Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 22 May 1968

Vol. 234 No. 13

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Doiciméidí i nGaeilge.

14. D'fhiafraigh

den Aire Rialtais Áitiúil an bhfuil a fhios aige gur dhiúltaigh Comhairle Contae Bhaile Átha Cliath d'iarratais a rinne saoránach áirithe (ainm tugtha) go mion minic an leagan Gaeilge ar dhoiciméid a bhaineann lena chuid rátaí agus le cúrsaí eile rialtais áitiúil; agus cad a dhéanfaidh sé faoin scéal.

15. D'fhiafraigh

den Aire Rialtais Áitiúil cé mhéad iarratas ar an leagan Gaeilge ar dhoiciméid a bhaineann le rátaí, etc., a fuair Comhairle Contae Bhaile Átha Cliath gach bliain le trí bliana anuas.

Led cheadsa, a Cheann Comhairle, freagróidh mé Ceisteanna a 14 agus a 15 le chéile.

Níl a fhios amhlaidh agam. De thoradh fiosrúcháin a deineadh sa chás, dearbhaítear dom nár dhiúltaigh Comhairle Chontae Bhaile Átha Cliath comhfhreagras i nGaeilge a dhéanamh leis an duine atá i gceist. Dearbhaítear dom freisin nach raibh comhfhreagras ar bith ag an gComhairle leis, le déanaí, agus má eisíodh litir nó doiciméid chuige i mBéarla, nach mór gur tré dhearmad a thárla.

Mar chuid dá scéim athbheochana tá leagan dhá-theangach de fhoirmeacha oifigiúla á chur ar fáil ag an gComhairle de réir a chéile, agus, don chuid is mó den Chontae, tá na héilimh rátaí anois sa leagan dhá-theangach.

Deirtear liom go bhfuair an tÚdarás Áitiúil suas le fiche iarratais ar an leagan Gaeilge den nóta éilimh rátaí, agus cáipéisí den chineál céanna, le trí bliana anuas.

Barr
Roinn