Tairgim:—
"Go ndeonófar suim nach mó na £1,145,090 chun slánaithe na suime is gá chun íoctha an mhuirir a thiocfaidh chun bheith iníoctha i rith na bliana dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1961, le haghaidh Pinsin Chréachta agus Mhíchumais, Pinsin Bhreise agus Pinsin Fear Pósta, Liúntais agus Aiscí (Uimh. 26 de 1923, Uimh. 12 de 1927, Uimh. 24 de 1932, Uimh. 15 de 1937, Uimh. 2 de 1941, Uimh. 14 de 1943, Uimh. 3 de 1946, agus Uimh. 19 agus 28 de 1949, Uimh. 23 de 1953, Uimh. 19 de 1957 agus Uimh. 15 de 1959, etc.) Pinsin, Liúntais agus Aiscí Seirbhíse Míleata (Uimh. 48 de 1924, Uimh. 26 de 1932, Uimh. 43 de 1934, Uimh. 33 de 1938, Uimh. 5 de 1944, Uimh. 11 agus 34 de 1945, Uimh. 7 agus 29 de 1949, Uimh. 5 de 1953 agus Uimh. 12 de 1957, etc.); Pinsin, Liúntais agus Aiscí (Uimh. 37 de 1936: Uimh. 9 de 1948; Uimh. 30 de 1950; Uimh. 27 de 1952, Uimh. 4 de 1953 agus Uimh. 17 de 1957, etc.); íochaíochtaí i leith Cúitimh do Chomhaltaí den Fhórsa Cosanta Áitiúil (Uimh. 19 de 1946, agus Uimh. 15 de 1949); agus le haghaidh Ranníoca agus Costais iolartha ina dtaobh sin, etc.
£1,717,630 méid iomlán an mheastacháin seo, is é sin, £40,080 níos mó ná an chéad Vóta don, bhliain airgeadais 1959/60. Chun críocha na méaduithe a deonadh le Cáinaisnéis na bliana 1959, áfach, tharla i rith na bliana airgeadais 1959/60, gur aistríodh £34,050 ón Vóta le haghaidh Méaduithe ar Phinsin agus gur aistríodh £137 ar an gcuma chéanna ón Vóta le haghaidh Luach Saothair chun na méaduithe pá a ghlanadh agus fágann sin gurbh é £5,893 glan-mhéid na breise ar a soláthraíodh don bhliain 1959/60.
Ós rud é nach bhfuil ann ach tamall gairid ó bhí roinnt Billí i dtaobh pinsean os comhair an Tí, sílim nach gá ráiteas fada a dhéanamh agus an Meastachán seo á thabhairt isteach agam. Mar a fheicfidh Teachtaí, leantar den rud dá ndearna mé tagairt an bhliain seo caite agus a chuir mé síos d'imeacht na haimsire. Tá laghduithe ar Fho-Mhírcheann C—Pinsin Chréachta agus Mhíchumais agus Aiscí, etc.; ar Fho-Mhircheann D— Liúntais agus aiscí do Chleithiúnaithe, etc.; ar Fho-Mhírcheann G—Pinsin Sheirbhíse Míleata agus cuid de na fo-mhírchinn eile. Tá méadú ar Fho-Mhírcheann H — Scéimeanna na bhFórsaí Cosanta (Pinsin), 1937-1959; ar Fho-Mhírcheann, O — Liúntais Speisialta agus, ina theannta sin, ar chuid eile de na fo-mhírchinn bheaga eile.
Beidh áthas orm, ar ndóigh, aon eolas eile is gá a thabhairt, le linn dom an díospóireacht a fhreagairt.
The Estimate is for a sum of £1,717,630, which represents an increase of £40,080 over the original Vote for the financial year 1959/60. For the purposes of the 1959 Budgetary increases, however, a sum of £34,050 was, during the financial year 1959/60, transferred from the Vote for Increases in Pensions, and a sum of £137 was likewise transferred from the Vote for Remuneration in order to cover pay increases, so that the nett increase over the provision for 1959/60 is £5,893.
As it is only recently that a number of legislative measures relating to pensions was before the House and as the increases provided for in the recent Budget will necessitate similar legislation in due course, I feel that it is unnecessary for me to make a long statement in introducing this Estimate. As Deputies will see, the trend to which I referred last year as attributable to the passage of time continues. There are reductions in Subheads C—Wound and Disability Pensions and Gratuities, etc.; Subhead D—Allowances and Gratuities to Dependants, etc.; Subhead G—Military Service Pensions and some of the other subheads. Subhead H—Defence Forces (Pensions) Schemes, 1937-1959; Subhead O—Special Allowances and, as well, a few other smaller subheads show increases.
I shall, of course, be glad, when replying to the debate, to give any further information that may be desired.