Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Thursday, 8 May 1969

Vol. 240 No. 6

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Caitheamh Airgid sa Ghaeltacht.

77. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta an bhfuil sé ar intinn aige freagra a thabhairt ar Chumann Cearta Sibhialta na Gaeltachta faoi na ceisteanna a chuir siad air maidir leis an óráid a thug sé i nGaeltacht Chontae Chorcaí faoi na milliúin punt airgid a caitheadh ar an nGaeltacht, na daoine atá ag cáineadh a chuid polasaithe Gaeltachta agus na tionscail atá meallta chun na Gaeltachta ag Gaeltarra Éireann.

Ní léir dom gur gá tuilleadh eolais a thabhairt faoi na pointí seo a leanas:—

1. Caitheadh suas le £4,000,000 d'airgead poiblí trí Roinn na Gaeltachta agus Gaeltarra Éireann ar mhaithe le gaeilgeoirí sa Ghaeltacht le ceithre blianna anuas.

2. Tá breis agus £2,000,000 d'airgead poiblí le cur ar fáil do Roinn na Gaeltachta agus Gaeltarra Éireann i mbliana, agus tá an t-airged dóibh méadaithe faoi thrí le blianta beaga anuas.

3. Tá tionscail á mbunú agus á leathnú sa Ghaeltacht le cabhair Ghaeltarra Éireann. Na tionscail ar ceadaíodh cabhair dóibh le cúpla bliain anuas cuirfidh siad fostaíocht shochrach ar fáil do bhreis agus 700 gaeilgeoir ina gceantair dhúchais; níl ansin ach an tús le cumhachtaí nua Ghaeltarra Éireann.

4. Is mór an dul chun cinn atá á dhéanamh sa Ghaeltacht faoi bheartas an Rialtais d'ainneoin na ndaoine atá ag cáineadh.

Barr
Roinn