Tairgim:
Go ndeonófar suim nach mó ná £642,230 chun slánaithe na suime is gá chun íoctha an mhuirir a thiocfaidh chun bheith iníoctha i rith na bliana dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1965, le haghaidh Tuarastail agus Costais Oifig an Aire Oideachais (lena n-áirítear Forais Eolaíochta agus Ealaíon), le haghaidh Seirbhísí Ilghnéitheacha áirithe Oideachais agus Cultúir, agus Ildeontais-i-gCabhair.
That a sum not exceeding £642,230 be granted to complete the sum necessary to defray the charge which will come in course of payment during the year ending on the 31st day of March, 1965, for the Salaries and Expenses of the Office of the Minister for Education (including Institutions of Science and Art), for certain Miscellaneous Educational and Cultural Services, and sundry Grants-in-Aid.
Tá ins na seacht Vótaí go bhfuil mise freagrach iontu £25,519,170. Is méadú é sin de £2,168,550 ar an soláthar don bhliain airgeadais roimhe seo tar éis Meastacháin Bhreise de £1,185,210 a thógaint san áireamh. Tá £2,400,000 á chur ar fáil faoi Vóta 9—Oibreacha Poiblí agus Foirgintí—le haghaidh tithe scoile náisiúnta a thógáil, a mhéadú is a chóiriú. Lena chois sin caithfear Meastacháin Bhreise a thabhairt isteach ar ball chun íoc as méaduithe tuarastail do mhúinteoirí nach raibh socair nuair a hullmhaíodh na bun-mheastacháin. Timpal £2,425,000 a bheidh ins na meastacháin bhreise sin. Is ionann san ar fad is a rá go gcaithfear os cionn £30,000,000 ar na seirbhísí oideachais sa bhliain airgeadais reatha. Má deirim gur níos lú ná £16,000,000 a chaitheadh sa bhliain airgeadais 1957-58 tuigfear go bhfuil an caiteachas chóir a bheith dúbalta laistigh de sheacht mbliana.
Tabharfaidh mé anois don Teach roint fíricí agus figiúirí i leith na Vótaí éagsúla.
OIFIG AN AIRE OIDEACHAIS— VÓTA 29.
Séard atá sa Vóta seo ná soláthar le haghaidh (a) costaisí riaracháin na Roinne agus (b) na seirbhísí a bhíodh go dtí bliain ó shoin faoin Vóta ar leith a bhíodh ann don Eolaíocht agus Ealaín.
Naoí gcéad seachtó is dhá mhíle, dhá chéad is tríocha punt atá á iarraidh, agus is méadú é sin de £78,080 ar an soláthar don bhliain roimhe seo.
Trí nithe go príomhdha ba bhun leis an méadú sin, mar atá:—
(1) An soláthar don fhoirinn bhreise go mba ghá a cheapadh chun freastal ar an leathnú ar na seirbhísí oideachais agus soláthar le haghaidh incrimintí tuarastail don fhoirinn i gcoitinne;
(2) Na seirbhísí a chuirtear ar fáil ag an Roinn Poist agus Telegrafa. Tá socair anois go gcaithfidh gach Roinn a scar féin de chostaisí na seirbhísí seo a sheasamh;
(3) Scoláireachtaí ollscoile: faoi oibriú Acht na Scoláireachtaí, 1961, titfidh costas breise ar an Stáit de £21,450 i mbliana.
Tá soláthar á dhéanamh don chéad uair i gcomhair costaisí na Comhairle Dearthóireachta a bunaíodh i mí Meán Fómhair seo caite chun comhairle a thabhairt maidir le gach gné den dearthóireacht, go háirithe, dearthóireacht i gcúrsaí tionscail.
Tá méadú de £1,000 ar an deontas don Acadamh Ríoga Ceoil, agus tá méadú de £5,000 ar an soláthar do na coláistí a chuireann cúrsaí Gaeilge ar fáil i rith an tsamhraidh.
BUNOIDEACHAS—VÓTA 30.
Ceithre mhilliún déag, sé chéad nócha a naoi míle agus dhá chéad punt méid glan an Vóta. Tá an tsuim seo £849,700 níos mó ná suim na bliana anuraidh, nuair a chuirtear san áireamh meastachán breise de £1,170,000. An chuid is mó den méadú sin, ba le haghaidh tuilleadh tuarastail a thabhairt do na hoidí é de bhárr cúrsaí Idir-réitigh agus Eadrána. Bhí de thoradh ar na méadaithe tuarastail seo, stádas na n-oidí i gcoitinne a ardú i measc an phobail. Cosnóidh sé £1,600,000 sa bhliain chun an "naoú babhta" dena hardaithe tuarastail a thabhairt do na hoidí náisiúnta; beidh gá le meastachán breise ina chomhair sin.
Sa scoilbhliain dar chríoch 30 Meitheamh, 1963, bhí 14,218 oidí ar fostó i scoileanna náisiúnta, i gcomórtas le 14,091 díobh sa scoilbhliain roimhe. Dá bhrí sin, thárla méadú 664 i líon na n-oidí le cúig bliana anuas, ó 13,554 ar 30 Meitheamh, 1958. Bhí 501,981 daltaí ar na rollaí i scoileanna náisiúnta ar 30 Meitheamh, 1963, méadú 1,187 ar an bhfigiúr a bhí ann cothrom an lae sin 1962.
Is maith an dul-chun-cinn a deineadh anuraidh maidir le scoileanna nua a sholáthar agus dea-bhail a chur ar scoileanna eile. I rith na bliana airgeadais seo caite, ceadaíodh deontais de £3,093,031 i leith céad is a dó dhéag scoileanna nua agus céad dachad a dó mór-scéimeanna méadaithe agus feabhsaithe. Seo barr saothair nár baineadh amach ariamh roimhe. Soláthrófar áiteanna nua le haghaidh 20,854 daltaí scoile de bharr an tsaothair seo. I gceantracha a bhfuil an pobal gann iontu agus mar a bhfuil éigcinnteacht ag baint leis na riachtanais scolaíochta fá chionn cúig bliana déag nó fiche bliain, tá leas á bhaint as foirgintí adhmaid atá réamhdhéanta chun cóiríocht chompórdach scoile a sholáthar do na daltaí.
Beidh cuimhne ag Teachtaí gur cuireadh feabhas ar an gcoibhneas oide/dalta gach bliain le cúig bliana anuas. Dá thairbhe sin, tá méadú sé chéad seasca a ceathair ar líon na n-oidí anois, mar atá luaite agam. Níl deireadh fós, áfach, le fadhb na ranganna plódaithe sna scoileanna móra faoi na bailte móra agus cé gurbh fhéidir liom faoiseamh éigin a thabhairt dóibh siúd gach bliain le dhá bhliain anuas, chonnaictheas dom nár mhiste dlús a chur leis an bhfeabhsú. Do chinneas, mar sin, go ndéanfadh cigirí mo Roinne suirbhé de na ranganna móra fá Bhaile Átha Cliath, ós é sin an áit is mó a bhfuil ranganna plódaithe ann. Tá rún agam an líon daltaí a laghdú iontu chun go ndéantar inláimhseála iad.
Tá fúm sin a dhéanamh tré na ranganna d'atheagrú; ach in aon áit nach féidir an t-atheagar a chur i gcrích gan dochar do chúrsaí oideachais, chuirfidh mé rangsheomraí réamhdhéanta ar fáil agus ceadóidh mé ceapachán pé oidí breise atá riachtanach. Fá chionn na bliana seo beidh ó nócha go céad rangsheomraí réamhdhéanta agus fán tuairim chéanna d'oidí curtha ar fáil i scoileanna fá Bhaile Átha Cliath. Nuair a bheidh an suirbhé sa réigiún sin críochnaithe, tá beartaithe agam ceann cosúil leis a chur ar bun sa chuid eile den tír.
Ina theannta seo, is ábhar pléisiúir dom a bheith in ann eolas a nochtadh faoin seú ceann sa tsraith feabhsúchán i gcúrsaí foirne. Tá socair agam feabhsú na bliana seo a dhéanamh sna scoileanna sin a mbíonn raon fóirne ó chúigear go dtí aon duine déag acu, óir is iontusan is airde an coibhneas idir oidí agus daltaí. Ón chéad lá de Dheireadh Fómhair, 1964, is mar a leanas a laghdófar an riachtanas inrollaíochta don aicme seo scoileanna:—
An ceathrú cúntóir—200 in áit 210
An cúigiú,,—250,,,,265
An séú,, —300,,,,320
An seachtú,, —340 gan athrú
An t-ochtú cúntóir—350 in áit380
An naoú,,—400,,,,420
An deichiú,,—450,,,,460
Cuireadh tús anuraidh le soláthar leabharlanna tagartha i scoileanna náisiúnta. Bhí fiche míle punt ar fáil chuige agus chuir an tsuim sin ar mo chumas leabharlanna tagartha a bhunú i scoileanna náisiúnta sna contaethe Muineacháin, Liatroim, Laois, Luimneach agus Portláirge—tuairim is sé chéad dachad scoileanna ar fad. I mbliana, tá an soláthar i leith leabharlanna méadaithe agam go dtí tríocha cúig mhíle púnt. Cuirfidh an tsuim seo ar mo chumas leabharlanna a bhunú i níos mó ná míle dhá chéad scoileanna eile. Seo leanas na contaethe atá roghnaithe agam: Sligeach, Roscomáin, Tiobraid Árann, Longfort, an Clár, Iarmhí, Ua bhFáile, Cill Manntáin, Loch Garman agus Lughbhaidhe. Lena gcois siúd, cuirfear leabharlanna i scoileanna na gcontae-bhorg Luimneach agus Portláirge. Is rún dom leabharlann a chur i ngach scoil náisiúnta laistigh de chupla bliain. Na leabharlanna seo, i dteannta seirbhísí iasachta na n-údarás áitiúil, cuirfidh siad fairsinge leitheoireachta ar fáil do na daltaí scoile bíodh siad ar thóir an tsuilt nó an tsochair. Agus an soláthar méadaithe seo dá chur ar fáil agam, is ábhar mór dóchais dom an fháilte fhonnmhar a fearadh roimh an scéim. Ba mhaith liom, ag an bpointe seo, mo bhuíochas a chur in iúl do na húdaráis áitiúla agus go háirithe do na leabharlannaithe contae sna cúig contaethe inar cuireadh tús leis an scéim as ucht ar thugadar de chomhoibriú agus ar chaitheadar de dhúthracht i dtionnscnamh na scéime.
Ba mhian liom le tamall maith anuas na deontais le haghaidh téamh agus glanadh scoileanna náisiúnta a fheabhsú. Is cúis áthais dom, mar sin, a fhoilsiú go bhfuil £100,000 eile sa soláthar i mbliana agus go bhfuil £237,000 ar fad ar fáil le haghaidh na ndeontas seo. Ba chóir go gcabhródh an soláthar fónta seo chun feabhas mór a chur ar chúrsaí téite agus glanta in ár gcuid scoileanna.
D'fhonn cuidiú leis an Aire Rialtais Áitiúil sa bhfeachtas atá ar bun aige chun na bóithre a dhéanamh slán. tá coiste idir-roinneach curtha ar bun agam leis an cheist a scrúdú maidir le sábháilteacht ar bhóithre a theagasc do na páistí scoile, agus le moltaí ina thaobh a dhéanamh liom. Ba i gcomhairle leis an Aire Rialtais Áitiúil agus an Aire Dlí agus Cirt a bunaíodh an coiste seo agus tá ionadaithe ó na trí Ranna páirteach ann.
Is féidir obair oideachais a bheadh thar a bheith éifeachtach a dhéanamh i gcúrsaí sábháilteacht ar bhóithre ach saothar a bheadh rialta agus bríomhar a chur ar bun sna scoileanna. Chabhródh sé sin go mór chun taismí bóthar a sheachaint agus, sa deireadh thiar chun glún óg a oiliúint a bheadh cúramach, ciallmhar agus eolach ag dul na bóithre dóibh.
MEÁNOIDEACHAS—VÓTA 31.
Ceithre mhilliún, dhá chéad seasca is dhá mhíle agus sé chéad punt an meastachán glan don mheánoideachas. Is ionann é sin agus £517,600 de mhéadú ar an méid a vótáladh anuraidh. Le deontais do scoileanna, tuarastal múinteorí agus scoláireachtaí iarbhunscoile is mó a bhaineann an méadú sin. Níl aon soláthar ann do na méaduithe turastail do mheán-mhúinteoirí i leith stádais agus an "naoú cúrsa" a ceadaíodh le déanaí. Cuirfear meastachán foirlíontach don mhéid atá i gceist—tuairim is £725,000 —os comhair na Dála in am tráth.
Tá dhá chúis leis an méadú ar na deontais. An chéad chúis díobh is ea an méadú atá ag teacht i gconaí ar an líon daltaí atá ag freastal ar mheánscoileanna agus an dara chúis is ea na rátaí méadaithe deontais chaipitíochta. Ní dheallraíonn sé go bhfuil aon mhaolú ag teacht ar an bhfás ar líon na ndaltaí. Ag cruinniú luathais atá sé agus an t-iomlán don bhliain seo—beagnach 90,000—tá sé 4,300 níos mó ná an tiomlán don bhliain seo caite. An méadú a deineadh sna rátaí caipitíochta is ionann é sa mheán agus méadú de tuairim is 20%.
Tá airgead breise a sholáthar do bhreis-tuarastal chun freastal ar an bhfás ar líon na múinteoirí agus imeacht ar aghaidh na múinteoirí ar an scála incriminteach. Sa scoil-bhliain reatha tá breis-tuarastal dá íoc le 3,734 múinteoirí cláraithe. Clárófar 300 eile ó mhí Lúnasa seo chugainn. Tá na h-uimhreacha sin níos mó faoi dhó ná na huimhreacha a bhí ann cúig bliana déag ó shoin. Tagann méadú cuí ar líon na múinteoirí do réir mar a thagann méadú ar líon na ndaltaí, ach is mó ná sin i mbliana an méadú ar líon na múinteoirí de bharr na socruithe speisialta atá déanta agam maidir leis an gcoibhneas idir múinteoirí agus daltaí. Cuirfidh na socruithe nua seo ar chumas scoileanna teagase a thabhairt i réimse níos leithne ábhar. Ón lú Lúnasa seo chugainn sé an cóta de mhúinteoirí i gcóir tuarastail a bhéas ann ná duine amháin in aghaidh gach cúigear déag daltaí in ionad an chóta atá ann faoi láthair, sé sin, duine amháin in aghaidh gach cúigear déag daltaí suas go dtí seasca daltaí agus duine amháin in aghaidh gach fiche dalta ina dhiaidh sin. Chomh maith leis sin, aithneofar, ó thaobh tuarastail a íoc, an tArdmháistir nó an tArdmhaistreás taobh amuigh den chóta.
Oibriú Acht na nÚdarás Áitiúil (Scoláireachtaí Oideachais) (Leasú), 1961, agus an méad atá feidhm dá bhaint as sin ag Comhairleacha Contaethe agus Contae-Bhuirg is ea is cúis leis an méadú ar an líon scoláireachtaí. Scair an Stáit chuige sin— £77,500—tá sé níos mó faoi dhó beagnach ná mar bhí sé anuraidh. Ba mhaith liom breith ar an bhfaill seo chun moladh a thabhairt do chomhaltaí na n-údarás áitiúil de bharr a ndearcadh i leith scoláireachtaí.
Céim mhór ar aghaidh maidir le h-airgead a chur ar fáil don mhéanoideachas a b'ea an fógra i rith na bliana go raibh beartaithe ag an Rialtas go ndéanfadh an Stát deontais thógála do thabhairt go díreach chun meánscoileanna a thógáil agus a leathnú. Do réir na mionscéime a fógraíodh le déanaí tabharfar, faoi réir rialachán áirithe, deontais a chlúdóidh suas le 60 per cent de chostaisí aisíochta a bhaineas le hiasachtaí is riachtanach chun meánscoil a thógáil nó a leathnú. De bhrí nach gcríochnófar sa bhliain airgeadais reatha aon obair thógála go mbainfeadh an scéim leis ní gá aon soláthar airgeadais a dhéanamh i mbliana.
I rith na bliana deineadh tosnú le cláracha teilifíse do scoileanna le dhá shraith a bhí bunaithe ar na cúrsaí i bhFisic don Mheánteistiméireacht agus don Ardteistiméireacht. Is mór an t-uchtach é an t-éileamh atá ar na cúrsaí sin, mar ghlac ochtó faoin gcéad de na scoileanna go mbainfeadh na cláracha leo páirt iontu. Beartaítear scóip na gcláracha a leathnú ó thaobh ábhair agus éagsúlachta dhe sna blianta atá le teacht.
Dheineas tagairt anuraidh don tsraith chúrsaí samhraidh do mheánmhúinteoirí. Tá méadú mór dá dhéanamh ar líon na gcúrsaí sin i mbliana agus tá an soláthar dóibh imithe ó £1,500 go £6,150.
Tá na cúrsaí tráthnóna Ollscoile do mhúinteoirí Matamaitice agus Eolaíochta gur bliain is faid dóibh dá reachtáil i mBaile Átha Cliath, i gCorcaigh agus i nGaillimh agus tá breis is 600 múinteoirí ag freastal orthu. Leis an mhórshuim sa nuadhearcadh i leith múineadh na Matamaitice bhraitheas gur gá soláthar a dhéanamh do mhúinteoirí ná beadh i ndon freastal ar na cúrsaí tráthnóna sin. Tá socruithe déanta agam, mar sin, go dtionólfar chúrsaí speisialta sa Mhatamaitic, gur faid dóibh ceithre seachtain an ceann, i mí Iúil seo chugainn ag roinnt ionad ar fud na tíre.
Gné mhór eile de na cúrsaí i mbliana is ea go reachtáilfear dhá chúrsa conaithe ceithre seachtaine sa bhFraincís san ionad nua do theangacha atá dá chur ar bun i gColáiste na bProinsiasach, Rinn Mhic Ghormáin. Ag na cúrsaí seo sé is mó a luífear air ná na modhanna is nua aimsearaí maidir le múineadh teangacha. Tá Rialtas na Fraince trén a gcuid flaithiulachta ag cur beirt shaineolaí ar fáil a bhéas ag comhoibriú leis an Athair Colmán Ó hUallacháin ag stiúradh na gcúrsaí. Tá slí do 40 múinteoirí ag gach cúrsa díobh. Is mór an t-uchtach an téileamh ar áiteanna ag na cúrsaí. Is mó ar fad an téileamh ná an líon áit atá ar fáil. Tá fúm a shocrú go reachtáilfear a lán eile cúrsaí den saghas seo sna blianta atá le teacht dtreo is go bhféadfadh gach múinteoir go mba thairbheach dó é freastal ar chúrsa. Níl aon dabht ach sa tslí seo go dtabharfar spreagadh breise do mhúineadh teangacha sna scoileanna agus go gcuirfear an múineadh sin ar bhonn i bhfad níos fearr.
Sara n-imeóidh mé ón mheánoideachas ba mhaith liom tagairt a dhéanamh do rud eile atá le tamall fada ag cur as dom. Is é rud é ná chomh gairid is atá an scoilbhliain i gcuid mhaith de na meánscoileanna. Ní mór dúinn i saol na linne seo saol na mór-iomaíochta—bheith ullamh chun an dúthracht agus an dianiarracht céanna a chaitheamh len ár saothar as atá na tíortha eile atá in iomaíocht linn. Is den riachtanas é, mar sin, nach lú ní hamháin ábhar ár scoil-chúrsaí ach chomh maith leis sin, faid na gcúrsaí sin ná ábhar agus faid na gcúrsaí i dtíortha eile. Dá bhrí sin tá moltaí maidir le scoil-bhliain mhinimum de dhá chéad lá curtha faoi bhráid na scoil-chumann aithinte agam. Is áthas liom a rá go bhfuil san iomlán na freagraí atá faighte agam go dtí seo fábharach do na moltaí sin.
SCOILEANNA COIMSITHEACHA.
Nuair d'fhógair mé mo phlean i gcomhair iar-bhun-oideachais thrácht mé go speisialta ar na ceantair sin den tír nach bhféadfaí i leith an oideachais sin freastal orthu faoin gcóras atá ann faoi láthair. Is ins na ceantair sin a bheartaigh mé scoileanna coimsithe do bhunú. Sul a bhféadfaí dul ar aghaidh leis an mhion-phleanáil b'éigin aontú i bprionsabal d'fháil do na nithe bunúsacha a ghabhfadh leis na scoileanna san. Tá áthas orm é do bheith le hinsint agam go bhfuil na nithe bunúsacha san socair anois. Beidh coiste bainistíochta do gach scoil ar a mbeidh ionadaí a ainmneoidh an tEaspag agus a ghníomhóidh mar Chathaoirleach, an príomh-oifigeach feidhmiúcháin don choiste gairmoideachais agus ionadaí an Aire Oideachais. Léiríonn an réamhshuirbhé atá déanta go mbeadh gá le scoileanna coimsitheacha i gceantair áirithe ins na Contaethe, Cabhán, Dún na nGall, Liathdrom, Muigheo, Gaillimh, An Clár agus Iarthar Corcaighe. Tá an mhion-phleanáil tagaithe go dtí an pointe gur dócha go mbeidh ar mo chumas i gceann roint seachtainí na h-ionaid ina mbeidh na céad scoileanna coimsithe d'fhógairt.
GAIRM-OIDEACHAS—VÓTA 32.
Is maith liom é bheith le tuairisciú agam go leanann i gconaí den bhforbairt agus den dul chun cinn sa ghairmoideachas. Sa scoilbhliain 1962-63 bhí 29,689 daoine óga ar chúrsaí lánaimsire oideachais sna gairmscoileanna, cúig faoin chéad de mhéadú ar an líon a bhí ann an bhliain roimhe sin. Ar chúrsaí teicniúla le haghaidh printíseach — scolaíocht pháirtaimsir-each í seo—bhí 4,542 i gcomparáid le 3,955 sa bhliain 1961-62. Agus ar chúrsaí éagsúla lae, seacas iad siúd atá luaite agam, bhí 7,330, ocht faoin gcéad de mhéadú ar fhigiúr na bliana roimhe sin. Ar ranganna agus cúrsaí oíche, bé líon daoine a bhí ann don bhliain 1962-63, beagnach seasca míle, a cheathair faoin chéad de mhéadú thar an líon don bhliain roimhe sin. Tá fás fós ar an líon scoláirí ar na cúrsaí agus ranganna éagsúla sa bhliain reatha seo, agus nuair a bheidh na figiúir ar fáil ag deireadh na scoilbhliana inseoidh siad a scéal féin.
Comhartha eile ar an bhforbairt is ea líon na múinteoirí a fostaíodh sa scoilbhliain dheireannaigh, i gcomórtas le mar bhí sa bhliain roimhe sin. An líon múinteoirí lánaimsire a bhí ar fostú sa bhliain 1962-63—1,826—ba mhó de 76 (nó a ceathair faoin chéad) é ná líon na bliana roimhe sin agus, i dtaca le múinteoirí páirtaimsire de, bhí 255 de mhéadú ar a líon thar mar a bhí bliain roimhe sin. Míle, ocht gcéad, nócha agus seisear de mhúinteoirí páirtaimsire a bhí ann sa bhliain 1962-63.
Níl sa mhéid sin ach cuid dena figiúir a léiríonn an fás. Críochnaíodh aon cheann déag de nuafhoirgintí scoile sa bhliain dár chríoch 31 Lúnasa, 1963, agus cuireadh tuilleadh cóiríochta le scoileanna a raibh gá lena méadú mar gheall ar an éileamh atá ar an ghairmoideachas. Idir scoileanna nua agus méadaithe le scoileanna a bhí cheana ann, soláthraíodh cúig cinn agus seachtó de rangsheomraí breise sa bhliain atá faoi thrácht agam.
Ní i líon na scoláirí agus i méadú cóiríochta amháin, áfach, a léirítear an fhorbairt a rinneadh agus atá á dhéanamh, ach in éagsúlacht na seirbhísí oideachais a sholáthraítear. Tá mo Roinnse ag obair i ndlúthpháirtíocht le Ranna Stáit eile agus le heagraíochta éagsúla chun an freastal is fearr a dhéanamh trí na gairm-scoileanna ar fhorbairt eacnamaíoch na tíre. De bharr comhoibrithe leis an gCeard-Chomhairle, mar shampla, leathnaíodh go mór ar na saoráidí atá ann d'oideachas printíseachta. Tionscnaíodh cúrsaí speisialta de phrintísigh chlódóireachta ar fud na tíre— ceann acu sa Choláiste Teicneolaíochta i Sráid Bholtúin, Baile Átha Cliath, agus ceann eile san Instiúid Oideachais Teicnicigh i gCorcaigh. Rinneadh scrúdú agus breithniú ar riachtanais thionscal an troscáin, agus cinneadh ar dhá scoil speisialta a bhunú le haghaidh oiliúna sna ceardanna a bhaineann leis sin. Tá an dá scoil sin— ceann ar an Uaimh agus ceann i gCathair Chorcaí—beagnach i gcóir chun na printísigh a ghlacadh iontu.
Ag an gceann eile den saol tionscalach, bhí comhar ag mo Roinnse le hInstitiúd Bhainisteoireachta na hÉireann chun go mbainfí feidhm níos leitheadaí as an gcóras gairmoideachais maidir le cúrsaí ar léann agus ealáin na bainisteoireachta a chur ar fáil. Dá thairbhe sin, leathnaíodh ar an obair a dhéantar i Scoil na Bainisteoireachta i Ráth Maonais, i Scoil na Tráchtála i gCorcaigh agus i Scoil na Tráchtála i Luimneach. Bunaíodh cúrsaí ar bhainisteoireacht den chéad uair sa Cheardscoil Chathartha i nGaillimh. D'éirigh go maith leo. Tá comhchoiste curtha ar bun, a bhfuil ionadaithe ó mo Roinnse air, chun soláthar oiriúnach maidir le cúrsaí i mbainisteoireacht a dhéanamh, ar bhonn réigiúnach, tré na gairmscoileanna.
Ba liosta len áireamh iad, agus ba mhór é an díol ama a theastódh le cur síos orthu, na slite inar leathnaíodh ar obair na ngairmscoileanna ar fud na tíre. Ar éigin atá Teachta sa Tigh seo, measaim, nach bhfuil fianaise aige air sin ina dháilcheantar féin.
Go dtí seo is ar an fhás nádúrtha ar an gcóras mar atá sé le blianta maithe anuas a bhí mé ag caint. Ábhar sásaimh, gan aon amhras, an fás sin, ach is léir liom go bhfuil an t-am tagtha ina gcaithfear bunathraithe móra chun leasa a dhéanamh ar chóras na ngairmscol meáneistiméireacht haghaidh iarbhunscolaíochta a d'fhoilsigh mé i mí na Bealtaine seo caite, leag mé béim ar dhá rud go speisialta i leith an ghairmoideachais: an gá a bhí ann leis an gcúrsa lae a shíneadh i dtreo is go mbéadh ar chumas daltaí na ngairmscol meánteistiméireacht agus ardteistiméireacht a bhaint amach ar an gcaighdeán chéanna atá i bhfeidhm do lucht a chomhaoise sna meánscoileanna; agus an gá atá le soláthar níos leitheadaí a dhéanamh d'oideachas teicneolaíochta. Maidir leis an gcéad rud acu siúd, is maith liom gur féidir liom a rá go bhfuil an chéad dréacht den chlár le haghaidh na hArd-Teistiméireacht Teicnicí curtha faoi bhráid An Chumainn Ghairmoideachais in Éirinn agus Chumann na nGairm-Mhúinteoirí, le haghaidh a dtuairimí. I dtaca leis an Meán-Teistiméireacht de, tá coiste d'oideachasóirí ag obair go dícheallach chun clár oiriúnach a dhéanamh amach do scrúdú Meán-Teistiméireachta a d'oirfeadh do idir aos léinn gairmscoileanna agus aos léinn meánscoileanna. Tá na siollabais le haghaidh cuid mhaith de na hábhair léinn réidh lena gcur i láthair na n-eagraíocht cuí oideachais.
Ó thaobh an oideachais teicneolaíochta dhe, mhínigh mé gurbhé ba rún dom roint áirithe de choláistí réigiúnacha a bheith ann ar fud na tíre. Is iad na háiteacha atá im intinn agam do na Coláistí sin: Baile Átha Cliath, mar a bhfuil dhá cheann cheana; Corcaigh, Ceatharlach, Luimneach, Gaillimh, Portláirge, Sligeach, Dún Dealgan agus Áth Luain. Táthar ag dul ar aghaidh leis na réamhshocraithe. Mar gheall ar go raibh toscaí ann a d'fhág an-oiriúnach é go raghfaí ar aghaidh le coláiste réigiúnach i gCeatharlach níos tapúla ná in aon áit eile, tá moltaí curtha ag mo Roinnse go dtí Coiste Gairmoideachais Chontae Cheatharlach i dtaobh na cóiríochta is ceart a sholáthar san choláiste réigiúnach atá á phleanáil agus cuireadh tugtha don Choiste teacht i gcomhairle le hoifigigh de chuid mo Roinne maidir leis an bpleanáil. Ní ceart a mheas as sin, áfach, nach n-aithnítear go bhfuil práinn le coláistí mar seo a bhunú sna hionaid eile atá luaite agam. An t-eolas a bhaileofar le linn pleanála an chéad choláiste, beidh sé tairbheach maidir le pleanáil coláistí in ionaid eile.
Sara gcríochnaím mo chaint ar ghairmoideachais, is ceart dom tagairt a dhéanamh do cheist an tsoláthair múinteoirí. Ábhar imní é ag daoine áirithe nach mbeidh le fáil don obair sna scoileanna, do réir mar bheidh sí ag leathnú, riar cheart de mhúinteoirí cáilithe. Is ceist í sin a bhfuil staidéar agus machnamh géar déanta agam uirthí agus, cé go n-aithním gur gá bheith ag faire go síor sa scéal, ní dóigh liom gur gá dúinn aon imní ná eagla mhór bheith orainn. Ceann de na rudaí ba chúis le gan oiread céimithe ollscoile a bheith ag dul le gairm-mhúinteoireacht agus ba mhaith liom do b'ea iad a bheith gan eolas ar an taobh seo den tseirbhís mhúinteoireachta seo. D'fhonn an scéal sin a leigheas, chuaidh cigirí de chuid mo Roinnse go dtí na coláistí ollscoile i dtús na bliana seo, gur labhair siad le fochéimithe i dtaobh na gairm-mhúinteoireachta, agus thug eolas dóibh a spreag a suim ann. De bharr na gcuairteanna seo, agus i láthair an mhéadaithe atá déanta anois ar thuarastal na ngairm-mhúinteoirí, tá gach uile dhócas ann go dtiocfaidh tuilleadh céimithe isteach sa tseirbhís. Maidir leis na haicmí múinteoirí nach céimithe iad — múinteoirí ábhar praiticiúil — beidh gá le modhanna eile, seachas na modhanna atá ann faoi láthair, chun iad a fháil. Bhí comhráite agam cheana féin le hionadaithe na gcoistí gairmoideachais agus le hionadaithe na múinteoirí faoin scéal seo ar fad, agus beidh mé ag plé leo arís go luath slite áirithe atá ar intinn agam le deimhniú go mbeidh leorsholáthar de mhúinteoirí oiriúnacha ann don bhrainse seo den tseirbhís seo.
SCOILEANNA CEARTÚCHÁIN AGUS SCOILEANNA SAOTHAIR— VÓTA 33.
Dhá chéad caoga sé mhíle is ocht gcéad púnt atá á lorg faoin Vóta seo don bhliain airgeadais 1964-65. Tugann an meastachán £27,150 de mhéadú ar an mheastachán don bhliain airgeadais seo caite. Is é is cúis leis sin ná go bhfuiltear tar éis méadú de 10/- an dalta i n-aghaidh na seachtaine a thabhairt do na scoileanna le héifeacht ó 1 Samhain, 1963. Tagann leath an mhéaduithe sin as an gCiste Phoiblí agus bíonn na hÚdaráisí Áitiúla freagrach as an leath eile. Is iad na rátaí i leith an dalta atá iníoctha anois:—
Ón Stát |
Ón Údarás Áitiúil |
|||
s. |
d. |
s. |
d. |
|
Scoileanna |
||||
saothair |
27 |
6 |
27 |
6 |
Scoileanna |
||||
ceartúcháin |
30 |
0 |
28/- go29/- |
Le blianta beaga anuas tá an líon daltaí sna scoileanna ag titim do réir a chéile agus is mar sin atá i mbliana freisin. Míle cúig chéad seachtó is seachtar cailíní agus 1,523 buachaillí a bhí sna 45 scoileanna saothair ag deireadh 1963 i gcomparáid le 1,753 cailíní agus 1,608 buachaillí ag deireadh 1962. Céad is tríur déag de bhuachaillí a bhí sa scoil ceartúcháin ag deireadh 1963 i gcomparáid le 127 ag deireadh 1962. Tháinig méadú, ámh, sa líon cailíní a bhí san dá scoil cheartúcháin do cailíní. Fiche is seachtar bhí ionnta ar 31 Nollaig, 1963 1 gcomórtas le beirt is fiche ar 31 Nollaig, 1962.
Tá a scoileanna náisiúnta féin i 17 de na scoileanna saothair agus maidir leis an 28 eile, tá socrú ann leis na páistí iontu bheith ag freastal ar scoileanna náisiúnta taobh leo.
OLLSCOILEANNA, COLÁISTÍ AGUS INSTITIÚID ARDLÉINN BHAILE ÁTHA CLIATH— VÓTA 34.
Dhá mhilliún, naoi gcéad ochtó is aon mhíle, naoi gcéad punt méad an mheastacháin don bhliain 1964-65, figiúr is mó de £615,730 ná Vóta na bliana seo caite. Is le caiteachas ar chóiríocht agus ar ghléasra a bhaineann £443,000 den mhéadú sin. Tá an chuid eile den mhéadú, £172,730, déanta suas mar a leanas: £63,000 le haghaidh oideachais fhiaclaigh, £11,000 le haghaidh oideachais chógaisíochta, £7,500 de bhreis le haghaidh oideachais shaolta i gColáiste Mánuat, £3,000 de bhreis le haghaidh Coláiste na Máinlia, £12,920 de bhreis don Institiúid Ardléinn Bhaile Átha Cliath, agus ansan suimeanna airgid, gur iomlán dóibh £75,310, a bhaineann, ar an chuid is mó dhe, le méadú ar fhoirne ollscoileanna le freastal ar an bhfás atá tagaithe ar an líon mac léinn atá ag fáil ollscolaíochta. Chuaigh an líon mac léinn atá ag freastal go lánaimsire ar an hollscoileanna agus coláistí i méid ó timpeall 9,400 sa bhliain 1958-59 go dtí thar 13,000 sa bhliain 1962-63.
Toisc go bhfuil cúrsaí ard-oideachais á n-iniúchadh ag an Choimisiún agus go mbeidh tuairisc ón Choimisiún sin roimh dheireadh na bliana, ní bheadh sé cuí go n-abróinn a thuilleadh ag an bpointe seo faoin ghné sin den oideachas.
AN tÁILÉAR NÁISIÚNTA— VÓTA 35.
An seacht míle déag céad is seachtó punt atá á iarraidh faoin Vóta seo, is mó de £1,420 í ná suim na bliana seo caite. Sa ghnáthshlí i leith pá agus tuarastal a thagann an méadú seo ann.