Tairgim:—
Go ndeonfar suim nach mó ná £291,700 chun slánaithe na suime is gá chun íoctha an mhuirir a thiocfaidh chun bheith iníoctha i rith na bliana dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1960, le haghaidh Tuarastal agus Costas Roinn na Gaeltachta, maille le Deontais le haghaidh Tithe agus Ildeontais-i-gCabhair.
Taispeánann an Meastachán don bhliain seo laghdú de £60,800 glan ar an soláthar a rinneadh don bhliain seo caite. Is é an mínú atá air sin ná go bhfuil laghdú de £110,000 sa Deontas-i-gCabhair a soláthraítear do Ghaeltarra Éireann agus i gcoinne na laghduithe sin, méadú de £45,000 sa soláthar do Scéimeanna Feabhsúcháin sa Ghaeltacht. Tá laghduithe freisin sa soláthar do Thuarastail agus Costas na nOifigeach agus d'obair a bhaineann leis na Torthaí Mara ach, ina gcoinne siúd, tá laghduithe dá réir sna suimeanna a bheas le haisghnóthú ó Ghaeltarra Éireann i leith tuarastal agus costas na nOifigeach agus sa mhéid a bheas le fáil de bharr na Torthaí Mara a dhíol.
I dtaobh Fo-mhírchinn A, B agus C, tá ísliú mór sa riachtanas do Thuarastail agus Costais na nOifigeach mar le linn na bliana seo caite do haistríodh go Ranna eile iomlán de thriocha Stát-Sheirbhsigh a bhí ar fhoireann Sheirbhísí na Gaeltachta sarar aistríodh na Tionscail Tuaithe go dtí an Bord neamh-spleách a bunaíodh faoin Acth um Thionscail na Gaeltachta, 1957. Tugadh an fhoireann uilig, idir chléirigh agus teicneoirí, a bhí ag riaradh na dTionscal Tuaithe ar iasacht don Bhord agus do réir mar a bhí a bhfoireann chléireachais féin dá fostú ag an mBord rinneadh an fhoireann chléireachais a bhí ar iasacht ag an mBord d'athdháiliú go Ranna eile nó chun folúntais i mo Roinn féin a líonadh. Maidir leis an bhfoireann teicniúil, tá socruithe idir láimh faoi láthair chun Scéim Aoisliúntais a cheapadh agus a chur i bhfeidhm agus go dtí go ndéanfar é sin beidh tuarastail na dTeicneoirí sin ina muirear ar an Vóta seo i dtreo is nach mbeidh aon bhriseadh i leanúnachas a seirbhísi faoin Stát go dtí go nglacfar isteach mar sheirbhísígh den Bhord iad. Chuige sin tá soláthar faoi Fho-mhírcheann A—sé sin £15,000 den £16,000 atá curtha isteach i leith "Foireann Eile"—chun tuarastail na nOifigeach Teicuiúla d'íoc ar feadh ráithe amháin den bhliain seo agus táthar ag súil leis go mbeifear in ann an t-aistriú go dtí an Bord a chur i gcrích taobh istigh den am sin. Tá soláthar faoi Fho-mhírcheann R.5 chun an £15,000 seo d'aisghnóthu ón mBord.
Tá soláthar faoi Fho-mhírcheann D chun £110,000 a sholáthar mar Dheontas-i-gCabhair do Ghaeltarra Éireann chun riachtanais reatha na dTionscal Tuaithe i mbliana a shlánú. Rinneadh soláthar de £220,000 chuige seo anuraidh ach bí sin an shéad bhliain don Bhord bheith ag riaradh na hoibre sin agus bhí neamh-chinnteacht i dtaobh na riachtanas sa chéad bhliain. Fé mar a tharla, ní raibh ach iomlán de £120,285 ag teastáil ón mBord mar Dheontas-i-gCabhair anuraidh agus táthar sásta de nach mbeidh níos mó ná an £110,000 ag teastáil i mbliana. Ní miste a rá go bhfuil soláthar déanta do réir forálacha an Achta um Thionscail na Gaeltachta chun riachtanais caipitil na dTionscal Tuaithe a chothu tré airleacáin inaisíoctha d'eisiúint ón bPríomh-Chiste—sé sin, taobh amuigh ar fad den Vóta seo.
Leagfar ar Bhord na Dála ar ball Cuntais Ghaeltarra Éireann don bhliain dar chríoch an 31ú de Mhárta seo caite.
Déantar soláthar faoi Fho-Mhírcheann P chun Cúnamh Teicniúil a chur ar fáil do na Tionscail Tuaithe atá á riaradh ag Gaeltarra Éireann. Tá dhá chuspóir ar leith i gceist anseo. Sé an chéad chuspóir acu ná Comhairleoirí Bainistíoctha d'fhostú chun iniúchadh iomlán a dhéanamh ar eagraíocht na dTionscal Tuaithe agus scéim uileghabháloch atheagraíochta a cheapadh chun riaradh na dtionscal a chur ar chomhchéim le cleachtas nuaaoiseach bainistíochta. Chuige sin tá Comhairleoirí Bainistíochta fostaithe cheana féin ag Gaeltarra Éireann agus tá an atheagraíocht á cur i bhfeidhm do réir a chéile le roinnt míosa i leith.
Sé an dara cuspóir ná cúrsaí tréineála, sa bhaile agus thar lear, a chur ar fáil do theicneoirí agus do thosaitheoirí atá á bhfostú sna Tionscail Tuaithe. Beidh san áireamh sna cúrsaí tréineála sin oiliúint i gceardaíocht a bhaineann le tionscal na holla, mar atá cardáil, sníomhú, fisiú, críochnú bréidín, dearthóireacht agus táirgeacht cniotála.
Bhí an cúnamh teicniúil seo do na Tionscail Tuaithe san áireamh i gComhaontú Idirnáisiúnta a rinneadh ar an 14ú de Mheitheamh, 1957, idir Rialtas na hÉireann agus Rialtas Stát Aontaithe Mheiriceá a bhain leis an airgead a bhí i gCuntas Speisialta Contrapháirteach an Deontais Mheiriceánaigh alos Cúnaimh Theicniúil d'úsáid agus chífear go bhfuil soláthar faoi Fho-mhírcheann R.6 den Vóta seo chun an méid a caithfear faoi Fho-mhírcheann P d'aisghnóthú ón gCuntas Speisialta sin.
Maidir leis na Tionscail Torthaí Mara déantar soláthar faoi Fhó-Mhírcheann E chun feamainn agus carraigín a cheannach don ghnólacht Arramara Teoranta. Suas go dtí an bhliain seo ba ghnáth soláthar a dhéanamh chun na habhair seo a cheannach, a láimhseáil agus a sheacadadh ag monarchain an ghnólachta ach tabharfar faoi deara nach bhfuil aon tsoláthar á dhéanamh feasta do na chostaisí láimhseála agus do na chostaisí seachadaidh toisc go mbeidh a gcuid socruithe féin á ndéanamh ag an ngnólacht ina leith sin amach anseo. Ní miste dhom a rá go bhfuil cúrsaí an tionscail ar fad faoi aithbhreithniú agam le tamall anuas agus go gceapaim gur maith an rud é go bhfuil an gnólacht ag tabhairt faoina gcuid socruithe féin ann, agus tá súil agam go leanfar den iarracht sin go dtí go mbeidh an obair ar fad á reachtáil acu, idir ceannach is eile.
Taobh amuigh de chúrsaí láimhseála agus seachadaidh, tá laghdú le feiscint sa mhéad atá á thaispeáint i leith Feamoinn agus an Carraigín a cheannach. Ní hionann sin is a rá, ámh, go bhfuil aon laghdú ag teacht ar an tionscal, ach go bhfuil iarracht á dhéanamh i mbliana chun an meastachán a dhéanamh níos cruinne ná mar a bhí le roinnt bhlian anuas. Le fírinne tá glaoch níos fearr anois ar na Slata Mara ná mar a bhí riamh agus dá mhéad díobh a bailítear isea is fear é. Tá ardaithe ar an bpraghas dóibh agus bheadh áthas orm dá mbeadh a dhá oiread nó a thrí oiread díobh ar fáil. Ag an am céanna ní haon chabhair dúinn níos mó airgid a sholáthar ná a ceaptar a bheas ag teastáil agus is é sin an fáth go bhfuil laghdú déanta mar atá mínithe agam.
Faoi Fho-Mhírcheann F, déantar soláthar le haghaidh deontas faoi Achtanna na dTithe (Gaeltacht). Tháinig méadú sa bhliain airgeadais 1958/59 ar an obair a rinneadh faoi na hAchtanna. Críochnaíodh ós cionn dhá chéad dteach nua, feabhsaíodh beagnach trí chéad eile, cuireadh saoráidí sláintíochta ar fáil i gcéad teach agus cuireadh leathnúcháin speisialta le ocht gcinn déag de thithe. Tháinig méadú, dá réir sin, ar an gcaiteachas faoi na hAchtanna—ó £70,000 go £78,000 tuairim. Meastar go dtiocfaidh méadú eile fós ar an obair sa bhliain airgeadais seo agus gur gá £90,000 a sholáthar chuige arís i mbliana. Mar is eol do na Teachtaí, tá Bille nua tithe ar siúl againn faoi láthair agus measaim, mar sin, nach gá tuilleadh a rá faoi chúrsaí tithíochta sa ráiteas seo.
Fé mar is eol don Dáil, is faoi Fho-mhírcheann G a cuirtear airgead ar fáil chun Scéimeanna Feabhsúcháin na Roinne a chur i gcrích. Tá na húdaráis áitiúla agus muintir na Gaeltachta ag dul i dtaithí na Scéimeanna go maith agus tá an t-éileamh orthu ag dul i méid dá réir. Ag an am céanna, ní féidir i gcónaí dul ar aghaidh chomh tapaidh agus ba mhaith linn leis an obair ar chuid de na scéimeanna. Sa bhliain airgeadais seo caite, mar shompla, níor éirigh linn an t-airgead go léir a chaitheamh a bhí curtha i leataoibh againn le haghaidh Scéim Leathnuithe na dTithe Gloine agus na Scéimeanna Uisce-Sholáthair. Mar gheall air sin, fágadh tuairim £30,000 gan caitheamh as an £125,000 a cuireadh ar fáil le haghaidh na Scéimeanna Feabhsúcháin. Ach, cé nár caitheadh an t-airgead sa bhliain seo caite, tá na scéimeanna sin ag dul ar aghaidh agus meastar go mbeidh méadú mór ar an gcaiteachas ina leith sa bhliain airgeadais reatha. Dá chomhartha sin, táimid tar éis an soláthar le haghaidh na Scéimeanna Feabhsúcháin d'ardú ó £125,000 anuraidh go dtí £170,000 i mbliana.
Ba mhaith liom go mbeadh a fhios ag an Dáil cad tá ar siúl againn leis na Scéimeanna Feabhsúcháin agus, dá réir sin, déanfaidh mé trácht beag ar gach ceann ar leith díobh. Seacht gcinn acu atá ann, mar leanas:—
1. Scéim na mBóthar: Tugadh dhá chineál deontais amach anuraidh faoin scéim seo, deontas 100 fán gcéad den chostas do na Comhairlí Contae i leith bóithre contae agus deontas 100 fán gcéad den chostas, a cuireadh ar fáil trí Oifig na Scéimeanna Fostaíochta Speisialta, do bhóithre áise, is é sin, do na bóithre nach bhfuil freagracht reachtúil ar na húdaráis áitiúla ná ar éinne eile ina leith. De dhroim na taithí a fuarthas ar riaradh na ndeontaisí sin le cúpla bliain anuas táthar ar an tuairim anois gur mó an gá atá le cabhair airgid ón Roinn i gcás na mbóthar áise ná i gcás na mbóthar contae. Tá gléas ann cheana féin, is é sin an Ród-Chiste, chun airgead a chur ar fáil le haghaidh na mbóthar contae agus is féidir an t-airgead sin a sholáthar le dea-thoil na gComhairlí Contae lena mbaineann an scéal. Taobh amuigh d'Oifig na Scéimeanna Fostaíochta Speisialta a chaitheann suimeanna éigin airgid ar choinníollacha áirithe i ndáil le hoibreacha bóthair, ní raibh gléas ar bith ann go dtí seo chun airgead a chur ar fáil do na bóithre áise. Ar an ábhar sin agus ó tharla gur léir don Roinn anois go bhfuil an-éileamh ar chabhair i leith na mbóthar áise, tá socair furmhór Chise na mBothar sa bhFo-mhírcheann seo a chaitheamh, faid a bheas gá leis sin, ar na bóithre áise.
2. Scéimeanna Uisce-Sholáthair: Tá dhá chineál deontais á dtabhairt ag an Roinn do na húdaráis áitiúla i leith scéimeanna uisce-sholáthair— deontas 50 fán gcéad—60 fán gcéad i gcás caidéal agus mionscéimeanna píopaithe agus cumhachta, agus deontas 25 fán gcéad i gcás scéimeanna réigiúnacha. Tá réamhobair fhairsing a ghabhas le scéimeanna den tsórt sin, agus sin é an fáth nach raibh mórán á íoc ina leith ag an Roinn i dtosach báire. Le bliain anuas, ámh, táthar tar éis cuid mhaith scéimeanna a thosnú agus is cosúil, anois, go mbeidh méadú mór ar an gcaiteachas faoi na scéimeanna seo, go háirithe na scéimeanna réigiúnacha, sa bhliain airgeadais reatha. Tríd is tríd mar sin táthar sásta leis an scéim deontaisí seo sa mhéid go bhfuil ag éirí leis cuspóir na Roinne a bhaint amach agus go bhfuil borradh ag teacht faoi chúrsaí uisce-sholáthair sa Ghaeltacht agus go bhfuil scéimeanna á gcur i gcrích cheana féin gur chosúil nach dtosnófaí go ceann i bhfad orthu mura mbeadh gur cuireadh deontas ar fáil dóibh ón Roinn.
3. Mion-Oibreacha Mara: Scéim trína gcuirtear ar chumas na Roinne deontaisí 100 fán gcéad den chostas a chur ar fáil i leith muir-oibreacha áirithe sa Ghaeltacht ar choinníoll go mbeidh na húdaráis áitiúla iomchuí sásta cothabháil na n-oibreacha sin a ghlacadh mar chúram orthu féin tar éis a ndéanta. Fágtar faoi Oifig na nOibreacha Poiblí, de ghnáth, tograí den tsórt sin a chur i gcrích, agus sa bhliain seo caite d'éirigh leo oibreacha áirithe a chur i gcrích ar chostas os cionn £3,000. Tá clár oibre i bhfad níos leithne leagtha amach don bhlian seo agus má éiríonn le hOifig na nOibreacha Poiblí an clár sin a chomhlíonadh meastar go mbeidh caiteachas £14,000 ann ar oibreacha éagsúla.
4. Scéim Saoráidí Ilghnéitheacha: Tá scéim ag an Roinn trína dtugtar deontaisí suas go dtí 80 fán gcéad den chostas measta i ndáil le saoráidí éagsúla, cuir i gcás pinniúirí liathróid láimhe, faichí imeartha, linnte snámha, etc. Tá roinnt éigin deontaisí ceadaithe cheana féin faoin scéim agus tá eadarbheartaíocht ar siúl ag an Roinn le Coistí Áitiúla i dtaobh timpeall dosaen cás den tsórt sin i láthair na huaire. Is ábhar iontais é, ámh, a laghad tairbhe is a baineadh as na deontaisí seo ó tugadh isteach iad.
Maidir leis na scéimeanna trialacha maoth-thorthaí ar cuireadh tús leo i gContae Chiarraighe anuraidh, is féidir a rá go bhfuil forás ag teach fúthu do réir a chéile. Tá scéimeanna beaga den tsórt chéanna bunaithe anois i gContae Choraighe agus i gContae Phortláirge le comh-oibriú na gCoistí Talmhaíochta ansin.
5. Scéim na Muc: Bhíothas sásta go maith leis an gcuma inar éirigh leis an Scéim seo anuraidh. Tugadh 159 cránacha ar fad amach faoin scéim anuraidh agus tá socair timpeall 50 cráin eile a thabhairt amach i mbliana.
6. Scéim na dTrátaí: Tá socrú déanta chun go gcuirfear airgead ar fáil as fo-mhírcheann G i mbliana d'fhonn Scéim na dTrátaí a leathnú sa Ghaeltacht. Tá tosnaithe cheana féin ar ghléasanna téimh a chur isteach i naoi gcinn déag de na tithe gloine i gConamara. Tá gach ullmhúchán déanta freisin chun go bhféadfar timpeall fiche teach nua faoi theas a thógáil i gceantar Chonamara agus b'fhéidir 20 teach eile faoi theas a chur ar fáil i gceantar Thuar Mhic Éadaigh i gContae Mhuigheo. Táthar ag súil leis go bhféadfar an obair sin uile a chur i gcrích in am do shéasúr na bliana 1960/61.
7. An Scéim chun Cabhrú le Meánscolaíocht sa Ghaeltacht: Tá ag éirí go maith leis an scéim seo. I rith na bliana seo caite ceadaíodh deontais i dtrí cásanna. I gcás amháin tá an obair ar fad críochnaithe agus tá an mheánscoil ag obair faoi lán-tseol cheana féin. Tá an dá chás eile ag dul ar aghaidh go sásúil. Diúltaíodh aon iarratas amháin i rith na bliana agus tá dhá iarratas eile faoi bhreithniú go fóill ag an Roinn.
Faoi Fho-Mhírcheann H den Mheastachán, tá míle punt á sholáthar arís i mbliana chun deontais bheaga a thabhairt le haghaidh imeachtaí cultúrtha agus sóisialacha sa Ghaeltacht. I rith na bliana seo caite do híocadh roinnt deontaisí i leith Féilí Drámaíochta sa Ghaeltacht agus ina theannta san tugadh cúnamh airgid chun taifeadáin reatha agus óirnéisí ceoil a chur ar fáil do Choistí Áitiúla sa Ghaeltacht ar mhaithe le cúrsaí ceoil agus cúrsaí caidrimh.
Déantar soláthar faoi Fho-Mhírcheann L le haghaidh an Deontais £5 a tugtar, faoi scéim a bunaíodh i 1934, do thuismitheoirí nó caomhnóirí, sa Ghaeltacht nó sa Bhreac-Ghaeltacht, i leith páistí scoile leo idir 6—16 bliana d'aois arb í an Ghaeilge teanga a dteaghlaigh agus a labhrann í go líofa nádúrtha. Scéim an-tábhachtach í seo arb é a cuspóir an Ghaeilge a chothú agus a choinneáil mar theanga teaghlaigh sa Ghaeltacht. Gheibheann tuairim 4,600 teaghlach deontas faoin scéim i leith tuairim 10,000 páiste ar fad.
Faoi Fho-mhírcheann N den Mheastachán (Taispeántais Drámaíochta Gaeilge), tá méadú ó £2,000 go dtí £2,500 déanta i mbliana sa tsoláthar don Deontas a íoctar le Taibhdhearc na Gaillimhe chun feabhsuithe áirithe atá ar intinn ag na Stiúrthóirí a chur i gcrích. Ina theannta sin, tá £700 á sholáthar chun deontaisí a chur ar fáil do na Chumainn bheaga drámaíochta sa Ghaeltacht. Íocfar na deontaisí tar éis moladh a fháil ó Choiste Comhairlitheach i ngach ceann de na ceantair Ghaeltachta.
Faoi Fho-mhírcheann O den Mheastachán tugtar cúnamh airgid do choistí áitiúla, faoi scéim a bunaíodh i 1936, chun scoláireachtaí saoire sa Ghaeltacht a thabhairt do pháistí ó áiteanna lasmuigh den Ghaeltacht. Sa bhliain 1958 bhí méadú mór ar líon na bpáistí a bhí páirteach sa scéim i gcomparáid leis an mbliain roimhe sin agus tá súil agam go mbeidh méadú níos mó fós ann i mbliana. Tá coinníollacha na scéime athraithe anois chun go mbeidh ar chumas daltaí sna Meán-scoileanna páirt a ghlacadh ann agus chuige sin tá an uasteorainn aoise ardaithe go 17 bliana. Tá méadu cuí déanta san Mheastachán ó £1,600 anuraidh go £3,750 i mbliana agus tá súil agam go mbainfidh an oiread daltaí agus is féidir tairbhe as an scéim.
Maidir le Scéim na mBád Iascaigh, faoi mar a chuireas in iúl don Dáil anuraidh tá cúig báid mhóra, ar chostas tuairim £12,000 an ceann, curtha ar fáil cheana féin agus tá ceithre báid bheaga, ar chostas tuairim £800 an ceann, tugtha amach le déanaí. Beidh tuilleadh de na báid bheaga seo á n-eisiúint i rith na bliana seo.
Níl ach cúpla bliain caite ó cuireadh Roinn na Gaeltachta ar bun agus tuigeann an Dáil go maith an méid oibre atá le déanamh chun cuspóirí na Roinne a bhaint amach. Ní bheidh éinne ag súil go bhféadfaí é go léir a dhéanamh in éineacht. I ndiaidh a chéile a tógtar na caisleáin, agus tá dóchas agam go n-éireoidh leis an Roinn do réir a chéile saol agus cor maireachtála mhuintir na Gaeltachta a fheabhsú agus a chur chun cinn. Is maith liom é bheith le rá agam go bhfuil comhoibriú agus comhairle le fáil go fial ó údaráis agus comhaltaí agus daoine a bhfuil spéis acu sa Ghaeltacht. Bíonn lucht gearáin ann freisin ar ndóigh ach ní hiontas go mbeadh mí-fhoighid ar dhaoine faoin slí ina bhfuil cúrsaí saoil sa Ghaeltacht agus faoin staid ina bhfuil an teanga féin i ndiaidh na mblianta d'obair na hathbheochana. Tá an Roinn ag iarraidh leas na Gaeltachta agus leas na Gaeilge a chur chun cinn le chéile agus déanaimíd iarracht, i scéimeanna uile na Roinne, tús a thabhairt do na ceantracha Fíor-Ghaeltachta agus do na daoine a labhrann an Ghaeilge de ghnáth agus a choinníonn beo bríomhar í ina dtithe muintire féin. Is deimhin liom go n-aontóidh an Dáil liom go bhfuil an ceart againn sa méid sin.