Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 27 Nov 1963

Vol. 206 No. 2

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Coimisiún um Athbheochan na Gaeilge.

4. D'fhiafraigh

den Taoiseach an bhfuil aon dáta cinnte fós ann d'fhoilsiú Thuarascáil an Choimisiúin um Athbheochan na Gaeilge, an i nGaeilge nó i mBéarla a chuirfear ar fáil ar dtús í agus cén fáth; agus an mbeidh am Rialtais á chur ar fáil leis an Tuarascáil a chur faoi dhíospóireacht.

Foilseofar tuarascáil an Choimisiúin um Athbheochan na Gaeilge timpeall na Nollag. Tá sí ag na clódóirí faoi láthair, ach ní féidir liom dáta foilsithe níos cruinne ná sin a lua.

Foilseofar dhá imleabhar ar an lá céanna, is é sin, an tuarascáil, i nGaeilge, mar a scríobh agus a shínigh an Coimisiún í, agus achomaireacht i mBéarla, a d'ullmhaigh an Coimisiún agus a tíolacadh dom go hoifigiúil in éineacht leis an tuarascáil.

Déanfaidh an Rialtas socrú chun go mbeidh am ar fáil le haghaidh díospóireachta ar an tuarascáil sa Teach seo.

Barr
Roinn