Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 15 Dec 1965

Vol. 219 No. 7

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Discussions with Irish Language Revival Body.

87.

asked the Minister for the Gaeltacht if he will give a comprehensive account of the discussions his Department recently had with a deputation from the Irish language revival organisation, Misneach.

Nil mórán le rá faoin gcomhchaint leis an toscaireacht sin cionn is gur dearcadh diúltach a bhí acu faoi obair chaomhnaithe na Gaeltachta. Ní raibh siad sásta lena bhfuil ar siúl ag an Roinn ach ní raibh rud ar bith le moladh acu féin ach amháin Béarlóirí a chose ar dhul isteach sa Ghaeltacht: ba ghnó don Roinn é sin, dar leo, agus níor leor bheith ag brath ar Ghaeilgeoirí a tharraingt chun na Gaeltachta. Rinne siad gearán go raibh seallaí saoire a tógadh le cabhair na Roinne á ligean ar cíos le Béarlóirí ach, nuair a iarradh sonraí orthu, níor chuir siad ar fáil iad. Rinne siad gearán freisin go ndéanfadh an tAcht Talún, 1965, an Ghaeltacht a scriosadh.

Barr
Roinn