanna nua agus deineadh 59 de scéimeanna fairsingthe is mór-athchóirithe.
Tar éis dom fíricí agus figiúirí áirithe do thabhairt, tá roint nithe go mba mhaith liom tagairt speisialta a dhéanamh dóibh. Chonaic sibh go léir tagairt ó am go ham do na ranganna móra. Siad an dá phríomh-shlí ina bhféadfaí deireadh a chur leis na ranganna móra san ná an chóiríocht scoile d'fheabhsú agus feabhas a dhéanamh ar an gcoibhneas idir múinteoirí agus scoláirí. Maidir leis an gcéad slí, chuireamar i gcrích anuiridh an clár tógála scoileanna ba mhó a sroiseadh riamh ó bunaíodh an Stát. Léireofar é sin má deirim go raibh ar dháta áirithe le déanaí céad is tríocha de scoileanna nua fé thógáil. Sa bhliain airgeadais reatha tá níos mó airgid ná riamh dá sholáthar le haghaidh tógála scoileanna.
Maidir leis an tarna slí, thug deireadh a bheith curtha leis an gcosc úd ar na mná pósta, thug sé sin timpeall 330 de mhúinteoirí oilte breise dúinn go dtí seo agus beidh a thuilleadh fós á fháil againn gach bliain dá bharr. Dá bhrí sin, tá socair agam tosnú anois le feabhas a chur ar an gcoibhneas idir múinteoirí agus scoláirí. Ón gcéad lá de mhí Iúil seo chugainn, an meán ar rollaí agus an meán-tinnreamh atá riachtanach chun an dara cúntóir do cheapadh i scoileanna ina bhfuil slí do thriúr múinteoirí, laghdófar iad ó 100 agus 85 go dtí 90 agus 75, fé seach. Sin iad na scoileanna, measaim, is géire a dteastaíonn breis foirne uathu.
Le linn dom bheith ag trácht ar na múinteoirí agus foirne na scoileanna, ba mhaith liom tagairt a dhéanamh do cheist na múinteoirí neamh-oilte. Is mór an t-ábhar áthais dom bheith ábalta a rá go bhfuil deireadh le bheith le hearcaíocht múinteoirí neamh-oilte. Tá fógraithe cheana féin nach mbeidh aon chomórtas ann i mbliana le haghaidh fo-mháistreásaí cúnta—an ghnáth-aicme de mhúinteoirí neamh-oilte.
I rith na bliana, bócáid pléisiúir dom a fhógairt go raibh athrú sa chóras cigiríochta féna gcuirfí deireadh leis an "marc fiúntais" ach amháin i gcásanna speisialta, agus féna dtógfaí leabhar tuairimí an chigire amach ar fad as na scoileanna. Nil aon amhras orm ach gur chuidigh sé sin leis an spiorad breá dea-thola agus comhoibrithe atá idir na cigirí agus na múinteoirí—spiorad gur chuir sé áthas orm a chloisint fé ó ionadaithe na gcigirí agus na múinteoirí araon.
Mhol an Chomhairle Oideachais ina tuairisc ar an mbun-scoil go gcuirfí rannóg taighde agus comhairleachan ar bun sa Roinn d'fhonn comhairle do chur ar fáil i dtaobh modhanna agus gléasanna teagaisc i gcoitinne agus sa bhun-scoil ach go háirithe. Tá a leithéid de Rannóig bunaithe sa Roinn anois agus i tar éis dul i mbun dualgaisí. Níl aon dabht orm ach leis an gcomh-oibriú a gheobhaidh an Rannóg ó na dreamanna éagsúla go bhfuil baint acu le hoideachas go ndéanfaidh sí obair fhónta.
Gníomh eile a deineadh i gcaitheamh na bliana do b'ea Coiste do chur ar bun chun scrúdú do dhéanamh agus tuairisc do chur ar fáil ar na prionsabail a d'fhéadfadh bheith ina dtreoir chun cinneadh ar choibhneas idir an tuarastal a bheadh iníoctha le múinteoirí náisiúnta oilte, meánmhúinteoirí aitheanta agus gairmmhúinteoirí lán-aimsearacha seasta, fé seach. Cé go bhfuil a scéim IdirRéitigh agus Eadrána féin ag gach ceann de na grúpaí seo tá oibriú gach scéime neamh-spleách ar an scéim eile sa tslí nach bhféadfaí an cheist a tugadh don Choiste le plé a chíoradh fé na scéimeanna san.
Tabharfar fé ndeara nár dheineas aon tagairt do scéal na Gaeilge. Sén fáth atá leis sin go bhfuil Coiste i mbun oibre fé láthair a cuireadh ar bun ag an Rialtas chun breithniú a dhéanamh ar na nithe go mba chóir a chur i bhfeidhm chun cur le dul ar aghaidh na teangan. Le linn don Choiste sin bheith ag gabháil dá chuid gnótha measaim nár chuí domsa tagairt a dhéanamh don scéal.
AN MEÁN-OIDEACHAIS.
Sé an meastachán iomlán don Vóta so ná £2,491,530, agus tugann san £263,690 é thar an iomlán a vótáileadh i gcóir meán-oideachais sa bhliain airgeadais seo caite.
Tá beartaithe a thuilleadh airgid a sholáthar faoi gach uile mhírcheann, nach mór, den Vóta, ach, tabharfaidh na Teachtaí fé ndeara gurab iad dá ní is mó go bhfuil méadú i gceist ina leith ná an deontas caipitiochta atá iníoctha leis na scoileanna agus an tuarastal incriminteach atá iníoctha leis na múinteoirí.
Ba mhór an pléisiúr dom bheith in ann a rá tamall ó shoin le bainisteoirí na meánscoileanna go raibh an Rialtas tar éis cinneadh ar gan leanúint den 10 per cent. de ghearradh a rinneadh i meastachán na bliana 1957-8 ar an deontas caipitíochta agus ar na deontais i leith na scoileanna na bhfuil an obair go léir nó cuid den obair á dhéanamh tré Ghaeilge. Taobh amuigh den mhéadú san sa deontas, áfach, b'éigin a thuilleadh soláthar a dhéanamh, leis, mar gheall ar an bhfás buan atá ar an líon daltaí atá ag freastal meán-scoileanna agus deontas caipitíochta iníoctha ina leith. Sé líon daltaí a bhí ar rollai na meán-scoileanna i dtús na scoilbhliana seo ina bhfuilimíd ná 69,568, sé sin, 3,300 níos mó ná a chomhfhigiúr sa scoil-bhliain roimhe sin. Le sé bhliain is fiche sé meán-mhéadú a bhí ar líon na ndaltaí ins na meánscoileanna ná 1,500 duine sa bhliain.
Tá glactha le cúig mheánscoil nua ó thús na scoilbhliana ina bhfuilimíd agus sé líon meánscoileanna faofa atá ann anois dá réir sin ná 494. An chúig mheánscoil nua i mbliana, laghdú isea é ar an meán-líon bliantúil de scoileanna nua ar glacadh leo le sé bhliain is fiche anuas, ach ina thaobh san ní miste bheith ag cuimhneamh, leis, ar an méadú mór atá luaite agam thuas ar an líon daltaí. As líon iomlán na scoileanna faofa tá 231 a bhfuil an teagasc á thabhairt tré Ghaeilge ins na hábhair go léir nó i gcuid acu agus 76 de scoileanna ina bhfuil an teagasc go léir á thabhairt tré Ghaeilge.
Méadú mór ar líon na ndaltaí, is nádúrtha an ní go dtiocfadh méadú ar líon na múinteoirí faofa dá réir. Sé líon na meán-mhúinteoirí faofa fá láthair ná 2,955, agus sin 141 de mhéadú ar a chomhfhigiúr i leith na bliana 1957-58. As na múinteoirí seo tá 1,669 nó 57% a bhfuil incrimint speisialta á fáil acu de bharr céim le honóracha bheith acu, agus 968 acu a bhfuil incrimint speisialta á fáil acu as ucht bheith ag teagasc tré Ghaeilge. An dá líon san de mhúinteoirí is mó iad ná a gcomh-líon de mhúinteoirí i leith na bliana 1957-58. An méadú úd ar líon na múinteoirí, an méadú atá ar lucht na n-incrimint speisialta ina measc agus an méadú a fuair siad go léir de bharr Eadrána le déanai, sin iad na nithe is cúis leis an soláthar breise atá ann faoin teideal tuarastal incriminteach.
Le linn dom bheith ag caint anuraidh ar mheastachán na bliana so caite, chuir mé síos go measardha mion ar an stáid ina bhfuil an eolaíocht i meán-scoileanna sagainne agus do léirigh mé cé nach bhfuil an scéal ar bharr feabhas mar ba mhian linn é bheith, nach féidir a rá gur míoshásúil an bhail atá ar an ngnó ó thaobh éagsúlacht na gcúrsaí eolaíochta agus líon na ndaltaí atá ag freastal na gcúrsaí sin. Ina thaobh san sé a ndéarfaidh mé i mbliana go bhfuil feabhas áirithe ann le bliain anuas.
Dhá mhíle sé chéad caoga is a naoi de ranganna Eolaíochta a bhí ann an uair úd a raibh deontas Saotharlainne iníoctha ina leith, agus 2,832 de ranganna dá leithéid sin atá ann anois. Tá soláthar breise ann dá réir sin faoi Mhírcheann A2 den Vóta i leith na ndeontas so, deontas atá iníoctha ar theagasc praicticiúil na heolaíochta turgnamhaí na heolaíochta talmhaíochta, na heolaíochta tis agus an teagasc láimhcheirde.
Is éigin soláthar breise a dhéanamh i mbliana, leis, i leith scrúdaithe teistiméireachta na meánscol. Is amhlaidh a dheallródh sé go mbeidh 1,300 d'iarrthóirí breise ann i mbliana thar an 22,116 a chuaidh faoi scrúdú i 1958, agus is ionann san is a rá go gcaithfear níos mó ionad scrúdúcháin, níos mó feitheoirí agus níos mó scrúdaitheoirí cúnta bheith ann.
Do tionóladh faoi sciath na Roinne an samhradh so caite athchúrsa sa tíreolaíocht i gcóir múinteoirí meánscoile, cúrsa ar éirigh leis go rathúil. Táthar ag beartú athchúrsaí Gaeilge dá leithéid bheith ann i mbliana, ceann acu i mBaile Átha Cliath agus an ceann eile i gCorcaigh, agus táthar ag beartú, leis, athchúrsa sa mhatamaitic bheith ann i mbliana, in am níos faide anonn sa bhliain. Sé príomh-chuspóir na gcúrsaí seo ná na modhanna teagasc a fheabhsú agus a thabhairt i gcuid chothrom leis an lá den saol atá ann. Ar chaint na Gaeilge agus ar an áit ba chóir bheith ag filíocht na Gaeilge ins na scoileanna is mó a bheifear ag luí san athchúrsa Gaeilge. Táthar ag beartú, leis, athchúrsaí bheith ann ar ball in ábhair eile, sa mhatamaitic agus san eolaíocht ach go háirithe. Sé mo dhóchas gur mór an tairbhe do na múinteoirí na cúrsaí seo sa mhéid go mbeidh eolas le baint astu ar idir nua-mhodhanna múinte agus nua-eolas a bhaineann leis an ábhar léinn áirithe a bheidh i gceist.
Ní miste a rá anso leis go bhfuil cúnamh eile i ndán do mhúineadh na Gaeilge ins na scoileanna i bhfoirm triúr cigirí breise a mbeidh cúram na Gaeilge agus comhairliú na mbainisteoirí is na múinteoirí ina thaobh ina dhualgas speisialta orthu. San am i láthair, níl ach triúr de na gnáthchigirí a bhfuil cúram speisialta na Gaeilge orthu, agus ar ndó bíonn ar an triúr san ábhair eile seachas an Ghaeilge a fhiosrú, leis, gan trácht ar a ngnáthdhualgais eile, ceapadh páipéar scrúdaithe, stiúrúchán na hoibre i gcoitinne agus dá réir sin. Ba chóir, measaim, anathairbhe a theacht as cigire bheith sa scoil níos minice ná mar is féidir leis fá láthair óir beidh deis aige féin is ag an mbainisteoir is ag an múinteoir na deacrachtaí a bhaineann leis an obair a chíoradh, i dtreo gurb é a thiocfadh as a gcomhairle go léir a chur le chéile ná caighdeán na Gaeilge a fheabhsú fós agus teagasc agus foghlaim na Gaeilge a bheith níos éascaí i gcoitinne. Tá beartaithe agam mar an gcéanna triúr cigirí breise bheith ann i leith na heolaíochta agus na nua-theangacha. Taobh amuigh, áfach, den stiúir is den chúnamh a thabhairfidh na cigirí breise seo do lucht na scoileanna, tá siad ag teastáil go géar don obair scrúdúcháin, ó tharla an méadú mór bliantúil úd ann ar líon na n-iarrthóirí.
Fé mar is eol díbh, tá an Chomhairle Oideachais ag ullmhú a tuairisce ar chlár na meánscol agus tá súil agam go mbeidh an tuairisc sin ar fáil roimh dheireadh na bliana. Foilsiú na tuairisce sin, táim cinnte go dtabhairfidh sé caoi do gach aon dream lena mbaineann, agus na scoileanna féin agus an Roinn ina measc san, cúrsaí na meánscoileanna a bhreithniú níos grinne agus, b'fhéidir, tairiscintí a chur ar aghaidh lena thuilleadh feabhais a chur ar an ardchaighdeán oibre atá á bhaint amach ins na scoileanna i gcoitinne fá láthair.
AN GAIRMOIDEACHAS.
An £1,367,950 de sholáthar atá ann i gcóir an ghairmoideachais, tá £98,990 de mhéadú ann ar mheastachán iomlán na bliana so caite. Sé áit is mó ina bhfuil an méadú ann ná na deontais atá iníoctha leis na coistí gairm-oideachais, ach tá a thuilleadh airgid á iarraidh, leis, i gcóir (a) oiliúint múinteoirí, (b) scoileanna neamhspleácha atá ag soláthar gairm-oideachais agus (c) aisíoc cuid den chaiteachas a bhí ar na húdaráis rátúcháin i leith pinsean agus deontas ata orthu a íoc le daoine a bhí tráth ina n-oifigigh ag coistí gairmoideachais.
Ó bhí an chéad lá d'Aibreán, 1958, ann, is amhlaidh a hosclaíodh seacht gcinn de ghairm-scoileanna nua agus a cuireadh síneadh le hocht gcinn de ghairm-scoileanna a bhí ann. Tá seacht gcinn eile de ghairm-scoileanna á dtógáil fá láthair agus fairsingú á dhéanamh ar ocht gcinn de ghairm-scoileanna atá ann. Tá beartaithe tosnú ar sé cinn déag de scoileanna nua, agus foirgintí áirithe ar n-a gceannach a chur i bhfóirithint d'áireamh in a measc san, sa bhliain airgeadais seo, ar chostas measta £480,000. Tá beartaithe, leis, cúig cinn déag de scoileanna atá ann a fhairsingiú i mbliana, agus sé costas atá measta don fhairsingiú sin ná £155,000. Tá cuid mhór mhaith á dhéanamh dá réir sin chun riar ar an éileamh ar an ngairmoideachas, ach ba ghá a thuilleadh eile fós d'airgead caipitiúil bheith le fáil chun an scéal a chur ina cheart ar fad den taobh sin.
Taobh amuigh den airgead caipitiúil a fháil agus é a chur chun a chaite, tagann as tithe scoile nua agus ranganna nua go mbíonn breis caiteachais ar na coistí gairmoideachais ar a bheith orthu an riar breise múinteoirí, fearaistí agus dá réir sin a chur ar fáil, maraon le costas cothabhála na scoileanna nua. Sé Ciste an Stáit is mó atá ag soláthar airgid do na Coistí, ach tá comh-sciar áirithe d'ioncam an Choiste ag teacht ó na rátaí, leis. Sé uasráta is mó atá ceadaithe ina leith sin fá láthair ná 15d. sa £1 i gcás na Scéimeanna Gairmoideachais contae, ach amháin Contae Chorcaí agus Contae Longphoirt, dhá áit ina bhfuil 18d. d'uasráta ceadaithe.
Tá cúig contae ann, áfach, a bhfuil luacháil dhlí na mbocht íseal iontu agus nár leor i mbliana an t-uasráta iontu chun dóthain de chomhsciar a tharraingt ón Státchiste le riar ar an ngnáthchaiteachas agus ar an ngnáthfhorbairt. Chun uasráta níos airde bheith ann is amhlaidh a caithfí an tAcht Gairm-Oideachais a leasú, agus idir an dá am do b'éigean na deontais Stáit don chúig chontae sin a mhéadú go speisialta. Siad na contaethe atá i gceist Liathdroim, Dún na nGall, Sligeach, Muigheo agus Ciarraí, agus sé suim breise in iomlán atá á sholáthar do Choistí Gairmoideachais na gcontaethe sin £15,768, suim atá áirithe sa soláthar méadaithe atá á dhéanamh faoi Mhír-Cheann B den Vóta so. Socrú sealadach é seo agus tá beartaithe leasú ar an Acht a chur fá bhráid an Tí ar ball, leasú a chuirfidh ar chumas na gCoistí seo agus Coistí eile breis ioncaim a fháil ó na rátaí.
Sa scoil-bhliain 1957-8 bhí 267 de bhuan-scoileanna gairmoideachais i mbun oibre agus ina theannta san 475 de ranganna ann in ionaid eile. Sé líon na múinteoirí lán-aimsire seasmhacha a bhí ar fostódh i dtús na scoilbhliana sin 1,537, sé sin, 50 duine de bhreis ar a raibh ann bliain roimhe sin. Bhí 1,121 de mhúinteoirí páirtaimsire ann, sin beirt thar an méid a bhí ann bliain roimhe sin.
Tá soláthar breise á dhéanamh i mbliana chun a thuilleadh múinteoirí a oiliúint. Tá cúrsaí Oiliúna sa Mhiotalóireacht (17 d'ábhair múinteoirí) agus san Adhmadóireacht (20 ábhar múinteoirí) ar siúl fá láthair agus beidh críoch leis na cúrsaí sin i 1960. Sé costas na gcúrsaí sa bhliain airgeadais reatha ná £14,666. Tá beartaithe tús a chur le dhá Chúrsa eile den saghas céanna i mí Dheireadh Fómhair seo chugainn, i gcóir 16 agus 20, fá seach, d'ábhair múinteoirí, agus sé a gcostas sin, de réir mar tá measta, i leith na bliana 1959-60 ná £6,886.
Tá beartaithe a lán cúsaí samhraidh i gcóir múinteoirí agus abhar múinteoirí bheith ann, leis, cúrsa ar mhodhanna múinte na hEolaíochta Tuaithe i gcóir Céimithe san Eolaíocht Talmhaíochta, cúrsa san Eolaíocht Ithreach i gcóir múinteoirí Eolaíocht Tuaithe, cúrsa fá bhiadha agus cothú i gcóir múinteoirí Tís, cúrsa i ndearthú troscáin i gcóir múinteoirí Adhmadóireachta agus sa táthú i gcóir na múinteoirí Miotalóireachta. An gnáthchúrsa do Chéimithe Iolscoile a bhíonn ann roimh an scrúdú cáiliúcháin don Teastas Timire Gaeilge, tionólfar sin ar an gCeathrúin Rua, Co. na Gaillimhe, i mí Iuil agus tionólfar cúrsa ar mhodhanna múinte i gcóir múinteoirí Béarla i nDún Laoghaire i mi Iúil, leis.
An méadú atá ann faoin Mhircheann D. 1, séard tá i gceist ann den chuid is mó ná riar ar an ardú deontais atá iníoctha as na cúrsaí a tugtar sna scoileanna cónaí Tís agus i scoileanna agus ranganna áirithe eile nach bhfuil faoi bhainisteoireacht na gCoistí Gairmoideachais. Tá soláthar breise á dhéanamh, leis, chun riar ar an tuilleadh uaireanta tinrimh a mheastar a dhéanfaidh daltaí na scoileanna sin ar na cúrsaí úd agus fós ar chúrsaí oideachais leanúnaigh ins na scoileanna san.
Na liúntais seachtainiúla atá iníoctha le mic léinn a toghtar chun freastail ar na cúrsí bliantúla a tugtar ar an bhfoirgníocht tuaithe, ar an ngaibhneoireacht agus ar an oiliúint mhuirí fé Choistí áirithe, tá siad á méadú ó £3 go dtí £4 an mac léinn, rud a mhíníonn an soláthar breise atá faoin mírcheann D2. Níl ach an t-aon chúrsa amháin lena thionól sa ghaibhneoireacht in aghaidh na dtrí gceann a bhí ann i 1958-59, agus mar an gcéanna don oiliúint mhuirí, ach beidh cúrsaí ar an bhfoirgníocht tuaithe á dtionól i gcúig ionaid.
Gearr-amharc ar an nGairmoideachas i gcoitinne, teaspáineann sé go bhfuil méadú ann i gcónaí ar an líon daltaí atá ag freastal na gcúrsaí lán-aimsire lae san oideachas leanúnach. Bhí beagnach 23,000 díobh so ar na rollaí sa scoil-bhliain 1957-8, sé sin míle scoláire de mhéadú ar an mbliain roimhe sin. An méadú san, is maith agus is fíormhaith ann é, pé acu ó thaobh forbairt na talmhaíochta, an tionscail nó na tráchtála é, agus is maith ann é, leis, ó thaobh chúrsaí sóisialta agus chúrsaí cultúir. An t-oideachas leanúnach, suite mar atá sé ar bhonn daingean an dea-theagaisc a fuair na páistí sna scoileanna náisiúnta, is maith an chloch idir dhá phort é más linn rath a dhéanamh in aon ghné de na gnéithe a bhfuil mé tar éis iad a lua.
An fás san ar an éileamh atá ar an oideachas leanúnach, tá sé le braith fén dtuaith ach go háirithe. Is iondúil tinreamh anmhaith ar gach aon saghas scoile fén dtuaith ach is amhlaidh a b'éigean cuid de na gairmscoileanna fén dtuaith a fhairsingiú chun riar ar an éileamh úd ar na cúrsaí leanúnacha.
Séard atá tagaithe den mhéadú seo ar an líon scoláirí atá ag freastal ar chúrsaí oideachais leanúna i dteannta leis an méadú mór bliantúil ar an líon atá ag freastal ar mheán-scoileanna agus ar na meán-bharraí ins na scoileanna náisiúnta ná go bhfuil os cionn dhá dtrian de na páistí san aois-ghrúpa 14—16 ag freastal ar chúrsaí lán-aimsearacha oideachais. Agus an méid sin a bheith ráite agam tá súil agam go gcuideoidh sé leis an scéal a chur ina cheart ó thaobh bréagnú a dhéanamh ar na ráiteasaí a deintear ó am go ham nuair a bítear ag iarraidh a chur i gcéill nach bhfaigheann ach percentáiste beag dár bpáistí aon oideachas foirmeálta tar éir dóibh aois cheithre bliana déag a shroisint.
Tá breis daltaí ag freastal, leis, ar chúrsaí lán-aimsire san oideachas teicniceach, cúrsaí ar a raibh 855 ar na rollaí i 1957-8 in aghaidh 705 sa bhliain roimhe sin. Na cúrsaí teicniceacha so, is le hoiliúint teicneoirí innealltóireachta agus leis an eolaíocht thionscalach is mó a bhaineann siad.
Ar an taobh eile de, na printísigh ceirde a ligtear saor ar feadh cuid den am chun freastal ar ranganna ceardscoile, ní dhealródh sé go bhfuil aon mhéadú a bfhiú ag teacht ar a líon san. Timpeall 2,500 díobh san atá ann ar fad, agus is mór an chaill gan a thuilleadh acu bheith á ligean chun na ceardscoile. I mBaile Atha Cliath atá timpeall 60% den iomlán díobh atá ar na rollaí. Is bocht an scéal é go bhfuil 9 scéimeanna contae ann agus dhá scéim i mbailte móra agus gan aon phrintíseach dhá ligean chun na ceardscoile ar feadh cuid dá am seirbhíse.
Luaigh mé anuraidh gur éirigh go maith leis na printísigh Adhmadóireachta a bhí páirteach sna comórtais eadarnáisiúnta a tionóladh dá leithéid i Madrid. An samhradh so caite chuaigh seachtar déag de phrintísigh ón tír seo isteach ar chomórtais Adhmadóireachta agus Miotalóireachta sa Teaspáinteas a bhí ann sa Bhruiséal agus bhain duine acu céad duais amach agus bhain an chuid eile roint dara duaiseanna agus tríú duaiseanna amach. Ba chóir gur mór an t-ábhar bróid é sin dóibh agus dúinn uile go leir, óir bhí printísigh i gcoimhlint leo as a lán tíortha gur fada bunaithe iontu oiliúint agus traidisiún na ceardaíochta.
Tríd is tríd, is mór agus is éagsúil na cúrsaí atá á dtabhairt ag ár gcuid gairmscoileanna agus níor bhféidir, gan miontuairisc fhada a thabhairt, leorchuntas ná lánléiriú a dhéanamh orthu. Nílim ag cur rómham aon mhiontuairisc den saghas san a thabhairt díbh ná ní dóigh liom go bhfuil an Tigh ag súil lena leithéid uaim, go mórmhór ó tharla a lán de na Teachtaí agus dlúthbhaint acu leis an nGairmoideachas.
Maraon leis na gnéithe eile den oideachas, tá an Gairmoideachas ag cur roimhe an duine iomlán a aibiú agus a mhúnlú i gcruth is gur fearr a thiocfaidh leis a bhfuil i ndán dó ag Dia a bhaint amach ar an saol so agus ar an saol thall. A lán de na cúrsaí Gairmoideachais, sé a ngarchuspóir, leis, oiliúint theicniceach a chur ar fáil de gheall ar bheith ag cur le leas na tíre. "Ag cur le" leas na tíre, adeirim, óir ba chóir gur léir go leor nach féidir don oideachas uaidh féin ár gcuid fadhbanna geilleagracha a fhuascailt. Ach mar sin féin is mór a lán is féidir leis an oideachas a dhéanamh leis an tír a chur ar aghaidh. Is maith is eol san dóibh siúd a bhfuil dlúthbhaint acu leis an nGairmoideachas agus ní beag ná suarach an méid cúrsaí atá bunaithe agus é de gharchuspóir acu oiliúint theicniceach a chur ar fáil i leith tionscal nua nó ar mhaithe leis an táirgeadh a mhéadú. Ón taobh sin de, is inmholta an rud é gur tharla oiread sin ócáid ann ina raibh comhar agus comhoibriú idir mo Roinn féin, Ranna eile Stáit agus Coistí áitiúla, agus fós idir Coistí áitiúla agus tionscail áitiúla thall is i bhfus ina leith sin.
EOLAÍOCHT AGUS EALAÍN.
Tá méadú glan de £16,650 ar an Vóta i gcóir 1959/60 i gcomparáid leis an meastachán bunaidh do 1958/59. I Mí Feabhra, seo caite, ámh, glacadh sa Dáil le meastachán breise darbh méid £10,850 ar fad. Den mhéid sin ba dheontas a bheadh ann ó bhliain go bliain £7,850, sa tslí gurab é an méadú fírinneach atá sa Vóta ná £8,800. Is leis na breiseanna so lúide suimeanna áirithe go ndéanfaidh mé tagairt dóibh ar ball a déantar suas furmhór an mhéaduithe sin—£3,835, i gcóir tuarastal; £1,000 le haghaidh ceannach leabhar don Leabharlainn Náisiúnta; £500 i leith foilseachán i nGaeilge; £600 do Scoláireachta Iolscoile; £1,600 i gcóir Coláistí a chuireann cúrsaí i nGaeilge ar fáil; £3,200 i gcóir tréimhseachán i nGaeilge agus £500 don Choimisiún Béaloideasa.
Siad na suimeanna áirithe atá le baint de na breiseanna san ná £3,479 d'ardú ins na Leithreasaí i gCabhair agus sábháilt de £724 ar an soláthar i gcóir Choimisiún na Lámhscríbhinní.
Síolraíonn an méadú i gcóir tuarastal ó ghnáth-chúrsaí agus níl aon ardú ar líon na foirne i gceist leis. Níl ins na méaduithe i gcóir ceannach samplaí agus eile don Mhusaeum agus le haghaidh ceannach leabhar don Leabharlainn Náisiúnta ach dul ar ais go dtí na suimeanna ina leith san a bhíodh ann roint bhlian ó shoin.
Tá £500 sa mbreis á sholáthar i leith foilseachán i nGaeilge. Meastar go mbeidh £1,000 eile ag teastáil ó Bhord na Leabhar Gaeilge ach go mbeidh laghdú de £500 sa mhéid a bheidh ag teastáil ón nGúm. Ó tosnaíodh i 1952/53 leis an scéim chun deontais a thabhairt i leith foilsiú leabhar i nGaeilge do fhoilsitheoirí príobháideacha híocadh deontas i leith 68 leabhar. Foilsíodh 15 díobh san i 1958/59 i gcomparáid le 5 i 1952/53. Bé an ceann ba thábhachtaí d'fhoilseacháin an Ghúim i 1958/59 ná an t-athchló a cuireadh ar Leabhar an Aifrinn. Tá anois san athchló liotuirge leasaithe na Seachtaine Móire. Níorbh fhéidir déanamh de réir mar a bhíteas ag súil leis agus an foclóir BéarlaGhaeilge d'fhoilsiú roimh deireadh na bliana 1958/59. Tá an cló deiridh ag dul ar aghaidh go mear agus táthar ag súil leis go mbeidh an foclóir ar an margadh in am don scoil-bhliain seo chugainn. Tá beartaithe ins na míosa atá ag teacht tosnú le hullmhú foclóir Gaeilge-Bhéarla. Ní bheidh, ar ndóigh, an méid céanna oibre ag baint leis seo is a bhí ag baint leis an bhfoclóir Béarla-Ghaeilge de bhrí nach mbeidh i gcuid mhaith den obair ach an foclóir Béarla-Ghaeilge d'iontú druim ar ais. Ba chóir mar sin go mbeadh an foclóir Gaeilge-Bhéarla ullamh i gceann trí nó ceithre bliana ar a mhéid. Nuair a bheidh an dá leabhar so ar fáil ba chóir go mba shimplí-de saothar lucht foghlamtha agus scríbhneoirí iad, go mór-mhór ó thaogh caighdeánaithe agus téarmaíochta dhe.
Níor caitheadh aon airgead de chuid an Stáit sa bhliain 1958-59 ar obair Chumann Drámaíochta na Scol, Cumann a bhí ag fáil cúnamh airgid ón Stát ó 1935-36. An fáth a bhí leis sin ná gur socraíodh anuraidh féile dhrámaíochta na Scol a chur siar go dtí dáta tar éis an 31ú Márta. Tá obair fhónta á dhéanamh ag an gCumann so agus tá beartaithe cur le scóip na hoibre sa bhliain reatha sa tslí go bhfuil an deontas á mhéadú dá réir ó £650 go leith go dtí £850 go leith.
Tá luach scoláireachtaí na Roinne do mhicléinn ón nGaeltacht agus do mhicléinn go bhfuil fúthu cúrsaí do dhéanamh tré Ghaeilge á mhéadú ó £150 go dtí £175 sa bhliain—£125 i gcás macléinn go bhfuil cónaí orthu sa mbaile. Sin é is cúis leis an soláthar breise fé mhírcheann B. 3 i gcóir 1959-60. Tá beartaithe cúig cinn de scoláireachta a bhronnadh i mbliana ar mhicléinn ón nGaeltacht agus dhá cheann is fiche (ar a n-áirítear dha cheann a cuireadh siar i 1958-59) do bhronnadh ar mhicléinn go bhfuil fúthu cúrsaí Iolscoile a dhéanamh tré Ghaelige.
Méadaíodh an deontas do Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge i rith 1958-59 go dtí £13,800—méadú de £4,000 ar an mheastachán bunaidh. Tá sé á choimeád ag an bhfigiúir chéanna i gcóir 1959-60.
Tá méadú beag de £250 go leith á dhéanamh ar an ndeontas í gcabhair don fhéile chultúir—an tOireachtas. Tá £750 go leith d'iomlán an deontais de £1,750 á sholáthar fén choinníoll go mbaileofar oiread céanna i bhfoirm síntiúisí.
Tá airgead breise á chur ar fáil chun íoc as na deontais tinrimh a meastar a bheadh iníoctha as an líon méadaithe scoláirí a fhreastalóidh na Cúrsaí Samhraidh ins na Coláistí Gaeilge. Tá sé cinn déag ar fad de Choláistí go mbíonn na cúrsaí seo ar siúl iontu agus tá líon na scoláirí ag méadú go seasta le cúig bhliana anuas ach go háirithe.
Tá an soláthar i gcóir tréimhseachán i nGaeilge le méadú de réir £3,200. Tá £2,922 den mhéid sin ag dul don pháipéar "Inniu" toisc an deontas a bheith á mhéadú ó £148 10s. i leith gach ceann de 51 eagrán sé leathanach go dtí £198 10s. i leith gach ceann de 52 eagrán ocht leathanach. Tá méadú freisin de £3 an t-eagrán ar an ndeontas don dá pháipéar míosúil "An tUltach" agus "Ar Aghaidh".
Gheofaí ceist do chur i dtaobh cén fáth ar tugadh furmhór an airgid bhreise do pháipéar amháin, go háirithe, ós é an páipéar sin a bhí ag fáil an chuid is mó de na deontais cheana féin. Tháinig mé ar an mbreith sin tar éis dom na fíoraí ar fad agus, go háirithe, na cinn a luafaidh mé anois a bhreithniú go han-chúramach:—
(a) Ní raibh ach méid áirithe airgid bhreise ar fáil do na páipéir agus na tréimhseacháin seo agus níor mheasas gurab é an tslí dob éifeachtaí é d'usáid é do roinnt ar na tréimhseacháin ar fad idir sean-chinn agus cinn nua a bhí ag lorg scair de.
(b) "Inniú" an t-aon pháipéar amháin a foilsítear in aghaidh na seachtaine, tá a dhíolachán ag méadú, tá sé á léamh réasúnta coiteann agus tá méadú ar an bhfógraíocht ann.
(c) Déanann "Inniu" freastal go speisialta ar na daoine óga de gach aicme agus sé is gaire do ghnáthpháipéar nuáiachta i nGaeilge.
(d) Sé bun-aidhm atá leis an ardú deontais ná páipéar atá ann a mhéadú.
Is trua liom, ar ndóigh, nach féidir liom cabhair airgid do chur ar fáil do thréimhseacháin nach bhfuil deontas acu cheana féin ach níorbh fhéidir é sin a dhéanamh leis an airgead a bhí ar fáil mura ndéantaí na deontais a bhí iníochta leis na tréimhseacháin a bhí ag fáil cabhrach do laghdú.
Is chun íoc as costaisí foilseachán nua atá deontas breise á sholáthar don Choimisiún Béaloideasa. Tá lámhscríbhinní ag an gCoimisiún anois atá, ó thaobh an ábhair atá iontu, thar a bheith luachmhar, ní hamháin don saineolaí béaloideasa ach don fhear teanga, don staraí, don cheoltóir agus do lucht staidéar a dhéanamh ar chúrsaí sóisialta. Ba chóir go bhféadfaidís sin agus an gnáth-léitheoir bheith in ann staidéar a dhéanamh ar a gcaothúlacht ar oiread agus is féidir den ábhar sin agus an t-ábhar a bheith i gcló chuige sin.
SCOILEANNA CEARTÚCHÁIN AGUS SCOILEANNA SAOTHAIR.
Fén Vóta so, táim ag iarraidh ar an Tigh aontú le £264,280 de sholáthar, sé sin, £20,300 níos mó ná mar a bhí i meastachán na bliana so caite. Sé cúis atá leis an soláthar breise ná an méadú ins na rátaí deontas caipitíochta atá iníochta ón Stát i leith leanaí agus daoine óga a chothú i scoileanna teastaithe. Fógrafodh na méaduithe sin anuraidh ach is i 1959/60 a bheidh siad iníochta den chéad uair i leith bliana in iomlán.
An titim i líon na ndaoine sa dá chinéal scoileanna a tugadh fé ndeara le roint bhlian anuas tá sé ann i gcónaí ach amháin nach bhfuil an ráta titime chomh hard is a bhíodh. Bhí 148 fé choimeád sa scoil cheartúcháin do na buachaillí ar an 31ú Nollaig, 1958, i gcomparáid le 159 ar an 31ú Nollaig, 1957. Bé líon a bhí san dá scoil do na cailiní ar na dátaí céanna ná 42 agus 44, fé seach. Ins an 49 de scoileanna saothair bhí 2,192 de chailíní agus 1,921 de bhuachaillí ag deireadh na bliana 1958 i gcomparáid le 2,268 agus 1,865, fé seach, ag deireadh na bliana 1957.
Léiríonn na tuairiscí a fuarthas ó na cigirí ar na scoileanna ceartúcháin agus ar na scoileanna saothair go bhfuil riarú na scoileanna, cothú agus oiliúint na bpáistí iontu sásúil i gcónaí. Bhí 347 de mhúinteoirí ins na scoileanna saothair ar an 31ú Iúil, 1958— duine sa bhreis ar an líon a bhí iontú i 1957. Ní raibh aon athrú ar líon na múinteoirí náisiúnta ina measc—64 ar a raibh naonúr tuath-oidí. Seachtar is fiche de mhúinteoirí atá fós ins na scoileanna ceartúcháin. Orthu san tá deichniúr tuath-oidí gur múinteoirí ceard ochtar díobh.
Go minic faightear scoláirí ó na scoileanna saothair i measc lucht buaite na scoláireacht do mheánscoileanna agus do cheard-scoileanna a chuireann na húdaráis áitiúla ar fáil. Ní hiad lucht buaite na scoláireacht san an t-aon dream amháin ó na scoileanna saothair a fhaigheann iarbhunoideachas,—de bharr na socruithe speisialta chuige sin a dhéanann lucht stiúrtha na scoileanna.
Maidir leis an Áit Choinneála speisialta i dTeach Maoilbhríde i nGlasnaoidhean, tá áthas orm a bheith ar mo chumas a fhógairt go bhfuil gníomh cinnte á dhéanamh chun an fhundúireacht san d'aistriú go dtí foirgneamh eile, mar chuid d'fhundúireacht nua go bhféadfainn mar ainm shealadach "Ionad Slándála" a bhaisteadh air. Tá beartaithe go mbeadh an t-ionad san fé Ord Crábhaidh. Tá na pleananna don fhoirgneamh á n-ullmhú agus nuair a bunófar é tá beartaithe go mbeidh foireann mhúinteoirí ann ar a mbeidh saineolaí san aigneolaíocht agus go mbeidh clár á leanúint ar a mbeidh corpoiliúint agus ábhair phraicticiúla den chineál a d'oirfeadh d'aoiseanna agus d'aicmí na mbuachaillí a bheadh i gceist. Tá scrúdú á dhéanamh ar Achtanna na Leanaí ó thaobh iad do leasú d'fhonn soláthar níos fearr a dhéanamh don fhundúireacht nua agus d'fhonn cur leis an dtréimhse maximum ar féidir páiste a choimeád in áras da leithéid. De bhrí go bhfuil roinnt nithe go gcaithfear teacht ar chomhairle fúthu go fóill níl beartaithe agam a thuilleadh mioneolais fén scéal a thabhairt i láthair na huaire.
INSTITIUID ARDLÉIN BHAILE ÁTHA CLIATH.
Seachtó och míle, ceithre chéad go leith punt an meastachán don Institiúid Ardléinn i mbliana, sé sin, £9,150 thar Vóta na bliana seo caite. Faoin Mhír-cheann B atá £5,000 den mhéadú san, sé sin, soláthar caipitiúil i gcóir obair thógála agus cóiriúcháin ag Réadlainn Dhún Sionca. An ceithre mhíle agus céad go leith punt eile, séard tá ann soláthar le haghaidh tuilleadh fearaistí agus dá réir sin, den chuid is mó i Rannóig na nGaethe Cosmacha agus i Rannóig na Réalteolaíochta i Scoil na Fisice Cosmaí.
IOLSCOILEANNA AGUS COLAISTI.
Sé iomlán an tsoláthair le haghaidh gnóthaí reatha ins na hiolscoileanna agus coláistí ná £863,130, sé sin, £210,990 ós cionn an méid a tugadh anuraidh. Sé an meastachán iomlán le haghaidh caiteachas caipitiúil ná £90,000, sé sin, £71,940 de mhéadú ar sholáthar na bliana so caite.
Lenár linn féin tá tábhacht anmhór tar éis teacht go hobann in obair na n-institiúidí Iolscoile, go mórmhór ó thaobh theagasc agus taighde na heolaíochte de thar mar a bhí ann leis na céadta bliain, agus is baol nach raibh dóthain airgid le blianta beaga anuas ag na hinstitiúidí sin in Éirinn fré chéile i gcomórtas leis an méid atá á fháil ag a leithéid i dtíortha eile. Cuireann sé áthas orm dá réir sin bheith i riocht teacht de chabhair orthu go measardha substainteach i mbliana.
An dá chéad is deich míle naoí gcéad nócha punt breise in iomlán atá á soláthar do na Coláistí i gcóir gnóthaí reatha, is amhlaidh a roinneadh eatarthu é ar bhonn riachtanaisí gach Coláiste, chomh fada is ab fhéidir é sin a mheas i leith an ioncaim iomláin a bhí an gColáiste, an líon macléinn a bhí ann, an coibhneas a bhí ann idir an fhoireann is an líon macléinn, agus aon fhreagraíochta speisialta a bhí ar an gColáiste.
Fé mar is eol do na Teachtaí, tá Coimisiún Rialtais ag breithniú le tamall na riachtanaisí ó thaobh cóiríochta de a bhaineas le gach aon cheann de na trí Coláistí d'Iolscoil na hÉireann. Níl an tuairisc críochnaithe go baileach fós ag an gCoimisiún san ach tuigtear dom gur goirid ar fad eile go mbeidh. Idir an dá am tá deontais áirithe, fé mar atá léirithe agam, á soláthar i leith na bliana seo chun riar ar riachtanaisí práinneacha.
AN TÁILÉAR NÁISIÚNTA.
Dhá mhíle déag, trí chéad agus nócha punt atá á sholáthar faoin Vóta so. An £600 de mhéadú atá ansan, sé is cuis leis ná gnáthmhéadú tuarastail agus páighe. An deontas-i-gcabhair chun pictiúirí a cheannach agus an soláthar i gcóir léachtaí poiblí tá sin mar a bhí anuraidh.