Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Thursday, 16 Nov 1961

Vol. 192 No. 3

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Provision of Industry at Annagry (Donegal)

139.

Mr. O'Donnell

asked the Minister for the Gaeltacht if he is aware of the continuous drain of population by emigration and migration from the Fíor-Ghaeltacht district of Annagry, County Donegal; and, if so, if in view of the fact that Gaeltarra Éireann own a large unused factory in that locality, they will immediately set up a hand-knitting centre in the area or alternatively some other employing industry.

Is ceist do Ghaeltarra Éireann féin a chinneadh cén úsáid is fearr is féidir a bhaint as an bhfoirgneamh a luann an Teachta, agus tuigim go bhfuil fonn ar Bhord Ghaeltarra Éireann an oiread iostaíochta is mó is féidir a chur ar fáil sa cheantar. Deirtear liom go bhfuil roinnt mhaith oibritheóirí as an gceantar fostaithe ag an mBord sa mhonarchain bréagán i nGroilí, agus ar obair láimh-chniotála ina dtithe féin.

An bhfuil a fhios ag an Aire go bhfuil muintir na Gaeltachta ag imeacht ón áit so agus nach bhfuil sé féin ná muintir Ghaeltarra Éireann i ndán iad a choimhead sa bhaile?

Ní raibh monarcha riamh san áit seo. Bhí stór ansin ach ni raibh ann ach stór. Tá a fhios ag an Teachta nach raibh monarcha ar bith ann.

Tá a fhios ag an Aire go bhfuil na daoine ag imeacht ón áit seo. Áit sa bhFíor-Ghaeltacht is ea é.

Is dócha go bhfuil cuid acu ag imeacht. Tá siad ag imeacht freisin ó áiteacha anso agus ansúd ar fud na tíre. Tá cuid mhaith de mhuintir na háite fostaithe sa mhonarchain eile i gCroilí agus cuid eile acu ag obair ina dtithe féin.

Níl ach cúpla scór daoine ag obair i gCroilí. Tá na daoine ag imeacht ón nGaeltacht seo agus níl an tAire féin ná muintir Ghaeltarra Éireann i ndán fostaíocht a thúirt dóibh chun iad a choinneáil sa bhaile.

Tá dualgas ar Bhord Ghaeltarra Éireann gach rud is féidir——

Cad na thaobh nach bhfuil an freagra i mBéarla ós rud é go bhfuil an cheist i mBéarla?

Is féidir leis an Teachta é a thuiscint.

The people with the Béarla who pay taxes will have to pay for it all.

Barr
Roinn