Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 3 May 1961

Vol. 188 No. 11

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - An Ghaeilge mar gnáth-theanga: Limistéirí d'ainmniú.

22. D'fhiafraí

d'Aire na Gaeltachta cad atá déanta ag a Roinn chun a dheimhniú cad iad na limistéir arb í an Ghaeilge gnáth-theanga an lae iontu ag formhór na ndaoine; agus, más gá, an bhfuil sé in ann anois na limistéir sin a ainmniú de réir (1) toghroinn cheantair (2) paróiste agus (3) contae.

Tar éis an Roinn a bhunú sa bhliain 1956, thángthas ar réiteach, de thoradh an fhiosruithe i leith na Gaeilge a rinneadh i ndáil le Daonáireamh 1956 agus de thoradh eolais eile a bhí ar fáil ag an Roinn, i dtaobh na límistéirí ar Gaeilgeoirí mórchuid de na daoine iontu. Is féidir, más gá, iad a chur ar fáil don Teachta de réir (a) Toghranna Ceantair agus (b) codanna de Thoghranna Ceantair. Taispeántar na límistéirí sin faoi dhath gorm ar léarscáil a chuireas ar fáil do Leabharlann an Oireachtais le déanaí.

De bharr na taithí atá ag an Roinn, táim sásta nach bhfuil aon athrú a mbhfiú trácht air tagtha ar staid na Gaeilge sna límistéirí sin ó cuireadh le chéile iad.

Ní foláir nó go bhfuil fhios ag an Aire go ndúirt an Príomh Oifigeach Roinn an Staidrimh nár fiú bheith ag brath ar an eolas a tháinig as an ceistiúcháin sin. Bhfuil aon ní déanta ag an Roinn ó shin chun a dheimhniú níos cruinne conas atá an scéal i dtaobh an eolais atá ag teastáil uainn ó cuireadh an fhiosrucháin san ar bun i 1956?

Tá mé ar aon intinn leis an Phríomh Oifigeach i Roinn an Staidrimh mar gheall ar an eolas sin. Is dóigh liom go bhfuil fhios ag an Teachta nach mar a chéile a freagraítear an Móráireamh i gcónaí. Tá daoine ann a chuireann síos go bhfuil Gaeilge aca nuair nach mar sin atá agus tá daoine eile ann agus is cainteoirí liomtha Gaeilge iad agus ní bhacann siad leis an cheist in aon chor. Dá bhrí sin, is dóigh liom go bhfuil an ceart ag an Príomh Oifigeach i mbun staidrimh ins an tuairim a noctuigh sé.

Fé mar is eol don Teachta, bhí eolas ag na daoine a bhí i bhfeighil na hoibre seo, seachas an daonáireamh, chur i gcás ó cigirí scoile. Táimid réasúnta cinnte go bhfuil fhios againn cá bhfuil na limistéirí a bhfuil an Ghaeilge beo ionnta. Tá fhios ag an Teachta nar glac an Rialtas a bhí ann nuair a ritheadh an tAcht sin an moladh nó na moltaí a rinneadh dóibh ag oifigigh Roinn na Gaeltachta agus gur cuireadh áiteachta isteach nár cheart iad a bheith ann. Agus na saoráidí agus na háiseanna éagsúla a riarú ag an Roinn tugtar an t-eolas sin chun aire.

Tá fhios ag an Aire na limistéirí a cuireadh isteach ins an Ordú Limistéirí na Gaeltachta nuair a deineadh an tOrdú san Mean Fomhair, 1956. Tá ceantracha ansan gur dóigh linn go bhfuil an Ghaeilge beo láidir mar theanga an tintáin agus mar theanga na sráide ag furmhór na ndaoine ionta; ach tá cuid eile ann nach bhfuil aon Ghaeilge in aon chor ionta. An féidir le Roinn na Gaeltachta a dualgaisí a chomhlíonadh gan fhios cruinn a bheith acu cá bhfuil na limistéirí, beag nó mór, ina bhfuil an Ghaeilge á labhairt go coitianta? Deireann an tAire go bhfuil sé ar aon aigne leis an Príomh Oifigeach i mbun an staidrimh ins an méid a dúirt sé——

Sé díospóireacht atá ar siúl ag an dTeachta anois. Ba cheart dó ceist a chur ar an Aire.

Táim ag iarraidh ar an Aire cad tá déanta ag an Roinn chun dheimhniú cá bhfuil na ceantracha ina labhartar an Ghaeilge mar ghná-theanga.

Béidh seans ag an Teachta an cheist sin do phlé.

Tá fhios agam sin ach ní theastaíonn uaim ach go dtuigfidh an tAire nach bhfuil ach an méid sin eolais ag teastáil uainn. Ní dóigh liom go bhfuil an t-eolas san ar an learscáil ins an Leabharlann.

Cuirim mar seo don Teachta é. Níl aon áit gur féidir fíor-Ghaeltacht do ghairm de taobh amuigh den learscáil a tharraing sé féin nuair a bhí sé in a Aire don Ghaeltacht, cé is moite limistéar beag i gContae na Midhe ar a dtugtar Gaeltacht na Midhe. Fagann sé sin nach bhfuil le réiteach ag Roinn na Gaeltachta ach a fháil amach cad iad na háiteanna atá taobh istigh den learscáil nach bhfuil sé ceart an teideal "fíor-Ghaeltacht" do chur ortha.

Tá an Teachta sásta anois.

Nach dóigh leis an Aire gur ceart socrú ar dtus cad iad na ceanntracha ina bhfuil an Ghaeilge go beo bríomhair ionta?

Ba mhaith liom é seo a rá arís agus dinnis mé don Teachta cheana é. Tá eolas cruinn ag an Teachta ar cá bhfuil an fhíor-Ghealtacht mar atá sé ar eolas ag chuile udarás gur fiú a leithéid a thabhairt air. Tá fhios aige freisin nár ghlacadh leis na moltaí sin ar thagair mé dóibh ach gur cuireadh áiteacha áiride leo ag an Rialtas san am san agus sin iad na háiteacha, is dócha, atá i gceist ag an Teachta anois. Níor thógas amach iad ach ní dóigh liom gur cheart iad a bheith istigh.

I do not now what all that was about, a Cheann Comhairle, but I hope you will give us Englishmen as much latitude.

Barr
Roinn