Tairgim go dtabharfar cead an Bille Leasa Shóisialaigh (Leasú), 1969, a thabhairt isteach— Bille dá ngairtear Acht do leathnú an chórais árachais shóisialaigh a bunaíodh leis an Acht Leasa Shóisialaigh, 1952, ionas go ndéanfar socrú le haghaidh sochair arb é a bheidh ann pinsean scoir, pinsean easláinte agus deontas báis, agus chun críocha a bhaineann leis na nithe réamhráite.
Teachtaireachtaí Ó Thíortha Eile. - An Bille Leasa Shóisialaigh (Leasú), 1969: An Chéad Chéim.
Cén uair a thógfar an chéad Chéim eile?
Déardaoin, 27 Márta, 1969.
Ordaíodh go dtógfaí an Dara Céim Déardaoin, 27 Márta, 1969.