Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 7 Jul 1965

Vol. 217 No. 5

Coiste Airgeadais - An Bille um Thionscail na Gaeltachta (Leasú), 1965: Céim an Choiste agus na Céimeanna Deiridh

Cuireadh agus d'aontaíodh Alt 1 agus Alt 2.
ALT A 3.
Moladh an Cheist : "Go bhfanfaidh Alt 3 in a chuid den Bhille."

Cad é an ciall atá leis an Alt seo?

Roimhe seo, b'éigin do Ghaeltarra Éireann an obair a dhéanamh ina aonair. Ní raibh cumhacht acu gabháil i gcomhar le cuideachta eile. Anois, beidh siad ábalta, nuair atá an Bille seo rite, ghabháil i gcomhair le comhlachtaí eile. Féadfaidh siad scaireanna a ghlacadh in aon chomhlacht sa Ghaeltacht agus deontas a chur ar fáil don chomhlacht sin. Mar chabhair do thionscadail bheaga, beidh údarás ag Gaeltarra Éireann deontais suas go dtí £2,000 a chur ar fáil dóibh siúd a bheidh ina mbun gan dul i gcomhar leo.

As seo amach, má tá comhlacht oiriúnach sásta dul isteach sa Ghaeltacht, beidh Gaeltarra Éireann in ann scaireanna a ghlacadh sa chomhlacht sin. Ní raibh siad in ann é sin a dhéanamh go dtí seo. Is mór an cuidiú é sin don Ghaeltacht agus do mhuintir na Gaeltachta. Go dtí seo is minic nach raibh an t-eolas teicniúil ag Gaeltarra Éireann féin chun oibreacha de shaghasanna áirithe a chur ar siúl sa Ghaeltacht ná teacht acu ar mhargaí thar lear chun na hearraí a bheadh i gceist a dhíol. Más cosúil aon uair feasta ón bhfiosrúchán a bheidh á dhéanamh ag tionsclaí gur déantús a bheadh fóirstineach don Ghaeltacht atá i gceist aige, beidh an IDA in ann an scéal a chur in iúl do Ghaeltarra Éireann. Ansin beidh deis ag Gaeltarra Éireann an togra a bhreithniú agus, má oireann sé dhóibh uile, dul i gcomhar leis an gcomhlacht agus scaireanna a ghlacadh ann. Faoi láthair, mura bhféadfadh Gaeltarra Éireann déantús mar sin a chur ar bun as a stuaim féin amháin, is ar éigean a bhunófaí cor ar bith sa Ghaeltacht é. Sa chaoi sin, is mór an cuidiú don Ghaeltacht an chumhacht nua seo a bheith ag Gaeltarra.

Céard faoi An Foras Tionscal—cad chuige nach mbeidís in ann an obair chéanna a dhéanamh?

Tá ar chumas An Foras Tionscal deontais a thabhairt ach níl ar a gcumas scaireanna a ghlacadh i gcomhlachtaí agus dul i mbun tionscail a riaradh. Tá a fhios ag an Teachta go bhfuil An Foras Tionscal ann le fada ach go dtí seo níor éirigh leo mórán cabhrach a thabhairt don Ghaeltacht agus, ar ndóigh, ní raibh cúram ar leith orthu ina thaobh sin. Tá cúram mar sin ar Ghaeltarra Éireann, áfach, agus is orthu a bheimid ag brath feasta chun forbairt na tionsclaíochta sa Ghaeltacht a chur chun cinn—ní hamháin as a stuaim féin ach i gcomhar le daoine eile chomh maith. Ar an ábhar sin, tá an chumhacht á tabhairt do Ghaeltarra Éireann scaireanna a ghlacadh i gcomhlachtaí eile agus deontais a chur ar fáil do na comhlachtaí sin. Faoin mBille seo beidh níos mó cumhachta ag Gaeltarra Éireann sna cásanna sin ná mar atá ag an bhForas Tionscal ach beidh an Foras Tionscal ann go fóill chun deontais a thabhairt do chomlachtaí nach mbeidh i gcomhar le Gaeltarra.

Cuireadh agus d'aontaíodh an cheist.

ALT 4.

Moladh an Cheist: "Go bhfanfaidh Alt 4 ina chuid den Bhille."

Cad chuige a bhfuil níos mó comhaltaí ag teastáil?

Cuireadh an cheist sin cheana ar an Dara Céim. Tá a fhios ag an Teachta go bhfuil a lán modhanna déantúis idir lámha ag Gaeltarra Éireann: tá ceirdeanna éagsúla ag baint leis an obair agus tá printísigh acu chomh maith. As seo amach beidh siad ag plé le tionscail eile fós agus ba mhaith liom dá mbeadh daoine agus eolas speisialta acu ar an mBord chun freastal ar na gnóthaí uile. Seacht gcomhalta ar a mhéid atá i gceist anois chun go mbeidh ár ndóthain daoine againn chun obair mar seo a riaradh i gceart.

An bhfuil an Rúnaí Parliaminte sásta go bhfuil an t-eolas ceart ag na daoine atá ann faoi láthair?

Ní hé sin atá i gceist ach ba mhaith liom breis daoine agus eolas ar leith acu a chur ar an mBord toisc go mbeidh i bhfad níos mó le déanamh acu feasta.

Má tá an Rúnaí Parlaiminte sásta go bhfuil siad de dhíth orainn táim sásta freisin.

Cuireadh agus d'aontaíodh an cheist.

Cuireadh agus d'aontaiódh Ailt 5 go dtí 8.

Cuireadh agus d'aontaíodh an Teideal.

Tuairiscíodh an Bille gan leasú.

D'aontaíodh na Céimeanna eile a thógaint inniu.

Cuireadh agus d'aontaíodh an cheist: "Go nglacfar an Bille chun an breithniú deiridh a dhéanamh air."

Cuireadh agus d'aontaíodh an cheist: "Go rithfidh an Bille anois."

The Bill is being put through the House in both Irish and English and it is now necessary to put the Bill through the same Stages in the English language.

Barr
Roinn