Tairgim go léifí an Bille Athuair anois. Tá soláthar á dhéanamh leis an mBille chun méadú de seacht-go-leith fe'n gcéad a chur leis an bpinsean de £561.16.—sa bhliain is inioctha le baintreach Thoirdhealbhaigh Mhic Shuibhne. Tá an méadú sin de réir na méaduithe le haghaidh pinsinéirí Stáit, i gcoitinne, a údaraiodh ag an Aire Airgeadais ina Ráiteas ar an gCáinaisnéis in Aibreán 1960, agus tá an méadú á íoc ón lú Lunasa, 1960, i leith, ar údarás Meastacháin Bhreise le haghaidh pinsean a ritheadh sa Teach seo ar an 20ú Iúl, 1960. Tá an Bille riachtanach chun údarás reachtúil a chur ar fáil don mhéadú.
The Bill provides for an increase of seven and one-half per cent. in the pension of £561 16s. per annum payable to the widow of Terence MacSwiney. The increase is in accordance with those for State pensioners, generally, authorised by the Minister for Finance in his Budget Statement in April, 1960, and it is being paid since 1st August, 1960, on the authority of a Supplementary Estimate for pensions passed in this House on 20th July, 1960. The Bill is necessary to give statutory authority for the increase.