Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 6 May 1964

Vol. 209 No. 8

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Scoileanna Nua i gContae Luimnigh.

69. D'fhiafraigh

den Aire Oideachais conas atá an scéal i láthair na huaire faoin mbunscoil nua atá le tógáil sa bhFaing i gContae Luimnigh.

Tá na bun-phleananna i gcomhair na scoile nua ullmhaithe. Ceadófar deontas chun an scoil a thógáil nuair a bhéas ceist na cioníocaíochta ón pharóiste socraithe agus fianaise teidil don suíomh curtha ar fáil. Tá comhfhreagras ar siúl faoi láthair idir an Roinn agus bainisteoir na scoile faoi na ceisteanna sin.

Tá súil agam nach mbeidh an tAire ró-dhian ar an mbainisteóir.

Ní bheidh mé ró-dhian ar éinne.

70. D'fhiafraigh

den Aire Oideachais (1) cad iad na bunscoileanna nua atá á dtógáil nó le tógáil, agus (2) cad iad na bunscoileanna atá á ndeisiú nó le deisiú, i gContae Luimnigh.

Le do cheadsa, a Cheann Comhairle, tá beartaithe agam ráiteas a chur thart, lena chur isteach sa Tuarscáil Oifigiúil, ina bhfuil an t-eolas atá ag teastáil ón Teachta.

Ag seo a leanas an ráiteas:

Co. LUIMNIGH.

1. BUNSCOILEANNA NUA:

(a) Scoileanna á dtógáil faoi láthair:—

Murbhach, B. & C.,

Brú Rí,

Ardachadh, B. & C.,

Mainistir Ard Phádraig,

Cromadh, C.,

Ospidéal Ghleann Áine (Mainistir)

Baile na Tóna,

Cnoc Cae,

An Corbhaile (Naíonáin).

Scoil na mBráithre, Sráid Sheasnáin, Luimneach.

(b) Tá deontais ceadaithe sna cásanna seo leanas, ach níl conarthaí déanta go fóill:—

Mungairit, B. & C.,

An Gallbhaile B. & C.,

Br. na hInse, Luimneach,

Cnoc an Dé,

Gleann Bruacháin,

Baile an Gharrdha,

Clochar Naomh Seosamh, An Caisleán Nua.,

Faill Uí Chléirigh.

(c) Níl deontais ceadaithe go fóill sna cásanna seo leanas, ach tá a bheag nó a mhór de na réamh-shocraithe déanta:—

Scoil na mBráithre, Áth Dara,

Baile Stiabhna,

An Mhainistir, Brú na nDéise,

Cis Uí Chuire,

Faing,

Bánóg,

Carnán,

Greanach,

An Gleann Goirt,

Eidhean,

Baile Máirtín,

Cnoc na Sná,

Má Thamhna,

Scoil Náisiúnta Peadar is Pól, Cill Mocheallóg.

Tir Bhua,

Baile Giolla tSeanáin, B. & C.,

ScoilNaomh Pádraig, B., Luimneach,

Loch Guir,

An Ghealmhóin, Luimneach (Galvone Girls & Infant Boys),

Cluain Leatháird,

Cnoc na gCoirne,

Móin na Gé,

Scoil na mBráithre, Sr. Ghearóid Uí Ghríofa, Luimneach,

Clochar Áth Dara.

2. DEISIÚ BHUNSCOILEANNA.

(a) Scoileanna á bhfeabhsú nó á méadú faoi láthair:—

Áth an tSléibhe, B. & C.

Scoil Naomh Mícheál, Luimneach,

Ceapach Mhór (Clochar),

Úlla B. & C.

Scoil Naomh Eoin (Scoil na mBráithre, Luimneach),

Neasán Naofa (Naíonáin),

Luimneach.

(b) Tá deontais ceadaithe sna cásanna seo leanas, ach níl connarthaí déanta go fóill:—

Coill Beithne,

Clochar Naomh Eoin, Luimneach,

Gleann Rua,

Gleann na gCreabhar,

Clochar Mhuire, Luimneach,

Ceapach Mhór (B).

(c) Níl an deontas ceadaithe go fóill sa chás seo leanas, ach tá an chuid is mó de na réamhshocraithe déanta:—

Baile an Aird.

Barr
Roinn