Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Thursday, 23 Nov 1961

Vol. 192 No. 5

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Downings (Donegal) Net Factory.

44.

asked the Minister for the Gaeltacht if it is intended to proceed with the erection of a net factory at Downings, County Donegal.

Do réir an eolais atá ar fáil i mo Roinn-se bhí faoi mheas ag gnólacht ón Ollóin sa bhliain 1958 tionscal déanta eangacha a bhunú sna Dúnaí, Co. Dhún na nGall. Do chinneadar, áfach, gan dul ar aghaidh leis an togra agus chomh fada agus is eol dom Roinn níor tharla éinní eile sa scéal ó shin.

An bhfuil a fhios ag an Aire gur innis an tAire Rialtais Áitiúil do mhuintir an Dunaí cúpla blian roimh an toghachán mór go dtógfaí monarchan eangaigh ann?

Tá a fhios agam go raibh tógra den tsórt seo ós cóir Fhorais Tionscail cúpla bliain ó shoin ach gur éiríodh as.

An bhfuil an tAire sásta anois nach bhfuil siad ag tabhairt faoin monarchain seo?

Níl a fhios agam go bhfuil tógra ar bith ós cóir Fhorais Tionscail.

Barr
Roinn