Tairgim go léifear an Bille den Dara hUair anois.
Is í príomhaidhm an Bhille seo ná gríosadh agus tuilleadh cúnaimh a thabhairt do Ghaeilgeoirí sna limistéir Ghaeltachta chun cóiríocht bhreise a chur ar fáil do chuairteoirí. Is amhlaidh a thabharfaidh an Bille tuilleadh tithe cónaithe agus seallaí saoire faoi réim na ndeontas tithíochta atá ar fáil cheana. Na deontais a bhaineann le tógáil, feabhsú, sláintíocht agus méadú speisialta agus atá ar fáil do dhuine oiriúnach le haghaidh aon teach amháin, beidh siad ar fáil dó feasta le haghaidh tí eile. An deontas tógála a thugtar le haghaidh aon sealla saoire amháin tabharfar feasta é le haghaidh an dara agus an tríú sealla.
Níl i gceist aon athrú a dhéanamh ar mhéid na ndeontas éagsúil sin—níl ach cúpla bliain ó méadaíodh iad; tá cur síos achomair orthu ar leathanaigh 11 go 14 de Leabhrán Eolais na Roinne.
Na deontais a bhaineann le tógáil agus le feabhsú tithe cónaithe sa Ghaeltacht is i leith tithe a mbíonn cónaí ar na hiarratasóirí féin iontu a thugtar iad faoi láthair. Tá an ceangal céanna ag dul leis na deontais a ceapadh sa bhliain 1953 chun saordáidí sláintíochta agus méaduithe speisialta a chur ar fáil do thithe cónaithe. Tugadh céim ar aghaidh sa bhliain 1959, áfach, nuair a cuireadh deontais tógála ar fáil le haghaidh seallaí saoire, ach ní féidir níos mó ná deontas amháin den saghas sin a thabhairt d'iarratasóir cáilithe, cé gur féidir iasacht a cheadú dó i leith an dara agus an tríú sealla chomh maith leis an gcéad cheann.
Le fada anuas tá tábhacht eacnamaíochta don Ghaeltacht ag baint le hiostas a thabhairt do chuairteoirí i dteaghlaigh arb í an Ghaeilge an ghnáth-theanga iontu agus is féidir a rá gur mór a chuidigh na gnáthdheontais tithíochta—idir thógáil, feabhsú agus sláintíocht—leis an gcóiríocht a fhairsingiú agus a fheabhsú. Is fearr fós a chuidigh na deontais ar leith a ceapadh chun méaduithe speisialta a chur le tithe cónaithe agus chun seallaí saoire a thógáil. Ón mbliain 1953 i leith tá méaduithe speisialta curtha le 314 de thithe cónaithe agus tá 115 chás eile ar siúl faoi láthair; ón mbliain 1959 anuas tá 42 de sheallaí saoire críochnaithe ag iarratasóirí aonaracha agus tá 30 sealla eile ceadaithe. Mar sin féin, tá tuilleadh cóiríochta fós ag teastáil sula mbeidh muintir na Gaeltachta in ann barr sochair a bhaint as tionscal na cuartaíochta. Tá méadú mór tagtha le cúig nó sé de bhlianta anuas ar líon na ndaoine a thugann cuairt ar an nGaeltacht—go háirithe daoine ar mian leo feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge—agus ní leor dóibh a bhfuil ar fáil de chóiríocht oiriúnach.
B'fhéidir go bhfeilfeadh sé do na Teachtaí dá ndéanfainn tagairt do na hailt ar leith sa Bhille. Baineann ailt 1 agus 5 le léiriú, le gearrtheideal agus le comhlua sa ghnáth-bhealach agus ní gá aon mhíniú a thabhairt orthu. Faoi alt 2 áireofar i measc na gceantar lena mbaineann Achtanna na dTithe (Gaeltacht) gach limistéar nach luaitear sna ceantair a sonraíodh sa bhliain 1929 ach a bheidh sonraithe mar limistéar Gaeltachta le hordú de chuid an Rialtais faoi Acht a ritheadh sa bhliain 1956. Le fírinne, is leis na limistéir Ghaeltachta a shonraítear faoi Acht na bliana 1956 a bhaineann forálacha uile an Bhille seo, cé gur fairsinge na ceantair a sonraíodh sa bhliain 1929 chun crícheanna tithíochta i gcoitinne.
Leathnaíonn alt 3 raon na ndeontas le haghaidh tithe cónaithe agus tá dhá chuid ann. Mar áis dhréachtaithe déanann an chéad chuid athachtú ar fhoráil atá ann cheana agus ina dhiaidh sin cuireann sí ar chumas iarratasóra deontas tógála a fháil nuair nach teach in ionad a thí chónaithe féin an ceann nua. Sa tslí sin is féidir leis an iarratasóir teach nua a thógáil chun cóiríocht a chur ar fáil do chuairteoirí nó, más fearr leis é, is feidir leis féin dul isteach sa teach nua agus an teach a bhí aige cheana a fhágáil le haghaidh na gcuairteoirí. Déanann an dara cuid d'alt 3 raon na ndeontas a bhaineann le feabhsú, le sláintíocht agus le méadú speisialta a leathnú go teach eile ar leis an iarratasóir é ach nach ann a chónaíonn sé; faoin bhforáil seo beifear in ann tithe a chur in oiriúint do chuairteoirí in ionad iad a fhágáil folamh nó a ligean i léig.
Tá alt 4 ina dhá chuid fosta agus socraíonn an chéad chuid gur féidir trí cinn le dheontais tógála sealla saoire a thabhairt d'iarratasóir cáilithe feasta in áit aon cheann amháin mar a bhí go dtí seo. Déanann an dara cuid aisghairm ar fhorálacha, nach mbeidh ag teastáil a thuilleadh, i dtaobh iasachtaí i leith an dara agus an triú sealla—na seallaí sin nach raibh deontas ar fáil dóibh roimhe seo: tá foráil ann cheana chun iasacht a cheadú cibé uair a thugtar deontas agus bainfidh sí feasta le gach sealla de na trí cinn.
Is ar mhaithe le Gaeilgeoirí na Gaeltachta a ceapadh forálacha an Bhille seo agus tá súil agam go dtaitneoidh siad leis an Teach.
Tá mé buartha faoin Bhille a bheith i mBéarla ach is i mBéarla a ritheadh an príomh-Acht sa bhliain 1929 agus dá bhrí sin ní raibh aon dul as agam ach an tAcht sin a leasú i mBéarla.