Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Thursday, 7 Mar 1963

Vol. 200 No. 6

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Downings (Donegal) Deontas Payments.

46.

asked the Minister for the Gaeltacht the reason for the delay in having the £5 deontas paid in the Downings area of County Donegal.

Glacaim agam gurb iad na scoileanna ag Doire an Chasáin agus ag Míobhuí, i gceantar na nDúnaí, atá i gceist ag an Teachta. Maidir leis an gcéad scoil díobh siúd bhí na foirmeacha iomchuí don scoilbhliain 1961/62 istigh, agus bhí na híocaíochtaí uile i leith na leanaí cáilithe déanta, um 1ú Lúnasa, 1962. Maidir leis an scoil eile, bhí na híocaíochtaí uile i leith leanaí cáilithe déanta um 2ú Dheireadh Fómhair, 1962. Bhí roinnt bheag cásanna sa cheantar inarbh éigin athscrúdú a dhéanamh agus, ó tá na tuarascála breise i dtaobh na gcásanna sin faighte sa Roinn anois díreach, íocfar na deontais go luath sna cásanna ina bhfuilid dlite. Tig liom a dhearbhú don Teachta nach gcuirtear moill ar bith is féidir a sheachaint ar íoc na ndeontas i leith leanaí cáilithe a luaithe a bhíonn na sonraí riachtanacha istigh sa Roinn.

Barr
Roinn