Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 8 Apr 1959

Vol. 174 No. 1

Written Answer. - Bás Teachtaí: Rún Cómhbhróin

A Cheann Comhairle, mar is eol don Dáil, fuair beirt dár líon bás ó bhíomar anseo cheana, an Teachta Bearnárd de Buitléir agus an Teachta Séamas Ó Gríobhta. I bhfochair Dé go rabhadar. Ba mhaith liom comhbhrón na Dála a chur in 1½l dá muintir, agus iarraim cead do mo Rúnaí Parlaiminte ráiteas a léamh thar mo cheann.

Tá mé cinnte gur mór an brón a chuir sé ar na comhaltaí nuair a chuala siad, le linn an tSosa, go bhfuair an Teachta Bearnárd de Buitléir agus an Teachta Séamas Ó Gríobhtha bás.

Cé go raibh a fhios againn go léir go raibh an Teachta Bearnárd de Buitléir ag cailleadh na sláinte le scathamh anuas, is mór a chorraigh a bhás sinn.

Mar chomhalta de Chomhairle Cheantair Uirbigh an Inbhir Mhóir a thosaigh an Teachta Bearnárd de Builtéir sa saol poiblí. Sa bhlian 1936, toghadh ina chomhalta de Bhardas Bhaile Átha Cliath é; toghadh ina Sheanadóir é i 1945 agus ina Ard-Mhéara ar Bhaile Átha Cliath i 1953. I 1943, toghadh ina Theachta Dála é do Dháilcheantar Fho-Bhailte Bhaile Átha Cliath, agus bhi sé ina Theachta Dála ariamh ó shoin go bhfuair sé bás. Ina theanta sin, is iomaí bord agus coiste ar chomhalta de é.

Duine lách, geanúil dob ea an Teachta Bearnárd de Buitléir agus aireoidh gach comhalta den Teach uaidh é. Cé gur mar mhúinteoir is mó a bheidh cáil air, aireoidh lucht a dháilcheantair, go háirithe, ar iarraidh é, mar go ndearna sé a dhícheall ar a son le linn dó a bheith ina ionadaí poiblí.

Bás obann gan choinne dob ea bás an Teachta Séamas Ó Gríobhtha.

Cé gur Theachta nuaí sa Teach é, mar gur sa Márta, 1957, a toghadh é den chéad uair, bhí spéis mhór i gcónaí aige i gcúrsaí náisiúnta. Bhí sé ina chomhalta de Chomhairle Chontae na Midhe le cúig bliana fichead agus bhí sé ina chomhalta de Chomhairle Cheantair Uirbigh Átha Truim, agus dob é Cathaoirleach na Comhairle sin é, ó 1942. Fear gnótha dob ea é ar mhór é a chion saothair ag forbairt tionscal ina bhaile dúchais, Áth Truim, agus bhí sé ina stiúrthóir ar roinnt gnóthas tionscail áirithe sa bhaile sin. Ina fhear óg dó agus ar feadh a shaoil, ba mhór é a spéis i lúthchleasa Gael.

Chomhlíon an Teachta Séamas Ó Gríobhtha a dhualgais pharlaiminte go tromaí cúramach, agus d'fhreastail sé go rialta sa Teach suas go dtí an lá a scoir an Dáil faoi chomhair Sos na Cásca. D'oibrigh sé go dúrachtach dícheallach dá thír agus do lucht a dháilcheantair suas go dtí pointe a bháis. Dob fhear caoin é, fhear ródhílis, buanseasmhach.

Iarraim ort, a Cheann Comhairle, comhbhrón Dháil Éireann a chur in iúl do mhuintir an dá Theachta.

D'éirigh na Teachtaí.

Barr
Roinn