Tairgim go léifear an Bille don Dara hUair anois.
Tá an Bille seo á thabhairt isteach chun Achtanna na dTithe (Gaeltacht), 1929 go 1959, a leasú agus a leathnú agus is é príomh-aidhm an Bhille na deontais éagsúla atá ar fáil faoi na hAchtanna sin a mhéadú. Is mithid na deontais a ardú le go bhféadfaidh muintir na Gaeltachta leanúint ar aghaidh leis an obair tithíochta atá riachtanach.
Tá obair mhór déanta cheana faoi na hAchtanna seo chun caighdeán na dtithe sa Ghaeltacht a fheabhsú ach tá go leor le déanamh fós sarar féidir bheith sásta. I dteannta caighdeán maith cónaithe a chur ar fáil do mhuintir na Gaeltachta féin, tá sé riachtanach go mbeidh ar chumas na ndaoine freastal ar an líon cuairteoirí a bhíonn, agus a bheidh feasta, ag teacht chun na Gaeltachta ag foghlaim na Gaeilge.
Tabharfar faoi deara go bhfuiltear ar intinn na deontais mhéadaithe a luaitear sa Bhille a íoc amhail ó thosach Dheireadh Fómhair, 1963. Is eol don Teach, ní foláir, go bhfuil deontais tithíochta na Roinne Rialtais Áitiúil ardaithe ón dáta céanna.
Tá ar intinn agam leis an mBille seo freisin feabhas a chur ar Scéim na Seallaí Saoire a tugadh isteach don chéad uair nuair a ritheadh Acht na dTithe (Gaeltacht), 1959. Cuimhneoidh na Teachtaí go raibh dhá chuspóir romhainn nuair a cuireadh tús leis an scéim sin, mar atá, saoráidí oiriúnacha cónaithe a chur ar fáil do chuairteoirí samhraidh ar mhian leo tréimhse saoire a chaitheamh sa Ghaeltacht agus deis ioncaim a sholáthar do na daoine sa Ghaeltacht a dhéanfadh freastal ar na cuairteoirí sin. Is trua liom nár éirigh leis an scéim chomh maith agus a bhíomar ag súil leis ag an am sin. Is cosúil gur mheas na daoine go raibh an deontas le haghaidh sealla saoire ro-bheag i gcomórtas le deontais eile na Roinne. Ar an ábhar sin, tá i gceist sa Bhille seo an deontas sin a mhéadú de 50% agus tá súil agam go mealfaidh sé sin tuilleadh daoine sa Ghaeltacht chun seallaí saoire a thógáil.
Ag an am céanna, ceapaim anois go mba mhaith an rud é foráil nua a chur isteach sna hAchtanna chun a chur ar chumas dream daoine roinnt seallaí saoire a thógáil sa Ghaeltacht chun saoráidí cónaithe a chur ar fáil do chuairteoirí a bheadh ag foghlaim Gaeilge nó ag cur feabhais ar a gcuid Gaeilge. Fé mar is eol don Teach, tá méadú an-mhór tagtha le roinnt bhlian anuas ar líon na bhfoghlaimeoirí Gaeilge sa Ghaeltacht, go háirithe daltaí scoile a théann ann faoi scéim eile atá á riaradh ag mo Roinnse. Tá gá anois le tuilleadh socruithe cónaithe do na cuairteoirí sin agus sílim gur fiú Scéim na Seallaí Saoire a úsáid chuige sin.
Tá ar intinn agam mar sin deontais a cheadú do choistí a bheadh aitheanta agam agus a bheadh sásta roinnt seallaí saoire a thógáil le chéile sa Ghaeltacht. Bheadh i gceist agam an scéim seo a riaradh ar an mbealach céanna agus a oibrítear scéim na mbrúnna faoi na hAchtanna, agus ní tabharfaí aitheantas d'aon choiste faoin scéim muna mbeifí sásta go mbeadh leas na Gaeilge mar chuspóir acu. Féadfaidh coistí lasmuigh den Ghaeltacht cur isteach ar dheontas faoin gcuid sin den Bhille agus bheadh fonn orm cuidiú le coistí iontaofa ar fud na tíre chun seallaí saoire a thógáil sa Ghaeltacht. Ní cuirfear teorainn leis an méid seallaí a thógfaidh coiste ar bith agus beidh an deontas iníoctha i leith gach sealla a ceadófar. Tá súil agam go gcuirfidh eagrais Ghaeilge, agus dreamanna eile a mbíonn baint acu le foghlaimeoirí a chur chun na Gaeltachta, suim sa scéim seo agus go mbainfidh siad feidhm as an gcúnamh ar mhaithe leis an nGaeilge agus leis an nGaeltacht.
Tá socrú á dhéanamh sa Bhille seo freisin chun a chur ar chumas mo Roinn-se an dara deontas tógála nó feabhsúcháin a dhiúltú i gcás duine a fuair deontas den tsort sin cheana i leith tí cónaithe eile, má fheictear gur ceart é sin a dhéanamh. Ina thaobh sin, níl uaim ach a rá gurb é príomhchuspóir Achtanna na dTithe (Gaeltacht) ná cóir cónaithe na ndaoine sa Ghaeltacht a fheabhsú. Le tamall anuas tarlaíonn corr-chás anseo is ansiúd ina bhfaigheann duine deontas chun teach nua a thógáil nó chun feabhas a chur ar a theach cónaithe agus go ndíolann an duine sin an teach faoin tuaith a cheannach le isteach ar dheontas eile. Mar atá ráite agam níl ach corr-chás i gceist agus ní chuirfeadh sé as dom marach baol a bheith ann go mbeadh na tithe á ndíol le daoine a bheadh ar bheagán Gaeilge agus a mbeadh fonn orthu teach faoin tuaith a cheannach le haghaidh saoire. Cuirfidh an Bille ar mo chumas srian a chur le imeachtaí mar seo más léir gur gá é.
Sin iad príomh-aidhmeanna agus príomhfhorálacha an Bhille seo. Cuirim faoi bhráid an Tí é lena bhreithniú agus molaim go nglacfar leis. Mar a dubhras i dtosach, déanfaidh an Bille seo na deontais éagsúla a mhéadú. Ní amháin go mbeidh na deontais ó Roinn na Gaeltachta níos aoirde ná mar a bhí ach beidh siad i bhfad níos mó ná deontais na Roinne Rialtais Áitiúil.