Committee on Finance. - Vote 30—Office of the Minister for Education.

Tairgim:

Go ndeonófar suim fhorlíontach nach mó ná £10 chun íoctha an mhuirir a thiocfaidh chun bheith iníoctha i rith na bliana dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1964, le haghaidh Tuarastail agus Costais Oifig an Aire Oideachais (lena n-áirítear Forais Eolaíochta agus Ealaíon), le haghaidh Seirbhísí Ilghnéitheacha áirithe Oideachais agus Cultúir, agus Ildeontais-i-gCabhair.

Tá ins na seacht Vótaí go bhfuil mise freagrach iontu £22,165,410. Is méadú é sin de £1,742,490 ar an soláthar don bhliain airgeadais roimhe seo. Tá £1,900,000 á chur ar fáil faoi Vóta 9—Oibreacha Poiblí agus Foirgintí — le haghaidh tithe scoile náisiúnta a thógáil, a mhéadú is a chóiriú. Dá réir sin tá £24,065,410 á sholáthar sa bhliain airgeadais reatha i gcomhair na seirbhísí oideachais. Is ionann é sin is 14.4 per cent den iomlán le haghaidh na seirbhísí soláthair ar fad.

Tabharfar faoi deara go bhfuil líon na Vótaí do mo Roinn-se laghdaithe ó naoi gcinn go seacht gcinn. Deineadh é sin d'fhonn méid na hoibre cuntaisíochta do ghearradh anuas agus dá réir sin tuilleadh costaisí foirne do sheachaint. Is amhlaidh a deineadh an laghdú ar líon na Vótaí trén Vóta i gcomhair Eolaíochta agus Ealaíon do chomhneascadh le Vóta an Aire agus tré na hIolscoileanna agus an Institiúd Ard-Léinn do thabhairt fén aon Vóta amháin.

Tabharfaidh mé anois don Teach roint fíricí agus figiúirí i leith na Vótaí éagsúla.

OIFIG AN AIRE OIDEACHAIS—VÓTA 30.

Séard atá sa Vóta so ná costaisí riaracháin na Roinne agus soláthar i gcomhair na seirbhísí a bhí roimhe seo faoin Vóta Eolaíochta agus Ealaíon. £894,140 atá á lorg chuige sin. Is méadú é sin de £90,370 ar an tsuim don bhliain roimhe seo. De na nithe go bhfuil tuilleadh costais ag gabháil leo siad na Scoláireachtaí Iolscoile go mbaineann an tsuim bhreise is mó leo. Síolraíonn sé sin ó oibriú Acht na Scoláireachtaí, 1961. Seirbhísí nua go bhfuil soláthar á dhéanamh ina gcomhair is ea (1) an caiteachas ar an Suirbhé faoi OECD (2) deontas i gcabhair le haghaidh taighde i gcúrsaí teanga (3) deontas i gcabhair don chlub do dhaoine as tíortha thar lear (4) scoláireachtaí cómalairte agus (5) deontas i gcomhair turasanna múinteoirí thar lear.

Is eol do bhaill an Tí cheana féin na sonraí mar gheall ar an suirbhé faoi OECD a bhaineann le hairgead a chur san oideachas. Is leor dom a rá gur mheabhraigh na hionadaithe a bhí i láthair ag an gcruinniú idirnáisiúnta i mBaile Átha Cliath le déanaí go raibh siad an-shásta leis na modhanna atá á gcleachtadh agus an dul chun cinn atá á dhéanamh ag an bhfoirinn atá ag gabháil don bheartas anso in Éirinn. Tá deireadh le bheith leis an suirbhé sa bhfómhar, 1964.

Do réir mar a fógraíodh anuraidh tá an Dr. Oirmhinneach Colmán Ó hUallacháin, Ord na bProinsiasach, fostaithe agam chun suirbhé teangeolaíoch a dhéanamh d'fhonn cúrsaí grádaithe sa Ghaeilge a bhéadh bunaithe ar eolaíocht teangacha do chur ar fáil. Mar chuid den suirbhé tá ceistneoirí á gcur amach go dtí daoine éagsúla gurab í an Ghaeilge a ngnáth-theanga agus go dtí an líon céanna daoine gurab é an Béarla a ngnáth-theanga. Déanfar comhaireamh tré mheaisíní ar chéad míle focal ar a laghad a chruinneofar ag an dá dhream san. Uaidh sin ullmhófar liostaí minimum d'ainmneacha agus d'aidíochtaí. Is é toradh a bheidh ar na cúrsaí a bheidh pleanáilte ar bhun na teangeolaíochta ná gur mó de Ghaeilge a fhoghlaimeoidh na scoláirí agus gur lú an t-am a chaithfidh siad lena linn.

Mar leathnú ar an obair sin tá socrú déanta agam chun deontas a thabhairt i leith saotharlann teanga do bhunú i gColáiste na bProinsiasach i Rinn Mhic Gormain. Beidh an tsaotharlann san ar fáil chun cúrsaí do thabhairt do mhúinteoirí nuatheangacha in ár scoileanna. Sa tslí sin tabharfar deis dóibh chun eolas do chur ar na modhanna is nua-aimsearaí ó thaobh mhúineadh teangan. Déanfaidh mé tagairt fén Vóta don Mheán-Oideachas don chabhair atá ar fáil againn ó údaráis na Fraince ina leith seo agus ar bhealaí eile chun múineadh na Fraincise do chur ar aghaidh ins na scoileanna anso.

An club do na daoine ó thíortha thar lear, bunaíodh é sa bhliain 1940 fé scáth Léigiúin Mhuire d'fhonn seirbhísí comhairleacha agus caitheamh aimsire do chur ar fáil do na mic léinn ón Afraic agus ón Áise atá i mBaile Átha Cliath. Tá ar cheann de na himeachtaí go bhfuil gach tír in iarthar na hEorpa ag gabháil dóibh slithe a cheapadh chun cabhrú leis na tíortha nua san Afraic agus san Áise. I leith an oideachais is mó is féidir linn cabhair dá leithéid sin a thabhairt. Tá na mílte fear agus ban ó Éirinn ag teagasc sa dhá mhór-roinn sin. Tá os cionn míle mac-léinn ó thíortha thar lear in Éirinn agus a bhfurmhór san i mBaile Átha Cliath. Is mór an pléisiúr a thugann sé dom iarraidh ar an dTeach deontas do thabhairt i leith na hoibre ionmholta atá á dhéanamh ag lucht stiúrtha an Club.

Tá an t-airgead i gcomhair scoláireachtaí Cómalairte á chur ar fáil d'fhonn a chur ar chumas mac-léinn ó thíortha áirithe san Eoraip tréimhse bliana do chaitheamh ag déanamh staidéir in Iolscoil nó in institiúd eile ardléinn anso. Na tíortha atá i gceist: An Fhionnlainn, An Fhrainc, An Ghearmáin, An Iodáil, An Norbhua agus an Éilbhéis. Tugann gach ceann de na tíortha sin scoláireacht amháin ar a laghad do mhac-léinn Éireannach.

Le roinnt bhlian anuas is gnáthach le scata múinteoirí ón dtír seo dul ar thuras oideachais go dtí na Stáit Aontaithe. Tá sé de nós ag Rialtas na tíre sin deontas i leith turasanna dá leithéid do thabhairt. Ina ainneoin sin, ámh, bhí suim airgid nach beag le híoc ag gach múinteoir a chuaigh ar an turas. Tá an buntáiste ó thaobh oideachais atá le baint as na turasanna san chomh mór san go bhfuil socair agam, faoi réir aontú an Tí, deontas do thabhairt i leith an chostais.

De bhrí gur faoin Vóta so atá an soláthar don Choláiste Náisiúnta Ealaíon ba mhaith liom tagairt a dhéanamh arís do bhrainse amháin den Ealaín, sé sin, an Córmhaisiú. Tamall ó shoin d'fhógair mé go raibh Comhairle i leith Córmhaisithe bunaithe agam. Agus an Chomhairle sin a bheith á bhunú agam, chuir mé romham daoine do cheapadh ina mbaill di go mbeadh ar a gcumas moladh agus comhairle a thabhairt i dtaobh oiliúint córmhaisitheoirí, an oiliúint a bheadh faite acur do shur i ngníomh go praiticiúil agus an chaoi ina bhféadfadh lucht tionscail tairbhe a bhaint as oiliúint agus scil na gcórmhaisitheoirí. Tá socrú á dhéanamh agam freisin chun Ollamh agus Ollamh Cúnta a cheapadh go mbeidh eolas speisialta acu ar chúrsaí córmhaisithe.

BUNOIDEACHAS—VÓTA 31.

£12,659,500 méid glan an Vóta so. Is ionann sin agus méadú £248,500 ar shuim na bliana 1962-63, má chuirtear £60,000 de Mheastachán Breise san áireamh. Tuilleadh earcaíocht oidí agus arduithe i bpinsin is cúis leis an chuid is mó den méadú sa Vóta.

Sa scoil-bhliain dar chríoch 30 Meitheamh, 1962, bhí ceithre mhíle dhéag nócha is a haon d'oidí ar fostó i scoileanna náisiúnta. Ar 30 Meitheamh, 1962, bhí 500,794 daltaí ar na rollaí—2,424 daltaí níos lú ná mar a bhí ar na rollaí an lá céanna i 1961. Luaigh mé fáth an laghdaithe sin anso anuraidh—an borradh a tháinig faoi na breitheanna sa tréimhse iarchogaidh, tá a rian san imithe den inrollaíocht i scoileanna náisiúnta.

Is maith an dul-chun-cinn a rinneadh anuraidh maidir le tógáil scoileanna, a n-athchóiriú agus a bhfeabhsú. Rinneadh sin in ainneoin gur chuir an drochaimsir isteach go mór ar obair thógála anuraidh, go háirithe sa ráithe dheireannach den bhliain. I rith na bliana ceadaíodh £2,136,000 de dheontas i leith 87 scoileanna nua agus 125 mórscéimeanna méadaithe agus feabhsaithe. Mar a cuireadh in iúl don Teach le linn na vótaí i leith Oibreacha agus Foirgnimh Poiblí, tá roinnt seifteanna ceapaithe ag an Rúnaí Párlaiminte don Aire Airgeadais faoina gcuirfear breis dlúis le tógáil agus athchóiriú scoileanna.

Tháinig scéim i bhfeidhm i 1962 faoina gcuirtear deontais ar fáil do bhainisteoirí scoileanna náisiúnta le haghaidh costas péinteála na bhfoirgneamh scoile. Tá deontais le fáil anois le haghaidh péinteála gach ceathrú bliain lasmuigh agus gach ochtú bliain laistigh. I rith na bliana, roghnaíodh tuairim is 1,100 scoileanna i gcomhair péinteála lasmuigh agus tuairim is 600 scoileanna i gcomhair péinteála laistigh. Nuair a bhéas an scéim faoi iomlán córach, ba cheart go gcuirfí go mór le caoi agus cosúlacht ár gcuid scoileanna náisiúnta.

In Acht na nÚdarás Áitiúil (Scoláireachtaí Oideachais) (Leasú), 1961, rinneadh soláthar, don chéad uair, go n-íocfaí deontas Stáit i leith costais na scoláireachtaí a bhronann comhairlí contae agus borg. Dá bharr sin, d'imigh méadú mór ar líon agus ar luach na scoláireachtaí a tairgeadh i scéimeanna na gcomhairlí i 1962. De bharr na bhfeabhsú seo, mealladh níos mó iarrthóir chun scrúdaithe: rinne 5,622 iarrthóirí an scrúdú i gcómhair scoláireachtaí iarbhunoideachais i 1962, i gcomórtas le 3,122 iarrthóirí i 1961. Bronnadh 620 de na scoláireachtaí seo i 1961; bronnadh 1,729 acu i 1962.

Sílim nár mhiste dom a rá gur mór an sásamh an tslí ar bhain na comhairlí contae agus borg leas as an gcabhair Stáit a sholáthraítear faoin Acht. Is fianaise air sin na figiúirí atá aithriste agam. Níor bhain na comhairlí uile, áfach, leas iomlán as soláthar an Stáit ach tá dóchas agam, ó thárla a gcosa ar an mbóthar ceart acu, go leanfar den fheabhsú acu, ionnas, nuair a bheidh an scéim fé lán tseoil, go mbeidh tuairim is £600,000 ar fáil gach bliain le haghaidh scoláireachtaí iar-bhunoideachais faoi scéimeanna na gcomhairlí contae agus borg. Soláthróidh an Stát níos mó ná leath an airgid seo.

Ábhar imní le tamall maith anuas dom féin agus do Ghobharnóirí an Choláiste cúinge an áitribh i gColáiste Oiliúna Eaglais na hÉireann. Níl na foirgnimh i bPlás Chill Dara in oiriúint do riachtanais an lae inniu agus tá na deiseanna le haghaidh caitheamh aimsire agus eile aneaspach. Chinn na Gobharnóirí anuraidh Plás Chill Dara a dhíol agus suíomh níos oiriúnaí a lorg i gcomhair Coláiste nua. Tá suíomh nua faighte acu agus tá pleananna an Choláiste nua dá n-ullmhú faoi láthair. Beidh cóir le haghaidh seasca daltaí sa Choláiste nua. De thairbhe an chostais de, cúiteoidh an Stát, trí na deontais a mhéadú, pé difríocht a bheidh idir luach díolta áitreabh Phlás Chill Dara agus costas an áitribh nua. Tá curtha in iúl ag Gobharnóirí an Choláiste Oiliúna go bhfuil siad lánsásta leis an socrú seo.

Idir an dá linn, tá méadú agus athchóiriú Choláiste Phádraig, Drumconnrach, dá chur i gcrích go sciobtha agus meastar go mbeifear in ann tuilleadh mac léinn a thabhairt isteach ann sa bhliain choláisteach 1964-5.

Is rún dom leanúint liom leis an bpolasaí atá foilsithe agam maidir leis an gcoibhneas idir oidí agus daltaí sna bun-scoileanna a fheabhsú. Ábhar pléisiúir dom anois eolas ar an gcúigiú ceann sa tsraith seo feabhsúcháin a thabhairt don Tigh. Níl deireadh fós le fadhb na rangannaí plódaithe sna scoileanna móra faoi na bailte móra agus cé gur éirigh liom faoiseamh éigin a cheadú anseo anuraidh, tá mé go daingean den tuairim gurbé an fhadhb seo an gad is giorra don scórnaigh i rith an ama. Shocraíos mar sin de, fanacht i mbun na scoileanna móra le linn dom an feabhsú sa choibhneas oide/dalta don bhliain seo a chur i bhfeidhm. Bheartaíos dá bhrí sin, le héifeacht ón 1 Deireadh Fómhair go mbainfí cúig aonaid den inrollaíocht a fhostódh an t-ochtú cúntóir, deich n-aonaid den inrollaíocht a fhostódh an naoú cúntóir, cúig aonaid déag a bhaint de i gcás an deichiú cúntóra agus dá réir sin go dtí go mbainfí cúig aonaid is daichead den inrollaíocht i leith an séú cúntóir déag. As sin suas, bainfear cúig aonaid is daichead ag gach pointe.

Tá mé muiníneach go rachaidh an feabhsú seo atá léirithe agam i gcion go mór ar an bhfadhb achrannach seo, na rangannaí móra.

Fadhb eile fóirne is ea na postanna i scoileanna náisiúnta ar na hoileáin bheaga. Is deacair oidí oilte a fháil a ghlacfaidh na postanna seo agus a fhanfaidh i bhfad iontu. Cúis áthais dom a rá anois gur socraíodh le héifeacht ón chéad lá Iúil seasca púnt de liúntas speisialta sa bhliain a íoc, le cois a ngnáth-thuarastail, le hoidí oilte a ghlacfaidh postanna ar oileáin bheaga, ar mhaithe lena mealladh chun fanúint sna háiteanna sin.

Tá, ní foláir, baill an Tigh tar éis tagairtí d'fheiscint ins na nuachtáin phoiblí do nithe a bhaineann le tuarastail na Múinteoir Náisiúnta. De bhrí go bhfuil na nithe sin faoi bhreithniú faoin gCóras Idir-Réitigh faoi láthair tá coscaithe orm aon tagairt a dhéanamh dóibh.

MEÁNOIDEACHAS—VÓTA 32.

£3,745,000 an meastachán iomlán don Mheánoideachas. Is ionann é sin agus beagnach £250,000 de mhéadú ar an méid a vótáladh anuraidh don mheánoideachas sa phríomh-mheastachán agus sna meastacháin bhreise. Le tuarastail mhúinteoirí, deontais do scoileanna agus scoláireachtaí iarbhunscoile a bhaineann an chuid is mó den mhéadú sin.

An méadú bliantúil i líon na ndaltaí meánscoile atá chomh suntasach sin le blianta beaga anuas, ní hamháin go bhfuil an méadú sin ann go fóill ach é ag fás i gcónaí. I rith na gcúig bliain atá caite bhí beagán thar 3,500 de mheánmhéadú ann in aghaidh na bliana. An 85,000 de pháistí atá ar na rollaí i mbliana is mó é de bhreis is 4,500 ná an líon a bhíann anuraidh. Comhartha dóchais ésin an aigne thuisceanach atá ann i gcoitinne i leith feidhm iomlán a bhaint as na saoráidí oideachais. Ach ní abrann sin gur ceart dúinn éirí ró-shásta ionainn féin. Ní mór leanacht de shíor den iarracht chun na saoráidí sin a leathnú.

Ba ina láthair sin a rinneadh foráil, don chéad uair, in Acht na n-Údarás Áitiúil (Scoláireachtaí Oideachais) (Leasú), 1961, le cabhair a thabhairt ó Chiste an Stáit i leith costas scoláireachtaí iar-bhunscoile agus scoláireachtaí ollscoile. Tabharfaidh an Stát tuairim is £60,000 sa tslí sin sa bhliain airgeadais reatha agus ar an mbun sin i gcionn chúig bliain déanfar £200,000 ar a laghad de ranníocaíocht bhliantúil ó Chiste an Stáit i leith scoláireachtaí iarbhunscoile agus £100,000 i leith scoláireachtaí ollscoile. Is é mo dhóchas, áfach, go mbainfidh na hudarais aitiula feidhm ar ball as forálacha an Achta, 1961, sa tslí go sroisfidh an tsuim sin, mar a dúras roimhe, £300,000 i leith scoláireachtaí iarbhunscoile. £150,000 a bheadh dá chur ar fáil dá réir sin ag leibhéal na hollscoile. Ina theannta sin, tá £35,000 i leith scoláireachtaí iarbhunscoile agus £25,000 i leith scoláireachtaí ollscoile, go príomha i dtaca le teanga na Gaeilge, dá soláthar faoi scéimeanna atá dá riaradh go díreach ag mo Roinn. Gnénua de na deontais sin i mbliana is ea an soláthar atá dádhéanamh chun fiche scoláireacht a bhronnadh ar pháistí ó oileáin an chósta. Cuirfidh na scoláireachtaí nua sin oideachas meánscoile ar fáil saor in aisce dá sealbhóirí i scoil chónaithe maraon le deontas le haghaidh feisteas scoile, costas taistil agus mar sin de. Meastar go gcosnóidh an scéim £2,500 sa chéad bhliain iomlán agus é ag dul suas go dtí beagnach £12,000 sa bhliain tar éis cúig bhliain.

Ag trácht dom ar shaoráidí oideachais a bheith dá leathnú ní miste a rá go bhfuil riachtanas le leathnú dá réir ar líon na múinteoirí cáilithe. D'éirigh go maith linn ón dtaobh sin de le tríocha bliain anuas. I mbliana tá 3,600 múinteoir lánchláraithe ag gabháil do theagasc meánscoile—is é sin múinteoirí a bhfuil na cáilíochtaí acadúla cuí acu agus a bhfuil a dtréimhse promhacháin curtha isteach acu—agus 255 de mhúinteoirí promhacháin eile ag a bhfuil na cáilíochtaí acadúla atá riachtanach. Tá na múinteoirí sin go léir beagnach ag fáil tuarastail ón Roinn agus fágann sin go bhfuil ós cionn 3,800 meánmhúinteoirí ag fáil tuarastail ón Roinn sa scoil-bhliain reatha, sé sin, 250 thar líon na bliana seo caite. Ba lú ná an tríú cuid de sin an líon a bhí ann i 1930-31— 1,209 múinteoirí. Tá an méadú sin ar líon na múinteoirí ionchurtha agus níos fearr ná bheith ionchurtha leis an médú a tháinig idir an dá am ar líon na ndaltaí.

Ag caint dom ar na múinteoirí tá ní eile gur mhian liom tagairt dó. Beidh cuimhne ag na Teachtí gur dhúirt mé anseo tamall ó shoin maidir le aitheantas i leith seirbhíse go mb'fhéidir go bhféadfaí ceist creidiúint i leith seirbhíse sna Sé Chontae a mheas go speisialta. Is áthas liom a rá go dtabharfar creidiúint incriminteach suas go dtí maximum chúig incrimint i leith seirbhís mhúinteoireachta molta sna Sé Chontae sa scoilbhliain 1962-63 nó ina dhiaidh sin.

Ionas go mbeadh ar chumas múinteoirí eolas a chur ar mhodhanna nua-aimseartha i leith ábhair éagsúla scoile, cuireadh tús le sreath nua de athchúrsaí Samhraidh do mheánmhúinteoirí i 1959. Méadaíodh ar líon na gcúrsaí sin gach bliain de réir mar bhí an riachtanas leo. £1,500 an soláthar do na cúrsaí sin i mbliana i gcomparáid le £600 an bhliain seo caite. Deich gcúrsa den saghas sin atá daite, trí cinn sa bhfisic, trí cinn sa cheimic agus ceann amháin i ngach ceann do na hábhair matamaitic, Fraincis, Gearmáinis, agus tíreolaíocht.

Thagair mé roimhe seo do ghluaiseachtaí nua-aimseartha i dtaca leis na h-ábhair a mhúintear ins na meánscoileanna. Le blianta beaga anuas is léir dearcadh nua ar fud an domhain go háirithe i leith mhúineadh na matamaitice agus na n-ábhar eolaíochta agus tháinig de sin gur ghá na cúrsaí atá ann a athscrúdú. Tá cúrsaí na hArdteistiméireachta sa bhfisic agus sa cheimic curtha in oiriúint cheana féin don dearcadh nua agus tá na cúrsaí leasaithe i bhfeidhm sna scoileanna ó thosach na scoilbhliana seo caite. Tá dréacht-chúrsaí nua atá ceapaithe d'ábhair eile eolaíochta fógraithe cheana féin agus na cinn don matamaitic faoi bhreithniú i láthair na huaire agus tá súil agam go mbeidh na cúrsaí nua ar fad faoi réir don scoil-bhliain 1964-65.

Ó rinneadh roinnt plé go poiblí i dtaobh na tairiscinte chun na cúrsaí Ardteistiméireachta sa mhatamaitic a thabhairt i gcuid cothrom leis an lá a bhfuilimíd ann is mian liom a lua go bhfuil breithniú cúramach déanta ag an Roinn ar na deacrachtaí speisialta a éireodh i leith mhúineadh na gcúrsaí sin. I gcás na heolaíochta agus na matamaitice, do thréimhse threialach de chúig bliana atá na cúrsaí dá mbeartú agus iad faoi réir aithbhreithniú a dhéanamh orthu roimh dheireadh na tréimhse sin. Idir an dá am tabharfar rogha cheisteanna réasúnta leathan sna scrúduithe agus tabharfar caoi do mhúinteoirí iad féin a chur in oiriúint do na siollabais nua. Tá socraithe agam, freisin, go gcuirfear scrúdpháipéir shamplacha ar fáil in ábhair áirithe agus, i gcás na matamaitice, liosta de théscsleabhair oiriúnacha a dhéanfadh riar d'aon ábhar nua. Ba cheart go gcabhródh na socruithe sin go mór leis na múinteoirí; ach tá beartaithe agam dul níos faide fós ná sin.

Tá socrú déanta agam le lucht ceannais na gColáistí Ollscoile sreath leathan de chúrsaí tráthnóna do mhúinteoirí do chur ar fáil sa mhatamaitic agus san eolaíocht ó thosach na bliana acadúla seo. Leanfaidh gach cúrsa díobh ar feadh bliana acadúla amháin agus beidh cáilíocht le fáil de thoradh scrúdaithe ag deireadh an chúrsa. Tá dóchas ann go mbeifear in ann freastal ins na cúrsaí sin ar líon mór múinteoirí sa tslí go mbeidh ar a gcumas aghaidh a thabhairt go neamheaglach ar na fadhbanna nua a bhaineann leis na nua-smaointe atá ann sa mhatamaitic agus san eolaíocht. Ba mhaith liom mo fhíorbhuíochas a gabháil le lucht ceannais na gColáistí as ucht iad do chomhoibrú chomh fonnmhar is a rinne siad chun na cúrsaí atá i gceist a bhunú. Níl aon amhras orm ná go dtuigfidh na meánscoileanna agus a gcuid múinteoirí an deis iontach atá dá thabhairt dóibh dá bharr seo agus gur leo nach leisc an deis sin a thapú.

I dtaca le stáid na heolaíochta a bhreithnuiú, is mór an tábhacht an fhoireann a bheith cáilithe agus saotharlanna atá feistithe i gceart bheith acu. Déantar soláthar gach bliain faoi Mhírcheann A.2 den Vóta Meánoideachais le haghaidh cabhair airgid do scoileanna chun saotharlanna eolaíochta a fheistiú. Is chun na críche sin atá £88,000 den £138,000 atá ar soláthar ansin i mbliana. Is i leith ranganna eolaíochta, eolaíocht tís agus lámhoiliúna sna meánscoileanna an £88,000 sin, suim a bhaineann le costas an chaiteachais a thiteann ar scoileanna gach bliain ar ghléasra do na hábhair sin.

Tháinig méadú suntasach ar líon na ranganna eolaíochta den sórt sin i 457 anois, sé sin, níos mó nádhá oiread an méid acu a bhí ann i 1950-51. Tá ranganna eolaíochta den sórt sin i 457 scoil i gcomparáid le 314 scoil i 1950-51. Comharta é sin go bhfuil ag méadú san spéis atá á chur san eolaíocht agus go bhfuil tuilleadh mór scoileanna ag iarraidh soláthar a dhéanamh do mhúineadh an ábhair sin. Toisc an chostais a bhaineann le soláthar níos fairsinge a dhéanamh do mhúineadh na heolaíochta, thug mé isteach ó 1 Lúnasa, 1961, scéim de dheontais chaipitiúil i leith feistiú agus gléasadh saotharlanna eolaíochta. I leith cóiríocht saotharlainne breise bheith á dur ar fáil nó soláthar á dhéanamh le haghaidh ábhair eolaíochta bhreise a íoctar na deontais seo. Tá cead na Roinne tugtha go dtí seo i leith seachtó is cúig iarratas faoin Scéim agus tuairim is £70,000 a íocfar de bharr na n-iarratas sin. Íocadh £16,000 den tsuim sin sa bhliain airgeadais 1962-63 agus tá méag déanamh soláthair do £50,000 de chaiteachas sa bhreis ina leith sin i mbliana.

Tá beartaithe agam anois a dul céim eile ar aghaidh sna cúrsaí seo agus cabhair airgid breise a sholáthar do scoileanna i leith an chostais a leanann múineadh ábhar eolaíochta. Is é an costas a bhaineann le múinteoirí ardcháilithe eolaíochta a fháil is mó atá im'aigne leis seo. Tá socair agam go n-íocfar deontas eolaíochta breise dá ngairfear "deontas teagaisc" le scoileanna amhail ón scoilbhliain 1963-64. Faoin scéim seo beidh £150 de dheontas sa bhliain iníoctha le lucht ceannais na scoile i leith gach múinteora aitheanta nó i leith gach múinteora promhacháin a bhfuil céim aige san eolaíochta, atá ag múineadh na heolaíochta ar feadh líon ordaithe uaireanta an chloig sa tseachtain agus, i gcás múinteoirí tuata, atá ag fáil £350 ar a laghad de bhuntuarastal. Meastar gur £35,000 costas na scéime sa chéad bhliain, agus é sin ag dul suas go dtí £70,000 in aghaidh na bliana sa deireadh thiar. Os rud é nach mbeidh an deontas iníoctha go dtí deireadh na scoilbhliana ní gá aon soláthar airgid a dhéanamh dó sa bhliain airgeadais seo.

Céim eile atá le teacht ó thaobh mhúineadh na heolaíochta—céim gur mór an pléisúr dom é a fhógairt—is ea cabhair airgid bheith á chur ar fáil do mhúinteoirí ar mian leo céim Ollscoile a bhaint amach san eolaíocht. Ba mhaith liom an chéad uair, áfach, ómós a thabhairt anseo don Ollamh Wheeler nach maireann, a bhí ina Dhéan ar Dháimh na hEolaíochta i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath. Is eisean a chuir tús le comhráití ar an gnó idir Arthur Guinness Son and Co. Ltd. agus an Roinn. Is é toradh na gcomhráití sin gur aontaigh Muintir Guinness lena íoca i gcomhpáirt leis an Roinn Oideachais as chostas scéime chun triúr múinteoirí a chur ar aghaidh chun gabháil le cúrsa céime Ollscoile san eolaíocht. Faoin socrú sin na múinteoirí a roghnófar, fhad is a bheidh siad ag gabháil dá gcúrsa Ollscoile, leanfaidh siad de bheith ag fáil breistuarastail agus sochair eile ón Roinn freising breistuarastal leis na Múinteoirí is ionaidaithe acu ach iad sin a bheith i dteideal an tuarastail ar shlite eile. As ciste speisialta a bhunóidh Muintir Guinness a íocfar buntuarastal na scoile agus na táillí ollscoile. Ba mhaith liom anseo dá bhrí sin mo bhuíochas a ghabháil go poiblí le Arthur Guinness Son and Co. Táthar chomh heolach sin cheana féin ar a bhflaithiúlacht i gcúrsaí den sórt seo nach gá aon tagairt ar leith di uaimse. Ach sé an tábhacht ar leith atá leis an bhfial-thairiscint seo uathu, dar liom, ná gur mór an dea-shampla do chomhlachtaí eile é.

Ba cheart dom moladh a thabhairt freisin do Choláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, Coláist na hOllscoile, Corcaigh agus Coláiste na hOllscoile, Gaillimh, as ucht gach uile chúnamh dár thug siad go dtí seo agus atá á thabhairt acu fós ag cur cúrsaí speisialta samhraidh agus cursai eile ar fáil do mhúinteoirí matamatice agus do mhúinteoirí eolaíochta.

Thagair mé anuraidh do chomharthaí dóchais a thaispeáin go raibh borradh faoi mhúineadh na Fraincise sna meánscoileanna. B'fhéidir nach dtuigtear go ginearálta go bhfuil an Fhraincis dá múineadh i ochtó faoin gcéad beagnach de na meán-scoileanna go léir. Tá méadú ag teacht i ndiaidh a dhéile ar an líon daltaí atá ag foghlaim an ábhair sin. Tá comharthaí ann, freisin, go bhfuil dul chun cinn á dhéanamh i múineadh teangacha eile Eorpacha. Múintear Gearmáinis anois i 58 scoil, Spáinnis i 43 agus Iodáilis i 26. Tá gach dóchas agam go dtiocfaidh méadú suntasach ar an líon atá ag gabháil do na hábhair sin i gceann roinnt bheag bliain.

Bhí mé ag cuimhneamh ar shlite éagsúla chun an spreagadh is gá a thabhairt don leathnú sin agus ag an am céanna na modhanna chun múineadh teangacha i gcoitinne a fheabhsú. Ina thaobh sin rinne mé tagairt roimhe seo don saotharlann teangeolaíochta atá lena bunú i gColáiste na bProinsiasach i Rinn Mhic Ghormain. Beidh an tsaortharlann sin an-úsáideach chun cúrsaí speisialtóirí a chur ar fáil dár muinteoiri Gaeilge chomh maith leis na múinteoirí Fraincise agus teangacha Eorpacha eile.

Beidh an tsaotharlann críochnaithe agus ullamh do shamhradh 1964. Maidir leis sin, is mór an pléisiúr dom a rá go bhfuil Rialtas na Fraince tar éis a thairgsint beirt shaineolaí ar na modhanna is nua-aimsearaí i múineadh teangacha a chur ar fáil do mo Roinn ar feadh tréimhse ionas go gcuirfear tús ceart leis na cúrsaí úd. Is fial an mhaise dóibh é. Tá súil agam go mbeidh sé seo ina thús ar scéim fhairsing de chúrsaí oiliúna de mhúinteoirí na dteangacha Eorpacha.

Ní miste dhom a rá, leis, gur thug Aireacht Oideachais na Fraince, dream ag a bhfuil dul chun cinn speisialta déanta ó thaobh mhúineadh teangacha agus go bhfuil dlúthcheangal idir iad agus mo Roinn, gur thug siad cabhair an-mhór le dhá bhliain anuas, freisin, tré ionaid a chur in áirithe dár múinteoirí ag a gcúrsaí speisialtóirí do mhúinteoirí teangacha i mBesancon agus in áiteanna eile. Tá mé buíoch díobh as a ucht sin, leis.

Fillfidh mé ar ball beag ar cheist an mheánoideachais i dtaca leis an gcóras oideachas iarbhunscoile i gcoitinne, córas gur comhchuid de é.

Is é suim ghlan atá á hiarraidh i leith na seirbhíse gairmoideachais £2,255,200 suim is mó de £253,810 ná an tsuim a soláthraíodh anuiridh.

An chuid is mó ar fad den mhéadú sin is ar dheontais do Choisti Gairmoideachais atá sé. Ní call dom dul agus scéal fada a dhéanamh d'obair ilchineálach na gCoistí sin, arae is eol go binn iad cheana féin don té a bhfuil radharc na súl aige agus cluas le héisteacht air. Síorfhás na hoibre sin ba chúis dom Bille a thabhairt faoi bhráid an Tí seo sa bhliain seo caite chun tuilleadh méaduithe a dhéanamh sna deontais a íocann an Stát agus na húdaráis áitiúla leis na Coisti. Cúis áthais dom a mheabhrú gur thug na páirtithe uile sa Teach a n-aontú i bprionsabal don Bhille gan aon ró-cheist. An méadú atá anois á iarraidh, is go bunúsach de thoradh téarmaí an leasaithe úd a éiríonn sé.

Cuid áirithe den tsuim airgid atá riachtanach, £64,900, go baileach, baineann sé le deontais i gcomhair oiliúint ghairm-mhúinteoirí. £54,050 figiúr na bliana seo caite chun na críche sin. An £10,000 éigin de bhreis, tá sé riachtanach le deontais bhreise a íoc leis na Coláistí Oiliúna atá freagrach i múinteoirí tís a sholáthar dúinn.

Faoin gceannteideal "Oiliúint Mhúinteoirí" tá freisin soláthar do chúrsaí oiliúna do mhúinteoirí adhmadóireachta agus miotalóireachta agus foirgneolaíochta. Maireann na cúrsaí oiliúna do mhúinteoirí adhmadóireachta agus miotalóireachta dhá bhliain agus toisc go bhfuil tóir mhór ar na cineáil sin múinteoirí tá sé éirithe riachtanach líon na gcúrsaí oiliúna sin a mhéadú.

Aithnítear gur gá bheith san áirdeall agus san aireachas faoi chláracha agus mhodhanna oiliúna i láthair na riachtanais sna hábhair praiticiúla bheith ag athrú de shíor, go háirithe i leith printísigh a oiliúint agus i leith scoileanna teicniúla i gcoitinne. Dá réir sin, tá an Roinn ag déanamh breithnithe faoi láthair ar na cúrsaí oiliúna, na cláracha teagaisc agus na modhanna atá in úsáid d'fhonn iad a thabhairt níos fearr fós chun oiriúnachta do riachtanais na linne seo chugainn.

Dála na múinteoirí foirgneolaíochta, is é an seanfhocal "Molann an saothar an fear" an teist is fearr ar na torthaí atá á dtaispeéint acu. Tá leithchéad múinteoir foirgneolaíochta ag fónamh faoi láthair agus iad ag tabhairt cabhair agus comhairle do na daoine ina limistéir atá ag leathnú a dtithe cónaithe nó ag tógáil tithe cónaithe nua. Tá tuilleadh thairis sin mar chúram orthu, leis. Is iontach an cúnamh atá tugtha acu freisin i bpleanáil agus i dtógáil tithe feirme agus cróite. Thug beirt de na múinteoirí sin agus cigire ón Roinn cuairt i mbliana ar an Ghearmáin Thiar agus na Tíortha Ísle, áit a ndéarna siad staidéar ar na modhanna tógála is nua-aimsirí do thithe conaithe feirme agus do chróite. Ina dhiaidh sin chuaigh an triúr acu i mbun cúrsa speisialta a thabhairt do na múinteoirí foirgneolaíochta eile faoi na modhanna is déanaí atá in úsáid sna tíortha sin.

Faoin ceannteideal "Seirbhísí Gairmoideachais Ilchineálacha" tá cabhair airgid le haghaidh cúrsaí teagaisc do phrintísigh i dtionscail na foirgníochta, na hiascaireachta agus na muirinnealtóireachta. Bhí an cúrsa iascaireachta agus muir-innealtóireachta faoi stiúradh Choiste Gairmoideachais Chontae na Gaillimhe i nGairmscoil Chill Rónáin in Árainn. Is d'iascairí óga ón nGaeltacht go speisialta a tionáladh an cúrsa. Isé an beartas is tábhachtaí bfhéidir, a cuireadh i gcrích i mbliana faoin gceannteideal seo ná na Comórtaisí Idirnáisiúnta do Phrintísigh a tionóladh i mBaile Átha Cliath i Mí Iúil. I mblianta roimhe seo thagair mé don chaoi ar éirigh go rathúil lenár bprintísigh óga sna comórtais seo sa Spáinn, sa Bheilg, sa Ghearmáin agus i dtíortha eile. I mbliana, is i bhfos againn féin a tionóladh an comórtas, ar chostas mheasta ar £30,000 d'áirgead an Stáit. Bhíomar lán mhuiníneach i bhfianaise a bhinne is a d'éirigh lenár bprintísigh roimhe seo, gur díol onóra don tír a bheadh iontu an babhta seo, leis, ag iomaíocht anseo ina dtír dhúchais dóibh. An chaoi ar éirigh leo nuair a bhuadar 7 gcinn de bhoinn óir, 7 gcinn de bhoinn airegid agus 5 cinn de bhoinn cré-umha sháraigh sé go mór aon rud a d'fhéadfaimís bheith ag súil leis.

Ag labhairt ar mo shon féin go pearsanta dom, agus mé ag caint thar cheann mo Roinne san am céanna, is mian liom moladh a thabhairt dá raibh d'obair déanta ag gach aoinne len a mbain gnó an ullmhúcháin don chomórtas anseo—Coiste Gairmoideachais Chathair Bhaile Átha Cliath agus an Comhchoiste Náisiúnta speisialta, ar a raibh oifigigh de chuid mo Roinne féin, oifigigh de Choiste Gairmoideachais Chathair Bhaile Átha Cliath, de na Ceárdchumainn, den Cheardchomhairle agus de lucht tionscail. Tig liom a rá gur thug líon mór tionscal cabhair airgid uathu go fonnmhar fial, flaithiúil. Fianaise é sin ann féin ar an suim phraiticiúil a chuireann siad in oiliúint printíseach. Ag deireadh,—ach más deireadh, chan díoghadh, is mian liom moladh a thabhairt do na printísigh óga iad féin agus dá múinteoirí a rinne a seacht ndíchill i gcónaí sna comórtais.

Tá an oiread sin gnéithe den ghairmoideachas ann nach féidir ach an beagán díobh a lua ar leithligh gach bliain. I gcoitinne, ámh, is feasach an Teach agus an tír go bhfuil pleananna nuacheaptha agam chun an dá roint dár gcuid oideachais iarbhunscoile a thabhairt i gcomhcheangal níos dlúithe lena chéile, chun a mbuntáistí a chur ar fáil dóibh siúd nach bhfuil ar a gcomhgar faoi láthair, chun caighdeán na hoibre iarbhunscoile i gcoitinne a árdú agus go speisialta chun caighdeán ár gcuid oibre teicniúla—isé sin obair iar-ghairmoideachais—a árdú. Laige amháin a bhí go speisialta in aigne agam, agus mé ag ceapadh an phlean nua, an dá roint neamhspleácha ina raibh ár gcórais mheánoideachais agus gairmoideachais deighilte go diongbháilte óna chéile. Is é rud a thabharfadh sé i gceann duine an fear úd adeirtear a léim ar mhuin a chapaill gur rop roimhe i dhá dtreo éagsúla in aon am! Pé rud a thuitfidh amach san am le teacht, feictear dom nach dtig a leithéid sin a bheith arís choíche mar a bhí roimhe seo; an fháilte a chuir idir nuachtáin agus pobal tré chéile ar an toirt roimh an gcuid áirithe seo den nua-phlean, is léir air go raibh gach aoinne ag tnúth le creata agus comhcheangal a fheiceáil á chur ar ár gcóras oideachais, ach b'fhéidir gan croiceann curtha acu ina gcuid smaointe ar an tslí lena dhéanamh. Tá mé féin ag tnúth le tuairimí na dTeachtaí a chloisint ar an scéal ar fad.

SCOILEANNA CEARTÚCHÁIN AGUS SAOTHAIR—VÓTA 34.

£229,550 an tsuim airgid atá á hiarraidh faoin Vóta seo, is é sin £7,890 níos lú ná meastachán na bliana seo caite. Isé fáth an laghduithe an dóchas atá ann, i bhfianaise an chaoi ar laghdaigh an líon a bhí faoi choimiteáil le blianta beaga anuas, go dtarlóidh a chothrom de laghdú i 1963-64. Mar shampla, 1,753 cailíní agus 1,608 buachaillí a bhí sna 48 scoileanna saothair ag deireadh 1962 i gcomparáid le 1,873 cailíní agus 1,638 buachaillí ag deireadh 1961. Mar an gcéanna, 127 buachaillí a bhí sa scoil cheartúcháin ag deireadh 1962 i gcomparáid le 165 ag deireadh 1961. Sa dhá scoil cheartúcháin do chailíní bhí ar an 31 Nollaig, 1962, beirt is fiche san iomlán i gcomórtas le beirt is triocha ar an 31 Nollaig, 1961. Tá a scoileanna náisiúnta féin i 19 de na scoileanna saothair agus an 29 eile tá socrú ann lena líon páistí bheith ag freastal ar scoileanna náisiúnta taobh leo.

Tá soláthar ann sna scoileanna saothair do shaoire a chaitheamh ag baile nó, an uair nach n-oirfeadh an socrú sin, do chuairteanna ar áiteanna cois trá nó a leithéid.

Beidh áthas ar an Teach a chloisteáil go bhfuil na pleananna don Scoil Toirmeascach nua i bhFionnghlaise críochnaithe agus go bhfuiltear i mbun billí cainníochtaí a ullmhú. Táthar ag súil le tairiscintí bheith á n-iarraidh don fhoirgneamh nua go luath.

OLLSCOILEANNA, COLÁISTÍ AGUS INSTITIÚD ÁRDLÉINN BHAILE ÁTHA CLIATH— VÓTA 35.

£2,366,170 an meastachán do riachtanais na nOllscoileanna, na gColáistí agus Institiúd Bhaile Átha Cliath i 1963-64, figiúr is mó de £493,820 ná Vóta na bliana seo caite.

Tá méadaithe mar a leanas sna deontais bhliantúla i leith críocha ginearálta do na ceithre Coláistí Ollscoile:

£

Coláiste Bhaile Átha Cliath

20,000

Coláiste Chorcaighe

27,000

Coláiste na Gaillimhe

23,000

Coláiste na Trionóide

40,000

Gá le foirbairt is bun leis an mórchuid den mhéadú sin.

Is iad na deontais chaipitiúla do na ceithre Coláistí: £900,000 do Choláiste na hIolscoile, Baile Átha Cliath—do chostas na bhfoirgneamh nua eolaíochta i mBelfield a bhfuiltear ag dréim le iad bheith críochnaithe in am don bhliain acadúil 1964-65; £20,000 do Choláiste na hIolscoile, Corcaigh, i gcoinne chostas cóiríochta breise; £9,000 do Choláiste na hIolscoile, Gaillimh, is é sin, fuíollach an £132,000 a ceadaíodh mar dheontas don Choláiste sin i leith rangsheomraí nua agus foirgnimh eolaíochta agus eile a fosclaíodh go hoifigiúil le déanaí; agus £50,000 do Choláiste na Trionóide i gcomhair chostas deisiúcháin na bhfoirgneamh stairiúil.

£98,340 an Meastachán d'Institiúd Bhaile Átha Cliath, £5,830 de mhéadú glan ar Vóta na bliana seo caite. Is do ghnáthmhéadaithe tuarastail agus d'fhoirinn bhreise acadúil an £5,830 seo don chuid is mó.

AN tÁILÉAR NÁISIÚNTA— VÓTA 36.

An £15,750 atá á iarrfaidh faoin Vóta seo, is mó de £620 í ná suim na bliana seo caite. Sa ghnáthshlí i leith pá agus tuarastal a thagann an méadú seo ann.

Tairgim:

"Go gcuirfí an Vóta thar n-ais chun a aithbhreithnithe."

Cúpla scór bliain ó shoin ní raibh dhá labhairt sa tír ach Gaeilge Chonnachta agus Gaeilge na Mumhan. Tá lucht labhartha na teanga ó dhuchas imithe nó ar tí imeachta agus tá na daoine a labhrann Gaeilge de shaghas nua ag éirí níos láidre in aghaidh an lae, agus is mór an trua é sin.

I wish to compliment the Minister, first of all, on the way he read his introductory speech and, secondly, for the courtesy which he has extended to Deputies at all times when he has been approached on any subject. He has treated us with nothing but respect, and that goes for the great majority of the officials in his Department from the Secretary down.

Our discussion of this Estimate is purely academic. The greater portion of the money voted in this Estimate has already been spent and, therefore, there is nothing we can do other than discuss the matter generally. The Minister, if he is still there, will be introducing another Estimate within the next few months. However, we do not know what will happen after the people of Cork and possibly some other constituencies have had an opportunity of having their say.

One thing that strikes one forcibly in the Minister's speech is that in the year 1962 there were 2,424 fewer children attending primary schools than there were in the year 1961. If it were secondary, vocational or university education one could understand it but the primary school is the place where the individual gets his first education.

There would be a bigger number in post-primary schools.

Would the Minister like to stand over that?

There is not one single explanation for the total number.

The Minister says in his speech there were 2,424 fewer primary school children in 1962 than there were in 1961. I do not think the Minister would be right in saying that post-primary education is responsible for the reduction.

For some of it.

We shall take it at that.

And the bulge in the birth rate.

That is what I am afraid of. There has been a considerable decline in the birth rate. Let me at the outset state the policy of the Fine Gael Party in regard to education. Our attitude towards education is that no person must go without primary, secondary, vocational or university education, through lack of means. That is our primary objective but before going into education, there is one subject with which I should like to deal, that is, the Irish language. Since I entered this House, I think this is the first year I have heard a Minister introduce an Estimate without even one paragraph dealing with the Irish language. That is a very good thing indeed because the day we handed the revival of the Irish language over to the Department of Education was the day we put the nail in its coffin.

It is the policy of the Fine Gael Party that there will be no compulsory teaching of subjects through the medium of the Irish language. I often wonder are the people on both sides of the House ad idem with the Department of Education on this policy of revival. The language I want to see revived is the language spoken in Gweedore, Rannafast, Cloghaneely, Connemara and down in West Kerry and Ballyferriter. That is the language I want to see spoken but if we are to have the language spoken by these Irish speakers replaced by some new brand of Irish, then I am completely against it. If we are not prepared to foster the language of the native Irish speakers, we may throw our hats at it.

Would the Deputy apply the same standards to English?

I would, if we wanted to revive English as a spoken language, but remember we want Irish revived as a spoken language.

We do not think our children should speak English the way the people in Donegal, Kerry or Galway speak it.

If that is the type of Irish the Deputy wants——

I am speaking of English.

We are not referring to English. We are not trying to revive it either. I am anxious to see revived the spoken language which the Irish people have kept on for years. Let me quote a book recently issued on the Welsh language. This book was prepared for the Minister for Welsh Affairs by those people interested in the revival of the Welsh language. One of the comments in this report which has been submitted to the Minister for Welsh Affairs, is:

A language cannot be imposed on people. It must be embraced voluntarily. If the general attitude is one of apathy, the language will be lost.

I subscribe to that view. A language cannot be imposed upon people. How true it is. What a tragedy that we some 40 years ago should have handed over to the Department of Education the task of reviving the Irish language. What a tragedy that the Department of the Gaeltacht was not then set up and continued down through the years, when we had a substantial Gaeltacht, when we had a substantial number of native Irish speakers who could pass on to their successors a spoken knowledge of the language. I do not want to see the Irish language becoming like Latin or Greek, that there would be an academic approach to it. Language is the badge of our tribe. It is something which has been fought for and something we do not want to see destroyed.

I understand that in Israel today a number of various dialects of the Hebrew language have been mustered together and some unified Hebrew has come out of it. We do not want that in this country. We want to see the dialects which have been spoken in the Gaeltacht of various parts of the country revived and it is on that which we wish to concentrate. Needless to say, the Department of Education can do a considerable amount in that respect. This can be done first of all by holding classes in oral Irish. That is most essential. Magnificent work has been done by a number of voluntary associations such as Comhaltas Uladh, Gael Linn and the Gaelic League. They have done much more in bringing about the early revival of Irish than have the Government. It is a great pity there is not better liaison between the Government and these organisations. The Government do some work; they give grants; but it is too bad that at this stage in our history we have to rely on pools and raffles to help send enthusiastic students to the Gaeltacht areas. I deplore that, and submit that we must have a new look at the methods through which we hope to revive the language. Deputy Dr. Browne suggested some time ago that a committee of the House be set up to examine the question. The Government set up a Commission some time ago and we had all hoped the findings would be published: in fact I was under the impression that it was for that reason the Estimate was held up. I know now it was not, and I am obliged to the Minister.

Progress reported; Committee to sit again.